Rang Gaeilge, 27ú lá Mí na mí Aibreáin 2021

Duinnín agus an Bhadhbh

Boladh … smell, scent; Boladh an scéil, hint of the story; Boladh na húire, the smell of earth, a smell presaging death (Ker.); Boladh an tsionnnaigh, “a fox smell,” a peculiar smell said to be hereditary in certain families …

  • Bhí an tAthair Pádraig ag obair ag a bhinse sa Leabharlann Náisiúnta nuair a thug sé foai ndeara go raibh lochán gréine ar an urlár. Ni scáil na gréine, go fírinneach, a dhúisigh óna néal é ach scáil phréacháin a dhubhaigh an ghile ar an urlár le rince beag earraigh a dhein se ar dhíon gloine na leabharlainne. ‘Badhbh!’ arsa an tAthair Pádraig. ‘Leid ón mBé.

    Father Patrick was working at his bench in the National Library when he noticed a pool of sunlight on the floor. It was not the image of the sun, in fact, that woke him from his nap, but the shadow of a crow that darkened the light on the floor with a little spring dance that he performed on the glass roof of the library. ‘War-goddess!’ said Fr. Patrick. ‘A sign from the woman/muse.’

    binsebenchm
    lochánsmall lake, pond
    scáilshadow, shade, darkness, reflection, image
    néalcloud, napm
    préacháncrow, rookm
    dubhaighblacken, darken
    gileWhiteness, brightnessf
    díonroof
    LeidHint, inkling; prompt; pointer, cluef
    Woman; maidenf

  • Le tamall, bhí faoi turas a thabhairt go Cill Mhantáin ar thóir úsáid an fhocail Baugh, i ngnáth-Bhéarla na tuaithe ansin; baughman ar scarecrow; mar shampla. Anois teacht an earraigh, bheadh sabhaircíní sna claíocha, bóithre ag triomú. Rachadh sé ar thóir na baidhbhe láithreach. Bhailigh sé leis a scáth báistí ón seastán iarainn in aice leis an téitheoir. D’fhág sé slán leis an leabharlannaí a bhi taobh thiar den chuntar. Bhuail sé air a hata. Ciotaí amháin: bhí a sháil dheis ris a stoca, geall leis. Ná bac! Gheobhadh sé péire ar iasacht óna chara, Jem Doody, Sagart Paróiste Ráth Droma.

    For a while now, he had been planning to undertake a trip to Wicklow in search the use of the word Baugh, in ordinary rural English there, baughman on a scarecow, for example. Now spring comes, there would be primroses in the fences, roads drying. He would go in search of the Badhbh immediately. He collected his umbrella from an iron stand next to the heater. He said goodbye to the librarian who was behind the counter. He put on his hat. Never mind: his right heel was exposed [by] his socks, or nearly so. He would borrow a pair from his friend Jem Doody, parish priest of Rathdrum.

    tabhair faoiundertake
    ar thóir rudan search of sth
    sabhaircínprimrosem
    claídike, wall, fencem
    triomúdryingm
    láithreachpresent, immediate
    scáthshade, shadowm
    scáth báistíumbrella
    seastánstand
    téitheoirheaterm
    sáilheel
    risbare, exposed
    geallpledge, promise

  • At a shlí chun na traenach, bhuail sé isteach chuig cara leis, Miss Mona Perkins. B’as Ard Sionna, gar do Ráth Droma, í. Bhí neacht léi pósta agus ina cónaí sa teach mór ann anois. Mar a shíl sé, d’fháiltigh Miss Mona roimh an deis beart beag sóláistí a sheoladh chuig Jessica agus na leanaí. Bhreac sí nóta beag freisin, í ag caint gan stad agus ag brú tae agus cistí ar an Duinnineach agus í ag obair.

    On his way to the train, he met a friend of his, Miss Mona Perkins. She was from Ard Shannon, near Rathdrum. Her niece was now married and living in a big house there. As he thought, Miss Mona welcomed the opportunity to send a small batch of delicacies to Jessica and the children. She also wrote a little note, talking non-stop and pushing tea and cakes on Dineen while working.

    garnear
    fáiltighbe glad, rejoice; welcome
    sólaistíDainties, delicacies
    Breacspeckle, dapple; write, jot down

  • ‘Ar ndóigh, is fear an-lách ar fad é céile Jessica, Mr. Woodley, agus tá sé saibhir thar na beartaibh[??] agus in ann Ard Sionna a choinneáil mar is cóir ach, eadrainn féin, a Athair Pádraig, eadrainn féin, ní fear tuaithe é . . .’

