Irish Class, September 21, 2015
Rang Gaeilge, 21ú lá Mí na Mheán Fómhair 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
Is minic a mhaolaigh béile maith brón. | A good meal often reduces sorrow. | |
rud ar bith | anything, nothing | (context dependent) |
Rud ar bith leis an ocras a mhaolú, arsa an táilliúir agus é ag ithe míoltóige. | Anything to lessen the hunger, said the tailor as he was eating a midge |
ag ithe vn needs gen. míoltóige |
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Go dian sa tóir — “Hard in pursuit”
I mbaile Chill Dara bhí na Gardaí ag dul ó theach go teach le
seachtain. Bhí an baile ar fad ag caint faoin scéal. Bhí an áit beo
le hiriseoirí, iad lonnaithe sna hóstáin i lár an bhaile agus bhí
siad sin níos measa ná na Gardaí, iad ag ceistiú daoine idir óg
is aosta féachaint an bhféadfaidís cúpla scéal nuachta a
dhéanamh dóibh féin. I seomra foirne na scoile bhí na
múinteoirí ag caint faoin scéal gach lá. Ní raibh éinne chomh
sásta le Sophie go raibh ábhar nua cainte aici ag bord an lóin:
“Ni féidir liom a chreidiúint,” ar sise go drámatúil, “go bhfuil
a leithéid ag tarlú dúinn.” Siobhán bhocht, ní fheadar conas atá
sí in aon chor? Níl na Gardaí ag scaoileadh aon eolas faoin
sceal.” “Cé a chreidfeadh seachtain ó shin go mbeadh an méid
seo go léir tar éis tarlú laistigh de sheachtain,” a dúirt Séamas,
múinteoir éile. “Múinteoir áitiúil fuadaithe! Buíon drongadóirí
drugaí ag feidhmiú sa cheantar! Robáil mhór armtha ar eastát
caoga míle uainn agus luach dhá mhilliín euro d’earraí
luachmhara sciobtha! Tá an saol imithe chun an donais ar fad,
níl go leor cumhachta ag na Gardaí, dar liomsa.” “Sea,” arsa
duine eile de na múinteoirí, “agus an bheirt leads sin Seán Ó
Dálaigh agus Brian Ó Baoill ar rugadh orthu leis na drugaí ina
seilbh acu, seans nach gciontófar sa chúirt iad, fiú. Smaoinigh
ag dul ó theach go teach | from house to house | ó–go |
Bhí an baile ar fad ag caint faoin scéal. | The whole town was talking about the story | |
Bhí an áit beo le hiriseoirí, | The place was alive with journalists | |
iad lonnaithe sna hóstáin i lár an bhaile | they were based in hotels in the center of town | |
bhí siad sin níos measa ná na Gardaí, | they/these were worse than the G | |
iad ag ceistiú daoine idir óg is aosta féachaint an bhféadfaidís cúpla scéal nuachta a dhéanamh dóibh féin. | They are questioning people young and old looking for a couple news stories they could make themselves | iad refers to the journalists an bhféadfaidís: an is the question particle “whether” or “if” |
I seomra foirne na scoile bhí na múinteoirí ag caint faoin scéal gach lá. | In the staff room of the school the teachers were talking about the story every day. | |
Ní raibh éinne chomh sásta le Sophie go raibh ábhar nua cainte aici ag bord an lóin: | No one was as happy as Sophie was talking with new material at the lunch table | |
ar sise go drámatúil | she says dramatically | |
go bhfuil a leithéid ag tarlú dúinn. | such a thing is happening to us | |
ní fheadar conas atá sí in aon chor? | Who knows how she is? | |
Níl na Gardaí ag scaoileadh aon eolas faoin sceal. | The G are not releasing any information about the story | |
Cé a chreidfeadh seachtain ó shin go mbeadh an méid seo go léir tar éis tarlú laistigh de sheachtain, | Who would have believed a week ago all that that has happened within the week | |
Múinteoir áitiúil fuadaithe! | Local teacher kidnapped! | |
Buíon drongadóirí drugaí ag feidhmiú sa cheantar! | Gang of drug dealers operating in the area! | |
Robáil mhór armtha ar eastát caoga míle uainn | Major armed robbery at an estate 50 miles from us | |
luach dhá mhilliín euro d’earraí | 2 million Euros worth of goods | |
luachmhara sciobtha! | valuable articles snatched | |
Tá an saol imithe chun an donais ar fad | The world has gone totally worse | |
níl go leor cumhachta ag na Gardaí, dar liomsa. | The G do not have enough power, in my view | |
an bheirt leads sin Seán Ó Dálaigh agus Brian Ó Baoill ar rugadh orthu leis na drugaí ina seilbh acu, | the two lads S O D and Brian O B caught with drugs in their possession | ar rugadh orthu – an indirect relative clause with an autonomous verb |
seans nach gciontófar sa chúirt iad, fiú. | chances are they won’t even be convicted in court | |
ar cé chomh dána is a bhí siad, ag diol drugaí faoinár srón
taobh amuigh den scoil gach lá!” Bhris Sophie isteach arís:
“Léigh mise sa pháipéar go raibh duine éigin á lorg ag na
Gardaí – bean – ar amhras go raibh sí ag soláthar na ndrugaí do
na leads óga sin. Bean as Baile Átha Cliath is cosúil.”
Smaoinigh ar cé chomh dána is a bhí siad, | Consider how bold they were | |
ag diol drugaí faoinár srón taobh amuigh den scoil gach lá! | selling drugs under our nose outside of the school every day! | |
Léigh mise sa pháipéar go raibh duine éigin á lorg ag na Gardaí – bean | I read in the paper the G were looking for someone – a woman | |
ar amhras go raibh sí ag soláthar na ndrugaí do na leads óga sin. | on suspicion that she was supplying the drugs for those young lads. | |
<!–
–>
taibhse | ghost, apparition; appearance, ostentation | f4 |
préachán | crow, rook | m1 |
Chífidh | I will see | Don. |
Chím | I see | [obs] |
<!–
–>