Monday Night Irish Class, February 13, 2017

Irish Class, February 13, 2017

Rang Gaeilge, 13ú lá mí Feabhra 2017

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

Más deas do dhuine a chóta is deise do dhuine a léine. If it is close (deas) to a person his coat, is closer to a person his shirt. “Blood is thicker than water.” Más+is (copula)
Cha troimide an loch an lacha,
Cha troimide an t-each an srian,
Cha troimide an chaora an olan,
Cha troimide an cholainn an chiall
The lake’s not heavier from the duck,
nor the horse from the bridle,

nor the sheep from the wool,
nor the body (person) for sense/understanding.
Cha= (Don.)
troimidetroime+de
Goidé = Cad é Don.

From An Béal Bocht, Myles na gCopaleen, Published Dec. 1941

‘A ghaela,’ a dúirt sé, ‘cuireann sé gliondar ar mo chroí Gaelach a bheith
anseo inniu ag caint Gaeilge libhse ar an bhfeis Ghaelach seo i lár na
Gaeltachta. Ní miste dom a rá gur Gael mise. Táim Gaelach ó mo bhaithis
go bonn mo choise – Gaelach thoir, thiar, thuas agus thíos. Tá sibhse go léir
fíor-Ghaelach mar an gcéanna. Gaeil Ghaelacha de shliocht Ghaelach is ea
an t-iomlán againn. An té atá Gaelach, beidh sé Gaelach feasta. Níor labhair
mise, ach a oiread libh féin, aon fhocal ach Gaeilge ón lá a rugadh mé agus,
rud eile, is faoin nGaeilge féin a bhí gach abairt dá ndúras riamh. Má táimid
fíor-Ghaelach, ní foláir dúinn a bheith ag plé cheist na Gaeilge agus cheist
an Ghaelachais le chéile i gcónaí. Ní haon mhaitheas Gaeilge a bheith
againn má bhíonn ár gcomhrá sa teanga sin ar nithe neamh-Ghaelacha. An
té a bhíonn ag caint Gaeilge, ach gan a bheith ag plé cheist na teanga, níl sé
fíor-Ghaelach ina chroí: ní haon tairbhe don Ghaelachas a leithéid sin mar
gur ag magadh faoin nGaeilge a bhíonn sé agus ag tabhairt masla do
Ghaelaibh. Níl aon ní ar an domhan chomh deas ná chomh Gaelach le
fíor-Ghaeil fíor-Ghaelacha a bhíonn ag caint fíor-Ghaeilge Gaelaí i dtaobh na
Gaeilge fíor-Ghaelaí. Fógraím an fheis seo anois ar Gael-oscailt. Suas le
Gaeil! Go maire ár nGaeilge slán!

Gael Irishman, Irishwoman
gliondar gladness, joyousness
Gaelach Irish
libhse with you pl
feis festival
Ní miste dom It does not matter to me
ó mo bhaithis go bonn mo choise from head to foot
thoir east
thuas agus thíos south and north
Tá sibhse go léir fíor-Ghaelach mar an gcéanna All of you are true Irish in the same manner
Gaeil Ghaelacha de shliocht Ghaelach is ea an t-iomlán againn. We are all Irish Irish of Irish ancestry
An té atá Gaelach, beidh sé Gaelach feasta.
Whoever is Irish, will be Irish from now on.
Níor labhair mise, ach a oiread libh féin, Not I speaking, but all of you yourselves
aon fhocal ach Gaeilge ón lá a rugadh mé agus any word but Irish from the day I was born
is faoin nGaeilge féin a bhí gach abairt dá ndúras riamh. about Irish itself that every sentence if dúras ever
ní foláir dúinn a bheith ag plé cheist na Gaeilge we need to discuss the question of Irish
cheist an Ghaelachais le chéile i gcónaí. the question of the Irish[?] together always
Ní haon mhaitheas Gaeilge a bheith againn má bhíonn ár gcomhrá sa teanga sin ar nithe neamh-Ghaelacha. It is no good for Irish that we have a conversation in that language on non-Irish matters
An té a bhíonn ag caint Gaeilge Whoever is speaking Irish
ach gan a bheith ag plé cheist na teanga without discussing the question of the language
níl sé fíor-Ghaelach ina chroí He is not true Irish in his heart
ní haon tairbhe don Ghaelachas a leithéid sin mar gur ag magadh faoin nGaeilge a bhíonn sé no advantage to the language that he is joking about the language
ag tabhairt masla do Ghaelaibh giving an insult to the Irish[?]
Níl aon ní ar an domhan chomh deas ná chomh Gaelach le
fíor-Ghaeil fíor-Ghaelacha a bhíonn ag caint fíor-Ghaeilge Gaelaí i dtaobh na
Gaeilge fíor-Ghaelaí.
Nothing in the world as pretty as Irish speaking true Irish with true Irish
Fógraím an fheis seo anois ar Gael-oscailt. I now proclaim this festival of Irish open

Tabhair peann don déagóir sin agat an Nollaig seo. Cá bhfios cén draíocht a bhainfí as?

