Monday night Irish Class, June 18, 2018

Irish Class, June 18, 2018

Rang Gaeilge, 18ú lá Mí na Mheiteam 2018

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

Is minic a fuarthas comhairle ghlic ó amadán. Clever advice is often gotten from a fool.
Tá níos mó ná a phaidreacha aige. He knows more than is prayers. (He is not stupid)
Dhá dtreabhfadh sé an tír, chaithfeadh sé an ríocht. If he’d plow the whole country, he would spend the kingdom. (he’s a very hard worker, but he never gets ahead because he is a spendthrift.)

Súil le Breith

  • Bhí an tAifreann thart sa Village ag leathuair tar éis a naoi. Bhí
    an sagart, Tom Connor, ag baint éadaí an Aifrinn de nuair a
    buaileadh an doras. Fear an
    turn a bhí ann, an t-ainm a thugtar
    ar an gcéad fhear eile ar leis an sagart a thabhairt trasna. Tá an
    focal céanna acu in Inis Oírr agus in
    Inis Meáin in Oileáin Árann na Gaillimhe, chuala sé Bhí
    scéalta agus cur síos ag chuile sheanfhear an am a raibh
    sé féin ar
    turn, b’fhéidir leathchéad blian nó tuilleadh
    roimhe sin. Chuimhnídís ar gceard a raibh an ghaoth, ar
    an gcaoi a raibh an taoille, ar chomh fliuch nó chomh
    cantalach is a bhí an sagart.

    Bhí an tAifreann thart The mass was done
    Fear an turn The “turn man”
    an gcéad fhear the next man
    trasna across
    cur síos gave account
    cuimhnigh remember 3rd pers pl chuimhnídís “they used to remember”
    ceard Artificer, artisan m. Not céard
    gceard a raibh an ghaoth direction of the wind
    caoi way, path
    taoille tide
    fliuch wet
    cantalach Plaintive; peevish, querulous
  • ‘Níl an mhaidin an-iontach, a Athair.’ Chuimhnigh sé air
    féin agus sciob sé de an caipin.

    ‘Ní bhreathnaíonn sí an-mhaith, a John. Cen chaoi a
    bhfuil an fharraige?

    ‘Níl farraige ar bith ann, a Athair, ach ní an ghaoth
    an-chóiriúil.’

    ‘Nach bhfuil?’

    ‘Níl, a Athair, níl si.’
    ‘Bhuel, muna bhfuil muid in ann dul siar. . .’

    ‘Ó, níl mé ag rá nach mbeidh.’

    ‘Gabhfaimid siar mar sin.


    ‘Ni dhearna bríos beag anoir aduaidh aon dochar d’aon duine ariamh.’

    ‘Beidh mé thíos mar sin taobh istigh de leathuair.’

    ‘Clúdaigh go maith thú fein. Beidh sé fuair. Ceard faoin
    mála, a Athair? An dtiocfaidh mé dá iarraidh?’

    ‘Níl aon mheáchan ann. Tabharfaidh mé féin síos é.’

    Sean-mhala duffle a bhí í gceist a bhiodh aige le héadai a
    thabhairt leis, nó fíon no arán na haltóra nuair a
    theastaíodh tuilleadh de. Bhí a fhios aige gur le hómós don
    sagart a bhídís ag tairiscint an mála nó a chóta a iompar, ach
    níor thaitnigh sé leis go mbeifí ag déanamh
    lady de, mar a
    chuir sé féin é. Ba dheacair a dhéanamh amach an as ómós
    dáiríre a dhéantai é, nó as ómós bréige do chineál boicín
    mar a thugtaí do na tiarnaí talún fadó.

