Irish Class, July 27, 2015
Rang Gaeilge, 27ú lá Mí na Iúil 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
Cé a phósfas an t-airgead, pósfaidh sé óinseach.
Imeoidh an t-airgead, fanfaidh an óinseach.
Whoever marries money, will marry a fool.
The money will be gone, the fool stays.
Cé | Who(ever) | |
An té | Whoever | |
a phósfas = a phósfann | marries | pres. in relative clause |
óinseach | fool, foolish woman |
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Domhan Dorcha (tuilleadh) — “Dark world (continued)”
… Faic le feiceáil.
Dubh-dhorchadas. Bhí a súile tinn ón bpúicín a bhí uirthi anois
le tamall fada. Ní raibh a fhios aici cén fhad. Ní raibh aon
fhuinneog ann go bhfios di. Ba ghairid gur tháinig a súile i
dtaithí ar an duibhe agus ar an léas beag solais a bhí ag
sceitheadh isteach trí pholl na heochrach. Chonaic sí cófra beag
thall sa chúinne. Boscaí cairtchláir ar fud na háite agus iad
dúnta le téip. Cúpla bosca stractha caite timpeall na háite.
Tharraing sí chuici na boscaí stractha. Dhéanfaidís sin leaba di.
Bhí sé dodhéanta codladh i gceart ar an mata salach a bhí fúithi.
D’fhéach sí síos ar chaol a dhá lamh. Bhí siad gearrtha, brúite
ach an rud nach bhfaca sí ná na marcanna dubha is gorma a
bhí gearrtha ag an bplaisteach cruaidh ina craiceann agus an
fhuil dhearg ina crústa dubh timpeall orthu
Faic le feiceáil. | Nothing to be seen. | |
go bhfios di | as far as she knew | |
a ghairid gur tháinig a súile i dtaithí ar an duibhe | it was a short time until her eyes became accustomed to the darkness [“black”] | |
ar an léas beag solais a bhí ag sceitheadh isteach trí pholl na heochrach. | the small beam of light that was leaking thhrough the keyhole. | |
Chonaic sí cófra beag thall sa chúinne. | She saw a small chest across in the corner | |
Boscaí cairtchláir ar fud na háite agus iad dúnta le téip. | Cardboard boxes everywhere and they were closed with tape | |
Cúpla bosca stractha caite timpeall na háite. | A couple torn boxes thrown around the place | |
Tharraing sí chuici na boscaí stractha. | She pulled the torn boxes to her. | |
Dhéanfaidís sin leaba di. | That would make a bed for her | cond. |
Bhí sé dodhéanta codladh i gceart ar an mata salach a bhí fúithi. | It was impossible to sleep properly on the dirty mat that was under her. | |
D’fhéach sí síos ar chaol a dhá lamh. | She looked down at her two wrists | |
Bhí siad gearrtha, brúite | They were cut, bruised | |
ach an rud nach bhfaca sí ná na marcanna dubha is gorma a bhí gearrtha ag an bplaisteach cruaidh ina craiceann | but the thing she did not see or the black and blue marks that were cut by the hard plastic in her skin | ná copula |
agus an fhuil dhearg ina crústa dubh timpeall orthu | and the red blood in its black crust around them. | |
Tháinig is d’imigh na laethanta. Ba leadrán fada léi gach lá acu.
Triúr acu a bhí á gardáil, de réir na gcoiscéimeanna. Thugadh
fear amháin an bricfeasta chuici. Blúire beag tósta agus cupán
tae don bhricfeasta. An tae gránna de ghnáth, blas ró-láidir air.
Ní labhradh an fear seo riamh. D’fhágadh sé an pláta laistigh
den doras gan focal as. Béile níos mó cúpla uair an chloig ina
dhiaidh sin ón dara fear agus: “Seo do dhinnéar” ag
drannadh [50] léi níos déanaí ó ghuth garbh an fhir mheánaosta a
tharraing go míthrócaireach isteach sa charr í an lá a fuadaíodh
í. An guth gránna céanna gach oíche.
