Irish Class, April 28, 2014
Rang Gaeilge, 28ú lá mí Aibreáin 2014
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Maidhc Dainín Ó Sé #8 — Final Excerpts
Galar an Ghrá
-
D’fhágas halla rince an Holiday Ballroom aon oíche amháin agus na cosa guagach go maith fúm agus mé bailithe go maith de chursaí an tsaoil.
Galar an Ghrá Disease of love D’fhágas halla rince I left the dance hall na cosa guagach unsteady feet mé bailithe go maith de chursaí an tsaoil fed up with the matters of life -
‘Sea mhuise, tuilleadh an diabhail chugatsa, a Mhaidhc Dainín. Halla lán de mhná agus ní bhogais do
chos ón gcuntar i rith na hoíche ar fad. I ndóthair thug t’athair tamall maith ag plé leis an ndeoch sula
dtáinig ciall dó in aois a leathchéad bliain nuair a thóg sé an pledge. A Mhuire, cailíní breátha ag
gabháil tharam is ag beannú dhom agus gan mise ábalta ar mo dhá chois a stiúrú i gceart. Ar m’anam
ach go gcaithfidh sé stad.’tuilleadh an diabhail chugatsa More the devil to you ní bhogais do chos ón gcuntar i rith na hoíche ar fad. You did not move your feet from the counter during the whole night I ndóthair thug t’athair tamall maith ag plé leis an ndeoch sula dtáinig ciall dó in aois a leathchéad bliain nuair a thóg sé an pledge. Of course your father did well dealing with the drink before coming to his senses when he was fifty years old and taking the pledge. cailíní breátha ag gabháil tharam is ag beannú dhom fine girls are going past me and they greet me gan mise ábalta ar mo dhá chois a stiúrú i gceart I am not able to steer my two feet straight go gcaithfidh sé stad it must stop -
He’s staggering home when he hears a call from a car and finds that a Kerryman that he knows is offering to give him a lift home.
He hops in and finds there are others in the car. -
Dheineas rud air agus chuas isteach ar shuíochán deiridh an ghluaisteáin agus bheannaíos do mo chara, Pádraig O Conchúir.
Tháinig scartadh breá gáire mná ó thosach an ghluaisteáin. D’aithníos láithreach í.
‘An tusa atá ann, a Jeannie Costello?’
Ba í siúd an cailín a thugas abhaile liom oíche agus go mb’éigean dom teitheadh nuair a tháinig a hathair ar an láthair.
‘A Mhichíl, ní fhaca tú chomh trom ar deoch riamh,’ arsa an Conchúrach.
‘O, a Phádraig, fear gan bhean gan chlann, fear gan beann ar éinne.’
D’fhéachas ar an gcailín a bhí i m’aice. Ní raibh aon ní á rá aici ach ag tógaint gach rud isteach.
Dheineas rud air agus chuas isteach ar shuíochán deiridh an ghluaisteáin I headed toward it and got into the last seat of the car bheannaíos do mo chara was greeted by my friend [var p aut??] Tháinig scartadh breá gáire mná ó thosach an ghluaisteáin A fine shout of womens laughter came from the front of the car Ba í siúd an cailín a thugas abhaile liom oíche She was the girl I took home an evening go mb’éigean dom teitheadh nuair a tháinig a hathair ar an láthair that I had to flee when her father came to the place ní fhaca tú chomh trom ar deoch riamh you never looked as heavy on drink fear gan bhean gan chlann, a man without a woman without family fear gan beann ar éinne without regard for anyone Ní raibh aon ní á rá aici ach ag tógaint gach rud isteach She was not saying anything but taking everything in -
‘Is cé hí tú féin nuair a bhíonn tú aige baile?’ a dúrtsa agus mé ag iarraidh mo dhá láimh a chur ina timpeall.
D’iompaigh sí orm. ‘Coinnigh dó dhá láimh chugat féin,’ ar sí, ‘mar tá an oíche tugtha ag ól agat.’
