Monday Night Irish Class, August 10, 2015

Irish Class, August 10, 2015

Rang Gaeilge, 10ú lá Mí na Lúnasa 2015

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

Is maith an chearc nach mbeireann amuigh. It is a good hen that does not lay [eggs] outside [the coop]. Don’t show off./Don’t be ostentatious.

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú

Domhan Dorcha (tuilleadh) — “Dark world (continued)”

Ní raibh aon tslí aici leis an am a mheas ach amháin na béiltí
a thugtaí chuici a chomhaireamh. Thosaigh sí ag smaoineamh
ar an mbaile. An scoil. Thosaigh sí ag smaoineamh
ar an mbaile. Is dócha go raibh sí ina hábhar cainte
acu ó d’imigh sí ar iarraidh. Agus Liam. Bheadh seisean an-
bhuartha fúithi agus is dócha go mbeadh sé ceistithe go maith
ag na Gardaí faoin am seo féachaint an mbeadh aon eolas aige
fúithi. Níor mhiste a rá go raibh fonn orthu labhairt le Liam.
Fonn an-láidir. Ach mar a tharla, ní raibh aon teacht ag na
Gardaí ar Liam.

ach amháin except
Ní raibh aon tslí aici leis an am a mheas ach amháin na béiltí a thugtaí chuici a chomhaireamh. She had no way of measuring the time except by counting the meals. thugtaí p hab aut
Thosaigh sí ag smaoineamh ar an mbaile. She began thinking of home
ó d’imigh sí ar iarraidh since she went missing
Is dócha go raibh sí ina hábhar cainte acu ó d’imigh sí ar iarraidh. Likely she was the subject of talk by them from when she went missing.
Bheadh seisean an-bhuartha fúithi He would be very worried about her
is dócha go mbeadh sé ceistithe go maith ag na Gardaí faoin am seo féachaint an mbeadh aon eolas aige fúithi. he would likely be very well questioned by the G about whether he had any information about her
Níor mhiste a rá It goes without saying “No harm to say”
Níor mhiste a rá go raibh fonn orthu labhairt le Liam. It goes without saying that they had the desire to talk to him.
Ach mar a tharla, But as it happened
ní raibh aon teacht ag na Gardaí ar Liam. the G did not come upon Liam.
ar bun going on

Shín sí amach a lámh agus rug greim ar an mbuidéal uisce a
tugadh chuici aréir. Ghlac slog as. Shruthlaigh timpeall ina béal

é. Bhrúigh amach trína cuid fiacal agus shúigh ar ais isteach
arís. Bhí a cuid fiacla salach. Ní ligfidís di scuab fiacal a bheith
aici. Chuimil sí a cuid fiacal le blúire de chiarsúr páipéir a
d’aimsigh sí ina póca. Smaoinigh sí ar an méid a bhí le rá ag
‘fear an tsuipéir’ níos luaithe léi: “Déanfaidh mé iarracht tocht
a fháil duit. Agus adhairt le do cheann a leagan anuas uirthi
istoíche. Caithfidh go bhfuil sé an-deacair duit codladh mar seo
ar an urlár cruaidh. Tá brón orm go gcaithfidh rudaí a bheith
mar seo duit…..” ach stop sé a chuid cainte go tobann nuair a
chuala sé coiscéimeanna troma ar an staighre.

Shín sí amach a lámh She stretched out her hand
rug greim ar an mbuidéal uisce a tugadh chuici aréir. Gripped the water bottle that was given to her last night
Ghlac slog as. Took a gulp from [it].
Shruthlaigh timpeall ina béalé. Rinsed/sloshed it around in her mouth
Bhrúigh amach trína cuid fiacal Pushed out through her teeth fiacal singular?
shúigh ar ais isteach arís. sucked [it] back in again
le blúire de chiarsúr páipéir tissue paper lit “handkerchief of paper”
Ní ligfidís di scuab fiacal a bheith aici. They would not let her have a toothbrush
Chuimil sí a cuid fiacal le blúire de chiarsúr páipéir a d’aimsigh sí ina póca. She rubbed her teeth with a piece of tissue paper she found in her pocket.
Smaoinigh sí ar an méid a bhí le rá ag ‘fear an tsuipéir’ níos luaithe léi: She thought some about what ‘the supper man’ had said to her earlier
Déanfaidh mé iarracht tocht a fháil duit. I will make an attempt to get you a mattress
adhairt le do cheann a leagan anuas uirthi istoíche. a pillow to lay your head on at night
Caithfidh go bhfuil sé an-deacair duit codladh mar seo ar an urlár cruaidh. It must be very difficult for you to sleep like this on the hard floor
Tá brón orm go gcaithfidh rudaí a bheith mar seo duit….. I am sorry things must be like this for your
ach stop sé a chuid cainte go tobann nuair a chuala sé coiscéimeanna troma ar an staighre but stopped his speech suddenly when he heard heavy footsteps on the stairs.