Ba leadrán fada léi gach lá acu | She was completely bored every day | |
Triúr acu a bhí á gardáil, | Three of them were guarding her | á object of vn. Triúr 3 people |
de réir na gcoiscéimeanna. | according to the footsteps | |
Man one gave the breakfast to her | Thugadh p hab | |
Blúire beag tósta agus cupán tae don bhricfeasta. | A small fragment of toast and a cup of tea for breakfast | |
An tae gránna de ghnáth, blas ró-láidir air. | The tea was usually nasty, it had too strong a taste | |
Ní labhradh an fear seo riamh | This man never spoke | labhradh p hab |
D’fhágadh sé an pláta laistigh den doras gan focal as. | He left the plate inside the door without a word | D’fhágadh p hab |
Béile níos mó cúpla uair an chloig ina dhiaidh sin ón dara fear | A begger meal a few hours later from the second man | |
ag drannadh | growling | |
níos déanaí ó ghuth garbh an fhir mheánaosta a tharraing go míthrócaireach isteach sa charr í an lá a fuadaíodh í | later from the rough voice of the middle-aged man who pitilessly pulled her into the car the day she was kidnapped | fuadaíodh p aut as a passive verb. Note no lenition and object í |
An guth gránna céanna gach oíche. | The same nasty voice every night | |
Boladh tobac stáltha óna anáil agus óna chuid éadaí nuair a thagadh sé isteach. Agus
boladh allais. Chuir sé masmas [51] uirthi. Ansin d’fhill a cuid
smaointe ar fhear an tsuipéir. Ní raibh an eagla ná an masmas
céanna ag baint leis an slí inar bhraith sí nuair a thagadh
seisean isteach. Cé nár labhair sé focal ar bith léi agus nach
raibh súil leagtha riamh aici air bhí sí, ar chuma an-ait éigin,
níos mó ar a suaimhneas nuair a thagadh seisean isteach chuici.
An tslí ina leagadh sé an pláta síos taobh léi. Go deas réidh.
Amhail is nár theastaigh uaidh eagla a chur uirthi. Ait mar a
oibríonn na céadfaithe [52] eile nuair a bhíonn ceann amháin acu
as feidhm. Deacair a mhíniú. Bhí gach rud deacair le míniú san
áit ghruama, ghránna seo.
Boladh tobac stáltha óna anáil | The odor of stale tobacco on his breath | |
óna chuid éadaí nuair a thagadh sé isteach | and from his clothes when he used to come in | p jad |
boladh allais | smell of sweat | |
masmas | disgust | [51] |
Ansin d’fhill a cuid smaointe ar fhear an tsuipéir. | Then her thoughts returned to the supper man | |
an slí inar bhraith sí | the way in which she felt | past |
Ní raibh an eagla ná an masmas céanna ag baint leis an slí inar bhraith sí nuair a thagadh seisean isteach. | She did not feel the fear or the same disgust in her when he would come in | |
Cé go = Cé nach | Although | pres |
Cé nár | Although | past |
Cé nár labhair sé focal ar bith léi | Although he spoke no word to her | |
nach raibh súil leagtha riamh aici air bhí sí | never laid an eye by her on him | |
ar chuma an-ait éigin | in a very strange way | |
níos mó ar a suaimhneas nuair a thagadh seisean isteach chuici. | more at ease when he came in to her | |
An tslí ina leagadh sé an pláta síos taobh léi. | The way he set the plate down beside her | |
Go deas réidh | Nice and gentle | |
Amhail is nár theastaigh uaidh eagla a chur uirthi. | As if he did not want to scare her | |
na céadfaithe | the senses | |
Ait mar a oibríonn na céadfaithe eile nuair a bhíonn ceann amháin acu as feidhm. | Strange how the other senses when one of them is out of commission/order/not working | |
Deacair a mhíniú | Difficult to explain | |
Bhí gach rud deacair le míniú san áit ghruama, ghránna seo. | Everything was difficult to explain in this gloomy, ugly place. | |
Chodail sí tamall. Ní raibh aon tuairim aici cén fhad. Chuala sí
na coiscéimeanna. An eochair sa ghlas. Thosaigh a cuisle ag
sodar arís. Bhíodh uirthi an púicín a chur ar a súile sula
n-osclófaí an doras agus ní raibh cead aici é a bhaint go
gcloisfeadh sí an eochair á casadh sa ghlas arís. Bhí na rialacha
ar eolas go maith aici faoin am seo. Shiúil coiscéimeanna bróga
reatha trasna an urláir ina treo agus leagadh rud éigin in aice
léi. “Seo dhuit. Ith é seo.” Chuir an chaint tobann iontas uirthi.
Faoiseamh beag láithreach uirthi. Arbh é seo fear an tsuipéir a
bhí ag caint léi? Bhí tuairim aici gurbh é. Guth fir óig a bhí ann.
