Irish Class, October 26, 2015
Rang Gaeilge, 26ú lá Mí Dheireadh Fómhair 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
Ní scéal rúin é ó tá a fhios ag triúr é. | It’s not a secret once three people know it. | |
Is leithide bualtrach satailt air. | sometimes it is better to leave things alone instead of trying to explain yourself or defend yourself about something said about you. | “A cow pat gets bigger (wider) when tread upon.” |
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Seanchara — “An old friend”
Bhí Siobhán suite i mbialann i gCaisleán an Bharraigh i
gContae Mhaigh Eo agus grian an tsamhraidh ag scalladh
isteach an fhuinneog ar a haghaidh. Bhraith sí te, compordach
agus slán. Chorraigh sí a cuid caifé go díomhaoin, a spúnóg ag
déanamh ceoil ar thaobhacha an chupáin agus í ag
smaoineamh ar na heachtraí go léir a bhí tar éis tarlú di roimh
an Nollaig seo caite. Bhí briseadh gairme bliana iarrtha aici ar
údaráis na scoile agus tar éis ar tharla di ní raibh aon fhadhb
leis sin. “Bíodh sos agat,” a dúirt an príomhoide léi. “Tóg go
bog é chomh fada agus is maith leat. Beidh do phost ag fanacht
leat pé uair is maith leat teacht ar ais.” Bhí Siobhán an-bhuíoch
de, ach bhí tuairim aici nach mbeadh sí ag filleadh. Bhí sí bréan
de shaol an bhaile mhóir. Bréan den múinteoireacht. Ní raibh
sí cinnte d’aon rud ach amháin gur theastaigh athrú uaithi ina
saol. Smaoinigh sí ar Liam bocht agus mar a cheap naGardaí
go raibh sé ag obair do na fuadaitheoirí agus go raibh sé ag díol
drugaí go dtí gur rugadh ar Donna sa teach i mBóthar
Pembroke agus ar deireadh gur inis sí an fhírinne dóibh maidir
le Liam agus mar a d’usáid sí é. Ar a laghad ghabh siad
leithscéal leis nuair a nochtadh fírinne an scéil. Smaoinigh sí ar
an nGarda Tomas Ó Cuinn agus mar a d’inis sí eachtra an
Caisleán an Bharraigh | Castlebar | |
grian an tsamhraidh ag scalladh isteach an fhuinneog ar a haghaidh. | the summer sun scalding in the window on her face | |
Bhraith sí te, compordach agus slán. | She felt warm, comfortable, and safe. | |
Chorraigh sí a cuid caifé go díomhaoin, | She stirred her coffee idly | |
a spúnóg ag déanamh ceoil ar thaobhacha an chupáin | Her spoon making music on the side of the cup | taobhach “lateral” |
í ag smaoineamh ar na heachtraí go léir a bhí tar éis tarlú di roimh an Nollaig seo caite. | thinking of all the events that had happened to since before last December | roimh “before” [??] |
There was the break in her career year she had asked for from the school authorities | ||
tar éis ar tharla di ní raibh aon fhadhb leis sin. | after what had happened to her there waa no problem with that | |
Bíodh sos agat | Have a break | “Let there be a break.” |
Tóg go bog é chomh fada agus is maith leat | Take it easy for as long as you like | |
Beidh do phost ag fanacht leat pé uair is maith leat teacht ar ais. | Your job will be waiting for you whenever it is good for you to come back. | |
bréan | fed up | |
Ní raibh sí cinnte d’aon rud ach amháin gur theastaigh athrú uaithi ina saol. | She was only sure of one thing, that she wanted a change in her life. | teastaigh [ó] be wanted/needed [bu] |
go raibh sé ag díol drugaí go dtí gur rugadh ar Donna sa teach i mBóthar Pembroke | He was selling drugs that were on Donna when she was arrested in the house on Pembroke Road | |
ar deireadh gur inis sí an fhírinne dóibh maidir le Liam | finally she told the truth to them regarding Liam | |
Ar a laghad ghabh siad leithscéal leis nuair a nochtadh fírinne an scéil. | At least they gave an apology when the truth of the story was revealed | |
chapaill dó. Eisean! Ag sceitheadh an eolais go léir ar ais leis
na drongadóirí! Bhí sí ag méarnáil an tslabhra airgid a bhí ar a
muinéal aici le sé mhí anois, a hordóg faoi agus í á rith ó thaobh
go taobh go smaointeach.