Is ionann an peann agus ionstraim chun iontais, féirín chun fantaisíochta. Bronn ceann ar dhuine éigin an Nollaig seo.

Cá bhfios cén draíocht a bhainfí as? Who knows what magic will be reached
ionann same, identical
ionstraim instrument
iontas wonder, surprise m
féirín chun fantaisíochta gift for fantasy
Bronn ceann ar dhuine éigin an Nollaig seo. Give one to someone this Christmas.

Between my finger and my thumb The squat pen rests; snug as a gun – Digging, Seamus Heaney

  1. An fada go mbeidh orainn a mhíniú don mhuintir óga cad is ‘peann’ ann? An fada go mbeidh orainn rang a reáchtáil le míniú go bhfuil
    a leithéid de ghléas beag ann, é lán dúigh? Ní hionann an peann agus an Bic nó an Biro. Níl sa Bhic agus sa Bhiro ach maide beag gan bhrí.
    Is ionann an peann agus ionstraim chun iontais, féirín chun fantaisíochta.

    An fada go mbeidh orainn a mhíniú don mhuintir óga cad is ‘peann’ ann? Before long we will have to explain to young people what a ‘pen’ is.
    rang a reáchtáil running a class
    leithéid like, counterpart, equal
    gléas instrument, device m
    é lán dúigh filled with ink
    Ní hionann an peann agus an Bic nó an Biro a pen is not the same as a Bic or a Biro agus?
    Níl sa Bhic agus sa Bhiro ach maide beag gan bhrí. A Bic or a Brio is only a stick without strength
    féirín chun fantaisíochta gift for fantasy
  2. Cá bhfuil an scríbhneoir nach bhfuil peann maith aige, peann atá le coinneáil agus le caomhnú? Ná bac an méarchlár nó an aip, ná bac ríomhaire Apple nó PC,
    níl rud ar bith níos fearr a chuireann in iúl gur scríbhneoir tú ná peann fiúntach.

    Cá bhfuil an scríbhneoir nach bhfuil peann maith aige where is the writer who does not have a good pen
    peann atá le coinneáil agus le caomhnú? a pen that is for keeping and preserving
    Ná bac an méarchlár nó an aip, Don’t bother with the keyboard or the app
    níl rud ar bith níos fearr a chuireann in iúl gur scríbhneoir tú ná peann fiúntach. There is nothing better than a worthwhile pen for a you to understand a writer
  3. Tráth peann atá ann sa Nollaig, nach ea? Seo an t-am den bhliain a thugtar mar bhronntanais iad.
    B’fhéidir nach mbeadh aird ag gach duine ar an pheann mar bhronntanas. Bíodh acu. Ní thuigeann siad luach na huirlise atá ina nglac acu.
    B’fhéidir gur chóir dúinn a rá le glúin Harry Potter gurb ionann an peann agus slaitín draíochta Harry, go dtig leat focail a mhealladh as do shamhlaíocht leis an pheann bheag sin, go dtig leat domhain úra a chruthú le focail, scéalta a insint, eolas a roinnt, gur treise é ná claíomh? (Tig leo, gan amhras, an rud is ‘claíomh’ a lorg ar wikipedia!)

    Tráth occasion
    nach ea? is it not?
    Seo an t-am den bhliain a thugtar mar bhronntanais iad. this is the time of year they are given as gifts
    aird attention
    Bíodh acu. Let them
    Ní thuigeann siad luach na huirlise atá ina nglac acu. They do not understand the value of the tool they take
    B’fhéidir gur chóir dúinn a rá le glúin Harry Potter gurb ionann an peann agus slaitín draíochta Harry, Perhaps we should say to the Harry Potter generation that a pen is a magic want.
  4. Arú, nach mór an trua iad, an mhuintir óga? Is míle trua liom an bhean nach bhfuair litir ghrá – agus
    is míle míle trua liom an fear fuarchroíoch nár thuig an éifeacht a bhí le litir ghrá a scríobh. Níl
    rómáns ar bith ag baint le ríomhphost.

    Is míle trua liom an bhean nach bhfuair litir ghrá thousand pities the woman who has not received a love letter
    is míle míle trua liom an fear fuarchroíoch nár thuig an éifeacht a bhí le litir ghrá a scríobh a thousand pities the callous man who did not understand the effect of writing a love letter
  5. Tá cnuasach beag (neamhchostasach) peann agam. Peann Parker a thug mo thuismitheoirí dom lá den tsaol an chéad pheann a fuair mé riamh agus
    ba é a bhí galánta. Briseadh sa deireadh é ach bíonn peann Parker liom i gcónaí, cuimhneachán beo ar chineáltas agus ar thús aistear seo na scríbhneoireachta.
    Sea, géillim don rómánsachas chomh fada agus a bhaineann sé le pinn de.