    ‘Of course, Jessica’s husband, Mr. Woodley, is a very kind man, and he is extraordinary rich beyond the ??? and to keep Ard Shannon as it should be, but, between ourselves, Fr. Patrick, between ourselves, he is not a country man . . .’

    ***
    beartaibhdat pl of beart
    eadrainn ← idir

  • Agus é ag feitheamh ar an ardán sa stáisiún, shil an Duinníneach go bhfaca sé Jeremiah Lowney – bleachtaire ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, nach raibh aon róghean aige air. Bhí Lowney á cheilt féin taobh thiar de sheastán leabhar.

    ‘Go soirbhí Dia dhuit, Lowney,’ arsa an Duinníneach, os ard le teann mioscaise.

    ‘Ssssss!’ arsa Lowney agus chaoch sé súil.

    While waiting on the platform at the station, Dineen thought he saw Jeremiah Lowney – a detective from Dublin Castle, he had no great affection for him. Lowney was concealing himself behind a book stand.

    ‘I wish you godspeed, Lowney,’ Dineen said loudly with mischievous strength.

    ‘Ssssss!’ said Lowney and blinked an eye.

    feitheamhWatch, look-out, guard; Wait, expectation
    geanLove, affectionm
    ceiltConcealmentf
    seastánstand
    Go soirbhí Dia duitI wish you godspeed
    teannstrength, forcem
    mioscaisHatred, spite; active ill will, malicef
    caochblind

  • Thug an tAthair Pádraig fáoi ndeara gur thaistil Lowney ar an traein chéanna leis. Agus ‘an bhadhbh’ ina cheann, rith sé leis go bhféadfaí Badhbhdhdhún Bhaile Átha Cliath a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus bheartaigh sé an leagan san a chur sa timpeall[?].

    Bhain sé sásamh as an turas ó dheas. “Gabhra Lir, gabhra Lir,” ar seisean leis féin agus é ag féachaint ar na tonntracha faoin gcósta.

    Father Patrick noticed that Lowney traveled on the same train with him. And ‘the Badhbh’ in his head, it occurred to him that Dublin Castle might be called the Badhbh Fortress of Dublin and he decided to pass around that version.

    He enjoyed the trip south. “Goats of the sea, goats of the sea,” he said to himself while looking at the waves offshore.

    beartaighPoise, brandish; Plan, contrive; consider

  • Thuirling sé den traein ag Ráth Droma. Thuirling Lowney Freisin. Bhí trapanna agus cairt nó dhó ag feitheamh lasmuigh den stáisiún, daoine ag teacht is ag imeacht, earraí á ndílastú. Sheas Lowney i ndoras seantí trasna ón stáisiún, mar dhia is go raibh sé ag lasadh a phiopa. Ar aghaidh leis an Duinníneach i gcoinne an chnoic gur shroich sé teach an tsagaírt. Chuir Fr. Jem mile failte roimhe.

    ‘Josie,’ ar seisean leis an mbean tí, ‘Josie, a chroí, greim bídh don Athair Pádraig, led thoil.’

    He got off the train at Rathdrum. Lowney got off as well. There were traps and a cart or two waiting outside of the station, people coming and going, goods being unloaded. Lowney stood in the doorway of an old house across from the station, pretending to smoke a pipe. Opposite him Dineen went up the hill until he reached the priest’s house. Fr. Jem warmly welcomed him.

    ‘Josie,’ he said to the housekeeper, ‘a bite to eat for Fr. Patrick, please.’

    Tuirling.Descend, alight
    mar dhia … gopretending

  • Dhein josie gleo sróine mar a dhéanfadh asal a mbeadh cuil i bpolláire leis. Ní dúirt sí focal ach chuaigh sí amach chun na cistine agus thosaigh cleatar agus badhbhóireacht amuigh. Ruainne fuar [?] caoireola, arán mine cruaidh stálaithe a raibh blas sóide air, agus tae fuar láidir gan éirim[?] ann a cuireadh rompu.