San árásan i gCill Dara is ar éigean ar thug Liam faoi deara
nach raibh Siobhán tagtha abhaile oíche sin an fhuadaigh go
dtí gur fhéach sé ar a uaireadóir agus chonaic go raibh sé
beagnach a leathuair tar éis a deich. Bhí trí huaire an chloig
caite aige ag ullmhú le dul chuig an aerfort. An eitilt go
Londain ag fágaint ar a cúig chun a haon ar maidin.
Comhdháil [53] do bhainisteoirí ionad só agus spóirt. Chaithfeadh
sé freastal air. Ní raibh aon dul as aige. Níor bhraith sé an t-am
ag sleamhnú thart go dtí seo ach anois thosaigh imní ag teacht
air. B’ait leis é. Ba ghnáth léi a bheith sa mbaile i bhfad níos
luaithe agus bhí a fhios aige nach raibh sí ar a suaimhneas na
laethanta seo. Bhí a fhios aige gurbh nós léi dul amach ag siúl
tar éis lá strusmhar ar scoil. Ach níor fhan sí amuigh riamh
oíche i lár na seachtaine mar seo. D’fheach sé ar a uaireadóir
arís. Fiche chun a haondéag. D’fhéach sé ar a thicéad eitleáin.
Bordáil ar a cúig chun a dódhéag. Rug sé ar eochracha a chairr.
Bheadh an t-am aige sciuird amháin tapa a dhéanamh roimh
aghaidh a thabhairt ar bhóthar Bhaile Átha Cliath.

San árásan i gCill Dara is ar éigean ar thug Liam faoi deara nach raibh Siobhán tagtha abhaile oíche sin an fhuadaigh go
dtí gur fhéach sé ar a uaireadóir agus chonaic go raibh sé beagnach a leathuair tar éis a deich.
In the apartment in Kildare Liam hardly noticed that S did not come home the night of the kidnapping until he looked at his watch
and saw that it was almost half past ten.
Bhí trí huaire an chloig caite aige ag ullmhú le dul chuig an aerfort. He had spent 3 hours preparing to go to the airport
fágaint leaving = fágáil
An eitilt go Londain ag fágaint ar a cúig chun a haon ar maidin. The flight to London leaving at five to one in the morning.
comhdháil conference 53
Comhdháil [53] do bhainisteoirí ionad só agus spóirt. Conference of luxury and sports center managers
Chaithfeadh sé freastal air. He had to attend it
Ní raibh aon dul as aige. There was no way of getting out from it.
Níor bhraith sé an t-am ag sleamhnú thart go dtí seo He did not feel the time slipping away until now
ach anois thosaigh imní ag teacht air. but now worry began coming on him
B’ait leis é. It seemed strange to him
abhaile to home
sa mbaile at home
níos [comparative for adjectives] + copula
Ní ba lú was smaller/lesser/lower p of níos
Ba ghnáth léi a bheith sa mbaile i bhfad níos luaithe Normally she would be home much earlier
bhí a fhios aige nach raibh sí ar a suaimhneas na laethanta seo. he knew she was not relaxed these days
bhí a fhios gurbh nos léi dul amach He knew it was her custom to go out
Bhí a fhios aige gurbh nós léi dul amach ag siúl tar éis lá strusmhar ar scoil. He knew it was her custom to go out after a stressful day at school
Ach níor fhan sí amuigh riamh oíche i lár na seachtaine mar seo. But she never stayed out on a night in the middle of the week like this.
Fiche chun a haondéag 20 to 11
Bordáil ar a cúig chun a dódhéag. Boarding at 5 to 12.
Rug sé ar eochracha a chairr. He took his car keys
aghaidh a thabhairt to turn towards, to head for
Bheadh an t-am aige sciuird amháin tapa a dhéanamh roimh
aghaidh a thabhairt ar bhóthar Bhaile Átha Cliath.
He would have time to make one quick flying visit before heading for the road to Dublin.

Bhí an baile ar fad cuardaithe aige nuair a smaoinigh sé ar an
gcarrchlós ina bhfágadh sí a carr anois is arís. Ach bhí sé míle
taobh amuigh den mbaile. Sa treo mícheart. É faoi bhrú anois,
ag féachaint ar a uaireadóir. An t-am ag sleamhnú. Chaillfeadh
sé a eitilt mura mbeadh sé an-tapa. Chas sé amach bóthar na
tuaithe. Sa dorchadas d’aimsigh na soilse cláruimhir Shiobhán.
Tharraing sé isteach in aice leis an gcarr, go himníoch. Agus a
inneall féin fós ag rith tharraing sé an coscán láimhe agus
d’éirigh amach. D’fhéach isteach sa ghluaisteán. Ni raibh éinne
ann, ach níor chosúil go raibh aon rud as ord. Thriail sé na
doirse. Faoi ghlas. Ní raibh aon rud i ndán ach glaoch ar na
Gardaí. Bhí a chadhnra íseal. An t-am ag sleamhnú. Ghlaofadh
sé ón aerfort nuair a bheadh sé seiceáilte isteach.

