Irish Class, April 20, 2015
Rang Gaeilge, 20ú lá mí Aibreáin 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
<!–
Seanfhocal
–>
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Oiche mhishuaimhneach (tuilleadh) — “Restless night (continued)”
Líon an pictiúr an scáileán teilifise. Líon croí Shiobhan le
huafás. “Ó, ní theastaíonn uaim féachaint ar an nuacht” a deir
Donna go tobann, ag athrú an chainéil go tapa. “Go mear,
athraigh ar ais é! Athraigh ar ais é!” arsa Siobhán i nglór
práinneach agus í ag sciobadh an chianrialtáin as a lámh len
é a athrú ar ais arís. Bhí an pictiúr imithe. Ach bhí go leor
feicthe aici. Ní raibh aon amhras uirthi. B’é sin é. B’é sin
tiománaí charr na nGardaí an oíche a d’imigh an capall fiáin.
Ní haon ionadh nach raibh aon suim ag na ‘Gardaí’ inti an
oíche úd! Ba chuid den drong robálaithe iad! Bhuel nárbh ise
an óinseach ag ceapadh go bhféadfadh sí aon chabhair a fháil
uathu. “Cad atá ortsa?” Donna ag tabhairt faoi deara chomh
scanraithe is a bhí Siobhán. “An fear sin….an fear….” “Cé? É
seo?” “Ní hea. An fear a bhí ar an scáileán nuair a d’athraigh
tú an cainéal. B’shin é!” “Ó, cad atá á rá agat a Shiobhán? Cén
ráiméis atá ar bun agat?” Shuigh Siobhán siar isteach de phlab
sa chathaoir uillinn. “An oíche a bhí an timpiste agam …….. an
oíche a briseadh an fhuinneog i mo charr. Bhuel bhí carr
patról Gardaí ar an láthair agus an Garda a bhí ag tiomáint,
bhuel b’shin é a bhí ar an nuacht anois. Tá mé cinnte de. An
fear a dteastaíonn ó na Gardaí é a cheistiú! Tá mé cinnte de.
Caithfidh mé labhairt leo amárach. D’fhéadfadh go
gcabhródh mo chuid eolais go mór leo.
Líon an pictiúr an scáileán teilifise. | The picture filled the television screen. | ||
Líon croí Shiobhan le huafás. | S’s heart filled with horror. | ||
ní theastaíonn uaim féachaint ar an nuacht | I do not want to watch the news | ||
Go mear | Rapidly, quickly | ||
práinneach | urgent | ||
í ag sciobadh an chianrialtáin as a lámh len é a athrú ar ais arís. | snatching the remote from her hand in order to to change it back again | ||
Ach bhí go leor feicthe aici. | But she had seen enough | ||
Ní raibh aon amhras uirthi. | She had no doubt. | ||
B’é sin é | that was him | B’é often pronounced with a y, like Ba dhé | |
tiománaí charr na nGardaí | driver of the G car | not just carr in genitive, but the whole phrase “driver of the car of the G” | |
Ní haon ionadh nach raibh aon suim ag na ‘Gardaí’ inti an oíche úd! | No wonder the ‘Gardaí’ were not interested that night | ||
Ba chuid den drong robálaithe iad! | They were part of the gang of robbers! | ||
Bhuel nárbh ise an óinseach ag ceapadh go bhféadfadh sí aon chabhair a fháil uathu. | Well, wasn’t she the fool to expect she could get any help from them. | ||
Donna ag tabhairt faoi deara chomh scanraithe is a bhí Siobhán. | Donna noticed that how frightened S was. | ||
An fear a bhí ar an scáileán nuair a d’athraigh tú an cainéal. | The man that was on the screen when you changed the channel | ||
cad atá á rá agat a Shiobhán? | What are you saying S? | ||
Cén ráiméis atá ar bun agat? | What nonsense you have established? | ||
Shuigh Siobhán siar isteach de phlab sa chathaoir uillinn. | S sat down with a plop in the armchair. | ||
Bhuel bhí carr patról Gardaí ar an láthair agus an Garda a bhí ag tiomáint | A G patrol car was at the site and the G who was driving | ||
B’shin | That was | Pronounced B’in and often spelled that way | |
b’shin é a bhí ar an nuacht anois | that was him on the news now | ||
An fear a dteastaíonn ó na Gardaí é a cheistiú! | The man the G want to question! | ||
Caithfidh mé labhairt leo amárach. | I have to speak with them tomorrow. | ||
D’fhéadfadh go gcabhródh mo chuid eolais go mór leo. | My information could help a lot. | conditionals | |
<!–
Oíche chiúin spéirghealaí a bhí ann agus Siobhán ag sleamhnú
isteach idir na braillíní. Bhí sí traochta gach oíche le déanaí agus
ba chosúil nach raibh go leor codlata á fháil riamh aici ba
chuma cén t-am a théadh sí a chodladh. Ba ghnáth léi píosa
léitheoireachta a dhéanamh ach an oíche seo ní bhacfadh sí. Bhí
an ghealach ina lampa mór sa spéir trí chuirtíní éadroma a
seomra agus ní raibh aon fhuaim le cloisint ach scréach cait i
gcéin. Bhí sí ina luí ansin ag smaoineamh ar gach rud a bhí tar
éis tarlú le seachtain. Ag iarraidh ciall a bhaint as an iomlán.
Liosta ina haigne don lá amárach: obair mar ba ghnáth, fear an
–>
<!–
–>