    ‘Cathain ar róstáil sibh an chaora?’ a d’fhiafraigh an Duinníneach.

    ‘Déanann Josie spóla feola a róstadh gach Domhnach.’

    B’é an Déardaoin é.

    ‘Is iontach an chogaint a bhíonn ar cheathrú nuair is reithe sléibhe a rinne an soláthar,’ arsa an Duinnineach leis féin.

    Josie made a nose noise like an donkey with a fly in its nostril. She didn’t say a word but went out to the kitchen and started clattering and cursing. A scrap of cold mutton, a bit of hard stale bread with a soda flavor, and strong cold tea without ceremony were put before them.

    ‘When did you roast the sheep?’ asked Dineen.

    ‘Josie roasts a joint of meat every Sunday.’

    It was Thursday.

    ‘The chewing of a quarter is great when a mountain ram made the supply,’ Dineen said to himself.

    gleofight, combat, battle; Noise, clamour, uproar, tumultm
    asalass, donkeym
    cuilfly[insect]; angry appearance
    polláirenostril; button-hole
    cleatarclatterm
    badhbóireacht = badhbaireachtcursing, scolding
    Ruainne[single]hair; Fiber, thread; shred, scrap, fragment
    caoireoilmutton
    mineSmallness, minutenessf
    stálaithestale
    sóidsodaf
    éirimRiding, driving; course, gallop; movement, journey;
    Range, scope; tenor, drift; Inclination, tendency, bent;
    Aptitude, talent; intelligence
    f
    Cathainwhen
    spólajointm
    cogaintchewing
    reitheramm
    sliabhmountainm gs sléibhe
    solátharCollection, procurement; supply, provision

  • ‘Go raibh céad maith agat, Josie,’ arsa Fr. Jem agus i ag cúlú.

    Drochfhéachaint a thug an Duinníneach uirthi. Cheistigh sé a chara faoin bhfocal ‘badhbh’ i gcanúint na háite.

    ‘Caithfidh tú dul siar go Gleann Darach,’ arsa Fr. Jem agus é ag gáirí ‘Tá crann ansan ar a dtugtar the Baughman’s Bush agus, de réir tuairisce, taibhsíonn an Baughman féin ann, fear mór dubh le rian súiche air agus eireaball.’

    ‘Nach ait sin mar chlaochlú ar an Mór-Rion?’ arsa an Duinníneach.

    Nuair a bhí a stór beag eolais ar an mbadhbh ídithe ag Fr. Jem, tharraing sé chuige ábhar a bhí nios giorra dá chroí.

    ‘Thank you very much, Josie,’ said Fr. Jem when she retired.

    Dineen gave her a dirty look. He asked his friend about the word ‘badhbh’ in the local dialect.

    ‘You will have to go back to Gleann Darach/Oak Valley,’ said Fr. Jem laughing. ‘There is a tree there called the Baughman’s Bush and, according to a report, the Baughman himself appears there, a big black man with a mark of soot and a tail.’

    ‘Isn’t that a strange transformation of the Great Queen?’

    ** When Fr. Jem’s small store of knowledge of the Badhbh was used up, he drew to him a matter that was closer to his heart.

    rianCourse, path, way; Mark, trace, trackm
    súichesootm
    aitPleasant, likeable; Fine, excellent; Comical; queer; strange
    claochlúChange, deterioration; Metamorphosis, transformation
    íditheused, used up, consume, worn out
    giorrashortnessf

  • ‘A Phádraig, táim buartha.’ ar seisean. ‘Tá póilini na háite chomh corraithe le coirceog beach sula gcaitear saithe. Creideann siad go bhfuil gunnaí ag teacht isteach san áit agus leaids óga ag traenáil amuigh ar na cnoic, i dtreo Laidhre Mhór.’

    ‘Bhí Lowney, ón gCaisleán, ar an traein a raibh mise uirthi.’

    Chraith Fr. Jem a cheann go cráite. Bhain Josie gréithre agus ceirt den bhord go giorraisc.

