Monday Night Irish Class, September 14, 2015

Irish Class, September 14, 2015

Rang Gaeilge, 14ú lá Mí na Mheán Fómhair 2015

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

Is é an scéal é á insint don chapall is an capall ina chodladh. It is the story told to the horse and the horse is asleep. Somebody is droning on and nobody is listening
á insint it is told Object of a verbal noun: á refers to scéal

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú

Éalú (tuilleadh) — “Escape” (continued)

Tháinig an duine isteach sa seomra agus ar feadh soicind nó

dhó níor labhair sé focal. Labhair Siobhán, ag casadh a cinn ar
leataobh amhail is go dtabharfadh sé ‘radharc’ níos fearr di:”Cé
atá ann? An bhfuil béile agat dom? Tá mé caillte leis an ocras.
Tá na huaireanta an chloig ann ó d’ith mé. Tá pian i mo
ghoile……” Go tobann fágadh ina staic í. Bhraith sí dhá lámh
ar a haghaidh, iad ag scaoileadh an phúicin go réidh dá súile.
Bhí teas a anála le braith ar a leiceann. Bhí an solas ón mbolgán
daichead watt amuigh sa dorchla ag líonadh an tseomra le
laom [57] bog buí agus las sé aghaidh an fhir a bhí os a comhair
amach. Sna fichidí, comhaois léi féin, b’fhéidir. Bhí sé ard go
maith, níos airde ná í féin. Gruaig dhorcha chatach, dath donn
ar a chraiceann glanbheárrtha agus súile móra cneasta dorcha.
Cheap Siobhán go raibh sé dathúil. An-dathúil. D’oscail sí a
béal le hiontas agus le ceist a chur b’fhéidir, ach leag sé a mhéar
go bog ar a beola chun í a stopadh.

Tháinig an duine isteach sa seomra agus ar feadh soicind nó
dhó níor labhair sé focal.
The person came into the room and for a second or two did not say a word
ag casadh a cinn ar leataobh amhail is go dtabharfadh sé ‘radharc’ níos fearr di: turning her head aside as if it would give a better ‘sight’ to her
Go tobann fágadh ina staic í. Suddenly she was left rooted to the spot
Bhraith sí dhá lámh ar a haghaidh She felt two hands on her face
iad ag scaoileadh an phúicin go réidh dá súile. they [were] gently releasing the blindfold from her eyes.
Bhí teas a anála le braith ar a leiceann. The heat of his breath was to be felt on her cheek
laom glow 57
Bhí an solas ón mbolgán daichead watt amuigh sa dorchla ag líonadh an tseomra le
laom bog buí
The light from the 40 watt bulb outside in the corridor filled the room with a soft yellow glow
las sé aghaidh an fhir a bhí os a comhair amach. it lit the face of the man who was out in front of her
comhaois léi féin same age as herself
Gruaig dhorcha chatach, dath donn ar a chraiceann glanbheárrtha Curly dark hair, brown color hair on his cleanshaven skin
súile móra cneasta dorcha. big dark gentle eyes
Cheap Siobhán go raibh sé dathúil. S thought he was handsome
D’oscail sí a béal le hiontas She opened her mouth in wonder
le ceist a chur b’fhéidir perhaps to ask a question
ach leag sé a mhéar go bog ar a beola chun í a stopadh. but he laid his finger softly on her lips to stop her.

“Éist liom go curamach.” A
ghuth i gcogar láidir. Tuin phráinneach ina ghlór. Níor fhear
cathrach é, cinnte. A chuid cainte stadach, neirbhíseach. “Tá tú
i mBaile Átha Cliath. Ar Bhóthar Pembroke. An bhfuil eolas ar
an gcathair agat?” “Beagán ” ar sise. “Cas ar chlé tar éis go
siúlann tú amach an geata. Lean ort ag siúl sa treo céanna an tslí
ar fad isteach go lár na cathrach. Tiocfaidh tú go Faiche
Stiabhna. Beidh Gardaí ar dualgas ansin. Inis do scéal do
dhuine acu. Tá tú sa nuacht le seachtain anuas. Aithneoidh siad
tú. Tá sé ar intinn acu tú a bhogadh as seo i lár na hoíche. Níl a
fhios agam cá dtabharfaidh siad tú agus mura n-imíonn tú
anois…..” Stop sé agus d’ísligh a shúile go talamh. Thuig
Siobhán, níor ghá dó a thuilleadh a rá. Bhí sé ar intinn acu í a
mharú. Thosaigh a croí ag sodar arís. Allas ag teacht léi.
Theastaigh uaidh í a scaoileadh saor. Eagla uirthi imeacht agus
eagla uirthi fanacht. “Ach cad fútsa?” a d’fhiafraigh sí de. “Cad