<!–

–>

Bhí an baile ar fad cuardaithe aige The entire town was searched by him
ar an gcarrchlós ina bhfágadh sí a carr the car park in which she used to leave her car bhfágadh indirect rel past hab
smaoinigh sé ar an gcarrchlós ina bhfágadh sí a carr anois is arís. he thought of the parking lot where she left her car now and then.
Ach bhí sé míle taobh amuigh den mbaile. But it was a mile outside the town
Sa treo mícheart. in the wrong direction
É faoi bhrú anois, he was under pressure now
ag féachaint ar a uaireadóir. looking at his watch.
An t-am ag sleamhnú. time slipping [away]
Chaillfeadh sé a eitilt mura mbeadh sé an-tapa. He would lose his flight if he was not very fast
Chas sé amach bóthar na tuaithe. He turned away on the country road.
Sa dorchadas d’aimsigh na soilse cláruimhir Shiobhán. In the dark the lights found S’s license plate
Tharraing sé isteach in aice leis an gcarr, go himníoch. He pulled in next to the car, anxiously
Agus a inneall féin fós ag rith tharraing sé an coscán láimhe agus d’éirigh amach. And with his own engine still running he pulled the hand brake and got out
D’fhéach isteach sa ghluaisteán. Looked into the car.
Ni raibh éinne ann, ach níor chosúil go raibh aon rud as ord. Nobody there, but nothing seemed out of order.
Thriail sé na doirse. Faoi ghlas. He tried the doors. Locked.
i ndán in store [destiny]
Ní raibh aon rud i ndán ach glaoch ar na Gardaí. There was nothing in store but to call the G.
Bhí a chadhnra íseal. His battery was low. [presumably the battery of his flashlight]
An t-am ag sleamhnú. Time slipping [away]
Ghlaofadh sé ón aerfort nuair a bheadh sé seiceáilte isteach. He would call from the airport when he would be checked in.

<!–

–>


Nach Nach ….

  1. Caitheann an buachaill sin na clocha a bhuaileann mé.
    Caitheann an buachaill sin na clocha nach mbuaileann mé.

  2. Tiomáinfidh Síle an carr a cheannós sí amárach.
    Tiomáinfidh Síle an carr nach gceannóidh sí amárach.

  3. Léim leabhair atá spéisiúil.
    Léim leabhair nach bhfuil spéisiúil.

  4. Is maith liom an cat atá agam.
    Is maith liom an cat nach bhfuil agam.

  5. Breathnaigh ar an mbean sin a phóganns muca.
    Breathnaigh ar an mbean sin nach bpógann muca.

  6. Breathnaím ar chláir thelifíse nach ghuireann mearbhall orm.

  7. Feicim cat a mharaíonns lucha.
    Feicim cat nach maraíonn lucha.

  8. Ní cheannóidh mé teach a bheadh ródhaor.
    Ní cheannóidh mé teach nach mbeadh ródhaor.

  9. Inseoidh mé scéal dhuit a chuirfeas brón ort.
    Inseoidh mé scéal dhuit nach gcuirfidh brón ort.

  10. Is maith liom éisc mhóra a itheanns éisc bheaga.
    Is maith liom éisc mhóra nach n-itheann éisc bheaga.

  11. Ní maith liom na pinn a bhriseanns rómhinic.
    Ní maith liom na pinn nach mbriseann rómhinic.

  12. Cheanníodh sibh bia a bhíodh go dona.
    Cheanníodh sibh bia nach mbíodh go dona.

  13. Cheannódh sibh bia a bheadh go maith.
    Cheannódh sibh bia nach mbeadh go maith.

  14. Pógaim cailíní a phóganns muca.
    Pógaim cailíní nach bpógann muca.

  15. Is leisciúil an leaid sin a rinne obair go leor.
    Is leisciúil an leaid sin nach ndearna obair go leor.

  16. Ní hí an bhean a chonaic mé aréir.
    Ní hí an bhean nach bhfaca mé aréir.

  17. Bhí dath aisteach ar an gcarr a fuair mé inné.
    Bhí dath aisteach ar an gcarr nach bhfuair mé inné.

  18. Chuala mé ar chlár raidió a bhí an-suimiúil.
    Chuala mé ar chlár raidió nach raibh an-suimiúil.

<!–


–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.