Irish Class, April 13, 2015
Rang Gaeilge, 13ú lá mí Aibreáin 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
Éist mórán agus can beagán. | Listen a lot and say little | |
Ag caitheamh an tsaoil is an saol ár gcaitheamh. | Killing time while time is killing us. | Lit. “[We are] consuming life and life is consuming us.” Verbal nouns takes a genitive |
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Oiche mhishuaimhneach (tuilleadh) — “Restless night (continued)”
“Bhuel tá mo ghluaisteán faighte ar ais
agam ceart go leor. Ach níor labhair mé leis na Gardaí fós. Idir
bheith ag obair gach lá, ag iarraidh coinne dochtúra a
dhéanamh, ag plé leis an ngaráiste is uile tá mé spíonta.” Na
Gardaí, a smaoinigh sí chuici féin. Bhí glan dearmad déanta
aici go raibh tiománaí an veain tar éis a gheallúint di go
gcuirfeadh sé na Gardaí i dteagmháil léi…… tharraing an
léitheoir nuachta a haird: “Tá breis fíricí tagtha chun solais le
cúpla lá anuas mar gheall ar an eachtra mhór inar goideadh
luach tuairim is dhá mhilliún euro d’earraí luachmhara ó
eastáit Haughton-Landsbury lámh le Baile na Leacan seachtain
ó shin. Seo ár dtuairisceoir Sáamus Ó Tiarnáin:
Bhuel tá mo ghluaisteán faighte ar ais agam ceart go leor | Well my car has been gotten back to me OK | |
Ach níor labhair mé leis na Gardaí fós. | But I have not spoken with the Gardaí yet. | |
ag iarraidh coinne dochtúra a dhéanamh | trying to get a doctor’s appointment | |
ag plé leis an ngaráiste is uile tá mé spíonta. | and discussing with the garage and everything I am exhausted | |
a smaoinigh sí chuici féin. | she thought to herself | |
Bhí glan dearmad déanta aici go raibh tiománaí an veain tar éis a gheallúint di go gcuirfeadh sé na Gardaí i dteagmháil léi | She had clean forgotten that the driver of the van had promised her that he would get the Gardaí in touch with her | |
tharraing an léitheoir nuachta a haird | the news reader drew her attention | |
Tá breis fíricí tagtha chun solais le cúpla lá anuas | More facts have come to light in the last couple days | |
mar gheall ar an eachtra mhór inar goideadh luach tuairim is dhá mhilliún euro d’earraí luachmhara | about the big incident in which valuables totalling about two million Euros were stolen | inar goideadh “in which …. was/were stolen” p. aut., hence no lenition tuairim “about” [here] |
ó eastáit Haughton-Landsbury lámh le Baile na Leacan seachtain ó shin. | from the Haughton-Landsbury estate near the town of Lacken a week ago | |
tuairisceoir | reporter | |
‘Tá sé tugtha le tuiscint anois ag Gardaí go bhfuil fiosruithe
deimhneacha á ndéanamh acu maidir leis an ngadaíocht
mhór a tharla seachtain is an oíche aréir. Creideann siad
gur drong coirpeach atá lonnaithe ar an dtaobh theas de
Bhaile Átha Cliath is ciontach leis agus gurb iad an dream
céanna iad atá ag iomportáil agus ag dáileadh drugaí ar
scála ollmhór le cúpla mí anuas. Is cosúil go raibh an
dream seo ag faire an eastáit ar feadh i bhfad agus go raibh
a fhios acu go raibh na húinéirí thar lear ag an am. Tá sé
tagtha chun solais freisin gur fhuadaigh siad carr patról de
chuid na nGardaí ar an oíche. Iarrtar ar dhaoine a bhí sa
cheantar an oíche sin teagmháil a dhéanamh gan mhoill
leis na Gardaí agus aon eolas atá acu a thabhairt dóibh.
Tráthnóna inniu d’eisigh na Gardaí an pictiúr seo den
bhfear ar mhaith leo é a cheistiú i dtaobh na heachtra.”‘
Tá sé tugtha le tuiscint anois ag Gardaí | The G have now let it be known | |
go bhfuil fiosruithe deimhneacha á ndéanamh acu maidir | that they are making certain inquiries in regard to | |
leis an ngadaíocht mhór a tharla seachtain is an oíche aréir. | the great robbery that happened a week ago last night | |
drong coirpeach | criminal gang | 40 |
atá lonnaithe ar an dtaobh theas de Bhaile Átha Cliath is ciontach leis | holed up on the south side of Dublin is guilty of it | |
an dream céanna | the same group | |
dáileadh drugaí ar scála ollmhór le cúpla mí anuas. | drug distribution on a vast scale in the last couple months | |
Is cosúil go raibh an dream seo ag faire an eastáit ar feadh i bhfad | It seems the group had been watching the estate for a long time | |
go raibh a fhios acu go raibh na húinéirí thar lear ag an am. | that they knew the owners were abroad at the time. | |
á sé tagtha chun solais freisin gur fhuadaigh siad carr patról de chuid na nGardaí ar an oíche. | It also came to light that they hijacked a Gardaí patrol car that night | chun takes gen. |
Iarrtar ar dhaoine a bhí sa cheantar an oíche sin teagmháil a dhéanamh gan mhoill leis na Gardaí | People that were in the area that night are asked to make contact with the Gardaí without delay | |
aon eolas atá acu a thabhairt dóibh | that have any knowledge to give it to them [the G] | |
Tráthnóna inniu d’eisigh na Gardaí an pictiúr seo den bhfear ar mhaith leo é a cheistiú i dtaobh na heachtra. | This afternoon the Gardaí released this picture of the man they want to question about the incident | |
<!–
Líon an pictiúr an scáileán teilifise. Líon croí Shiobhan le
huafás. “Ó, ní theastaíonn uaim féachaint ar an nuacht” a deir
–>
turcaí | turkey [bird] | m4 gs turcaí. pl turcaithe |
coileach | cock | |
cearc | hen | |
fiáin | wild | |
ag an stad bus ag fanacht le bus | at the bus stop waiting for a bus | |
ceithre éan mór | four big birds | |
fireann | male | |
baineann | female | |
cleite | feather | m4 pl cleití |
Rinne mé dearmad air | I forgot it | |
Thug sé a chul liom | He turned his back on me | |
cróga | brave |
<!–
–>