Ansin labhair Jeannie ón suíochán tosaigh. ‘Caitlín Nic Gearailt ó Oileán Chiarraí is ainm di agus is minic a bhís ag caint léi sa Keyman’s Club.’
‘O my! Ní maith é an t-ól agus an ragairne.’
Thugas iarracht mo dhá shúil a dhíriú uirthi agus radharc cheart a fháil uirthi, ach ní rómhaith a bhí ag éirí liom.
D’fhan sí ansiúd agus í fáiscithe isteach i gcúinne an tsuíocháin agus troigh go leith slí eadrainn.‘Is é inniu lá breithe Chaitlín,’ arsa Jeannie. ‘Táimid chun braon tae agus blúire den gcíste a bheith againn i dtig Chaidín sula dtabharfam ár n-aghaidh abhaile.
An bhfuil deabhadh ort, a Mhichíl?’Is cé hí tú féin nuair a bhíonn tú aige baile? Who are you when you are home? mé ag iarraidh mo dhá láimh a chur ina timpeall I wanted to put my two hands around her D’iompaigh sí orm. She turneed to me mar tá an oíche tugtha ag ól agat as you have been given to drinking is minic a bhís ag caint léi sa Keyman’s Club you have often been talking top her in Keyman’s Club Ní maith é an t-ól agus an ragairne. He did not like the drinking and revelry Thugas iarracht mo dhá shúil a dhíriú uirthi I gave a try to focus my two eyes on her radharc cheart a fháil uirthi to get the right [picture] scene of her ní rómhaith a bhí ag éirí liom she was not very happy with me D’fhan sí ansiúd she stayed there í fáiscithe isteach i gcúinne an tsuíocháin squeezed into a corner of the seat troigh go leith slí eadrainn a half foot way between us Táimid chun braon tae agus blúire den gcíste a bheith againn i dtig Chaitlín sula dtabharfam ár n-aghaidh abhaile We are going to have a drop of tea at Kate’s house before going home An bhfuil deabhadh ort Are you in a hurry -
They go into a house and have a bit of a birthday party with cake, but Maidhc isn’t too lively. But as they are leaving, something interesting happens.
-
Nuair a bhíos ag déanamh amach ar an ndoras tosaigh bhraitheas Caitlín ag teacht i mo dhiaidh.
Nuair a bhí gach éinne ag comhrá lasmuigh de dhoras do chuir sí blúire páipéir isteach i mo phóca.bhraitheas Caitlín ag teacht i mo dhiaidh I felt Kathleen coming after me Nuair a bhí gach éinne ag comhrá lasmuigh de dhoras When everyone was chatting outside the door -
Is go dtí Aifreann a dó dhéag a chuas lá arna mháireach. Mise dá rá leat ná raibh an cloigeann ar
fónamh. I rith an Aifrinn ar fad agus mé ag iarraidh paidir a rá rith eachtraí na hoíche roimhe sin trasna
ar m’aigne níos mó ná uair amháin. Faoi mar a bheadh Sátan ansiúd ar a chroí díchill ag tarraingt na
bpictiúirí os comhair mo shúl. Thagadh Caitlín Nic Gearailt agus a gúna deas gorm uimpi go soiléir os
comhair mo shúl. Ansin chroithinn mo cheann.cuas cavity, recess, cove, creek, bay m1 Is go dtí Aifreann a dó dhéag a chuas lá arna mháireach I went to Mass on the following day Mise dá rá leat ná raibh an cloigeann ar fónamh I tell you my head [lit “skull”] was not serviceable mé ag iarraidh paidir a rá rith I was wanting to say a prayer rith eachtraí na hoíche roimhe sin trasna ar m’aigne níos mó ná uair amháin over the events of the night before crossed my mind more than oncd Faoi mar a bheadh Sátan ansiúd ar a chroí díchill ag tarraingt na bpictiúirí os comhair mo shúl. As Satan was doing his hearfelt best to pull the pictures in front of my eyes. Thagadh Caitlín Kathleen came again and again p hab a gúna deas gorm uimpi go soiléir os comhair mo shúl. a nice blue dress on her clearly in front of my eyes. Ansin chroithinn mo cheann. Then my head shook again and again p hab -
‘Dhera, a Mhaidhc Dainín, cad é an diabhal atá ort, ná fuil milliún cailín chomh maith léi mórthimpeall na cathrach seo?