    sciob snatch
    caipin cap
    cóiriúil favorable, suitable
    muna = mura if not, unless
    muna bhfuil muid in ann dul siar if not/unless we can go back
    níl mé ag rá nach mbeidh I am not saying it isn’t
    Gabhfaimid siar mar sin we go back like that
    bríos
    anoir from the east
    adiaidh/i> from the north
    dochar harm, hurt, injury
    Beidh mé thíos mar sin taobh istigh de leathuair I will be down inside a half-hour mar sin[?]
    Clúdaigh cover, wrap
    Ceard faoin mála? what about a bag?
    An dtiocfaidh mé dá iarraidh? Will I come if asked?
    meáchan weight
    Tabharfaidh mé féin síos é. Í will take it down myself
    altóir altar
    nuair a theastaíodh tuilleadh de when more would be required
    ómós homage, reverence, respect m
    tairiscint offer
    bhídís used to be p hab
    iompar carrying
    níor thaitnigh sé leis go mbeifí ag déanamh lady de He did not like it to be treated like a lady
    mar a chuir sé féin é as he put it
    bréige false
    boicín fellow, rake, upstart
    na tiarnaí talún the lords of the land
  • Is minic a b’fhacthas dó, go bhféadfá a rá ar bhealach go
    raibh áit an tiarna talún tógtha ag cuid den chliarlathas
    Caitliceach sa gcéad seo. Thugtaí an cineál céanna onóra
    don dá dhream, agus bhí daoine ann a cheap go mb’fhéidir
    go bhfaighidís an bás nádúrtha céanna.

    Thug Tom leis a chuid oilers agus wellingtons; shiúil sé
    an leathmhile síos chuig an gcaladh. Bhí an curach tugtha
    síos cheana féin ag fear an
    turn agus ag an mbeirt a bhí in
    éindí leis. Bhí siad ag triáil na maidí agus na gcnogaí. Cé gur
    oibrigh siad inneall go minic, b’fhearr leis an gcuid is mó
    acu na maidí a oibriú nuair a bhiodh sé gaofar. B’fhearr leis
    an sagart an t-inneall mar gurbh é a dhroim a bheadh báite.
    Isteach san éadan a bhuailfí an fharraige cháite air nuair a
    bheadh an triúr ag iomramh agus é féin i ndeireadh na
    curaí. Thug sé faoi deara go raibh an curach gléasta le
    haghaidh seoil, rud a bheadh chomh maith le hinneall ar
    bith sa ngaoth sin.

    ‘Bhfuil bean ar bith thiar ansin ar an oileán a d’fheilfeadh
    Mick anseo, a Athair?’ d’fhiafraigh Pádraic Mhicilin de.
    B’fhear mór láidir é Mick, cloigeann mór pórtair air;
    baitsiléir ciúin, a bhí ina chónai leis féin ag barr an bhaile.
    An-fhear farraige.

    ‘Dá labhródh sé go deas leat, b’fhéidir go dtabharfá iníon
    leat féin dó?’

    Ba bheag an seans go mbreathnódh ceachtar de chailíní
    slim slachtmhar Phádraic ar Mhick mór mantach.

    factas was seen p dep aut of feic
    Is minic a b’fhacthas dó It often seemed to him
    tógtha taken, raised va of tóg
    cliarlathas hierarchy
    sa gcéad seo in this century
    onóir honor
    dream body of people, group
    bhí daoine ann a cheap go mb’fhéidir go bhfaighidís an bás nádúrtha céanna. there were people who thought it might be they {the Catholic hierarchy] would get the same natural death [as the landlords].
    caladh landing place mi>
    cheana already
    in éindí le together (with)
    triáil
    maide oar f
    cnoga oarlock
    inneall engine
    b’fhearr leis an gcuid is mó acu na maidí a oibriú nuair a bhiodh sé gaofar It was mostly better to have the oars and oarlocks working when it was windy
    droim back m
    báigh drown, sink, drench va báite
    buail strike, hit, beat cond aut bhuailfí
    éadan front, fact
    iomramh rowing
    curach currach f gs curaí
    Thug sé faoi deara he noticed
    gléasta equipped
    le haghaidh for the purpose
    seol sail m gs seoil
    chomh maith le as well as/as good as
    rud a bheadh chomh maith le hinneall ar bith sa ngaoth sin. Sa thing that would be as good as an engine if there was any wind
    feil suit, fit, become
    thiar west, back
    B’fhear mór láidir é Mick Mick was a big strong man
    cloigeann head, skull
    pórtar porter [beer] m gs pórtair
    baitsiléir bachelor m
    labhair speak cond labhródh
    dtabharfá you would give/take
    ceachtar de either of the
    slachtmhar neat, tidy, well-groomed, of good appearance
    mantach gap-toothed, toothless; inarticulate
  • ‘B’fhéidir go bhfuil mé féin is thu féin níos fearr as gan
    bean ar bith, a Athair.’