    ‘Patrick, I am worried.’ he said. ‘Local police are as excited as a beehive before a swarm is sent out. They believe guns are coming into the place and young lads are training out on the hills, towards Big Fork’

    ‘Lowney, from the Castle, was on the train with me’

    Fr. Jem shook his head in grief. Josie removed the crockery and cloths from the table bruskly.

    buarthaSorry, sorrowful; vexed, perturbed
    corraighmove, stir
    coirceoghivef
    saitheswarm
    crait = croitshake
    cráiteAgonized, tormented, grieved
    gréithecrockery
    ceirtPiece of clothing; rag, clout
    giorraiscShort, abrupt, curt, snappish.

  • ‘Josie, a thaisce, tá an tAthair Pádraig ag iarraidh péire stocaí dem chuid ar iasacht. Beidh sé ag siúl siar go Gleann Darach agus tá a sháil trína stoca. Meas tú an bhféadfá? . . .’

    ‘ ‘Bhfuil sí balbh?’ a d’hiafraigh an Duinníneach nuair a d’imigh sí gan ach gnúsacht a dhéanamh.

    ‘Josie? Mhuise nil, ná balbh! Ceist íogair ceist na stocaí. Tá cosa fada ormsa agus ingne crua. Caitheann an bhean bhocht a saol ag cur cliath ar stocaí dom. Bíonn eagla orm go n-imeoidh sí chun cur fúithi le deartháir dá cuid san Inbhear Mór. Dochtúír. Baintreach fir.’

    ‘Scaoil léi.’

    ‘Josie dear, Fr. Patrick wants to borrow a pair of my socks. He will walk west to Glen Dara and his heel is through the socks. Do you think you could?

    Ís she dumb/mute?’ asked Dineen when she left with only a grunt.

    ‘Josie? indeed not, not mute! The socks are a sensitive issue. I have long legs and hard nails. The poor woman spends a life darning socks for me. I’m afraid she’ll leave to settle with one of her brothers in Arklow. Doctor. Widower’

    ‘Let her go.’

    íogairSensitive, delicate; ticklish, touchy
    ionga[toe/finger]nail; claw,talonfingne
    saolLife, time, world; agem
    cliathWattled, latticed, frame; hurdle; darn [socks]f
    scaoilLoose(n), release, discharge; Undo, untie, unfasten

  • Scaoil le Josie?’ arsa Fr. Jem agus, ar feadh soicind, tháinig luisne aoibhnis ar a aghaidh, ach mhúch sé láithreach í.

    ‘Cá bhfaighinn[past hab?] cócaire inchurtha léi?’

    Níor luaigh an Duinníneach na stocaí arís. Bhi sé ag fágáil slán le Fr. Jem ag an doras nuair a raid Josie paicéad beag isteach ina ghlaic, é fillte fáiscthe i bpáipéar donn agus téad thart air.

    ‘Is iomaí croí bog a bhfuil craiceann cruaidh air,’ ar seisean leis féin agus ghaibh sé buíochas léi.

    ‘Let Josie go?’ said Father Jem and, for a second, a glow of delight came over his face, but he immediately extinguished it.

    ‘Where do I find a comparable cook to her?’

    He was saying goodbye to Fr. Jem at the door when Josie gave a small packet into his grasp, wrapped tightly in brown paper and with a string around it.

    ‘Many soft hearts have hard skins.’ he said to himself and thanked her.

    luisneblush, glow
    aoibhneasbliss, delightaoibhnis
    múchSmother, suffocate; Quench, extinguish
    láithreachPresent, immediate
    luaighmention, cite
    radgive, bestow
    filltefolded. wrapped
    fáiscthe Squeezed, compressed; Tightened, tight
    téadrope; stringf
    iomaímany[as predicate]
    crúshoe