Guth a bhí cneasta ar chuma éigin. Canúint iarthar na hEireann
aige, a mheas sí. Níorbh as Baile Átha Cliath dó, pé scéal é.
Cheap sí gurbh fhiú di iarracht a dhéanamh ar roinnt eolais a
fháil dá mb’fhéidir léi. “Cá …cá…bhfuil mé?” na focail ag
teacht aisti go stadach. “Cad atá sibh chun a dheanamh liom?”
Ciúnas ar feadh nóiméid, coiscéim nó dhó i dtreo an dorais,
Chodail sí tamall. | She slept a while | |
Ní raibh aon tuairim aici cén fhad. | She had no idea how long | |
Chuala sí na coiscéimeanna. An eochair sa ghlas. | She heard the footsteps. The key in the lock. | |
Thosaigh a cuisle ag sodar arís. | Her pulse began galloping again. | |
Bhíodh uirthi an púicín a chur ar a súile sula n-osclófaí an doras | She had to put the blindfold on her eyes before the door would be opened | sula before verbs. n-oslcófaí cond aut |
ní raibh cead aici é a bhaint go gcloisfeadh sí an eochair á casadh sa ghlas arís. | she was not permitted to remove it until she would hear the key turn in the lock again. | cloisfeadh cond |
Bhí na rialacha ar eolas go maith aici faoin am seo. | The rules she knew well by this time | |
Shiúil coiscéimeanna bróga reatha trasna an urláir ina treo agus leagadh rud éigin in aice léi. | Footsteps of running shoes walked across the floor in her direction and something was set next to her | |
Chuir an chaint tobann iontas uirthi. | The sudden speech surprised her | |
A little immediate relief was on her | ||
Arbh é seo fear an tsuipéir a bhí ag caint léi? | Was this her supper man talking to her? | Arbh p copula. –bh before é |
Bhí tuairim aici gurbh é. | She had the opinion that it was. | |
Guth fir óig a bhí ann. | The voice of a young man was there. | óig gen of óg |
Guth a bhí cneasta ar chuma éigin. | A voice that was in some way gentle. | |
Canúint iarthar na hEireann aige, a mheas sí. | He has an accent from the west of Ireland, she judged. | |
Níorbh as Baile Átha Cliath dó, | He was not from Dublin, anyway. | Níorbh copula |
Cheap sí gurbh fhiú di iarracht a dhéanamh ar roinnt eolais a fháil dá mb’fhéidir léi. | She thought is was worth attempting to get some more information, if it was possible to get ity | |
na focail ag teacht aisti go stadach. | The words came out of her haltingly | |
Cad atá sibh chun a dheanamh liom? | What are you going to do with me? | |
Ciúnas ar feadh nóiméid, coiscéim nó dhó i dtreo an dorais, | Silence for a moment, a footstep or two in the direction of the door, | |
ansin stop sé agus d’iompaigh ina treo: “Ní mise atá i gceannas.
Níl a fhios agam.” “An… an bhfuil sibh chun mé a mharu? Mar,
má tá…” Ghearr an guth isteach uirthi. D’aithin sí séimhe ina
ghlór anois. Leag sé a lámh go bog ar lámh Shiobhán ach
phreab sí siar uaidh mar bhí sé ag breith uirthi san áit a raibh
a lámha fós tinn ón gceangal. “Feach, na bíodh eagla ort. Ní
dóigh liom go bhfuil siad chun tú a mharú. De réir mar a
thuigim teastaíonn uathu deis a thabhairt do chúpla duine
imeacht leo slán as an tír agus ansin déarfainn go scaoilfear
leat. Is tusa an t-aon fhinné atá ag na Gardaí sa phraiseach seo
ar fad agus gan tú níl aon chás ceart ag na Gardaí ina gcoinne.”