ná fuil milliún cailín chomh maith léi mórthimpeall na cathrach seo? Aren’t there a million girls as good as her around this city? -
Deirinn paidir eile, nó bhaininn triail as phaidir a rá, ach b’iúd arís í agus í ag cur rud éigin síos i mo
phóca. Thosnaíos ag cuardach i bpóca mo chasóige. An póca clé, ní raibh sé ann. An póca deas, ní
raibh sé ann. Tásc ná tuairisc ní raibh ar mo bhlúire páipéir. Cheapas ansin gurbh fhéidir gur ag
taibhreamh a bhíos nó go raibh mearbhaillí dí orm. B’fhéidir nár bhuaileas lena leithéid de chailín in
aon chor. Ach ní foláir nó gur bhuaileas.nó bhaininn triail as phaidir a rá, or I tried to say a prayer again and again p hab ach b’iúd arís í but again that was it í ag cur rud éigin síos i mo phóca. she was putting something down my pocket Thosnaíos ag cuardach i bpóca mo chasóige I started searching the pockets of my coat plural póca An póca clé the left pocket tásc rport of death, tidings tuairisc information, tidings f2 Tásc ná tuairisc Hide nor hair blúire bit, fragment m4 Cheapas ansin gurbh fhéidir gur ag
taibhreamh a bhíos nó go raibh mearbhaillí dí orm.I thought then that it was possible that I was dreaming or I was bewildered by drink. B’fhéidir nár bhuaileas lena leithéid de chailín in aon chor. Perhaps I had not met such a girl at all Ach ní foláir nó gur bhuaileas. But I must have met her -
In the end, it turns out that his sister had taken it out of his pocket and put it in a mug. He calls Kathleen, they start going out, and …
-
Do phósas féin agus Caitlín Nic Gearailt ar an ochtú lá fichead d’Aibreán 1962. Toisc mise a bheith ag
ceoltóireacht thall agus abhus ar fuaid na cathrach bhí aithne agam ar an saol agus a mháthair agus bhí
aithne acusan orm chomh maith. Dá bhrí sin bhí orainn beirt pósadh mór a bheith againn, nó ceann
éigin acu, gan éinne bheith sa tséipéal ach mé féin agus Caitlín agus na finnéithe. Sea mhuise, pósadh
mór a bheadh againn. ‘I ndóthair ní bheimid ag pósadh ach aon uair amháin,’ arsa Caitlín.Toisc mise a bheith ag ceoltóireacht thall Because I was doing music all over abhus ar fuaid na cathrach bhí aithne agam ar an saol agus a mháthair Here throughout the city I knew everyone and his mother bhí aithne acusan orm chomh maith. I was known by them as well Dá bhrí sin bhí orainn beirt pósadh mór a bheith againn There was pressure on us to have a big wedding nó ceann éigin acu or some one of them gan éinne bheith sa tséipéal ach mé féin agus Caitlín agus na finnéithe no one in the church by me myself and Kathleen and the witnesses finné witness m4 pl finnéithe pósadh mór a bheadh againn. we would have a big wedding I ndóthair ní bheimid ag pósadh ach aon uair amháin Of course we will only be married once -