    Tá cnuasach beag (neamhchostasach) peann agam I have a samll collection (inexpensive) of pens
    Peann Parker a thug mo thuismitheoirí dom lá den tsaol an chéad pheann a fuair mé riamh A Parker pen was the first ever pen my parents gave me in my life
    ba é a bhí galánta. It was elegant
    Briseadh sa deireadh é ach bíonn peann Parker liom i gcónaí, It was broken in the end but I always have a Parker pen.
    cuimhneachán beo ar chineáltas living memorial of kindness
    ar thús aistear seo na scríbhneoireachta. on the beginning of this journey of writing
    géillim don rómánsachas chomh fada agus a bhaineann sé le pinn de. I submit to romanticism as long as it relates to pens
  6. Thug mo chéile mná peann Cross dom agus muid le pósadh. Tugaim ‘peann na filíochta’ air nó má thig an Spiorad Naomh chun cainte,
    is leis a scríobhaim ranna beaga filíochta (nach léitear). Tugadh peann deas de chuid Lamy dom le comóradh a dhéanamh ar lá breithe ar leith;
    ceann Caran d’Ache le críoch ar chúrsa ollscoile a cheiliúradh; ceann Conallach a cheannaigh mé sa Ghaeltacht, é déanta as dair phortaigh agus
    samhlaím mé féin i dtiúin leis an tír ar fad agus mé ag scríobh leis; ceann adhmaid a cheannaigh mé i bhFear Manach agus
    muid ar thuras lae; ceann déanta as miotal i siopa áitiúil agus cheannaigh mé é mar go raibh an peann chomh dubh dorcha mistéireach le hoíche tuaithe agus
    gur thaitin an smaointeamh liom (an rómáns arís) go raibh objet d’art chomh gleoite leis á dhéanamh i gcríocha fiáine Lár Uladh.

    Tugaim … air I call it …
    Spiorad Naomh Holy Spirit
    is leis a scríobhaim ranna beaga filíochta with which I write small parts of poetry
    Tugadh peann deas de chuid Lamy dom le comóradh a dhéanamh ar lá breithe ar leith A nice Lamy pen was given to me to make a special celebration of my birthday
    ceann Caran d’Ache le críoch ar chúrsa ollscoile a cheiliúradh one Caran d’Ache to celebrate the completion of a University course
    ceann Conallach a cheannaigh mé sa Ghaeltacht I bought a Conallach in the Gaeltacht
    é déanta as dair phortaigh made of bog oak
    samhlaím mé féin i dtiúin leis an tír ar fad I imagine myself completely in tune with the country
    ceann adhmaid a cheannaigh mé i bhFear Manach I bought a wooden one in Fermanagh
    muid ar thuras lae we were on a day trip
    ceann déanta as miotal i siopa áitiúil one made of metal in a local store
    cheannaigh mé é mar go raibh an peann chomh dubh dorcha mistéireach le hoíche tuaithe I bought it because the pen was as a dark mysterious rural night
    gur thaitin an smaointeamh liom I liked the thought
    go raibh objet d’art chomh gleoite leis á dhéanamh i gcríocha fiáine Lár Uladh a cute objet d’art was made in the wilds in the middle of Ulster
  7. Ní raibh costas mór leo agus is luachmhaire iad ná a gcostas. Tugaim aire mhaith dóibh. Is ina mboscaí ar an tábla a bhíonn siad.
    Scríobhaim le gach ceann acu lena seal. Ligim do gach aon cheann acu labhairt liom; focail a chur ar an leathanach.
    Ansin, nuair a bhíonn a seal i mbun pinn tugtha, cuirim ar ais ina gcuid boscaí iad, go dtí an chéad bhabhta eile scríbhneoireachta,
    go dtí go mbíonn rud inteacht eile le rá, le breacadh síos.

