Duinnín agus na Bollain (tuilleadh)
- Chiúnaigh an tseanbhean tar éis tamaill agus d’fhill Brídín. ar
an gcomhluadar. Thóg an tAthair Pádraig an buideal uaithi.
Bhain se an corc as agus é ag mothú gurbh é uair na cinniúna é.
Bholaigh sé é. Ansin dhoirt se braon ar a bhois agus bhlais sé de.
Bhí sé ar an bpoitín ba ghairge agus ba ghránna a bhlais sé
riamh, ach ní raibh aon amhras air ach gur phoitín é. Bhí na
cailíní á choimhéad. Chuimil sé an braon go cúramach ar alt a
ordóige.‘Tá leigheas ann ceart go leor,’ ar seisean.
The old woman calmed down after a while and Bridey returned to
the company. Father Patrick took the bottle from her. He removed the cork,
feeling it was the moment of destiny. He smelled it. Then he poured a
drop on his palm and tasted it. It was the harshest and ugliest poteen he
had ever tasted, but he had no doubt but that it was poteen.
The girls were watching him. He carefully rubbed the drop on a joint of his thumb.‘That is certainly medicine,’ he said.
Ciúnaigh Calm; pacify comhluadar (social) company m mothú Feeling, perception; sensation, consciousness m cinniúint Destiny; chance; Tragedy, misfortune f gs cinniúna Bolaigh smell v doirt braon drop m gairge Harshness, pungency f gránna ugly coimhéad watch, guard m Cuimil rub, stroke, fondle; wipe alt joint m