Monday Night Irish Class, May 18, 2015

Irish Class, May 18, 2015

Rang Gaeilge, 18ú lá mí na Bealtaine 2015

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

B’fhearr lion a bheith ag fáscadh gainimhe faoi m’fhiacla. “Ï would rather have sand squeezing/pressing under my teeth.”
Bí bog crua ar nós eireball na bó. Be gentle but firm “Be soft [and] hard like the tail of a cow.” eireball “ribəl”

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú

Fuadach — “seizure/abduction/kidnapping”

Chnag Siobhán a méaracha go rithimeach mífhoighneach [43] ar
an roth stiúrtha. Conas in ainm Dé go mbíonn na soilse dearg i
gcónaí nuair a bhíonn deifir ort? Agus glas nuair a bhíonn tú ar
do shuaimhneas. “Tá mé chomh bréan den saol seo sa bhaile
mór. Bréan de bheith ag iarraidh rudaí a mhúineadh do dhaoine
óga nach bhfuil suim ar bith acu san oideachas…lá i ndiaidh
lae gan staonadh. Tá an áit sin imithe chun an donais pé scéal
é. Is beag ná go ndamnódh cuid de na leads óga sin tú. Tosaithe
anois ag caitheamh toitíní go hoscailte timpeall an chlóis ag am
lóin. Ráflaí na ndrugaí ag méadú in aghaidh an lae….”

Chnag Siobhán a méaracha go rithimeach S knocked her fingers rhythmically
mífhoighneach impatient(ly) [43]
go mbíonn na soilse dearg i gcónaí are the lights always red
a bhíonn deifir ort? she is in a hurry
Agus glas nuair a bhíonn tú ar do shuaimhneas. and green when you are at leisure
Tá mé chomh bréan den saol seo sa bhaile mór. I am so tired/fed up with of this life in the big city.
Bréan de bheith ag iarraidh rudaí a mhúineadh do dhaoine óga nach bhfuil suim ar bith acu san oideachas Tired of trying to teach things to young people with no interest in education
lá i ndiaidh lae gan staonadh. day after day without ceasing
Tá an áit sin imithe chun an donais pé scéal é. This place has gone to the worse anyway.
Is beag little enough, at leasst
Is beag ná go ndamnódh cuid de na leads óga sin tú. these young lads would almost swear at you (almost be that bold) beag = beagnach “almost”
Tosaithe anois ag caitheamh toitíní go hoscailte timpeall an chlóis ag am lóin. [They had] started now to openly smoke cigarettes around the yard at lunch time.
Ráflaí na ndrugaí ag méadú in aghaidh an lae Rumors of drugs increasing every day

B’iad sin
na smaointe a bhí ag rith trína ceann nuair a d’iompaigh na
soilse glas. Níor thug sí an carr a bhí taobh thiar di faoi deara.
Casadh ar dheis. Amach bóthar na tuaithe. An carr fós á
leanacht. Bhí carrchlós beag míle slí amach ansin áit a raibh
radharc álainn ar an gceantar máguaird.

B’iad sin na smaointe a bhí ag rith trína ceann nuair a d’iompaigh na soilse glas. These were the thought running through her head when the light turned green
Níor thug sí an carr a bhí taobh thiar di faoi deara. She did not notice the car that was behind her
>Casadh ar dheis. A turn to the right
Amach bóthar na tuaithe. An carr fós á leanacht. Turn right. Out on a country road. The car still following her leanúint is more usual vn
Bhí carrchlós beag míle slí amach ansin áit a raibh radharc álainn ar an gceantar máguaird. The small parking lot was a mile away, a place with a beautiful view of the surrounding region.

Uaireanta pháirceáladh
sí ansin agus théadh sí ar siúl. Go háirithe dá mbíodh tinneas
cinn uirthi tar éis lá dian ar scoil. Sin é a dhéanfadh sí inniu. Ní
bheadh an clapsholas [44] i bhfad ag teacht ach bheadh siúlóid
deas aici agus bheadh sí ar ais roimh dhorchadas.

Uaireanta pháirceáladh sí ansin agus théadh sí ar siúl. Sometimes she used to park there and went on walking
Go háirithe dá mbíodh tinneas cinn uirthi tar éis lá dian ar scoil. Especially having had a headache after an intense day at school.
Sin é a dhéanfadh sí inniu. That’s what she would do today
clapsholas twilight [44]
Ní bheadh an clapsholas i bhfad ag teacht ach bheadh siúlóid deas aici agus bheadh sí ar ais roimh dhorchadas. The twilight would not be long coming and she would have a nice stroll and she would be back before darkness.


Direct relative Clauses

  1. Chuala mé clar. Bhí an clár ar an raidió.
    Chuala mé clar a bhí ar an raidió

  2. Buail an buachaill. Bhuail an buachaill mé. (hint: imperative)
    Buail an buachaill a bhuail mé.

  3. Phóg mé an fear. Pósfaidh an fear sin mé.
    Phóg mé an fear a phósfaidh mé.

  4. Pósfaidh an fear sin mo dhriofúr. Phóg an fear mé. Pósfaidh /po:sə/
    Pósfaidh an fear a phóg mé mo dhriofúr.

  5. Tá aithne agam ar an gcailín seo. Bhíodh an cailín i mo rang.
    Tá aithne agam ar an gcailín seo a bhíodh i mo rang

  6. Bhuail an buachaill an liathróid. Bhris an liathróid an fhuinneog.
    Bhuail an buachaill an liathróid a bhris an fhuinneog.

  7. An gcloiseann tú an madra? Bíonn an madra ag tafann i gcónaí. [tafann “barking”]
    An gcloiseann tú an madra a bhionn ag tafann i gcónaí?

  8. Thug mo mháthair eochair dhom. D’oscail an eochair an doras. [eochair “key”] [dhom lenited is Conn.]
    Thug mo mháthair eochair a d’oscail an doras dhom

  9. Is dearg an carr. Tá carr agam.
    Is dearg an carr atá agam.

  10. Bhreathnaigh muid ar scannán. Thaitin an scannán linn.
    Bhreathnaigh muid ar scannán a thaitin linn.

  11. Rugadh leanbh. Beidh an leanbh sin ina banríon.
    Rugadh an leanbh a beidh ina banríon.

  12. Cuirfidh mé glaoch ar an gcuisliméar. Rinne cuisliméar gearán. [cuisliméar “customer”, gearán “complaint”]
    Cuirfidh mé glaoch ar an gcuisliméar a rinne gearán

  13. Cheannaigh mé ríomhaire. Tá an ríomhaire nua.
    Cheannaigh mé ríomhaire atá nua.

  14. Léigh mé leabhar. Tá an leabhar fada.
    Léigh mé leabhar atá fada.

  15. Bhí madra agam. D’ith an madra mo cheapaire.
    D’ith madra a bhí agam mo cheapaire.

  16. D’ith an madra mo cheapaire. Pluto is ainm ar an madra.
    Pluto is ainm ar an madra a d’ith mo cheapaire.

<!–


–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.