Irish Class, June 8, 2015
Rang Gaeilge, 8ú lá Mí na Mheiteam 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
<!–
Seanfhocal
–>
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Fuadach (tuilleadh) — “seizure/abduction/kidnapping (continued)”
Ag féachaint siar thar a gualainn di d’fháisc sí an plaisteach ar
chúl na heochrach agus splanc na soilse oráiste á chur i
dtuiscint go raibh an carr faoi ghlas. Tharraing sí an zip aníos
ar a seaicéad agus dhírigh sí a caipín olna anuas thar a cluasa.
Thosaigh sí ag siúl go tapa mar ní thaitníodh siúl mall lúi. Ní
raibh aon tairbhe le fáil aici as. Bhí radharc ar an mbaile thíos
fúithi agus ar na sléibhte thall le feiceáil aici. Bhí gach áit lom
go leor an tráth seo bliana agus bhí gaoth fhuar ag séideadh
ina haghaidh, ach ba chuma léi mar bheadh sí lena droim
agus í ag filleadh. Bhí eachtra na hoíche aréir á cur trína
hintinn aici. Agus a cuairt chuig na Gardaí ag am lóin. Ar a
laghad bhí an méid sin déanta. Ghlac an Garda óg ráiteas
uaithi i dtaobh ar tharla ach bhí an-leisce air aon eolas a
scaoileadh léise. D’fhiafraigh sí díobh mar gheall ar na
‘Gardai’ a d’fhuadaigh an carr patról an oíche úd ach ní raibh
fonn orthu mórán a rá léi. Dúirt sí leo gur aithin sí an fear a
bhí sa ghrianghraf a bhí ar an nuacht an oíche faoi dheireadh
agus thaispeáin siad di arís é le go mbeadh sí lánchinnte. Bhí.
D’thiafraigh an Garda óg ar aithin sí an duine eile a bhí sa
charr patról. Níor aithin. Bhí sé ró-dhorcha. D’fhiafraigh sise
díobh ar dhein tiománaí an veain teagmháil leo ach ní raibh
mórán toradh ar an gceist sin. D’inis sí dóibh faoin téacs ait
agus an cnagadh ar a fuinneog agus cé gur dhein siad nóta
de gach rud, bhraith sí nach raibh mórán sásaimh á fháil aici.
Ach dúirt siad go mbeadh siad i dteagmháil léi arís. Go luath.
Agus nár cheart di imní a bheith uirthi. Agus ní raibh díreach
anois. Cé go raibh an ghaoth fuar bhí sí folláin. Bhi blas na
saoirse uirthi. Chuir sí suas a haghaidh agus siar a ceann agus
dhein sí dearmad ar a cuid trioblóidí.
Ag féachaint siar thar a gualainn di d’fháisc sí an plaisteach ar chúl na heochrach | Looking back over her shoulder she squeezed the plastic on the back of the key | |
splanc na soilse oráiste á chur i dtuiscint go raibh an carr faoi ghlas | the orange lights flashed indicating the car was locked | |
Tharraing sí an zip aníos ar a seaicéad | She pulled up the zipper on her jacket | |
dhírigh sí a caipín olna anuas thar a cluasa. | straightened her wool cap down over her ears | |
Thosaigh sí ag siúl go tapa mar ní thaitníodh siúl mall lúi. | She started to walk quickly as she did not like walking slowly. | |
Ní raibh aon tairbhe le fáil aici as. | She had no benefit from it | |
Bhí radharc ar an mbaile thíos fúithi agus ar na sléibhte thall le feiceáil aici. | There was a view of the town down below her and the mountains could be seen yonder. | |
Bhí gach áit lom go leor an tráth seo bliana agus bhí gaoth fhuar ag séideadh ina haghaidh | Every place was quite bare and there was a cold wind blowing against her | |
agus í ag filleadh. | as she was returning | agus w/o verb |
ba chuma léi mar bheadh sí lena droim agus í ag filleadh. | it was all the same to her since it would be at back when she was returning | |
Bhí eachtra na hoíche aréir á cur trína hintinn aici. | Last night’s incident was going through her mind | |
a cuairt chuig na Gardaí ag am lóin. | visit the police at lunch time | |
Ar a laghad bhí an méid sin déanta. | at least that much was done | méid amount, much, etc. |
Ghlac an Garda óg ráiteas uaithi i dtaobh ar tharla | The young garda took her statement of what happened | |
bhí an-leisce air aon eolas a scaoileadh léise | but was very reluctant to release information to her | |
D’fhiafraigh sí díobh mar gheall ar na ‘Gardai’ a d’fhuadaigh an carr patról an oíche úd | She asked them about the ‘Gardai’ who hijacked the patrol car that night | |