  • Thug sé an bóthar air féin. Bhí rún aige an bóthar go Gleann dá Loch a leanúint go mheadh air casadh fáoi chlé isteach ar bhóithrín garhh sléibhe, tamall i ndiaidh Ráth Naoi. Bhí an lá séimh solasmhar. Bhraith sé an t-iontas sin a bhraitheann duine, lá geal, i lár coille, i mí Feabhra; an talamh ag cur glaise de; na géaga thuas, lom i gcónaí. Shroich sé an Daingean Dubh – an chuid sin den bhóthar a raibh the Stinkin Bell baistithe air ag lucht charabanc. Níor aithin créatúirí bochta na cathrach folláine na mbolaithe tuaithe. Bheadh Geranium robertianum nó luibh an chreatha ag fás ann agus cuid de na beacáin bhréana — Mutinus caninus agus Coprinus comutus– sa séasúr. D’éirigh boladh gairleoige faoina chosa agus mhoilligh sé chun dornán creamha a bhaint. Agus é á chogaint, thóg sé stocaí Fr. Jem amach as an mbeart. Bhí a bhróg ag luí ar a sháil le tamall ach bhí leisce air go dtí seo a rithim siúil a bhriseadh. Olann gharbh, ar mhasla í do chosa a caite, a bhí sna stocaí. Tharraing sé ceann amháin air féin. Nocht ordóg mhór a choise tríd. Chaith sé uaidh é agus tharraing sé an ceann eile air. Siúd amach leis an ordóg arís. Chuir sé air a stoca féin agus stoca Fr. Jem anuas air[?], ach ansin ní rachadh a bhróg air. Ní raibh le déanamh ach píosa páipéir a chuir laistigh dá stoca féin agus leanúint air le holc ina chroí gur gheal aoibhneas agus saoirse an lae arís é.

    He took the road himself. He intended to follow the road to Glendalough until he would turn left onto a rough mountain lane, some time after Rathnew. The day was gentle and bright. He felt the surprise people feel, a bright day, in the middle of a wood, in February; the earth is green; the branches above, always bare. He reached the Black Fort, that part of the road which was christened the Stinkin Bell by the charabanc people. The poor city creatures were not acquainted with the healthy smell of the country. Geranium robertianum or herb would grow there and some of the foul mushrooms & mdash; Mutinus caninus and Coprinus comutus – in season. The smell of garlic rose under his feet and he slowed to pick a handful of wild garlic. While chewing it, he took Fr. Jem’s socks out of the bundle. His shoe had been lying on his heel for a while but he had so far been reluctant to break his walking rhythm. Coarse wool, an insult to your worn feet, was in the socks. He pulled the first one himself. The big toe of his foot was exposed through it. He threw it from him and pulled the other one on. Out with the big toe again. He put on his own socks and put Fr. Jem’s socks over them, but then his shoe would not go on. Nothing to do bu put a piece of paper inside his own sock and continue with a black mood in his heart but the joy and freedom of the day brightened him again.

    bóithrínCountry lane, boreenm
    séimhthin, slender; fine, smooth; tenuous, subtle; gentle
    solasmharBright, luminous; clear, lucid
    glaiserivulet, stream; greenness; Rawness, chilliness
    folláineHealthiness; wholesomeness, soundnessf
    bolaithesmelled
    luibhherb, plantf
    crithtremble, shiverm pl creathanna, creatha
    beacánmushroomm
    bréanFoul, putrid, rotten
    moilligh to delay, stop, on one’s journey; pause, dwell
    dornánFistful, handful; small quantity or number
    creamhawild garlic
    beartbundlem
    sáilheel
    leisceLaziness, sloth; Disinclination, reluctancef
    rithimrhythmf
    maslaInsult, opprobriumm
    Nochtnaked, bare
    laistighOn the inside, within, indoors
    aoibhneasbliss, delightaoibhnis

  • Ní raihh ach trí mhíle, nó mar sin, siúlta aige nuair a chuala sé cairt ina dhiaidh.

    ‘Móra dhuit, a dhuine chóir,’ ar seiscan leis an tiománaí, ‘Bheinn buíoch díot ach síob a fháil go crosaire Ghleann Darach.’

    Léim an tiománaí dá chairt agus réitigh sé bosca folamh le go mbeadh strapa beag ag an Duinníneach.

    ‘Dinny is ainm domsa,’ ar seiscan agus é ag bagairt ar an jennet bogadh ar aghaidh. ‘Céard a thabharfadh go Gleann Darach thú, a Athair, murar miste leat mé ag cur na ceiste. Nil tada i nGleann Darach seachas fraocháin.’