mar a d’inis sí eachtra an chapaill dó | when she told him the incident of the horse | |
Ag sceitheadh an eolais go léir ar ais leis na drongadóirí! | He leaked all the information back to the gang | eolais g following a vn |
Bhí sí ag méarnáil an tslabhra airgid a bhí ar a muinéal | She was fingering the silver chain on her naeck | méarnáil fingering |
a hordóg faoi agus í á rith ó thaobh go taobh go smaointeach. | Her thumb under [it] and running it from side to side thoughtfully | |
“Is maith liom do shlabhra,” arsa an guth taobh thiar di. Gheit
Siobhán as a cuid smaointe. An guth sin! D’aithin sí é gan
féachaint air. Nár chuala sí gach lá ar feadh seachtaine é agus
púicín uirthi! D’iompaigh sí thart go mall, faiteach agus cé a
bheadh ina sheasamh in aice léi ach ‘fear an tsuipeir’ mar a
thugadh sí air – Jeaic Learmont – mar a fuair sí amach i rith an
chás cúirte. É ina sheasamh ansin ag meangadh gáire léi, ag
nochtadh a chuid fiacal bán. Dath na gréine air, bríste géine
agus a dhá lámh nocht agus donndóite faoin t-léine bhuí. A croí
ag sodar anois go tobann ar bhealach an-ait. Tharraing sé an
chathaoir amach agus d’fhiafraigh: “an miste leat?” Níor fhéad
sí focal a rá ach chlaon sí a ceann á chur in iúl dó go raibh fáilte
roimhe. Bhí seisean ag féachaint sna súile ar Shiobhán, ise ag
ísliú is ag ardú a súile go cúthaileach agus í ag útamáil le
paicéad páipéir siúcra ar an mbord. “Conas….conas atá tu?”
arsa Siobhán go ciotach. “Mise? Ní baol dom. Conas atá tusa?
Sin ceist atá i bhfad níos tabhachtaí.” “Ceart go leor,” arsa sí. Tá
mé anseo ar saoire seachtaine le m’aintín Máiréad. Cad a
thugann an treo seo tusa?” “Ó, scéal fada. Bhuel, seo é mo
cheantar dúchais ach fuair uncail liom bás cúpla mí ó shin agus
d’fhág sé teach agus feirm le huacht agam. Níl an páipéarachas
ach díreach réitithe le seachtain anuas agus tháinig mé ar ais ó
Bhaile Átha Cliath inné leis an áit a fheiceáil. Tá sé suite i
gceantar fíorálainn tuairim is tríocha míle siar ón mbaile seo. Tá
capaill ar an bhfeirm…” Chonaic sé cuma mhíshuaimhneach
ag teacht ar aghaidh Shiobhán.
D’aithin sí é gan féachaint air. | She recognized it without seeing him | |
Nár chuala sí gach lá ar feadh seachtaine é agus púicín uirthi! |
Didn’t she hear it every day for a week when a blindfold was on her! | |
faiteach | timid | |
cé a bheadh ina sheasamh in aice léi ach ‘fear an tsuipeir’ mar a thugadh sí air – | who was standing next to her but the ‘supper man’ as she thought of him | |
mar a fuair sí amach i rith an chás cúirte. | as she found out during the court case | cúirte g |
É ina sheasamh ansin ag meangadh gáire léi, | He was standing there smiling at her | |
ag nochtadh a chuid fiacal bán. | revealing his white teeth | fiacal gpl (=ns) |
bríste géine agus a dhá lámh nocht agus donndóite faoin t-léine bhuí. | jeans and his exposed arms tanned under the yellow T-shirt | |
A croí ag sodar anois go tobann ar bhealach an-ait. | Her heart suddenly trotting in a very strange way | |
an miste leat? | do you mind? | |
Níor fhéad sí focal a rá ach chlaon sí a ceann á chur in iúl dó go raibh fáilte roimhe. | She could not say a word but nodded her head to let him know he was welcome | |
Bhí seisean ag féachaint sna súile ar Shiobhán, ise ag ísliú is ag ardú a súile go cúthaileach agus í ag útamáil le paicéad páipéir siúcra ar an mbord. |
He was looking in her eyes, she was lowering and raising her eyes and fidgeting with the paper sugar packet on the table. | |
baol | danger | |
Sin ceist atá i bhfad níos tabhachtaí. | That question is much more important | |
seo é mo cheantar dúchais ach fuair uncail liom bás cúpla mí ó shin | This is my native area but my uncle died a couple months ago | |
d’fhág sé teach agus feirm le huacht agam. | He left the house and farm to me in his will | |
Níl an páipéarachas ach díreach réitithe le seachtain anuas | The paperwork has only been settled in the last week | |
tháinig mé ar ais ó Bhaile Átha Cliath inné leis an áit a fheiceáil. | I came back from Dublin yesterday to see the place. | |
Tá sé suite i gceantar fíorálainn tuairim is tríocha míle siar ón mbaile seo. | It is located in a truly beautiful area about 30 miles from this village | |
<!–
“Ó, sea, ahem….dhein mé
dearmad nach maith leatsa capaill,” arsa sé go leathmhagúil agus go bréag-leithscéalach. D’inis sí a cuid eachtraí go leir dó
ó d’fhág siad an slán brónach, eaglach, ait sin lena chéile an
oíche úd ar Bhóthar Pembroke. An fháilte a cuireadh roimpi
nuair a tháinig sí abhaile. An crá a fuair sí ó na meáin
chumarsáide ag lorg agallaimh. Mar a bhí uirthi a huimhir
ghutháin a athrú. Eachtra Liam agus Donna. Bhí sí ábalta gáire
anois faoi gur cheap na Gardaí go raibh Liam ag cur in iúl
dóibh ar son na ndrongadóirí go raibh sí fuadaithe, nuair nach
raibh sé ach ag iarraidh cabhrú i ndáiríre. Ach ní raibh sé
greannmhar ag an am. Liam ina chónaí i Sasana anois. Áthas
air glacadh leis an bpost nua a tairgíodh dó nuair a bhí sé thall
ag an gcomhdháil úd. Donna sa phríosún. An mhí a chaith sí
féin sa Spáinn le dearmad a dhéanamh ar gach rud. Ba mhinic
a smaoinigh sí air agus í ina luí amuigh ar thránna an Costa del
Sol, adúirt si, agus í ag smaoineamh an mbuailfeadh sí leis go
deo arís. Agus gach rud a dhein sí ó shin. “Bhí an t-ádh dearg
liomsa” arsa jeaic, “níor gearradh ach téarma ar fionraí [72] orm.
