Irish Class, May 1, 2017
Rang Gaeilge, 1ú lá mí na Bealtaine 2017
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
<!–
Seanfhocal
–>
Cúpla Focal
-
Le roinnt blianta anuas tá suaitheantas ann a dhear scoláire óg agus atá dírithe ar
fhoghlaimeoirí na Gaeilge. ‘Cúpla Focal’ atá scríofa air. Is dócha go n-aithníonn gach
foghlaimeoir é. Léiríonn sé go bhfuil cúpla focal, ar a laghad, agat agus go bhfuil tú
toilteanach Gaeilge a labhairt. Molaim an suaitheantas seo go hard. Is é an fhadhb is
mó i measc foghlaimeoirí, dar liom, ná nach mbíonn dóthain muiníne acu astu féin.
Le roinnt blianta anuas tá suaitheantas ann a dhear scoláire óg For some years now there has been a badge designed by young students atá dírithe ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge. that is directed at students of Irish ‘Cúpla Focal’ atá scríofa air. ‘A couple of words’ is written on it Is dócha go n-aithníonn gach foghlaimeoir é. Presumably it is recognizing every learner. Léiríonn sé go bhfuil cúpla focal,… agat It shows/illustrateds/makes clear that your have a couple of words ar a laghad, at least go bhfuil tú toilteanach Gaeilge a labhairt. that you are willing to speak Irish Molaim an suaitheantas seo go hard. I highly recommend this badge Is é an fhadhb is mó i measc foghlaimeoirí, dar liom, It is the biggest problem among most learners, I think, ná nach mbíonn dóthain muiníne acu astu féin. They do not have enough confidence in themselves -
Ritheann sé liom arís agus arís eile agus mé ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta,
go gcuireann easpa muiníne bac ar dhaoine Gaeilge a labhairt. Bíonn an-eagla ar
dhaoine go ndéanfaidh siad botún, nó go dtiocfaidh na focail amach san ord
mícheart. Níl a fhios agam conas a thosaigh an eagla seo ina n-intinn ach is namhaid
í. Ní féidir teanga a fhoghlaim gan botún a dhéanamh. Deirtear gur rud gleoite é
nuair a dhéanann páiste botún. Nach ndéantar go leor botún sa Bhéarla? Is dócha go
ndeachaigh drochthaithí na scoile i bhfeidhm orainn uile; is dócha go bhfeicimid fós
peann dearg an mhúinteora inár n-aigne ag ceartú na mbotún. Ach i ngnáthchúrsaí
an lae ní bhactar leis an bpeann dearg.
Ritheann sé liom arís agus arís eile agus mé ag múineadh Gaeilge do dhaoine fásta, It occurs to me over and over again when I teach Irish to growingpeople, go gcuireann easpa muiníne bac ar dhaoine Gaeilge a labhairt. a lack of confidence puts a hindrance on people speaking Irish. Bíonn an-eagla ar dhaoine go ndéanfaidh siad botún, People are very afraid they will make a mistake nó go dtiocfaidh na focail amach san ord mícheart. or that the words come out in the wrong order Níl a fhios agam conas a thosaigh an eagla seo ina n-intinn ach is namhaid í. I don’t know how this fear began in their minds but it is an enemy Ní féidir teanga a fhoghlaim gan botún a dhéanamh. It is not possible to learn a language without making a mistake Deirtear gur rud gleoite é nuair a dhéanann páiste botún. It is said to be a cute thing when children make mistakes Nach ndéantar go leor botún sa Bhéarla? Are not many mistakes made in English? Is dócha go ndeachaigh drochthaithí na scoile i bhfeidhm orainn uile; Probably a bad experience in school has affected us all deachaigh←tar is dócha go bhfeicimid fós peann dearg an mhúinteora inár n-aigne ag ceartú na mbotún. We probably still see the teacher’s red pen in our mind correcting the mistakes Ach i ngnáthchúrsaí an lae ní bhactar leis an bpeann dearg. But in the normal course of the day one is not obstructed by the red pen -
Is í an chumarsáid bun agus barr an scéil. Má bhíonn cumarsáid ann, fásfaidh an
mhuinín agus le muinín tiocfaidh feabhas ar chumas Gaeilge an duine.bun agus barr crux “bottom and top” Is í an chumarsáid bun agus barr an scéil. Communication is the crux of the matter. Má bhíonn cumarsáid ann, If there is communication fásfaidh an mhuinín the confidence will grow le muinín tiocfaidh feabhas ar chumas Gaeilge an duine. with confidence improvement will come in the Irish ability of the person -
Ar an ábhar sin ba chóir d’fhoghlaimeoirí bheith misniúil an ‘Cúpla Focal’ a úsáid
agus bheith sásta labhairt le daoine eile. Cuir an t-uamhan roimh bhotúin taobh thiar
díot agus bain taitneamh as an teanga. Agus ná déan dearmad gur féidir gáire a
dhéanamh trí Ghaeilge freisin: ‘Gaeilge le Gáire!’Ar an ábhar sin ba chóir d’fhoghlaimeoirí bheith misniúil an ‘Cúpla Focal’ a úsáid On that matter it is right that learners should be courageous to use ‘a couple of words.’ bheith sásta labhairt le daoine eile. be happy to speak to other people Cuir an t-uamhan roimh bhotúin taobh thiar díot Put the fear of errors behind you bain taitneamh as an teanga. get enjoyment from the language. ná déan dearmad gur féidir gáire a dhéanamh trí Ghaeilge freisin: don’t forget it is possible to laugh through Irish as well Gaeilge le Gáire! Irish with laughter
Fógraíocht gan náire | ||
Thug mé rabhadh daoibh | ||
Tá gnó beag ag Mia | ||
Díolann sí snáth agus snáithín | ||
dathaíonn sí iad | ||
dathanna an-geal | ||
dathanna níos gile ná díoltóirí eile | ||
ceannaíonn daoine go leor a cuid oibre | ||
Beidh sí ag díol ag Shepherds’ Harvest deireadh seachtaine lá máthar | ||
ach tá lán oibre sa ghnó seo | ||
Is é Shepherds’ Harvest an díol deiridh | ||
Tá sí ag dul amach as gnó | ||
Ba mhaith léi a dhéanamh rudaí eile | ||
Mar shampa fíodóireacht | ||
Mar sin, beidh díol speisialta ag SH | ||
Ar mhaith leat snáth nó snáithíní? | ||
Tar go SH | ||
Is ócáid deas í in aon chás | ||
trí déag | 13 | |
an triú lá déag an mhí seo | the 13th day of this month | |
an tceathrú lá déag an mhí seo | the 14th day of this month | |
tuirne | spinning wheel |
<!–
–>