    Rinne sé scairt mhór gháire: B’fhearr leis an sagart go
    sloigfeadh an talamh é, an soicind sin.

    Rug an ceathrar acu ar an gcurach agus tharraing siad
    síos go colbha an uisce í. Chuireadar mála gainimh inti mar
    bhallasta. Chuaigh Mick isteach chun tosaigh agus réitigh
    sé na maidí. Ar an seas láir a chuaigh fear an
    turn. Ní raibh
    mórán cleachtaidh aige ar an bhfarraige taobh amuigh da
    thuras bliantuil ar an
    turn. D’airigh sé freisin nach mbeadh
    mórán maitheasa leis ag coinneáil chainte le sagart. D’fhág
    sé an obair sin ag Pádraic Mhicilín a choinneodh caint leis
    an bPápa da mbeadh call aige leis.

    scairt shout, call f
    gáire laugh
    sloig = slog swallow
    B’fhearr leis an sagart go sloigfeadh an talamh é the priest would prefer that the ground would swallow him
    an soicind sin that second
    ceathrar four ‘[people]
    Rug an ceathrar acu ar an gcurach the four of them took the currach
    colbha edge, side
    Chuireadar mála They put a bag
    gaineamh sand m gs gainimh
    Chuaigh Mick isteach chun tosaigh agus réitigh sé na maidí. Mick went to the front and prepared the oars
    seas stand, bench [in a boat]
    lár middle; ground, floor
    cleachtadh habit, wont; experience m
    bliantúil annual, yearly
    airigh perceive, sense
    maitheasa goodness
    ag coinneáil chainte le sagart keeping speech with a priest
    call call, need
  • Isteach leis an sagart ar an seas deiridh, nuair a bhí an
    curach ar snámh, agus bhrúigh Pádraic amach í, agus é ag
    léim isteach inti ag an am céanna. D’athraigh sé áit ansin
    leis an sagart, choisric sé é féin, agus thosaigh an triúr acu ag
    iomramh go staidéarach.

    Bhí Pádraic i ngar do na trí scóir, ach bhí sé láidir crua.
    Bhí clann mhór beagnach tógtha aige féin agus ag a bhean,
    Cáit. Bhí an cuid is sine acu i Meiriceá agus i Sasana,
    Bairbre i scoil chónaithe ar chostas an Stáit, agus Teresa sa
    mbaile in éindí leo féin. Seacht mbliana déag a bhí sí, í
    beagán simplí.

    Nuair a bhíodar amuigh ó fhoscadh na talún, chrochadar
    triantán de sheol dubh. Chuaigh Pádraic chun deiridh arís,
    ag oibriú an mhaide rámha mar stiúir. Leis an mbuille
    éadrom sciobtha iomartha a thug an bheirt eile lena gcuid
    maidí bhí gearradh breá faoin gcurach.

    nuair a bhí an curach ar snámh when the currach was floating
    brúigh press, push
    athraigh change, alter
    coisric blessed
    iomramh rowing
    staidéarach steady
    gar near
    bhí sé láidir crua he was strong and hard
    tógtha raised
    cónaigh dwell, reside
    scoil chónaithe boarding school
    in éindí le together with
    beagán little
    simplí simple, simple-minded
    bhíodar they were
    foscadh shelter; shade
    talamh earth, ground, land gs talún
    croch hang, raise
    triantán triangle
    seol sail
    rámh oar
    stiúir rudder, steer
    buille blow, stroke
    éadrom light
    sciobtha fast, rapid
    iomartha rowed
    gearradh cut, cutting [the water]
  • Ní raibh aon snámh ag formhór fhir farraige na háite, ach
    san am céanna, ní chaitheadh aon duine acu seaicead
    tárrthála. Bhí sé ráite nach bhféadaí an bád a bhí iompar
    an tsagairt chuig an Aifreann a chur sios, agus níor tharla sé
    go dtí sin cé go raibh siad i gcontúirt sách minic. Ní raibh a
    fhios ag Tom an creideamh nó pisreog a bhí ansin, ach níor
    mhaith leis gurbh é féin a chruthódh ceachtar acu. Ar aon
    chaoi, ba bheag an mhaith snámh dá mbáfadh drochuair an
    curach amuigh i lár na farraige móire. Cén mhaith a
    dhéanfadh seaicéad tarrthála ach duine a choinneáil beo
    beagán níos faide, le bás a fháil sa deireadh leis an bhfuacht
    agus leis an tart. Bhí na báid tarrthála ba ghaire dóibh os
    cionn leathchéad míle uathu, in Árainn Mhór Thír
    Chonaill, agus in Árainn na Gaillimhe.

