Monday Night Irish Class, March 16, 2015

Irish Class, March 16, 2015

Rang Gaeilge, 16ú lá Mí na Márta 2015

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

Bí go moch i do shuí
Is go luath i do luí
Is ní fada go mbeidh tú
Chomh saibhir le rí.
Be early in your sitting up [waking from bed]
and early in your lying down
and not long you will be
as rich as a king
Is fearr an t-ádh
ná éirí go moch.
It is better to be lucky
than to get up early.

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú

Thíos sa tsráid thug Jazzer gach stracfhéachaint thar ghualainn.
B’fhearr leis nach air féin a bheadh sé cuairt a thabhairt ar na
leads san árásan ach bhí an gnáth-theachtaire ag fanacht as an
slí go ceann tamaill toisc eachtra na seachtaine seo caite. Ag siúl
leis i dtreo lár na cathrach gur tháinig sé chomh fada le stad
bus díreach agus ceann ag teacht. Léim isteach agus an bus
díreach ag tarraingt amach aris. B’shin ceann da shean-
chleasanna lena chinntiú nach raibh éinne a leanacht. Thuirling
sé i Sráid Uí Chonaill. Ag siúl arís. Stop beag gach re seal le
féachaint isteach i bhfuinneog siopa, mar dhea. Tamall mar sin.
Stracfhéachaint thar ghualainn. As cúinne a shúile anois
chonaic sé fear ó tamall síos an tsráid uaidh ag stopadh le
féachaint isteach i bhfuinneog siopa eile. “Damnú air!
Bleachtaire.” Bhí aithne ró-mhaith air féin timpeall na cathrach

faoin dtráth seo. Níor cheart dó a bheith chomh gníomhach sna
gnáthchúrsaí a thuilleadh. Bhi sé ró-easca dóibh é a aithint.
Agus bhí sé tite i bhfeoil [35] beagán le tamall. Ní raibh sé chomh
haclaí is a bhíodh. Thosaigh sé ag cur allais. Dá gcuardófaí é
agus an t-ábhar á iompar aige bheadh deireadh le gach rud.
Agus cé go raibh an gunna láimhe aige len é féin a chosaint,
b’fhearr mura mbeadh air é a úsáid i lár na sráide plódaithe.
Ní raibh aon dul as aige. Bhí sé tagtha chomh fada le hollstór
ar Shráid Anraí. Isteach leis. Shnígh sé [36] isteach is amach trí na
seastáin éadaí. Mo dhuine lena chois ach tamaillín taobh thiar
de. Rannóg na bhfo-éadaí ban. Chaithfeadh sé roinnt píosaí
deasa gnéasacha a cheannach dá pháirtnéir don Nollaig.
B’fhéidir nach mbeadh fonn ar a scáthaire [37] é a leanacht isteach
anseo. Agus dá ndéanfadh, bheadh se an-soiléir cad a bhí ar
bun aige agus gheobhadh Jazzer radharc ceart air. B’fhearr leis
na leads seo nach n-aithneofaí iad dá mb’fhéidir. “Gabh mo
leithscéal, an bhféadfá cabhair a thabhairt dom le do thoil?”
“Cinnte,” arsa an freastalaí gealgháireach. “Cad ba mhaith leat,
a dhuine uasail?” “Bhuel ba mhaith liom bronntanas Nollag a
cheannach do mo chailín ach tá mé ag lorg do chomhairle
murar miste leat. Ach ar dtús, bhuel, ní mór dom an leithreas
a úsáid agus, bhuel….” ag ligean náire bheag air féin, “níl an
t-am agam dul ar ais in airde staighre chuig an ceann poiblí.”
“Ó, tá sé sin ceart go leor” a deir an freastalaí, “má théann tú
isteach an doras sin, síos an pasáiste thar sheomraí gléasta na
mban agus an doras ar chlé thíos ag an deireadh, sin leithreas
na foirne. Féadfaidh tú an ceann sin a úsáid agus beidh mise ag
bailiú roinnt rudaí deasa anseo duit fad atá mé ag fanacht leat.”