    He had only walked three miles or so when he heard a cart following him.

    ‘Great for you, just person’, he said to the driver, ‘I would be grateful if you could give me a lift to Glen Dara.

    The driver jumped from his cart and got an empty box so Dineen would have a step.

    ‘Dinny is my name,’ he said and drove the jennet [small horse] to move on. ‘What would bring you to Glen Dara, Father, if you don’t mind me asking the question. The is nothing in Glen Dara besides whortleberries.’

    síoblift, ridef
    bagairtthreat, drivingf
    mistematters, might

  • Thuig an Duinníneach nach freagra acadúil a d’fheilifeadh.

    ‘Teastaíonn uaim Baughman’s Bus a fheiscint.’

    Chuir Dinny racht gáire de.

    ‘M’anam ach go dtabharfadsa [Munster fut] faid le Baughman’s Bush thú[??], a Athair, agus fáilte.’

    Dineen understood that an academic answer would not be appropriate.

    ‘I want to see Baughman’s Bush.’

    Dinny had a fit of laughter.

    ‘Indeed I will take you far to Baughman’s Bush’

    acadúilacademic
    feilsuit, fit, become; oblige

  • Bhí tost séimh cairdiúil eatarthu, an chairt ag ceol, corr-Hup Peo! ó Dinny leis an jennet. Ó am go chéile, shil an tAthair Pádraig gur chuala sé cruite capaill ina ndiaidh. Ó am go chéile, d’fhéach Dinny thar a ghualainn. Níor scoith éinne iad ar an mbóthar, áfach. Chas siad ar clé agus thosaigh Peo ag saothrú in aghaidh an chnoic. Thug an tAthair Pádraig faoi ndeara nár fhág siad ina ndiaidh an boladh láidir folláin tuaithe a bhí tugtha faoi ndeara aige sa Daingean. B’ait leis san mar bhí an talamh níos loime: páirceanna beaga gan ach aiteann agus raithneach iontu. Rith sé leis gur i gcuas-iostaí a shróine a mhair an boladh agus rinne sé smúrthacht.

    There was a gentle, friendly silence between them, the cart making music, ‘Corr-Hup Peo!’ from Dinny to the jennet. Occasionally, Fr. Patrick thought he heard horseshoes behind them. Occasionally, Dinny looked over his shoulder. No one overtook them on the road, however. They turned left and Peo began to work against the hill. Father Patrick noticed that they did not leave behind the strong, wholesome smell of the countryside he noticed at the Fort. That was strange to him because the ground was more bare: small fields with only fern and gorse in them. It occurred to him that the smell lingered in the cavities of his nose and he sniffed.

    tostsilence
    séimhthin, slender; fine, smooth; tenuous, subtle; gentle
    corr Projecting point; angle, edge; corner; hollow; pitf
    scoithCut off, lop, sever; Leave behind, outdistance; pass
    saothrúcultivation
    folláinHealthy; wholesome, sound
    boladhsmell, scent
    aitPleasant, likeable; Fine, excellent; Comical; queer; strange
    loimebarenesscomp of lom
    raithneachfern, brackenf
    aiteannFurze, gorse, whin
    cuasCavity; hollow, recess; Cove, creekm
    iosta Abode, dwelling; Store, depot; keep, treasury
    smúrthacht(Act of) nosing, sniffing; (act of) feeling about, groping, prowling.f

  • Fox is sloinne dom, a Athair,’ arsa Dinny agus é ag gáirí. ‘Sin anois agat Baughman’s Bush,’ ar seisean go luath is a mhéar dírithe ar chrann cuilinn a raibh fáid, leithead agus airde tí ann.

    ‘Fágfaidh mé anseo ag an ngeata thú agus fillfidh mé faoi do choinne gan mhoill.’

    Ach ní mar sin a tharla. Ar éigean an chairt stoptha nuair a chuala siad geonaíl shrónach ón taobh thiar den chrann amhail is dá beadh muc mire a chéasadh.

    ‘Fox is my family name, Father,’ said Dinny, laughing. ‘There now you have Baughman’s Bush,’ he said soon with his finger pointed at a holly tree in with the length, width, and height of a house.

