Category Archives: languages

Rang Gaeilge, 9ú lá mí Eanáir 2024

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)
  • ‘B’fhéidir go gcasfaidh bean a dhiongbhála air an uair seo,’ arsa an Duinníneach, mar a dhéanfadh iascaire agus cuil á cur amach ar an domhain aige.

    ‘Bhuel, a Athair, tá’s agat go bhfuil sé ráite nach bhfuil leigheas ar an mbás, ach pósadh arís.

    Gairmeadh isteach i seomra an dochtúra Duinníneach agus an nath sin le meabhrú aige.

    ‘Maybe the woman who is his match will meet him this time,’ said Dineen as a fisherman would do when he casts a fly out into the world.

    ‘Well, Father, you know it has been said that there is no cure for death, but marriage again.’

    Dineen was called into the Doctor’s room with that saying to meditate on.

    diongbháil Match, equal f diongbhála
    cuil fly
    tá’s agat = tá fios agat you know
    gair call v p aut gaireadh
    nath Proverbial saying, adage; epigram; saw, tag m

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 28ú lá Mí na Samhna 2023

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)
  • “Níl… ‘

    Bhí Mrs. Hudson ag faire amach don Dr. Bhatson agus don Duinníneach agus d’fháiltigh sí rompu le geallúint go mbeadh muifíní don tae.

    ”Bhfuil sé féin istigh?’ arsa Watson.

    “Tá. Agus é chomh sásta lena bhfaca tú riamh, ag ól a phíopa os comhair na tine agus ag gáiri ó am go chéile.’

    ‘Caithfidh gur aimsigh sé tuairisc bháis George Tavistock, mar sin,’ arsa an Duinníneach. ‘Agus san aige, ba leor, mar mhéar eolais dó, gur iarras air é.”

    ‘No…’
    Mrs. Hudson watching for Dr. Watson and Dineen and she welcomed them with the promise of muffins for tea.

    ‘Is himself inside?’ said Watson.

    ‘Yes. And he was as happy as you ever saw, smoking his pipe in front of the fire and laughing from time to time.’

    ‘Then it must be that he must have found an account of George Tavistock’s death,’ said Dineen, ‘And having that, it was enough, as a marker of knowledge for him, that he had asked for.’

    fáiltigh welcome
    geallúint = gealltanas promise n

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 24ú lá na Mí Dheireadh Fómhair 2023

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)
  • D’fhag sé slan ag Mrs. Brown. Ghairm sé Greta i leataoibh agus, ar seisean:

    “Cá bhfaighinn seoladh an tiarna talún?”

    ‘Leabhar na seoltaí — an leabhar dearg, sa halla.’

    ‘Breathnaímis air anois.’

    ‘Cogar, a Ghreta,’ ar seisean ar ball agus an Dochtúir Bhatson imithe amach an doras tosaigh, ‘tá sé in am agat post eile a lorg. Ní rófhada go mbeidh caint ar an teach seo mar theach ar deineadh beirt a dhúnmharú ann.’

    ‘Ar mharaigh seisean iad?”

    He said goodbye to Mrs. Brown. He called Greta aside and said:

    ‘Where can I find the landlady’s address??’

    ‘Address book — the red book, in the hall.’

    ‘Let’s look at it now.’

    ‘Whisper, Greta,’ he said at once as Doctor Watson went out the front door, “it’s time you looked for another job. It won’t be too long before this house will be talked about as a house where two people were murdered.

    ‘Did he kill them?’

    gairm call
    seoladh Sailing, sail;

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 28ú lá na Mí Mheán Fómhair 2023

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)
  • ‘Dódó, a Bhatson. An féidir leat a bhfuil scríofa faoi a Iéamh?”

    ‘J.T. Tavistock,‘ arsa Bhatson.

    “Tavistock ainm an tiarna talún,’ arsa Greta.

    ‘Is dócha gur chuir an tiarna talún troscán éigin agus maisiúcháin áirithe ar fail don tionónta,’ arsa Bhatson.

    ‘Dodo, Watson. Can you read what is written about it?’

    ‘J.T. Tavistock,’ said Watson.

    ‘Tavistock is the name of the landlord,’ said Greta.

    ‘The landlord probably made some furniture and certain decorations available to the tenant,’ said Watson.

    troscán furniture m
    maisiúchán Adornment, decoration, ornamentation m
    áirithe Certainty, surety; Certain quantity; Allotment, portion; Certain, particular f, adj

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 8ú lá na Mí Mheán Fómhair 2023

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)

  • ‘Admhaím go rabhas míshuaimhneach,’ arsa Bhatson.