    Ní raibh costas mór leo They were not costly
    is luachmhaire iad ná a gcostas they are more valuable than they cost
    Tugaim aire mhaith dóibh I take good care of them
    Is ina mboscaí ar an tábla a bhíonn siad. They are in boxes on the table
    Scríobhaim le gach ceann acu lena seal I write with each one in its turn
    Ligim do gach aon cheann acu labhairt liom I let each one of them talk to me
    focail a chur ar an leathanach. to put words on the page
    nuair a bhíonn a seal i mbun pinn tugtha, when each is given its turn,
    cuirim ar ais ina gcuid boscaí iad, I put them back in their boxes
    go dtí an chéad bhabhta eile scríbhneoireachta to [until] the next round of writing
    go dtí go mbíonn rud inteacht eile le rá, until there is something else to say
    le breacadh síos to write down
  8. Ba bhreá liom a rá go bhfuil lorg mo láimhe deas néata. Níl. Chaill mé lúth na scríbhneoireachta
    ar feadh tamaill fhada de bharr cúrsaí oibre. Bhí mé ag caitheamh barraíocht ama os comhair scáileáin,
    mo mhéara gafa le méarchlár gan anam. Bhí dearmad déanta agam ar an teagmháil idir méara, lámh agus páipéar,
    an chuimilt ghrámhar sin agus tú ag scríobh ar leathanach.

    Ba bhreá liom a rá go bhfuil lorg mo láimhe deas néata. I would love to say my hand is pretty neat looking
    Chaill mé lúth na scríbhneoireachta ar feadh tamaill fhada de bharr cúrsaí oibre. I lost the movement of writing due to work reasons
    Bhí mé ag caitheamh barraíocht ama os comhair scáileáin, I was spending too much time in front of screens
    mo mhéara gafa le méarchlár gan anam my fingers gripped by a keyboard without soul
    Bhí dearmad déanta agam ar an teagmháil idir méara, lámh agus páipéar I forgot the contact between fingers, hand and paper
    an chuimilt ghrámhar sin agus tú ag scríobh ar leathanach. the loving rubbing when you are writing on a page
  9. Tabhair peann don déagóir sin agat an Nollaig seo, do do leannán, do do chéile, do gach aon duine a chastar ort.
    Cá bhfios cad é an draíocht a bainfidh siad as?

    Tabhair peann don déagóir sin agat an Nollaig seo Give a pen to the teenager you have this Christmas
    do do leannán, do do chéile, to your lover, to your spouse
    do gach aon duine a chastar ort. to everyone you meet
    Cá bhfios cad é an draíocht a bainfidh siad as? Who knows what magic they will get out of it?
    rannóg section f
    tuairimíocht (Act of) guessing; guess-work, speculation f

Component Quiz

  1. For Type 1 verbs, the verb ending begins with f in which of the following tenses
    present habitual past future conditional past habitual

  2. A verb begins with D’vowel. Which tense(s) could it be?
    present habitual past future conditional past habitual

  3. A verb ending begins with í. Type 1 or Type 2?

  4. Correct the following:

    ceannaim ólaim cheannódh siad brisfeá
    ceanmaím ólaim cheannóidís bhrisfeá

  5. A verb ends with broad dh. Which tense(s) could it be?
    present habitual past future conditional past habitual

  6. A verb ends in á. Which person and number is indicated?
    sé/sí muid sibh siad

  7. Correct the following:
    d’osclóimid cheannadar d’fhanaíteá cheannfá
    osclóimid cheannaíodar d’fhantá cheannófá

  8. A verb has a long í in the ending. Which tense(s) could it be?
    present habitual past future conditional past habitual

  9. For both conjugations, a verb that ends in -idh can only be in which tense?
    present habitual past future conditional past habitual

  10. A verb ends in dís. Which person and number is indicated?
    mé tú sé/sí muid sibh siad</i

  11. A verb ending begins with ó. Type 1 or Type 2?

  12. Which person/number pronouns are never combined with the verb, always stand alone?
    mé tú sé/sí muid sibh siad</i

  13. A verb ending begins with f. Type 1 or Type 2?

  14. Correct the following:

    oscail mé ceannfaidh sí fanaidís briseoidh mé
    d’oscail mé ceannóidh sí d’fhanaidís brisfidh mé


Nótaí faoi scéal

Is fíodóir Mia í. Tá tallanna go leor
Tá seol mór inár seomra suite
Táimid gnóthach sa bhaile
Is praiseach ár teach é.
Tá T-leine ag Mia “Níl Martha ina cónaí anseo”
Táimid ag glanadh é
Tá an bosca bruscair athchúrsála iomlán nuair a thagann an leoraí as Waste Management
Is féidir lei a fhigh agus a bhraithnigh teilifis ag an am céanna
Cheannaigh sí páirteanna nua chun é, a dhéanamh é níos fearr
Thóg sí sé amach le Scriúire, Casúr agus uirlisí eile
ba mhaith léi a chur ar na páirteanna nua ann
Fuair sí bosca ón gcomhlacht a rinne é
Ní raibh roinnt píosaí sa bhosca
Chur sí glaoch ar Macomber
tá codanna agus uirlisí ar fud an seomra suí
Tá an iomarca leabhar againn.
Tugaim go leor leabhar do leabharlanna beag saor

<!–

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.