Níor ghaibh aon tseachtain tharainn an bhliain sin ar fad ná go raibh cuireadh go dtí pósadh éigin
agam. Chuireamair fúinn in árasán Chaitlín. Bhí sé mór agus saor agus an-oiriúnach. Lean Caitlín ag
obair in áit ina bpacálaidís tae, agus mise ag obair i Sears Roebuck, gan trácht ar bheith ag seinm trí
oíche sa tseachtain, rud a fhág go raibh bonn an-mhaith fúinn ó thaobh bídh de.gabh take, capture, undertake tharainn over/past/across it Níor ghaibh aon tseachtain tharainn an bhliain sin ar fad ná go raibh cuireadh go dtí pósadh éigin
agamNot a week passed in the week the whole year when I did not have an invitation to some wedding. Chuireamair fúinn in árasán Chaitlín. We settled [put down] in Kathleen’s apartment Bhí sé mór agus saor agus an-oiriúnach. It was big and cheap and suitable Lean Caitlín ag obair in áit ina bpacálaidís tae, Kathleen countinued to work in the tea packing place gan trácht ar bheith ag seinm trí oíche sa tseachtain, without mention of playing three nights a week rud a fhág go raibh bonn an-mhaith fúinn ó thaobh bídh de. a thing that left a nice nest egg for us
I Mo Cheann Roinne
-
Back in Chicago, Maidhc is promoted, but race relations make life difficult.
-
I lár na bliana 1962 ghlaoigh an bainisteoir isteach orm ina oifig i Sears Roebuck. D’fhiafraigh sé díom
an mbeadh suim agam bheith i mo Cheann Roinne. Dúrt leis gur cheapas ná raibh mo dhóthain
oideachais orm do na cúraimí sin ach dúirt sé liom go raibh gach jab i mo thimpeall ar eolas agam agus
gurb é sin an teastas is fearr a d’fhéadfadh a bheith agam. Bheadh pá maith ag baint leis an bpost agus
bónas ag deireadh na bliana. Ní nach ionadh thógas an post. Thóg sé tamall uaim teacht isteach ar rudaí
áirithe ach fuaireas ana-chabhair ón gcriú a bhí ag obair liom.ghlaoigh an bainisteoir isteach orm ina oifig i Sears Roebuck. The manager called me into his office at Sears Roebuck D’fhiafraigh sé díom an mbeadh suim agam bheith i mo Cheann Roinne. He asked me whether I had an interest in being head of my department Dúrt leis gur cheapas ná raibh mo dhóthain oideachais orm do na cúraimí sin I said to him I did not have enough education for those tasks dúirt sé liom go raibh gach jab i mo thimpeall ar eolas agam He told me that I knew every job around me gurb é sin an teastas is fearr a d’fhéadfadh a bheith agam that is the best testimonial I could have Bheadh pá maith ag baint leis an bpost I would be getting good pay with the job Ní nach ionadh thógas an post. Not surprisingly I took the job Thóg sé tamall uaim teacht isteach ar rudaí áirithe It took me some time to get into certain things fuaireas ana-chabhair ón gcriú a bhí ag obair liom I got good help from the crew working with me -
Ag déanamh isteach ar dheireadh na bliana 1963 bhí flúirse oibre i Chicago do gach duine a bhí á lorg.
