Irish Class, April 27, 2015
Rang Gaeilge, 27ú lá mí Aibreáin 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
Níl coill gan brosna a loiscfeadh í. | Everyone has their weakness, their Achilles heel. | “Every forest has the kindling that would burn it.” |
An rud nach leigheasann im nó uisce beatha, níl leigheas air. | If butter or whiskey won’t cure you, notbing will. | |
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Oiche mhishuaimhneach (tuilleadh) — “Restless night (continued)”
Oíche chiúin spéirghealaí a bhí ann agus Siobhán ag sleamhnú
isteach idir na braillíní. Bhí sí traochta gach oíche le déanaí agus
ba chosúil nach raibh go leor codlata á fháil riamh aici ba
chuma cén t-am a théadh sí a chodladh. Ba ghnáth léi píosa
léitheoireachta a dhéanamh ach an oíche seo ní bhacfadh sí. Bhí
an ghealach ina lampa mór sa spéir trí chuirtíní éadroma a
seomra agus ní raibh aon fhuaim le cloisint ach scréach cait i
gcéin. Bhí sí ina luí ansin ag smaoineamh ar gach rud a bhí tar
éis tarlú le seachtain. Ag iarraidh ciall a bhaint as an iomlán.
Liosta ina haigne don lá amárach: obair mar ba ghnáth, fear an
gharáiste le n-íoc, glaoch ar a comhlacht árachais, glaoch ar
oifig na cánach agus ag am lóin isteach chuig an mbaile mór
go stáisiún na nGardai lena scéal a insint ina iomlán dóibh. Bhí
sí díreach ag samhlú na cuairte sin nuair a bhris “bíp, bíp!” óna
fón póca isteach ar a cuid smaointe. Cé a bheadh anseo?
B’fhéidir Dearbhla ón obair le dea-scéal éigin mar gheall ar an
scoil a bheith dúnta gan choinne. Bheadh sé sin beagán ró-
dhóchasach go deimhin! D’fhéach sí ar an scáileán agus
chonaic an clúdach litreach beag agus na focail “teachtaireacht
amháin agat.” Bhrúigh sí an cnaipe agus thosaigh a súile ag
géarú ar na focail a bhí lasta ag an scáileán gorm sa dorchadas:
“TÁTHAR AG FAIRE ORT. TÁ GACH EOLAS AGAINN ORT.
OSCAIL DO BHÉAL AGUS IS DUITSE IS MEASA.”
spéirghealaí | bright moonlit | |
ag sleamhnú | sliding | |
braillíní | sheets | |
Bhí sí traochta gach oíche le déanaí | she was exhausted every night lately | |
ba chosúil nach raibh go leor codlata á fháil riamh aici ba chuma cén t-am a théadh sí a chodladh. | it seemed like she never got enough sleep no matter what time she went to bed. | |
Ba ghnáth léi píosa léitheoireachta a dhéanamh | She would usually read a little bit | |
ach an oíche seo ní bhacfadh sí. | this night she would not bother | |
cuirtíní éadroma a seomra | light curtains of her room | |
cian | distance, long time | ds céin |
ní raibh aon fhuaim le cloisint ach scréach cait i gcéin. | no sound was to beheard but the screeching of cats in the distance | |
Bhí sí ina luí ansin ag smaoineamh ar gach rud a bhí tar éis tarlú le seachtain. | She was lying there thinking about everything that had happened in the past week | |
Ag iarraidh ciall a bhaint as an iomlán. | Trying to make sense of it all | |
Liosta ina haigne don lá amárach | a list in her mind for the day tomorrow | |
obair mar ba ghnáth | work as it ordinarily would be | |
fear an gharáiste le n-íoc | payment for the garage man | |
glaoch ar a comhlacht árachais | a call to her insurance company | |
glaoch ar oifig na cánach | a call to the tax office | |
am lóin isteach chuig an mbaile mór go stáisiún na nGardai lena scéal a insint ina iomlán dóibh. | lunchtime go into the big town to the G station to tell the whole story to them | |
Bhí sí díreach ag samhlú na cuairte sin nuair a bhris “bíp, bíp!” óna fón póca isteach ar a cuid smaointe. | She was just imagining that visit when a “beep, beep!” from her cell phone broke into her thoughts | g of cuairt here |
Cé a bheadh anseo? | Who would that be? | |
B’fhéidir Dearbhla ón obair le dea-scéal éigin mar gheall ar an scoil a bheith dúnta gan choinne. | Perhaps Dearbhla from work with some good news [story] about the school will be closed unexpectedly [without expectation]. | |
Bheadh sé sin beagán ró-dhóchasach go deimhin! | That would certainly be too hopeful | |
D’fhéach sí ar an scáileán agus chonaic an clúdach litreach beag | She looked at the screen and saw the small envelope | |
na focail “teachtaireacht amháin agat.” | the words “You have one message.” | |
Bhrúigh sí an cnaipe | She pushed the buttom | |
thosaigh a súile ag géarú ar na focail a bhí lasta ag an scáileán gorm sa dorchadas: | Her eyes began to focus [sharpen] on the words that were lit on the blue screen in the darkness | |
TÁTHAR AG FAIRE ORT. | You are being watched | |
TÁ GACH EOLAS AGAINN ORT | We know everything about you | |
IS DUITSE IS MEASA. | You’ll be sorry | “Worse will be on you” |
Taibhreamh? Níorbh ea. Ní raibh sí ina codladh fós. Cleas
magaidh. Sin é. Bhí duine dá cairde ag magadh fúithi. Duine
éigin a raibh a fhios acu faoi eachtra an chapaill agus mheas
siad preab a bhaint aisti. D’fhéach sí arís. Léigh aris go
cúramach é. Lean síos go deireadh agus bhrúigh “sonraí na
teachtaireachta” AM A FUARTHAS: 00.19; SEOLTÓIR: GAN
UIMHIR. Léigh sí arís go cúramach, smaointeach é.
Taibhreamh? Níorbh ea. | Dream? It was not. | |
Cleas magaidh. | practical joke, prank | “mocking trick” |
Bhí duine dá cairde ag magadh fúithi. | One of her friends was making fun of her | dá ← de + a |
Duine éigin a raibh a fhios acu faoi eachtra an chapaill | Someone who knew about the incident of the horse | g of capall |
mheas siad preab a bhaint aisti. | judged they could get a rise [start] out of her. | |
Léigh aris go cúramach é. | Read it again carefully | |
Lean síos go deireadh agus bhrúigh | Continued down to the end and pushed | |
sonraí na teachtaireachta | details of the message | |
AM A FUARTHAS | Time received | |
SEOLTÓIR: GAN UIMHIR. | Sender: Without number | |
smaointeach. | thoughtful, pensive | |
<!–
–>