    formhór majority, greater part m
    tarrthálach rescuing, saving
    Bhí sé ráite It was said
    iompar carrying
    cé go raibh even though, although
    contúirt doubt, danger
    sách full, sated, satisfied; rather
    creideamh belief
    pisreog superstition
    crutaigh create; form; prove cond chruthódh
    ceachtar either
    Ar aon chaoi Anyway
    báigh drown, sink cond bháfadh
    drochuair evil hour; unfortunate occasion
    duine a choinneáil beo beagán níos faide keeping a person alive a little longer
    tart thirst
    gaire nearness, proximity
  • ‘Beidh sé crua oraibh, ag teacht ar ais ina haghaidh, a Phádraic.’

    ‘A, b’fhéidir go mbeidh sí lagtha tráthnóna. Táim ag
    ceapadh go bhfanfadh muid thiar píosa, le haghaidh cúpla
    deoch. Ní raibh ceachtar againn thiar le fada. Níl aon
    fharraige ann ar aon chaoi. Níl ann ach bríos gaoithe.’

    Bhí siad ag seoladh siar go deas le cóir. Las Pádraic a
    phíopa agus bhí boladh álainn an tobac ar aer seaca na
    maidine. Anois is arís b’éigean dóibh aghaidh a thabhairt
    caol díreach isteach i maidhmeanna contráilte, áit a raibh sruth.

    ‘An mbíonn aon fhaitíos ort ar an bhfarraige, a Athair?’

    ‘Ní bhionn, fad is nach bhfeicim na fir atá in éineacht liom ag fáil faiteach.’

    ‘Nach iontach an rud é sin anois – do dhuine a tógadh i bhfad ón bhfarraige.’

    in aghaidh against
    ina haghaidh in her face
    le haghaidh for the purpose
    ceachtar either
    le fada for long
    Níl aon fharraige ann ar aon chaoi No sea for any reason
    bríos breeze [?]
    le cóir with a favorable wind
    boladh smell, scent
    sioc frost m gs seaca
    b’éigean dóibh they had to
    aghaidh face; front
    caol slender [part]
    díreach isteach straight into
    maidhm burst, eruption, wave pl maidhmeanna
    contráilte contrary
    sruth stream, current
    faitíos fear
    in éineacht le together with
    faiteach fearful, timid
    fad is nach bhfeicim na fir atá in éineacht liom ag fáil faiteach as long as I do not see the men I am together with getting afraid
    Nach iontach an rud é sin anois that is not a surprising thing now
    do dhuine a tógadh i bhfad ón bhfarraige for a person who was raised far from the sea
  • ‘Bhíodh an-fhaitíos orm nuair a tháinig mé i dtosach.
    Shílinn nuair a bhíodh maidhm mhór ag teacht gurbh in é
    an deireadh. Bhíodh an ‘Ó mo Dhia’ ar mo bhéal go minic.
    Ach thagadh muid tríd, agus bhínn in ann anáil a tharraingt arís.’

    ‘Is le haghaidh a leithéidí sin atá an curach.’

    ‘Tuigim é sin anois, ach thóg sé píosa maith orm.’

    ‘Bhíodh cuid de na sagairt a bhí ann fadó sách crua.’

    ‘Céard tá chomh bog sin faoi na ceanna atá anois ann?’

    ‘Tuigeann tú go maith ceard tá mé a ra. Tá rudaí
    athraithe anois, buíochas le Dia. Anois fágann sibh faoi
    fhear an
    turn a intinn a dhéanamh suas an bhfuil sé in
    araíocht a ghabhail amach, nó nach bhfuil. Sa tseanaimsir is
    iomaí sagart a thug triúir amach i gcurach leis, laethanta
    nach raibh sé in araíocht.’