    “Mná den chineál céanna a mheallann fear ar leith i gcónaí,” arsa de Hoilm. ‘Titeann sé i ngrá le stuaire fhionn, agus stuaire fhionn a mheallfaidh arís é. Thaitin mná easlána le Burr. Taom croí a thug an chéad bhean chun siúil. Taom croí a thug an dara bean chun siúil. Ní chuirfinn féin spéis sa chás, ach bíonn Bhatson cíocrach chun bleachtaireachta.”

    ‘I admit that I was uneasy,’ said Watson.

    ‘Women of the same sort always attract a particular man,’ said Holmes. ‘He falls in love with a handsome blond woman, and a handsome blond woman will attract him again. Burr liked sick women. A heart attack made the first woman go. A heart attack made the second woman go. I myself would not be interested in the case, but Watson is eager to investigate.

    admhaigh Acknowledge, Admit
    míshuaimhneach Uneasy, restless, perturbed
    ar leith apart, separate; several, distinct; remarkable, special
    cineál Kind, species; Class; sort, variety; race; sex m
    stuaire Handsome woman f
    easlán Sick, infirm, invalid
    taom seizure, (heart) attack
    cíocrach Greedy, eager (for food, etc.)

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 20ú lá Mí na Iúil 2023

Duinnín i Lios Dúin Bhearna

Dineen in Lisdoonvarna

Neamhan … a royston crow, a raven; fury, madness; Nemetona, Neid’s wife Dé Néid,a war-goddess, one of the Mór-ríoghna; cf. badhbh, macha … neamhain deagh, sparks of fire …

deagh = dea good, well
ríogha(i)n = ríon Queen; queenly, noble, lady; fair maiden f pl ríonacha
macha Cattle-field, -yard; Herd m
  • Londain
    Thaitin sé riamh leis an Duinnineach dul go Londain ag tabhairt léachta do cheann éigin de chraobhacha Chonradh na Gaeilge sa chathair sin, D’íocadh an Conradh fiacha taistil. Bhíodh deis aige cúpla lá a chaitheamh ag taighdeadh lámhscríbhinní na Gaeilge i leabharlann Mhúsaem na Breataine agus d’fhaigheadh sé deis, ina léacht, a raibh le rá aige, pé ní é, a rá go neamhbhalbh. Bhiodh rud éigin le rá aige, go neamhbhalbh, i gcónai. An oíche seo, ach go háirithe, i gCraobh Putney de Chonradh na Gaeilge, bhí sé chun a raibh i láthair a chur ar an eolas i dtaobh chúrsai canúna.

    London
    Dineen always liked to go to London to give lectures to one of the branches of the Gaelic League in that city. The league paid the travel expenses. He would have the opportunity to spend a few days researching Irish language manuscripts in the library of the British Museum and he would get an opportunity, in his lecture, to say bluntly whatever he had to say. He would always have something to say, frankly. This night, but in particular, in the Putney branch of the Gaelic League, he was to inform those present about matters of dialect.

    léacht lecture f gs léachta
    craobh branch f pl craobhacha
    íoc pay
    fiach debt(s) m npl fiacha
    taisteal travel m gs taistil
    taighd Poke, probe, root, dig; Research, investigate
    taighde research m gs taighde
    lámhscríbhinn manuscript f
    neamhbhalbh Outspoken, forthright, blunt
    canúint Speech, expression; Vernacular, dialect; Accent, mode of pronunciation f gs canúna
    cúrsa course; matter. circumstance m
  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 23ú lá Mí na Bealtaine 2023

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • “Tháinig tú ar an tuiscint sin uait féin, gan leid ó chara léi?”
    ‘Sceith an bhean bhocht uirthi féin go rialta agus go minic, an té a thuigfeadh. De réir mhuintir Ath na Lachan, Bhíodh sí ag ceartú a mbéasa boird agus a gcuid foghraíochta mar a bheadh bean dá sórt. Ach ní raibh aon dealramh in aon chor leis na nodanna a thugadh sí uaithi.
    Delias, ambaist, seachas /i>Dahlias! Ar ndóigh is dócha gur thug bean ti éigin uirthi fadó “Tea is served” a rá, seachas “Tay, Missus”, agus gur shíl sí ó shin nar den ghalántacht an ‘a’ leathan. Bhíodh sí ag caoineadh laethanta rachmais, ach is é an siopa a luadh sí, ní hé an teach ná a seoda. Nuair a dheineadh sí tagairt do “Mr. Prunty, my husband”, bhíodh daoine ag magadh faoi aistíl chainte na nDuibhlinneach. Tá’s againn gur nós le daoine bochta i mBaile Atha Cliath an leagan san a úsáid, ach níor den chosmhuintir [d.l. 185] Bella Prunty.’


    ‘You came to that understanding by yourself, without a hint from a friend?’