Dos na daoine gorma bhí an saol ag athrú leis. Bhí ceannairí óga ag teacht chun cinn ina measc,
leithéidí Martin Luther King agus Jesse Jackson agus mórán eile atá imithe as mo chuimhne. Is iad na
Democrats a bhí i gcumhacht sa Teach Bán i Washington faoi cheannas fear óg cumasach darbh ainm
John Fitzgerald Kennedy. Dlúthbhaint idir é féin agus Martin Luther King agus aon duine a léifeadh na
nuachtáin an uair sin bheadh sé le tuiscint aige go raibh an Cinnéideach ar a dhícheall na cearta
sibhialta a thug Lincoln don gcine ghorm a chur i bhfeidhm.bhí flúirse oibre i Chicago do gach duine a bhí á lorg. Chicago had plenty of work for everyone who was looking for it Dos na daoine gorma bhí an saol ag athrú leis. For the black people life was changing Bhí ceannairí óga ag teacht chun cinn ina measc Young leaders wre emerging among them leithéidí Martin Luther King agus Jesse Jackson agus mórán eile atá imithe as mo chuimhne. such as Nartin Luther King and Jesse Jackson and many others that are gone from my memory Is iad na Democrats a bhí i gcumhacht sa Teach Bán i Washington faoi cheannas fear óg cumasach darbh ainm John Fitzgerald Kennedy. The Democrats were in power in the White House in Washington, under the leadership of a capable young man named JFK. Dlúthbhaint idir é féin agus Martin Luther King Closely involved between him and MLK aon duine a léifeadh na nuachtáin an uair sin bheadh sé le tuiscint aige go raibh an Cinnéideach ar a dhícheall na cearta
sibhialta a thug Lincoln don gcine ghorm a chur i bhfeidhm.Anyone who wound read the newspapers understood that Kennedy was the best to put into effect for the civil rights that Lincoln had made -
Ar an 22 Samhain 1963 bhíos suite istigh i seomra lóin i Sears Roebuck agus céad duine eile ann
chomh maith. An raidió sa tsiúl faoi mar ba ghnáth agus gan éinne ag tógaint aon cheann de. Mé féin
agus fear darbh ainm Bob Rolver a bhí le chéile agus sinn ag imirt draughts. De gheit stop an ceol agus
tháinig fear nuachta ar an aer le scéal práinneach.An raidió sa tsiúl faoi mar ba ghnáth The radio was on [“underway”] as usual gan éinne ag tógaint aon cheann de witout anyone noticing it Mé féin agus fear darbh ainm Bob Rolver a bhí le chéile agus sinn ag imirt checkers Myself and a man named Bob Bolver were playing draughts De gheit stop an ceol agus tháinig fear nuachta ar an aer le scéal práinneach. Suddenly the music stopped and the newsman came on the air with an urgent story -
He writes with great admiration of Kennedy, then about civil rights battles in the South, and then about the 1966 riots in Chicago. He talks about the hot summer, the people in poor neighborhoods opening the fire hydrants and the conflicts that created.
He’s finding it ever more stressful to drive through the black neighborhood to get to Sears, and he and Kathleen start thinking about options:
-
Bhíos féin agus Caitlín suite síos ag ól braon tae an oíche sin agus staid na cathrach á chur trí chéile againn.
Is mór an t-athrú a bhí tagaithe ar chúrsaí ó thánamair sa chathair an chéad lá.
Bhí rud éigin neamhcheart nuair ná féadfadh daoine a bheith ag obair gan iad a bheith i mbaol a maraithe.
Cheapamair gur mhithid dúinn a bheith ag mapáil cúrsa éigin eile.staid na cathrach á chur trí chéile againn state of the city being confused together with us Is mór an t-athrú a bhí tagaithe ar chúrsaí ó thánamair sa chathair an chéad lá. The course of the city of the city had changed greatly since the first day we came Bhí rud éigin neamhcheart nuair ná féadfadh daoine a bheith ag obair gan iad a bheith i mbaol a maraithe. Something was wrong when people could not be at work without being in danger of being killed Cheapamair gur mhithid dúinn a bheith ag mapáil cúrsa éigin eile. We thought it was time for us to map another course
Ag Tabhairt faoi Abhaile
-
Eventually, race relations intrude on his work. Here’s the final chapter of the book in its entirety.
-
Saolaíodh an chéad duine clainne, mac, dúinne i 1966 agus i lár na bliana 1968 saolaíodh an dara duine clainne dúinn,
cailín an babhta seo. Caoimhín a bhaisteamair ar an mac agus thugamair Deirdre ar an gcailín.
Bhí sé ráite sa bhéaloideas gur Deirdre ab ainm don chéad bhanríon phágánach a bhí in Éirinn.