Ansin d’imigh sé leis gan a thuilleadh a rá. Shuigh sí ar an urlár,
a droim le balla ag smaoineamh ar an méid a bhí ráite aige. Bhí
se dochreidte ach thaitin a chomhluadar léi. Agus níor mhiste
léi nuair a leag sé a lámh uirthi. Bhí sí sásta, dá n-admhódh sí
an fhírinne. Bhraith sí compordach leis. Bhuel, níos compordaí
ná mar a bhí leis an gcuid eile acu. Cheap sí go raibh seisean as
áit ar chuma éigin sa suíomh ait seo.
ansin stop sé agus d’iompaigh ina treo: | then he stopped and turned in her direction | |
Ní mise atá i gceannas. | I am not in charge | |
Mar, má tá… | As, if | |
Ghearr an guth isteach uirthi. | The voice interrupted her | |
D’aithin sí séimhe ina ghlór anois. | She recognized a softening in his voice now | |
Leag sé a lámh go bog ar lámh Shiobhán | He laid his hand gently on S’s hand | |
phreab sí siar uaidh mar bhí sé ag breith uirthi san áit a raibh a lámha fós tinn ón gceangal. | she bounced away from him as he was her holding in the place where her hands were still sore from the ties | |
Feach, na bíodh eagla ort. | Look, don’t be afraid | |
Ní dóigh liom go bhfuil siad chun tú a mharú. | I do not think that they intend to kill you | |
De réir mar a thuigim teastaíonn uathu deis a thabhairt do chúpla duine imeacht leo slán as an tír agus ansin déarfainn go scaoilfear leat. | According to how I understand it they want to allow a couple people to safely leave the country and then L would say you will be released. | |
Is tusa an t-aon fhinné atá ag na Gardaí sa phraiseach seo ar fad | You are the only witness for the G in all this mess | |
gan tú níl aon chás ceart ag na Gardaí ina gcoinne. | Without you the G have no case against them. | them — the guys leaving the country |
Ansin d’imigh sé leis gan a thuilleadh a rá. | Then he left without saying more | |
a droim le balla ag smaoineamh ar an méid a bhí ráite aige. | her back to the wall thinking of what [the amount] he had said | |
Bhí se dochreidte ach thaitin a chomhluadar léi. | It was incredible but she liked his company | |
Agus níor mhiste léi nuair a leag sé a lámh uirthi. | And she didn’t mind when he put his hand on her | |
dá n-admhódh sí an fhírinne. | to acknowledge the truth of it | |
Bhraith sí compordach leis. | She felt comfortable with him | |
níos compordaí ná mar a bhí leis an gcuid eile acu | more comfortable than with the rest of them | |
Cheap sí go raibh seisean as áit ar chuma éigin sa suíomh ait seo. | She thought he was out of place somehow in this strange site. | |
-
Chaith an buachaill an chloch. Bhuail an chloch mé.
Chaith an buachaill an chloch a bhuail mé -
Ceannóidh Síle carr nua. Tiomáinfidh sí an carr.
Tiomáinfidh Síle an carr nua a cheannóidh sí. -
D’ith sé cáca. Bhí drochbhlas air.
Bhí drochbhlas ar an gcáca a d’ith sé. -
Léim leabhair. Tá siad spéisiúil.
Léim leabhair spéisiúil atá spéisiúil. -
Tá cat agam. Is maith liom an cat.
Is maith liom an cat atá agam. -
Cheannaigh Síle carr nua. Chonaic mé an carr.
Chonaic mé an carr a cheannaigh Síle. -
Breathnaigh ar an mbean sin. Pógann sí muca.
Breathnaigh ar an mbean a phógann muca. -
Chonaic mé clár telifíse aréir. Chuir sé mearbhall orm.
Chonaic mé clár telifíse aréir a chuir sé mearbhall orm. -
D’inis Úna scéal dom. Chreid mé an scéal.
Chreid mé an scéal a d’inis Úna dom -
Fuair mé cathaoir nua inné. Tá faitíos orm go suífidh an cat dána sin uirthi.
Tá faitíos orm go suífidh an cat dána ar an chataoir nua a fhuair mé inné. I am afraid the naughty cat will sit on the new chair I got yesterday. -
Chonaic mé cat. Mharaigh an cat luch.
Chonaic mé cat a mharaigh luch. -
Ní cheannóidh mé an teach sin. Bheadh sé ródhaor.
Ní cheannóidh mé an teach a bheadh ródhaor. -
Chuala mé scéal. Chuir sé brón orm.
Chuala mé scéal a chuir brón orm -
Is maith liom éisc mhóra. Itheann siad éisc bheaga.
Is maith liom éisc mhóra a itheann éisc bheaga. I like big fish that eat little fish -
Ní maith liom na pinn seo. Briseann siad rómhinic.
Ní maith liom na pinn seo a bhriseann rómhinic.
cúinne | (inside) corner | |
coirnéal | (outside) corner | |
cúrsaí reatha | current affairs | reatha gs of rith “running” |
<!–
–>