    ‘The poor woman informed on herself regularly and often, to whom would understand. According to the people of Duckford, she would be correcting their table manners and their pronunciation like a woman of her sort. But her appearance did not match at all the hints she gave. Delias indeed, rather than Dahlias. Of course probably some lady told her a long time ago to say “Tea is served”, rather than “Tay, Missus”, and that she had since thought that the broad ‘a’ was elegant. She would be lamenting the days of prosperity, but it is the shop she mentioned, not the house or its jewels/treasures. When she referred to “Mr. Prunty, my husband”, people used to mock the strange speech of the Dubliners. We know that poor people in Dublin used that version, but not the followers of Bella Prunty.

    leid Hint, inkling; prompt; pointer, clue f
    sceith vomit, burst forth
    béas custom, habit, manners m
    dealramh Sheen, splendour, radiance; Look, appearance; likeness, resemblance m
    nod hint; abbreviation m
    ambaist = ambaiste Indeed! Really!
    seachas Besides, other than, rather than; compared to
    rachmas Wealth, abundance m
    luaigh mention, cite v
    cosmhuintir Hangers-on; followers, dependants; Poor people, proletariat f

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 25ú lá mí Aibreáin 2023

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • Ní fhéadfadh Fayler an choir a shéanadh mar bhí eagla air [d.l. 179]
    ina chroí istigh gur mharaigh Mary Bella Prunty,’ arsa an Duinnineach le Bill. ‘Ar an ábhar céanna, níorbh fhéidir leis aon cheist a chur ina taobh ar eagla go ndíreodh sé aird uirthi.’

    ‘Nil inti ach gearrchaile,’ arsa Bill agus uafás air.


    ‘Cailin beag láidir, ionraic, macánta,’ arsa an Duinnineach. ‘Ba chóir go mbeadh náire ar a hathair gur shamhlaigh sé dúnmharú léi.’

    ‘Fayley could not deny the crime because he feared in his heart that Mary had killed Bella Prunty,’ Dineen said to Bill. ‘On the same subject, he could not ask her any questions for fear of directing attention to her.’

    ‘She is only a young girl,’ said Bill in horror.

    ‘A strong, honest, little girl,’ said Dineen. ‘Her father should be ashamed that he dreamed of her committing murder.’

    gearrchaile young girl, lass m
    ionraic Upright, honest
    macánta Childlike; gentle, meek, mild; honest

    Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 28ú lá Mí na Márta 2023

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • ‘Go bhfóire Dia orainn,’ ar seisean, agus ba phaidir óna chroí amach é. ‘A Mhary, a chroí … Bhí snáth dearg chun cliath a chur ar gheansai, nó a leithéid, a bhí ar ordú ón mangaire aici, ‘Bhfuil ball éadaigh dearg ag éinne agaibh?’

    ‘Nil, a Athair.’

    ‘Agus cogar, a thaisce, ‘mbionn an clog cruinn de ghnáth?’

    D’fhéach Mary ar an gclog, seanchlog a raibh aghaidh bhán bhricneach air.

    ‘God save us,’ he said, and it was a prayer from his heart. ‘Mary, my heart, There was red yarn to darn a sweater, or the like, which she had on order from the peddler, Do any of you have a red garment?’

    ‘No, Father.’

    ‘And whisper, treasure, is the clock accurate as a rule?’

    Mary looked at the clock, an old clock with a speckled white face.

    fóir Help, succour, relieve, save v
    cliath Wattled, latticed, frame; hurdle; patch of darning f
    mangaire Hawker, peddler; Small dealer, monger; Huckster, haggler m
    ball organ; spot, place; member m
    cruinn round; exact, accurate
    gnáth Custom, usage; customary thing m
    De ghnáth as a rule
    bricíneach freckled
  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 28ú lá Mí na Feabhra 2023

Duinnín in Áth na Lachan (tuilleadh)

Dineen in Duckford (continued)
  • ‘Thuig Toole nárbh fhiú aon ní a cheilt. Tá marc an dúnmharfóra ar a chlár éadain ón uair gur rugadh é,’ arsa Nell.

    ‘Seafoid,’ arsa an gabha. ‘Nil ansin ach ball dearg, faoi mar a bheadh gead ar chapall.’

    ‘Cá raibh Fayley Toole sular fhill sé abhaile an lá úd?’ arsa an Duinníneach.

    ‘Toole realized that there was no point in hiding anything. The mark of the murderer has been on his forehead since the time he was born,’ said Nell.

    ‘Nonsense,’ said the smith, ‘Nothing there but a red mark, about like a patch on a horse.’

    ‘Where was Fayley Toole before he returned home that day?’ said Dineen.

    Léigh tuilleadh