    ‘I will leave you here at the gate and I will return to meet you without delay.’

    But that is not how it happened. The cart had hardly stopped when they heard a nasal whimpering from behind the tree like a mad pig in agony.

    sloinneFamily name, surnamem
    cuileannhollym gs cuilinn
    leitheadBreadth, widthm
    coinneappointment; expectation (of meeting); meeting
    Ar éigeanHardly
    geonaíldroning, murmuring; whiningf
    srónachnasal
    amhaillike, as
    mireQuickness, rapidity; spiritedness, ardour; madness, frenzy
    céasadhagony, tormentm

  • ‘An Baughman féin tagtha chun casadh leat, a Athair,’ arsa Dinny agus chaith sé srian Pheo thar chuaille an gheata agus rith sé isteach sa pháirc. Lean an tAthair Pádraig é. Faoin gcrann, droim le droim, iad ceangailte go docht agus gobáin ina mbéil, bhi beirt phóiliní.

    ‘Dia ár sábháil, cad táim ar bun agaibh?’ arsa an tAthair Pádraig agus chrom sé chun na cordaí ceangail a bhogadh.

    ‘Dinny Joseph Fox,’ arsa glór Áth Cliathach ón mbóthar, ‘tar tusa agus do chompánach amach as an bpáirc sin agus bhur lámha san aer.’

    ‘Ar léan tú ón stáisiún mé, Jeremiah?’ a d’fhiafraigh an Duinníneach, é ag siúl amach chuige agus a lámha á gcuimilt dá chéile aige le teann gliondair agus mioscaise. ‘Chuala mé trup capaill inár ndiaidh anois is aris. Tú féin a bhí ar a mhuin?’

    Gheit Jeremiah amhail is dá mba é an Baughman féin a bhí chuige.

    ‘The Baughman himself has come to meet you, Father,’ said Dinny and he threw Pheo’s bridle over the gate post he ran into the field. Fr. Patrick followed him. Under the tree, back to back, tied tightly with gags in their mouths, were two policemen.

    ‘God save use, what is going on with you?’ [??] said Father Patrick and he bent to loosen the binding cords.

    ‘Dinny Joseph Fox,’ said a Dublin voice from the road,

    ‘you and your companion come out of that field with your hands in the air. ‘

    ‘Did you follow me from the station, Jeremiah?’ asked Dineen walking out to him rubbing his hands together with an air of delight and mischief. ‘I heard a tramp of a horse behind us now and then. Were you yourself on its back?’

    Jeremiah started as if it were the Baughman himself coming to him.

    srianbridlem
    cuaillePole; stake, postm
    dochtTight, close; stiff, rigid; strict, hard
    gobángagm
    crombend, stoop
    bogadhsoftening, looseningm
    cuimiltRubbing; stroking, fondling, wiping; frictionf
    gliondarGladness, joyousness, mirthfulnessm
    mioscaisHatred, spite; active ill will, malicef
    truptrampm
    muinbackf
    geitjump, startv

  • ‘Cuir uait do ghunnán, ‘Jeremiah, a bhuachaill,’ arsa an tAthair Pádraig. ‘Nil istigh faoin gcrann ach beirt phóilíní a bhfuil cúnamh de dhíth orthu agus Dinny bocht a thug síob chun na háite seo dom, ina chairt, anois beag.’

    ‘Put away you gun, Jeremiah, lad,’ said Father Patrick. ‘There are only two policemen under the tree that need help and poor Dinny who gave a lift to me to this place in his cart, just now.’

    cúnamhhelpm
    díthLoss; deprivation, destruction; Want, lack; need, requirement
    síoblift, ridef


Nótaí faoi scéalta

An chéad scéal (fíor)

Bhí mé i mo shuí ag mo dheasc Dé Domhnaigh thart ar a dó a chlog tráthnóna. Bhí mé ag obair ar m’obair bhaile don rang seo, ag aistriú ár scéal faoin nDuinnineaigh. Mar is gnách, bhí an foclóir ag Teanglann.ie á úsáid agam. Mar is gnách, bhí mé ag déanamh a lán nótaí ar mo ríomhaire.