Os rud é, bhuel … gur éirigh leat éalú,” ar sé agus rógaireacht
ina shúile, “ní raibh siad cinnte go hiomlán ar dtús cen pháirt
a bhí agamsa sa scéal. Bhí mé amuigh chun tosaigh nuair a
dhein na Gardaí ruathar ar an teach agus lig mé orm nach raibh
mé ach ag tabhairt cuairte ar an áit. Ach ar ndóigh bhí m’ainm
ina leabhairín ag Jazzer agus bhí orm an fhírinne a mhíniú
dóibh ar deireadh.”
leathmhagúil | half jokingly | |
bréag-leithscéalach. | mock apologetically | |
D’inis sí a cuid eachtraí go leir dó ó d’fhág siad an slán brónach, eaglach, | She told all her adventures to him from they left the safe sadly, afraid | |
ait sin lena chéile an oíche úd ar Bhóthar Pembroke. | strange together that night on Pembroke Road | |
An fháilte a cuireadh roimpi nuair a tháinig sí abhaile. | The welcome given to her when she came home | |
An crá a fuair sí ó na meáin chumarsáide ag lorg agallaimh. | The torment from the media seeking interview. | |
Bhí sí ábalta gáire anois faoi gur cheap na Gardaí go raibh Liam ag cur in iúl dóibh ar son na ndrongadóirí go raibh sí fuadaithe, |
||
nuair nach raibh sé ach ag iarraidh cabhrú i ndáiríre. | when he was really only trying to help | |
Ach ní raibh sé greannmhar ag an am. | But it was not funny at the time. | |
Áthas air glacadh leis an bpost nua a tairgíodh dó nuair a bhí sé thall ag an gcomhdháil úd. |
Delighted to accept the new job offered to him he was over at the conference there | |
An mhí a chaith sí féin sa Spáinn le dearmad a dhéanamh ar gach rud. | The month she spent in Spain forgetting about everything | |
a mhinic a smaoinigh sí air agus í ina luí amuigh ar thránna an Costa del Sol | She thought of him often when she was lying on the beaches of Costa del Sol | |
í ag smaoineamh an mbuailfeadh sí leis go deo arís | thinking she would never meet him again | |
Agus gach rud a dhein sí ó shin. | And everything she did then | |
Bhí an t-ádh dearg liomsa | Lucky me | |
téarma ar fionraí | suspended sentence | 72 |
níor gearradh ach téarma ar fionraí orm. | they only cut a suspended sentence on me | |
gur éirigh leat éalú | that you did escape | |
rógaireacht | roguishly | |
ní raibh siad cinnte go hiomlán ar dtús cen pháirt a bhí agamsa sa scéal. | they were not convinced at first of the part I had in the story | |
Bhí mé amuigh chun tosaigh nuair a dhein na Gardaí ruathar ar an teach | I was out front when the G made the raid on the house | |
lig mé orm nach raibh mé ach ag tabhairt cuairte ar an áit. | I pretended I was only visiting the place | |
Ach ar ndóigh bhí m’ainm ina leabhairín ag Jazzer | But of course my name was in the the little book Jazzer had | |
bhí orm an fhírinne a mhíniú dóibh ar deireadh. | I had to finally explain the truth to them. | |
Shin sé a lámh trasna an bhoird agus leag anuas ar lámh
Shiobhán é. Bhraith sí creathán ait ach compordach ag rith
tríthi. Níor theastaigh uaithi go mbogfadh sé a lámh. Mar sin
féin bhí go leor ceisteanna fós le freagairt aige sula mbeadh sí
go hiomlán ar a suaimhneas leis. “Tá fíorbhrón orm faoi gach
–>
Ná biodh imrí ort. | Don’t worry about it | “Don’t let worry be on you.” biodh 3rd pers imp |
beag | small | g bhig |
<!–
<!–
–>