ní raibh fonn orthu mórán a rá léi. | did not have the inclination to say much to her | |
Dúirt sí leo gur aithin sí an fear a bhí sa ghrianghraf a bhí ar an nuacht an oíche faoi dheireadh | She told them that she recognize the man that was in the photograph that was on the news the night before last/other night | 2 Direct relative clauses back to back |
thaispeáin siad di arís é le go mbeadh sí lánchinnte. | They showed it again to her so she could be sure | |
D’thiafraigh an Garda óg ar aithin sí an duine eile a bhí sa charr patról. | The young Garda asked her if she recognized the other person who was in the patrol car | |
D’fhiafraigh sise díobh ar dhein tiománaí an veain teagmháil leo | She ask them if the driver of the van made contact with them | ar dhein Mun. Elsewhere an ndearna |
ní raibh mórán toradh ar an gceist sin. | there was not much result on that question | |
D’inis sí dóibh faoin téacs ait | She told them about the strange text | |
an cnagadh ar a fuinneog | the tapping on her window | |
cé gur dhein siad nóta de gach rud | although they made note of everything | cé gur dhein Mun. Elsewhere cé go ndearna |
bhraith sí nach raibh mórán sásaimh á fháil aici. | she felt she was getting little satisfaction | |
Ach dúirt siad go mbeadh siad i dteagmháil léi arís. Go luath. | But they said they would contact her again. Soon. | |
nár cheart di imní a bheith uirthi. | it should not be her concern | |
ní raibh díreach anois. | not immediately now | |
Cé go raibh an ghaoth fuar bhí sí folláin. | although the wind was cold it was healthy | |
Bhi blas na saoirse uirthi. | She had a taste of freedom | |
Chuir sí suas a haghaidh | she put her face up | |
dhein sí dearmad ar a cuid trioblóidí. | forgot about her troubles |
<!–
Bhí tuairim is leathmhíle slí curtha di aici agus í díreach ag
teacht i dtreo lúb an bhóthair nuair a chuala sí carr ag teacht
óna cúl. Mhoilligh an t-inneall agus lean Siobhán ag siúl.
Mhoilligh sé arís agus as cúinne a súile chonaic sí go raibh sé
tarraingthe suas taobh léi. D’fhéach sí ina threo. Carr dath fíona
a bhí ann. Déantus Mazda. Cláruimhir D ach sin ar thug sí faoi
deara ina thaobh. Beirt fhear istigh ann. D’ísligh an tiománaí a
fhuinneog agus i gcanúint Bhaile Átha Cliath labhair sé léi:
“Gabh mo leithscéal” ar seisean agus léarscáil den gceantar ina
lámh aige. “An bhféadfá a rá linn cá bhfuilimid? Táimid ag
iarraidh teacht ar Bhaile na Coille ach measaim gur thógamar
an casadh mícheart in áit éigin.” Chrom Siobhán ina threo agus
d’fhéach ar an léarscáil gan mórán aird a thabhairt ar an bhfear
féin. Leag sí a méar ar an spota ina raibh siad anois agus
thaispeáin dó cár imigh sé ar strae. “Má chasann tú siar agus
dul ar ais chomh fada leis an gcrosaire….” Ní raibh seans aici
an abairt a chríochnú nuair a bhraith sí lámha garbha á
tarraingt is á stracadh isteach sa charr. An paisinéir tar éis léimt
amach de phreab agus anois bhí greim gharbh aige uirthi agus
é á brú is á sá isteach ar an gcúl suíochán. D’úsáid Siobhán a
huillinneacha air agus thug sí cúpla cic dó sna cosa ach níorbh
aon mhaith di é mar bhí sé ro-láidir di. “Scaoil liom, scaoil liom!
Cad atá a dhéanamh agat?” a scread sí ach chuir sé a lamh go
daingean thar a béal. Bhain sí greim as a lámh. Bhéic seisean.
D’éirigh sé crosta agus níos gairbhe. Thosaigh ag eascaini [45] léi.
I bpreabadh na súl bhí an doras plabtha agus bhí an carr ag
tiomáint leis ar lán luas. Ar éigean gur fhéad Siobhán a hanáil
a tharraingt. Bhí a haghaidh brúite leis an suíochán. Meáchain
trom an fhir anuas uirthi. A ghlúine ag brú ar a droim. Bhí a
lámha á dtarraingt aige go dtí gur cheap Siobhán go scarfaidís
óna guaillí. “Fan socair, a chailín, nó is duit is measa.” A ghuth
garbh agus boladh a anála gránna ar thaobh a haghaidhe.