Thíos sa tsráid thug Jazzer gach stracfhéachaint thar ghualainn Down in the street Jazzer gave a glance every now and then over his shoulder
B’fhearr leis nach air féin a bheadh sé cuairt a thabhairt He’d prefer that it would not be on him – that he not have to –to visit the lads ,,, ar in the sense of “obligation”, “ought to”
bhí an gnáth-theachtaire ag fanacht as an slí go ceann tamaill toisc eachtra na seachtaine seo caite. But the usual messenger was staying away because of the incident last week.
Ag siúl leis i dtreo lár na cathrach gur tháinig sé chomh fada le stad bus walking in the direction of the center of the city he came as far as a bus stop
díreach agus ceann ag teacht just as one was coming
Léim isteach agus an bus direach ag tarraingt amach aris. Jumped in and the bus was just pulling away again.
B’shin ceann da shean-chleasanna lena chinntiú nach raibh éinne a leanacht. That was one of his old tricks to be sure no one was following him
Thuirling sé i Sráid Uí Chonaill. He alighted in O’Connall Street
Ag siúl arís. Walking again
gach re seal now and then lit. “every other turn/while”
Stop beag gach re seal le féachaint isteach i bhfuinneog siopa, Stop every now and then to look into a shop window
mar dhea “forsooth”
Tamall mar sin. Stracfhéachaint thar ghualainn. A while then. A glance over a shoulder
As cúinne a shúile anois chonaic sé fear ó tamall síos an tsráid uaidh ag stopadh le féachaint isteach i bhfuinneog siopa eile. Out of the corner of his eye he saw a young man down the street from him looking in the window of another shop
Bhí aithne ró-mhaith air féin timpeall na cathrach faoin dtráth seo. He was too well known himself around the city at this stage
Níor cheart dó a bheith chomh gníomhach sna gnáthchúrsaí a thuilleadh. He should not be as active in the usual course of business.
hi sé ró-easca dóibh é a aithint. It was too easy for them to recognize him.
tite i bhfeoil fat, flabby [35]
bhí sé tite i bhfeoil beagán le tamall. He had gotten a little fat with time.
Ní raibh sé chomh haclaí is a bhíodh. He was not as agile as he had been
Thosaigh sé ag cur allais. He started sweating.
Dá gcuardófaí é As if he was searched
an t-ábhar á iompar aige bheadh deireadh le gach rud. the material he was carrying would be the end of everything
cé go raibh an gunna láimhe aige len é féin a chosaint although he had the handgun to defend himself
b’fhearr mura mbeadh air é a úsáid i lár na sráide plódaithe. better if it were not used in the middle of crowded streets.
Níl aon dul as aige he had no escape
Bhí sé tagtha chomh fada le hollstór ar Shráid Anraí. Isteach leis. He arrived as far as the department store on Henry Street. Inside with him.
Shnígh sé he wove [36]
Shnígh sé isteach is amach trí na seastáin éadaí. He wove in and out through the clothing racls
Mo dhuine lena chois ach tamaillín taobh thiar de. Your man was only a little step behind him
Rannóg na bhfo-éadaí ban. The womens lingerie section ban gpl here
Chaithfeadh sé roinnt píosaí deasa gnéasacha a cheannach dá pháirtnéir don Nollaig. He would have to buy some nice sexy pieces for his partner for Christmas.
scáthaire shadower
B’fhéidir nach mbeadh fonn ar a scáthaire é a leanacht isteach anseo. Perhaps his shadower would not be eager to follow him here.
Agus dá ndéanfadh, bheadh se an-soiléir cad a bhí ar bun aige agus gheobhadh Jazzer radharc ceart air. And if pursued, it would be very clear what was he would up to and Jazzer would certainly get a good look at him.
B’fhearr leis na leads seo nach n-aithneofaí iad dá mb’fhéidir. Preferably the lads [the detectives] would not want to be recognized if possible
arsa an freastalaí gealgháireach. the server says cheerfully
tá mé ag lorg do chomhairle murar miste leat. I am looking for your advice if you don’t mind
ní mór dom an leithreas a úsáid I need to use the toilet
ag ligean náire bheag air féin allowing a small disgrace on himself
níl an t-am agam dul ar ais in airde staighre chuig an ceann poiblí. I do not have time to go back upstairs to use the public one.
tá sé sin ceart go leor It is OK
má théann tú if you will go does not use the future tense,
but that is implied here
síos an pasáiste thar sheomraí gléasta na mban down the aisle past the womens’ dressing rooms
sin leithreas na foirne. that is the staff toilet.
Féadfaidh tú an ceann sin a úsáid You may use that
beidh mise ag bailiú roinnt rudaí deasa anseo duit fad atá mé ag fanacht leat. I will be collecting some nice things as long as I am here waiting for you.


cáipéis document f2
allas sweat, perspiration m1
ag cur allais sweating
ag bárcadh allais dripping with sweat
ar capall on horseback
ar chapall on a horse

<!–


–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.