Tag Archives: irish

Rang Gaeilge, 28ú lá Mí na Feabhra 2023

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • ‘Thuig Toole nárbh fhiú aon ní a cheilt. Tá marc an dúnmharfóra ar a chlár éadain ón uair gur rugadh é,’ arsa Nell.

    ‘Seafoid,’ arsa an gabha. ‘Nil ansin ach ball dearg, faoi mar a bheadh gead ar chapall.’

    ‘Cá raibh Fayley Toole sular fhill sé abhaile an lá úd?’ arsa an Duinníneach.

    ‘Toole realized that there was no point in hiding anything. The mark of the murderer has been on his forehead since the time he was born,’ said Nell.

    ‘Nonsense,’ said the smith, ‘Nothing there but a red mark, about like a patch on a horse.’

    ‘Where was Fayley Toole before he returned home that day?’ said Dineen.

    Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 24ú lá mí Eanáir 2023

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • Chuir sí an leanbh ina sheasamh, ainneoin gur chaoin sé. Rug sí ar shlaitín a bhí ag tabhairt taca do chlumpa dahlia agus thosaigh sí ag greadadh tóin muice a bhí ag cogaint ar sciorta Nell agus Nell féin ag eascaine. ‘Ní baol duit,’ ar sise le Nell. ‘Tá Huirris macánta. Faigheann sí boladh beorach uait, sin uile.’
    Rug sí greim ar sciorta Nell agus tharraing sí amach as craos na muice é. Strac an sciorta.

    She made the child stand up, even though he was crying. She took a little rod that was supporting a clump of dahlias and she began beating the rear of a pig that was chewing on Nell’s skirt and Nell herself was cursing.

    ‘You are not in danger,’ she said to Nell. ‘Huirris is gentle. She smells beer on you, that’s all.’

    She grabbed Nell’s skirt and pulled it out of the pig’s mouth. The skirt was torn.

    slaitín little rod, stick f
    taca prop, support m
    greadadh Beating, trouncing
    muc pig f gs muice
    cogaint chewing f
    sciorta skirt m
    eascaine curse f
    macánta Childlike; gentle, meek, mild
    boladh smell, scent m
    craos Gullet; maw m
    strac = srac pull, tear
    strac = stróic tear, rend
  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 4ú lá mí Eanáir 2023

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • D’úsáid sí a lán gallúnaí.’
    ‘Bhuel, bhiodh jorum beag de dhith ar an mbean bhocht agus gan slí eile aici chun é a fháil. Chuirinn an jorum síos as leabhar ina ghallúnach,’ ar sise, gan náire.
    ‘Go maithe Dia dhuit é,’ arsa an Duinníneach agus thug sé drochfhéachaint uirthi
    .
    ‘Istigh ansin, sa snug a d’óladh sí é?’ ar seisean, agus lámh aige ar an mbosca faoistine.
    ‘Ó, ná téigh isteach ansin, a Athair,’ arsa Mrs. Byrne.

    She used a lot of soap.
    ‘Well, jorum would be needed by the poor woman and she would have no other way to get it. I used to put jorum from the book as her soap,’ she said without shame.
    ‘God Bless you,’ said Dineen and he gave her a wicked look.
    ‘In there, in the snug she drank it?’ he said, with his hand on the confession box.
    ‘O, Don’t go in there, Father,’ said Mrs. Byrne.

    díth Loss; deprivation, destruction; Want, lack; need, requirement f
  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 29ú lá Mí na Samhna, 2022

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • Niorbh fhada go raibh an Duinníneach agus an Constábla de Brún ar a mbealach go teach Fayley Toole in Áth na Lachan mar ar tharla an marú coicís roimhe sin. Lár mhí Iúil a bhí ann. Bhí an lá ag scarbháil i ndiaidh báisti, rith maith uisce sna claiseanna ar thaobh an bhóthair agus na loganna lán báistí. Talamh cothrom, feirmeacha beaga, bó ag féachaint thar chlaí anseo, asal ag grágaíl ansiúd. ‘Dein cur síos dom ar do chara Fayley Toole, a Bhill,’ arsa an Duinníneach.


    Bhí a ghairm maite aige do Bhill agus é éirithe cairdiúil leis.[d.l. 153]

    It wasn’t long before Dineen and Constable de Brún were on their way to Fayley Toole’s house in Duckford where the killing had taken place a fortnight before. It was the middle of July. The day was drying after rain, there was a good run of water in the gullies on the side of the road and the hollows were full of rain. Flat land, small farms, a cow looking over a fence here, a donkey braying there.

    ‘Describe your friend Fayley Toole to me, Bill’ said Dineen.