Bhí tuairim is leathmhíle slí curtha di aici | about a half mile way she put/planted | |
í díreach agteacht i dtreo lúb an bhóthair nuair a chuala sí carr ag teacht óna cúl. | immediately turning in the direction back on the road when she heard a car coming from her back | |
Mhoilligh an t-inneall agus lean Siobhán ag siúl. | the engine slowed and S continued walking | |
Mhoilligh sé arís agus as cúinne a súile chonaic sí go raibh sé tarraingthe suas taobh léi. | It slowed again and out of the corner of her eye she saw it had pulled up beside her | |
D’fhéach sí ina threo. Carr dath fíona a bhí ann. | She looked in its direction. The car was wine colored | |
ar thug sí faoi deara | that was all she noticed | |
Cláruimhir D ach sin ar thug sí faoi deara ina thaobh. | Board number [license?} D but that was all she noticed that in her side | |
D’ísligh an tiománaí a fhuinneog agus i gcanúint Bhaile Átha Cliath labhair sé léi: | The driver lowered the window and in a Dublin accent said to her | |
léarscáil den gceantar ina lámh aige. | a map of the area in his hand | |
An bhféadfá a rá linn cá bhfuilimid? | Could you tell us where we are? | |
Táimid ag iarraidh teacht ar Bhaile na Coille | We are trying reach Ballinakill/Woodstown | |
measaim gur thógamar an casadh mícheart in áit éigin. | I consider that we took a wrong turn somewhere | |
Chrom Siobhán ina threo | S bent in his direction | |
d’fhéach ar an léarscáil gan mórán aird a thabhairt ar an bhfear féin. | looked at the map giving little attention to the man himself | |
Leag sí a méar ar an spota ina raibh siad anois | She placed her finger on the spot where they were now. | |
thaispeáin dó cár imigh sé ar strae | showed him where he went astray | |
Má chasann tú siar | if you turn back | |
dul ar ais chomh fada leis an gcrosaire. | go back as far as the cross roads | |
Ní raibh seans aici an abairt a chríochnú nuair a bhraith sí lámha garbha á tarraingt is á stracadh isteach sa charr. | She did not have a chance to finish the sentence when she felt rough hands pulling and dragging her into the car. | á as object of verbal noun |
An paisinéir tar éis léimt amach de phreab | The passenger after he jumped out sprang | |
anois bhí greim gharbh aige uirthi | now he had a rough grip on her | |
é á brú is á sá isteach | he was pressing and pushing her | á as object of verbal noun |
D’úsáid Siobhán a huillinneacha air | S used her elbows on him | |
thug sí cúpla cic dó sna cosa | gave him a couple kicks in the legs | |
níorbh aon mhaith di é mar bhí sé ro-láidir di. | it was no good for her as he was too strong for her | |
Scaoil liom | Release me | |
chuir sé a lamh go daingean thar a béal. | He put his hand firmly over her mouth | |
Bhain sí greim as a lámh. | She got a grip on his hand | |
Bhéic seisean. | He yelled | |
D’éirigh sé crosta agus níos gairbhe. | He became angry and rougher | |
ag eascaini | cursing | |
Thosaigh ag eascaini léi. | Began cursing her | |
I bpreabadh na súl bhí an doras plabtha | in a bounce/jump of the eyes the door was plopped | |
bhí an carr ag tiomáint leis ar lán luas. | The car was driving at full speed | |
Ar éigean gur fhéad Siobhán a hanáil a tharraingt. | S could hardly draw a breath | |
Bhí a haghaidh brúite leis an suíochán. | Her face was pushed into the seat | |
Meáchain trom an fhir anuas uirthi. | a heavy weight from the man from above on her | |
A ghlúine ag brú ar a droim. | His knees pushing on her back | |
Bhí a lámha á dtarraingt aige go dtí gur cheap Siobhán go scarfaidís óna guaillí. | His hands pulling her so S thought her shoulders would separate | |
Fan socair | stay calm | |
A ghuth garbh | his rough voice | |
boladh a anála gránna ar thaobh a haghaidhe. | the offensive smell of his breath beside her face | |
ag eascaini | cursing | |
–>
Direct relative Clauses
-
Thug mé bronntanas don chailín a thug bronntanas dhomsa.
Thug an cailín bronntanas dhomsa. Thug mé bronntanas an chailín -
Tá an cat atá ar an mbord dána.
Tá an cat ar an mbord. Tá an cat dána. -
Chaith an buachaill an chloch a bhris an fhuinneog.
Chaith an buachaill an chloch. Bhris an chloch an fhuinneog. -
Ní phógfaidh mé an bhean a phóg an mhuc.
Phóg an bhean an mhuc, Ní phógfaidh mé an bhean -
Ní éistíonn sé le hamhránaí a chasanns amhráin bhrónacha.
Chasann an t-amhránaí amhráin bhrónacha. Ní éistíonn sé leis an t-amhránaí. -
Ní maith liom an carr atá agam anois.
Tá an carr agam anois. Ní maith liom an carr. -
Cuirfidh mé glaoch ar an múinteoir a mhúinfeas an rang maidin amárach.
Múinfidh an múinteoir an rang maidin amárach. Cuirfidh mé glaoch ar an múinteoir -
D’fhreastalaíodh sí ar an scoil a bhíodh inár gcomharsanacht blianta ó shin.
Bhí an scoil inár gcomharsanacht. D’fhreastalaíodh sí ar an scoil blianta ó shin. -
Ní thaitníonn na muiscítí a thaganns leis an samhradh liom.
Tagann na muiscítí leis an samhradh. Ní thaitníonn na muiscítí liom. -
D’éirigh an prionsa a phóg mé ina fhrog. (“that kissed me”, in this case)
Phóg an prionsa mé. D’éirigh an prionsa ina fhrog. -
Bhí an geimhreadh a bhí againn i mbliana go dona.
Bhí an geimhreadh againn i mbliana. Bhí an geimhreadh go dona.</p -
Ní fhaca Siobhán an carr a bhí á leanúint.
Ní fhaca Siobhán an carr. Bhí an carr á leanúint.
<!–
–>