Thaitin an ainm go mór leis an mbeirt againn mar tuigeadh dúinn gur ainm bhreá Ghaelach é sin.saolaigh be born, delive cailín an babhta seo girl this time Caoimhín a bhaisteamair ar an mac The son was baptized Kevin Bhí sé ráite sa bhéaloideas gur Deirdre ab ainm don chéad bhanríon phágánach a bhí in Éirinn. It was said in folklore that Deirdre was the name of the first pagan queen in Ireland Thaitin an ainm go mór leis an mbeirt againn mar tuigeadh dúinn gur ainm bhreá Ghaelach é sin. I liked the name very much and we both understood it to be a fine Irish name -
Bhí isteach agus amach le nócha faoin gcéad des na hoibrithe i Sears Roebuck gorm faoin dtráth seo agus
má bhí brú orthu sin mar chine nuair a chuas ag obair ar dtúis ann is orainne a bhí an brú anois.
Is dócha go rabhadar ag lorg a gcion féin ar ais. Bhí oibrithe bána agus gorma ag obair faoi mo cheannas-sa.
Deireadh cuid des na hoibrithe gorma go rabhas fabhrach leis na hoibrithe bána agus cúpla duine bán ag rá gur nigger-lover mé.
Ní raibh a fhios agam an rabhas ag teacht nó ag imeacht. Tráthnóna amháin lasmuigh de dhoras Sears Roebuck tháinig beirt fhear ghorma i mo threo.
D’fhiafraíodar díom ar mé Micheál O Sé. Dúrt leo gur mé.Bhí isteach agus amach le nócha faoin gcéad des na hoibrithe i Sears Roebuck gorm faoin dtráth seo Inside and out about 90% of the workers at Sears Roebuck were black at this time má bhí brú orthu sin mar chine nuair a chuas ag obair ar dtúis ann is orainne a bhí an brú anois. If there was race pressure on them when I went to work at first there was pressure on us now Is dócha go rabhadar ag lorg a gcion féin ar ais. It is likely they were looking to get their own back Bhí oibrithe bána agus gorma ag obair faoi mo cheannas-sa. There were white and black workers under me Deireadh cuid des na hoibrithe gorma go rabhas fabhrach leis na hoibrithe bána agus cúpla duine bán ag rá gur nigger-lover mé. Finally some of the black workers said I was favoring the white workers and a couple of the white people called me a N-L. Ní raibh a fhios agam an rabhas ag teacht nó ag imeacht. I did not know if I was coming or going Tráthnóna amháin lasmuigh de dhoras Sears Roebuck tháinig beirt fhear ghorma i mo threo. One evening outside SR two black men came in my direction -
‘Tá cailín amháin ag obair duit agus b’fhearr duit féin gan a bheith róchruaidh uirthi.’
Níor thaitin an saghas seo cainte in aon chor liom agus bhraitheas i m’aigne féin ná féadfainn cur suas a thuilleadh leis mar chúram.
Chomh luath agus a shroiseas an tig an tráthnóna sin dúrt le Caitlín suí síos go labharfaimis le chéile.
D’insíos mo scéala di mar gheall ar an bhfoláireamh a fuaireas ón mbeirt.
‘Anois, a Chaitlín, tá an saol seo róghairid chun maireachtaint in áit a bhfuil brú mar seo ag teacht anuas sa cheann orm.’b’fhearr duit féin gan a bheith róchruaidh uirthi. You’d better not be too hard on her Níor thaitin an saghas seo cainte in aon chor liom I did not like this sort of speech at all bhraitheas i m’aigne féin ná féadfainn cur suas a thuilleadh leis mar chúram. I felt in my mind I was no longer able to put up with the responsibility D’insíos mo scéala di mar gheall ar an bhfoláireamh a fuaireas ón mbeirt. I told my story because of the warning I had gotten from the two róghairid too short
<!–
–>