A ghuth i gcogar láidir. His strong voice whispered
tuin phráinneach urgent tone
A chuid cainte stadach His faltering speech
Cas ar chlé tar éis go siúlann tú amach an geata. Turn left after you walk out the gate
Lean ort ag siúl sa treo céanna an tslí ar fad isteach go lár na cathrach. You continue walking in the same direction all tbe way in to the center of the city
Tiocfaidh tú go Faiche Stiabhna You will come to Stephen’s Green.
Beidh Gardaí ar dualgas ansin. G will be on duty then.
Inis do scéal do dhuine acu. Tell your story to one your people.
Tá tú sa nuacht le seachtain anuas. You have been in the news of the past week
Aithneoidh siad tú. They will recognize you.
Tá sé ar intinn acu tú a bhogadh as seo i lár na hoíche. They intend to move you from here in the middle of the night.
Níl a fhios agam cá dtabharfaidh siad tú I do not know what they will give you
mura n-imíonn tú anois….. If you do not leave now
Stop sé agus d’ísligh a shúile go talamh. He stopped and lowered his eyes to the ground
níor ghá dó a thuilleadh a rá. He did not need to say more
Thosaigh a croí ag sodar arís. Her heart began to trot again.
Allas ag teacht léi. Sweat coming over her
Theastaigh uaidh í a scaoileadh saor. He wanted to release her free
Eagla uirthi imeacht agus eagla uirthi fanacht. She was afraid to leave and afraid to stay

a tharlóidh duitse má ligeann tú dom éalú? An maróidh siad
tusa?” Níor chreid sí an méid a bhí ráite aici. Bhí sí buartha faoi!
Buartha faoi dhuine de na fir a choimeád ina príosúnach í
le…le…seacht lá agus seacht n-oíche! Ach ní fhéadfadh sí an
mothú imníoch a shéanadh. Labhair sé arís: “Déarfaidh mise
gur iarr tú cead dul chuig an leithreas agus nuair a d’iompaigh
mé mo dhroim ar feadh soicind go raibh tú éalaithe leat. Ná bí
buartha fúmsa. Ag bárr an staighre seo tá léibheann [58] beag.
Feicfidh tú fuinneog ar thaobh na láimhe clé. Tá sí oscailte. Bhí
duine de na leads eile ag caitheamh toitín níos luaithe agus
dhein sé dearmad í a dhúnadh ina dhiaidh. Ar a laghad ní
bheidh siad ábalta an locht a chur ormsa as sin. Nuair a théann
tú amach tríd an bhfuinneog bí an-chiúin ag tuirlingt go talamh
mar beidh cosán gairbhéil thíos fút. Caithfidh tú siúl go
cúramach le nach gcloisfear tú.