Go tobann d’éirigh gach rud dorcha. Dúnadh an ríomhaire. Bhí na soilse go léir sa teach dorcha.

Mo chéad smaoineamh: Teip cumhachta leictreachais.

Mo dara smaoineamh: Cathain a a chosaint mé mo chuid oibre ar an ríomhaire? Cé mhéid a bheidh imithe?

Ghlaoigh mé ar Xcel chun an fhadhb a thuairisciú. Chuaigh mé taobh amuigh. Bhí cuid de mo chomharsana lasmuigh freisin. Bhí siad gan chumhacht freisin.

Dúirt suíomh idirlín Xcel go mbeadh ár gcumhacht ar ais timpeall ceithre is tríocha a chlog. Chuaigh mé ag siúl timpeall na comharsanachta. Nuair a d’fhill mé chonaic mé chonaic mé dhá leoraí Xcel os comhair an tí. An-mhaith! Ach ansin labhair mé leis na teicneoirí Xcel. Dúirt siad go raibh an fhadhb níos mó. Cúpla uair an chloig eile ….

Chuaigh muid go dtí bialann don dinnéar, leis na rialacha Covid, maisc, srl. Ní raibh sé seo déanta againn le fada an lá. Ba é an Highland Grill an bhialann i St Paul. Dinnéar maith a bhí ann. D’ith muid go mall. Ní raibh deifir ann.

Tháinig muid abhaile tar éis a seacht a chlog. Fós gan aon chumhacht. Dúirt suíomh idirlín Xcel anois a haon a chlog ar maidin. Las muid roinnt coinnle agus fuaireamar roinnt tóirsí leictreacha. Léigh muid ár leabhair ar feadh tamaill agus ansin chuigh muid a chodladh sa dorchadas

Tháinig an chumhacht ar ais thart ar a ceathair a chlog ar maidin. Tháinig na soilse ar ais agus dhúisigh siad muid. Chuamar ar ais chun codlata i bhfad níos sona.

Thosaigh mé mo ríomhaire ar maidin, ag lorg m’obair bhaile. Bhí imní orm. Ach ní raibh aon fhadhb ann. Chaill mé beagnach rud ar bith. Is fuath liom é a rá, ach is bogearraí maith é Visual Studio Code Microsoft.

cosainDefend, protect
tuairisciúreporting
cumhachtpower
bogearraísoftware
An dara scéal (ficsean)

Is iomaí spáslonga a chonaic mé i mo shaol, ach chonaic mé an ceann is mó blianta fada ó shin. Nuair a chonaic mé é den chéad uair, shíl mé gur gealach a bhí ann. Daingean spáis a bhí ann. Bhí go leor arm aige, ceann acu an ceann is cumhachtaí a rinneadh riamh.

Bhí na céadta saighdiúirí ann freisin. Chaith go leor armúr bán, a chlúdaigh a gcorp. Chaith daoine eile éidí liath, cosúil leis na cinn sa Ghearmáin Naitsíoch. Bhí cuma olc orthu. Bhí gunnaí léasair ag gach duine acu. Ní fhéadfadh siad a gcuid gunnaí a dhíriú. D’éalaigh a gcuid spriocanna i gcónaí. I ndáiríre bhí sé ina fhear páirt agus ina mheaisín páirt.

Fear an-aisteach a bhí sa cheannaire. Bhí a chuid éadaí agus meaisíní dubh. Bhí sé ard agus chaith sé clóca dubh agus masc dubh. Bhí a anáil glórach. Bhí sé ina oifigeach an-mhaith. Bhí eagla ar bheagnach gach duine air, seachas an Ginearál Tarkin (Bhí sé ina oifigeach an-mhaith thaitin an t-impire Palpatine leis).

D’fhoghlaim mé ina dhiaidh sin gur scriosadh an spáslong ollmhór. D’éalaigh Vader, ach fuair Tarkin agus formhór na saighdiúirí bás.


spásspace
longship
Daingeanfortress
saighdiúirsoldier
armweap
clúdaighCover, wrap
éideuniform
léasarlaser
sprioctarget
aimsitheoirmarksman
éalaighescape
sprioctarget
ginearálgeneral

Listening Exercise and related material

Links to Chauvin, Floyd, Wright, etc.

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.