    He had forgiven Bill his profession and had become friendly with him.

    scarbháil Hardening, drying, crustation f
    clais channel; gully, ditch. f pl claiseanna
    log place, hollow m
    cothrom Level; balance; Equal, equable, measure. m
    claí Dike, wall; fence m
    grágaíl (Act of) cawing, croaking; braying; cackling; squawking f
    gairm call f
  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 25ú lá Mí na mí Dheireadh Fómhair, 2022

Duinnín in Áth na Lachan

Dineen in Duckford

leannán, áin, pl id, m., a lover, paramour, concubine, favourite, leman ; also fig. a chronic ailment or infirmity . . . L. peacaidh, an habitual sin… L. sidhe, an endearing phantom, a phantom lover, al. fig. of a delicate person: an bás, death, is a L. sidhe for all (SR): L. sidhe is used smt. like musa as a source of poet. inspiration.

peaca sin m
peacach sinner m gs npl peacaigh
  • ‘Mo nia, Bill,’ arsa Penelope de Brún leis an Athair Padraig, ‘tá sé cráite. bhí air a chara, Fayley Toole, a ghabháil, é a chúisiú i ndúnmharú, ar orduithe óna Sháirsint.
    ‘Do nia, Bill de Brún atá san R.I.C.?’ arsa an Duinníneach agus amhras an Náisiúintóra ina ghlor.

    ‘My nephew, Bill,’ said Penelope de Brún to Father Patrick, ‘he is tormented. He had to arrest his friend, Fayley Toole, who is accused of murder, on the orders of his Sergeant.’

    ‘Your nephew, Bill de Brún is in the R.I.C.?’ said Dineen with the suspicion of the Nationalist in his voice.

    nia nephew m
    cráite Agonized, tormented, grieved
    cúisigh Accuse; charge, prosecute
  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 27ú lá na mí Mheán Fómhair 2022

Duinnín agus Professor Moriarty (tuilleadh)

Dineen and Professor Moriarty (continued)
  • ‘Tá an leabhar a d’iarr tú ar an leabharlannaí gan oscailt fós agus tu ag réiteach chun imeachta. Tá dhá leathphéire stoca cniotdilte, bána ort. Ní hi an bhean chéanna a chniotáil an dá cheann mar ta na greamannaí sa stoca nua ar do chois chlé níos rialta ná na greamanna sa cheann eile atá lán greamanna iomraill. Ní chaithfeá stocaí corra murach tú a bheith corraithe. Déarfadh mo chara, an Dochtúir Bhatson, gur chaith tú stocaí corra i ngan fhios duit féin chun aird a dhíriú ar fhadhb atá ag déanamh imni duit. Siceolaíocht.”

    ‘The book you asked the librarian for is still unopened and you are preparing to leave. You are wearing two half-pairs of white, knitted socks. It is not the same woman who knitted both because the stitches in the new sock on your left foot are more regular than the stitches in the other which are full of missed stitches. You wouldn’t wear odd socks unless you were odd. My friend, Dr. Watson, would say that you have worn odd socks without knowing it to draw attention to a problem that is worrying you.’

    greim Grip, grasp, hold; stitch m pl greamanna
    iomrall Aberration, error m
    rialta regular
    corr odd
    corraigh Move, stir
    díriú Direction; aiming, guidance m
    síceolaíocht síceolaíocht f
  • Léigh tuilleadh

    Rang Gaeilge, 8ú lá na mí Mheán Fómhair 2022

    Duinnín agus Professor Moriarty

    Dineen and Professor Moriarty

    fuaduighim… I take by force, abduct; I carry off (as the fairies a child); put to flight, drive away, blow away; Is amhlaidh do fuaduigheadh í, hers was a case of abduction, al. she was carried off by the fairies.

    fuadaigh Take away by force; abduct, kidnap
    • Bhí ceathrar fear cruinnithe in uimhir 122b Sráid an Bhéicéara i Londain. Bhí an lá go breá amuigh, cuid éigin aeir agus gile sa chathair arís ón uair go raibh deireadh leis an ngeimhreadh agus laghdú ar líon na dtinte guail. Bhí coiscéim níos airde faoi na capaill agus ní raibh croíthe lucht díolta pósaetha chomh trom agus a bhíodh ar laethanta fliucha éadóchasacha.
      Istigh sna seomraí mar ar mhair[indirect relative clause] Searbhlach de Hoilm agus a chara an Dochtúir Bhatson, bhí an t-aer trom le deatach, ámh, deatach píopaí agus an deatach áirithe sin a éirionn ó bhaithisí na bhfear nuair a bhíonn cruacheist á plé agus gan réiteach acu uirthi.

