Duinnín agus an Cat
Féirín . . . a reward, a present, a keepsake . . . in a bad sense, a lasting complaint, an affliction ; f. Nodlag, a Christmas box.
Deireadh an scéil
End of the story
Oíche Lae Nollag atá ann. Tá an tAthair Pádraig Ó Duinnín ar an traein dheireanach ó Shráid Amiens ar a shlí abhaile go dtí an bungaló beag cois farraige i bPort Mearnóg mar a bhfuil cónaí air. Tá a hata ard dubh síoda leagtha béal in airde ar a ghlúine mar a mbíonn lámhscríbhinn éigin de ghnáth. Tá sé ag cáitheadh sneachta. Ó am go chéile ardaíonn an Duinníneach an nuachtán atá leagtha ar an hata aige agus féachann sé arís ar an bpiscín cait atá ina chodladh istigh. Agus é ag druidim le stáisiún Phort Mearnóg, crochann sé an ruidín beag dubh san aer le súil go mbeadh cat ó dhuine éigin. Ní fhéachann ceachtar den bheirt eile sa charráiste air féin ná ar an bpiscín. Ligeann sé osna agus cuireann sé síos ina phóca é. Póca doimhin é a shíneann go bun a chóta – maintín, a bhfuil sé cairdiúil léi, a réitigh an póca seo, in aisce, dó – le gur féidir leis rudaí ilghnéitheacha a iompar thart go discréideach. Sháigh an piscín ingne ina láimh agus é á stiúrú isteach go cneasta. ‘Féirín!’ arsa an Duinníneach go grod.
It is Christmas Eve. Pádraig Ó Duinnín on the last train from Amiens Street on his way home to the small seaside bungalow in Portmarnock where he lives. His tall black silk hat is set mouth-high on his knees where some manuscript is usually. It is snowing [lit. “throwing snow”]. Occasionally Dineen raises the newspaper set on his hat and he looks again at the kitten who is sleeping inside. Approaching Portmarnock station, he lifts the little black thing in the air with the hope it be someone’s cat. Neither of the other two in the carriage looks at him or the kitten. He lets out a sigh and puts it down in his pocket. It is a deep pocket that stretches to the bottom of his coat, – a seamstress, with whom he is a friend, made this pocket, for nothing, for him – so that he can carry various things around discreetly. The kitten pushed a claw into his hand while while he was politely steering it in. ‘Gift!’ Said Dineen abruptly.
| síoda | silk | mgs síoda |
| leagtha | laid | |
| béal | mouth | m |
| de ghnáth | as a rule | |
| lámhscríbhinn | manuscript | f |
| féach | look | v |
| piscín | kitten | m |
| druid | close, shut; Move close to, draw near, approach [with le | |
| croch | hang; raise up; lift, carry | v |
| ceachtar | either, neither [with neg.]||
| osna a ligean | sigh | v |
| doimhin = domhain | deep | |
| sín | stretch | v |
| maintín | seamstress | |
| aisce | Request, favour; gift, present. | f |
| in aisce | for nothing, gratis | |
| ilghnéitheacha | Diverse, various, heterogeneous | |
| discréideach | discreet | |
| Sáigh | Thrust; stab; push, press; dart, lunge | |
| ionga | claw; finger | f pl ingne |
| stiúrú | steering, directing, guiding | |
| cneasta | Honest, sincere; Decent, seemly; Mild-mannered | |
| grod | Short, sudden; prompt, abrupt |