    Bhíodh an-fhaitíos orm nuair a tháinig mé i dtosach I was very afraid when I first came
    Shílinn I used to think
    maidhm burst, eruption
    bhíodh used to be p hab
    thagadh used to com
    bhinn I used to be
    anáil breath
    tarraingt pull, draw
    le haghaidh for [the purpose of]
    leithéid like, counterpart, such
    Bhíodh cuid de na sagairt a bhí ann fadó sách crua Some of the priests long ago were rather hard
    Céard tá chomh bog sin faoi na ceanna atá anois ann? What is so soft about the ones now?
    athraigh change v
    intinn mind
    araíocht appearance
    gabh take; go
    iomaí many
  • Bhí cosúlacht ann go raibh an, fharraige ag éirí crosach orthu. Mhínigh Pádraic go raibh an taoille ag casadh.

    ‘Is cuimhneach liomsa,’ a dúirt sé,’an chéad turn a raibh
    mé ariamh air, deich mbliana fichead . . .,sea, agus suas le
    dhá scór bliain ó shin; ní raibh mé ach ocht mbliana déag nó
    naoi mbliana déag. Tá siad ar fad caillte anois, ‘ndéana Dia
    trócaire orthu, na fir a bhí in éineacht liom agus an sagart freisin . . . ‘

    Cheapfa go raibh an curach ag dul ag cur a béil fúithi an
    chaoi ar rug an ghaoth ar an seol, nuair a bhíodar ag
    tabhairt a haghaidh díreach isteach i gcúpla maidhm
    chontúirteach. Labhair Pádraic trí fhiacla a bhí ag coinneáil
    a phiopa:

    cosúlacht Likeness; appearance, resemblance
    crosach crosswise
    orthu on them %larr; ar
    Mínigh smooth, polish; Make gentle, assuage, quiet; Explain, expound, interpret
    taoille = taoide tide
    Mhínigh Pádraic go raibh an taoille ag casadh Patrick explained that the tide was turning
    Is cuimhneach liomsa I remember
    deich mbliana fichead thirty years
    dhá scór bliain 40 years
    ocht mbliana déag 18
    Tá siad ar fad caillte anois They are all lost now
    trócaire mercy
    in éineacht le together with
    Cheapfa You would think
    béal mouth; opening, entrance; front, face; sound [naut] m gs béil
    béil
    fúithi about it/her, under it/her
    bhíodar they were
    maidhm Break, burst, eruption
    contuirteach dangerous
  • ‘ . . . lá uafásach dona a bhí ann, le gála anoir aneas ag
    lascadh isteach díreach ar an tslip bheag sin thiar ar an
    oileán. Bhí muid leathuair ag fanacht le ham, le go mbeadh
    seans againn, tá’s agat, le dhul isteach. Bhí muintir an
    oileain istigh ag tabhairt comharthaí duinn dul soir abhaile.
    Tá a fhios acusan an áitin sin le dhul i dtír ann níos fearr ná
    atá a fhios againne. Father Daly — is é a bhí in éindi linn —
    fear deas, ach ní raibh a fhios aige tada faoin bhfarraige. Níl
    mé ag cur bréag ar an bhfear anois ná rud ar bith mar é.
    Fear misniúil a bhí ann, ach tá sé ceart go leor a bheith
    misniúil, nuair nach bhfuil i gceist ach thú féin. Ní raibh
    mise pósta ag an am, ach bhí muirín ar an mbeirt eile.
    ‘Gabhfaidh muid isteach,’ a dúirt sé, ‘in ainm De.’
    Dhéanfadh muid an rud a déarfadh sé. Chuaigh muid I
    teach píosa. An chéad rud eile thug muid faoi dara na
    hoileánaigh ag rith suas ón tslip. An mhaidhm is mó dá
    bhfacthas ariamh, bhí sí ag éirí taobh amuigh dínn, í chomh
    hard ag breathnú leis na hailltreacha sin thoir ó dheas, barr
    mór cúir bhain uirthi. Tá muid réidh, a dúirt mé liom féin,
    ach ní raibh am againn le bheith ag cuimhneamh air. Rinne
    muid iarracht a dhul isteach roimpi, ach cén mhaith a bhí
    dúinn ann. Rug sí ar an gcurach, ar nós a bhéarfadh sí ar
    bhosca meaitseanna, agus d’aon ruathar amhain, caitheadh
    isteach ar bharr na slipe muid, agus an curach anuas orainn.
    Rug muintir na háite ar lámha agus ar chosa orainn, agus
    tharraingíodar i dtír muid. Thug na súiteán an curach
    amach, agus rinne an chéad mhaidhm eile cipíní di ar an
    gcarraig ó thuaidh.