a tharlóidh duitse má ligeann tú dom éalú? What will happen to you if you allow me to escape?
Níor chreid sí an méid a bhí ráite aici. She could not believe what she had said.
Bhí sí buartha faoi! She was worried about him!
Buartha faoi dhuine de na fir a choimeád ina príosúnach í le…le…seacht lá agus seacht n-oíche! Worried about one of the men who kept her prisoner for … for … 7 days and 7 nights!
Ach ní fhéadfadh sí an mothú imníoch a shéanadh. But she could not deny feeling concerned.
Déarfaidh mise gur iarr tú cead dul chuig an leithreas I will say that you asked permission to go to the toilet
nuair a d’iompaigh mé mo dhroim ar feadh soicind go raibh tú éalaithe leat. when I turned my back for a second you escaped.
Ná bí buartha fúmsa. Do not be worried about me.
léibheann a landing 58
Ag bárr an staighre seo tá léibheann beag. At the top of these stairs there is a little landing.
Feicfidh tú fuinneog ar thaobh na láimhe clé. You will see a window on the left.
Bhí duine de na leads eile ag caitheamh toitín níos luaithe One of the other lads was smoking a cigarette earier
dhein sé dearmad í a dhúnadh ina dhiaidh. he forgot to close it afterwards. dhein — Munster form of rinne
Ar a laghad ní bheidh siad ábalta an locht a chur ormsa as sin. At least they will not be able to put the blame for that on me.
Nuair a théann tú amach tríd an bhfuinneog bí an-chiúin ag tuirlingt go talamh mar beidh cosán gairbhéil thíos fút. When you go through the window be very quiet landing on the ground because of gravel path that will be down below you
Caithfidh tú siúl go cúramach le nach gcloisfear tú You must walk carefully so you are not heard.

Tá siad ar fad sa seomra díreach
taobh thuas díot ar an tríu urlár. Má tá fuinneog ar bith oscailte
thuas ansin d’fhéadfaidís tú a chloisint. Éist liom anois! Tá solas
a thagann ar siúl uaidh féin má bhíonn éinne ag siúl faoina
ghath [59]. Caithfidh tú fanacht go dlúth leis an mballa le nach
gcuirfidh tú ar siúl é. An gcloiseann tú mé? Bí fíor-chúramach.
Is daoine an-chontúirteacha iad seo.” “Ach…cad mar gheall
ar.. .” Bhraith sí na deora ag teacht ina súile, an teas á gcealgadh.
Bhí an fear seo cneasta. Ró-chneasta le bheith ina fhuadaitheoir.
“An féidir liom ceist amháin a chur ort?” agus í ag féachaint go
himpíoch [60] air. “Fiafraigh go tapa” a deir sé “mar níl mórán ama
agat. D’fhéadfadh duine acu sin teacht anuas aon nóiméad”.
“Cén fáth? Cén fáth go bhfuil tú páirteach le dream mar
seo? Ní duine cruálach tú. Ni duine gránna tú. Cén gnó atá

Tá siad ar fad sa seomra díreach taobh thuas díot ar an tríu urlár. They are all in the room directly above you on the third floor.
Má tá fuinneog ar bith oscailte thuas ansin d’fhéadfaidís tú a chloisint. If any windows are open up there they will be able to hear you
faoina ghath under its beam 59
Tá solas a thagann ar siúl uaidh féin má bhíonn éinne ag siúl faoina ghath. There’s a light that comes on by itself if anyone is walking under its beam.
Caithfidh tú fanacht go dlúth leis an mballa le nach gcuirfidh tú ar siúl é. You must stay close to the wall so you will not turn it on.
An gcloiseann tú mé? Are you listening to me?
Bí fíor-chúramach. Be very careful.
Is daoine an-chontúirteacha iad seo. These people are very dangerous
cad mar gheall ar…? what about …?
Bhraith sí na deora ag teacht ina súile, She felt the tears coming in her eyes,
an teas á gcealgadh the heat deceiving her
Bhí an fear seo cneasta. This man was decent/honest
Ró-chneasta le bheith ina fhuadaitheoir. Too decent to be a kidnapper.
himpíoch pleadingly 60
í ag féachaint go himpíoch air Looking pleadingly at him
Fiafraigh go tapa Ask quickly
D’fhéadfadh duine acu sin teacht anuas aon nóiméad One of them could come down at any moment
Cén fáth go bhfuil tú páirteach le dream mar seo? Why are you part of a group like this?
Ní duine cruálach tú. Ni duine gránna tú. You are not a cruel person. You are not a nasty person.