      There were four men meeting at number 122b Baker Street in London. It was a fine day outside, some air and brightness in the city again since the end of winter and a decrease in the number of coal fires. There was a higher step about the horses and the hearts of posy sellers were not as heavy as they used to be on desperate wet days.

      Inside the rooms where Sherlock Holmes and his friend Dr. Watson lived the air was heavy with smoke, however, pipe smoke and that particular smoke that rises from the heads of men when they are discussing a difficult issue and have not settled it

      gile Whiteness, brightness f
      laghdú Decrease, diminution; reduction m
      tint tent f
      gual coal m
      coiscéim Footstep; pace f
      croí heart m pl croíthe
      lucht Content, charge; fill, capacity; cargo, load; (Class, category, of) people m
      pósae Posy, flower m pl pósaetha
      trom Weight; burden, oppression m
      éadéchasach Despairing, hopeless
      ámh Indeed, truly; However
      baithis Top, crown (of head) f
      cruacheist Difficult question; conundrum f
    • Léigh tuilleadh

    Rang Gaeilge, 20ú lá Mí na Iúil 2022

    Duinnín agus an Bótun (tuilleadh)

    Dineen and the Mistake (continued)
    • ‘Fear an bhainne, ní foláir!’ ar sise. ‘Gabhaigí mo leithsceal, soicind.’ Rith sí as an seomra, an doras á dhúnadh aici ina diaidh.Leanfadh an tAthair Pádraig amach sa halla í ach bhagair
      Abraham air seasamh, ina theannta, sa bháfhuinneog.

      ‘Tá crann idir mé agus an doras. Ní maith liom crainn. Níl gá
      leo,’ arsa Tomkins go crosta.

      ‘Tom labhrais atá ann,’ arsa an tAthair Pádraig.

      ‘Sssss! Éist!’

      Nior chuala siad ach doras a oscailt agus a phlabadh arís
      láithreach.

      ‘Duine ar bith!’ arsa Miss Sweetman nuair a d’fhill sí.

      ‘It must be the milkman!’ she said. ‘Excuse me, a second.’

      She ran out of the room, closing the door behind her.

      Father Patrick would have followed her out into the hall but Abraham beckoned him to stand,
      along with him, in the bay window.

      ‘There is a tree between me and the door. I do not like trees. No need for[??] them,’ Tompkins said crossly[?]

      ‘That is a laurel there,’ said Fr. Patrick.

      ‘Shhhh! Listen!’

      They only heard a door opening and slamming again immediately.

      ‘Nobody!’ said Miss Sweetman when she returned.

      ní foláir it is necessary
      bagair brandish, beckon, threaten, drive(animals)
      teannta Strait, difficulty, predicament m
      i dteannta along with, in addition to
      crosta Fractious; troublesome, difficult; (Of child) Mischievous, contrary
      labhras (Bay) laurel m
      plabadh plopping, banging m
      láithreach Present, immediate
    • Léigh tuilleadh

    Rang Gaeilge, 22ú lá Mí na mí Mheiteamh 2022

    Duinnín agus an Bótun

    Dineen and the Mistake

    Botún, pl. -i, a smith’s paring knife; an unfledged bird; misfortune, irreparable mistake; ní raibh aon bhotún. ‘na béal nuair d’ith sé an fheoil … rinne mé mo bhotún …

    • ‘Aitheim’ arsa an Duinníneach agus é ag taibhsiú taobh thiar
      den gheolaí mór le rá, an t-aindiagaí Abraham Tomkins, sa Leabharlann Náisiúnta.

      ‘Umf,’ a d’fhreagair Abraham.

      ‘Fágaimis Dia as an áireamh, cad ann a chreideann tú?’ a d’fhiafraigh an Duinníneach de.


      ‘Ahem!’ said Dineen to the eminent geologist looming behind him, the atheist Abraham Tomkins, in the National Library.

      ‘Umf,’ answered Abraham.

      ‘Let us leave God out of the reckoning, what do you believe?’ Dineen asked him.

      taibhsigh loom v
      geolaí geologist m
      aindiagaí atheist m
      áireamh Count(ing), enumeration; census m
    • Léigh tuilleadh

    Rang Gaeilge, 15ú lá Mí na Bealtaine 2022

    Duinnín agus Imleacán Kali (tuilleadh)

    Dineen and the navel of Kali (continued)
    • Lig Brady osna as, ach thug sé an treoir chuí do phóilín a bhí ar dualgas.

      Brady sighed,but he gave the appropriate direction to a police officer on duty.

      treoir Guidance, direction f
      cuí Fitting, proper
      dualgas Natural right, due; customary fee or reward
      ar dualgas on duty
    • Léigh tuilleadh