    gála anoir aneas south-east gale
    lascadh lashing, whipping
    thiar west
    comhartha sign, signal
    soir eastward
    Tá a fhios acusan an áitin sin le dhul i dtír ann níos fearr ná atá a fhios againne they know the little place to [go to] land better than we know
    is é a bhí in éindi linn he was together with us
    bréag lie, falsehood
    Níl mé ag cur bréag ar an bhfear anois ná rud ar bith mar é I am not gainsaying the man or anything like that
    misniúil Courageous; Hopeful, cheerful.
    muirín family
    Dhéanfadh muid an rud a déarfadh sé we would do the thing he would say
    oileánach islander
    maidhm Break, burst, eruption
    facthas seen
    dínn off/from us de
    aill cliff f pl ailltreacha
    thoir ó dheas south east
    cúr foam gs cúir
    Tá muid réidh We are ready
    ach ní raibh am againn le bheith ag cuimhneamh air we did not have the time to remember it
    roimpi before it/her
    cén mhaith a bhí dúinn ann what good was it to us
    meait match m gs,pl meaitseanna
    ruathar rush, onrush, onset
    tharraingíodar they pulled
    súiteán undertow
    cipín little stick m
    di of/from it/her de
    carraig rock f
    ó thuaidh to the north
  • ‘Nuair a bhí am againn le breathnú timpeall, bhí Father
    Daly ansin ag tóraíocht a chuid pócaí. Shíl mé go raibh
    airgead nó rud eicínt caillte aige. Bhí chuile dhuine ina
    sheasamh ansin ag breathnú air. Shíl me, ar a laghad, a dúirt
    sé, go mbeadh breac nó rud éicínt faighte againn. Fear
    barúil a bhí ann. Bhí sé seachtain ina dhiaidh sin sula
    bhfuair muid deis a dhul soir abhaile.’

    tóraíocht searching
    póca pocket m
    ar a laghad at least
    breac trout
    barúil opinion
    Fear barúil a bhí ann. He was a funny man.
    deis chance
    soir eastward

Notaí Scéil
Nuair a bhí mé óg, Chuaigh mé go minic i músaeim/iarsmalanna i Chicago, go háirithe an Músaem Field Staire nádúrtha agus an Planetarium Adler
Is breá liom na háiteanna sin, agus d’fhoghlaim mé go leor orthu
tá mé ina chónaí i Minnesota anois. tá siad deacair cuairt a thabhairt orthu
Dé Sathairn naoú lá Meitheamh
iarsmalann Bell Staire nádúrtha
Is roinn na hOllscoile M í
Bhí sé i Minneapolis, ach bhog sé go Saint Paul
cúinne sráideanna L agus C
Tá sé fós dúnta, ach bhí lá speisialta do bhaill
Is áit an-deas í
cnámharlaigh ainmhithe áitiúla
diorama ge leor with éin agus ainmhithe
taispeántais faoi gheolaíocht
plandaí plants
Tá planetarium ansin
Chonaic muid Taispeáint
Is músaem beag é
is féidir gach rud a fheiceáil i gcuairt amháin
Ar an lá dár gcionn, chuaigh mé chuig Institiúid Mheiriceá na Gearmáine ar Shráid
Bhí Laethanta Gearmáinis (Deutsche Tage) ansin
beoir, bia, ceol, ginealais
cosúil le Féile beag Éireannach
Bhé ceann de mo sheanmháthair as an Ostair, soir ó Vín
Bhí ranganna Gearmáine agam nuair….

<!–

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.