agatsa le coirpigh [6l] agus drongadóirí gránna?” Bhí trua agus
aiféala ina glór agus í ag caint. “Féach, is scéal fada é agus níl
an t-am againn chuige anois. Bhí fiacha orm. Fiacha troma.
Thug Jazzer iasacht airgid dom. Ba amadán mé gur ghlac mé
uaidh é. Níor thuig mé an ceangal a chuirfeadh sé orm. Ach
chuir. Bhí mé ag siúl níos doimhne isteach i ngaineamh reatha [62]
le gach coiscéim a thóg mé.” Anois, a Shiobhán imigh. Imigh
leat fad atá an seans agat. Agus nuair a shroicheann tú an geata
rith ar luas na gaoithe mar beidh ormsa iad a chur san airdeall
cuíosach tapa nó tiocfaidh amhras orthu fúm. Go n-éiré an
t-ádh leat.” D’fhéach Siobhán isteach ina shúile. Bhí brón le
feiceáil iontu. Go mall, bhain sé slabhra airgid dá mhuinéal thar
a cheann aníos agus chuir anuas ar mhuinéal Shiobhán é.
“Anois, imigh leat go tapa fad agus is féidir leat.” Leis sin bhí
sí imithe suas an staighre, ag seachaint na tríú céime ar an slí.

coirpigh criminals 61
Cén gnó atá agatsa le coirpigh [6l] agus drongadóirí gránna? What business do you have with criminals and nasty drug dealers?
Bhí trua agus aiféala ina glór agus í ag caint. There was pity and regret in her voice as she spoke
s níl an t-am againn chuige anois We do not have the time for it now.
Bhí fiacha orm. Fiacha troma. I had debts. Heavy debts.
Thug Jazzer iasacht airgid dom. Jazzer gave me a loan of money
Ba amadán mé gur ghlac mé uaidh é. I was a fool when I accepted it from him.
Níor thuig mé an ceangal a chuirfeadh sé orm. I did not understand the tie it would put on me.
gaineamh reatha quicksand 62
Bhí mé ag siúl níos doimhne isteach i ngaineamh reatha le gach coiscéim a thóg mé. I was walking deeper into quicksand with every step I took,
Anois, a Shiobhán imigh. Now S leave
Imigh leat fad atá an seans agat. Leave as long as you have the chance
Agus nuair a shroicheann tú an geata rith ar luas na gaoithe mar beidh ormsa iad a chur san airdeall cuíosach tapa nó tiocfaidh amhras orthu fúm. And when you reach the gate run with speed of the wind as I will have to give then the alert relatively quickly or suspicion will come on me.
Go n-éiré an t-ádh leat. Good luck
Bhí brón le feiceáil iontu. Sorrow appeared to be in them
Go mall, bhain sé slabhra airgid dá mhuinéal thar a cheann aníos agus chuir anuas ar mhuinéal Shiobhán é. Slowly he took a silver chain from his neck up over his head and put it down on S’s neck.
Anois, imigh leat go tapa fad agus is féidir leat. Now, go quickly while you can.
Leis sin bhí sí imithe suas an staighre, With that she was gone up the stairs.
ag seachaint na tríú céime ar an slí. avoiding the third step on the way.

<!–



–>


Indirect relative clauses: Prepositions

  1. This is the program the man watches.
    Seo é an clár a mbreathnaíonn an fear air.

  2. I see the table the cat sits on.
    Feicim an bord a bhfuil an cat ina shuí/suíair.

  3. That is the box I will see a rat in.
    Sin é a bosca a bhfeicfidh mé francach ann.

  4. I am in the room in which we always meet.
    Táim sa seomra a cruinníonn i gcónaí ann.

  5. Bridget is the woman that is never afraid.
    Is Bríde an bean nach bhfuil eagla uirthi riamh.

  6. Where is the apartment that Seán pays for?
    Cá bhuil an árasán a n-íocann Seán as.

  7. I see the girl that I spoke to.
    Feicim an cailín a labhair mé léi

  8. I see the girl that I know.
    Feicim an cailín a aithním [léi].


ilchreidmheach multidenominational il “multi”
neamhchreidmheach unbeliever m gs npl neamhchreidmhigh neamh negative prefix
ainchreidmheach unbeliever, infidel m gs npl ainchreidmhigh ain strong negative prefix
aineolas ignorance m gs aineolais
neamhspleách independent
sách te warm enough
sách maith good enough

<!–


–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.