Irish Class, February 25, 2013
Rang Gaeilge, 25ú lá Mí Feabhra 2013
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
-
Deireadh á chur le maoiniú Ghaelscéal
-
- Níorbh leor ciorclaíocht de 4,000 don Fhoras
- Neamhaird iomlán déanta ar dhíolacháin scoileanna
- Neamhaird iomlán déanta ar léitheoireacht ar líne
Níorbh leor not enough maoiniú funding ciorclaíocht circulation Foras foundation, institution, base, stability neamhaird disregard iomlán completely ar dhíolacháin scoileanna of school sales ar léitheoireacht ar líne of online reading -
Tá sé fógartha ag Foras na
Gaeilge go bhfuil siad chun
deireadh a chur le maoiniú
do Ghaelscéal. Dúirt an
Foras go raibh an cinneadh
á dhéanamh de bharr go raibh an
méid cóipeanna den nuachtán a bhí á
dhíol sna siopaí, 1,314 in aghaidh na
seachtaine, níos lú ná an sprioc a leagadh
amach don nuachtán.fógairt call, proclamation, warning f3 gs fógartha cinneadh decision de bharr as a result of, because an méid cóipeanna the number of copies in aghaidh na seachtaine per week níos lú less sprioc mark, target a leagadh amach set out for -
Mhaígh siad i ráiteas go raibh fóirdheontas
€6 á íoc as gach cóip a díoladh
sna siopaí.Tá an líomhainn seo séanta go láidir
ag Torann na dTonn.
maigh state, claim v ráiteas statement fóirdheontas subsidy íoc payment, charge, rate líomhain allegation láidir strong torann noise tonn wave séan deny -
Deir an comhlacht nár chuir an
Foras san áireamh breis agus 1,000
cóip a dhíoltar le scoileanna agus eile,
cóipeanna digiteacha a léitear in
aghaidh na seachtaine ar líne ná an
1,200 duine eile a bhain úsáid as an
suíomh idirlín ar bhonn seachtainiúil.Ciorclaíocht sheachtainiúil de 3,978
san iomlán atá ag an nuachtán de réir
an chomhlachta.
comhlacht company, firm áireamh counting, reckoning, number breis increase, excess, more than cóipeanna digiteacha a léitear digital copies are read an 1,200 duine eile a bhain úsáid as an suíomh idirlín ar bhonn seachtainiúil. the 1,200 other people who have used the website on a weekly basis. Ciorclaíocht sheachtainiúil weekly circulation san iomlán in total de réir according to -
Tá sé ráite i litir a fuair stiúrthóirí
Thorann na dTonn go raibh bord an
Fhorais den tuairim “go bhfuil treochtaí
phobal léitheoireachta na
Gaeilge ag imeacht go suntasach ó
fhormaid na meán clóite agus tá
pleananna á gcur le chéile ag Foras na
Gaeilge le freastal a dhéanamh ar na
riachtanais seo.”ráite said tuairim view treochtaí trends pobal léitheoireachta reading public suntasach noticeable, ag imeacht leaving ó fhormaid na meán clóite from the format of the print media freastal service riachtanas necessity, need -
Níor thug an Foras le fios cén bunús
taighde a bhí leis an tuairim sin, óir
léiríonn figiúirí Ghaelscéal féin go
léann i bhfad níos mó daoine an
nuachtán clóite ná an leagan digiteach.
Rinne Bord an Fhorais an cinneadh
tar éis dóibh tuairisc a fháil ó
choiste irisí na heagraíochta.fios knowledge, information m3 cén bunús what basis taighde research óir because, gold léirígh clarify, explain, illustrate leagan fall, lowering, knocking down, version m1 cinneadh decision tuairisc report, information coiste committee m4 iris magazine, journal f2 eagraíocht organization f3 -
Maidir le líon na gcóipeanna –
tuigtear, ó fhoinsí iontaofa, nár
cuireadh san áireamh ach an líon a
dhíoltar sna siopaí agus eolas á thabhairt
don Bhord.Maidir as for, as regards líon number foinse source iontaofa trustworthy, reliable áireamh counting, reckoning, number an líon a dhíoltar sna siopaí the number sold in stores -
Tugadh le fios do Bhord an
Fhorais chomh maith go raibh
Torann na dTonn ag iarraidh
tarraingt as an chonradh, beart
a shéanann an comhlacht.Tugadh le fios do Bhord The board was informed chomh as, so tarraingt pull, drag conradh contract, treaty beart plan, action séan deny -
Ag caint dó faoin gcinneadh,
dúirt Julian de Spáinn, Ardrúnaí
Chonradh na Gaeilge, gur
“nuacht tubaisteach” a bhí anseoAg caint dó faoin gcinneadh speaking about the decision Conradh na Gaeilge The Gaelic league tubaisteach disastrous, calamitous -
Dúirt Niamh de Búrca ó
Ghael Linn go raibh an-aiféala
uirthi faoin “drochscéal” nach
mbeadh an nuachtán
‘Gaelscéal’ á fhoilsiú i bhfad
eile.aiféala regret, remorse uirthi on her foilsiú revelation, disclosure i bhfad eile much longer -
Mar gheall ar an chinneadh
seo, chun críoch luath a chur le
maoiniú Ghaelscéal, meastar
go gcuirfear deireadh le foilsiú
an nuachtáin ag am éigin an
mhí seo chugainn.Mar gheall ar an chinneadh seo Because of this decision chun críoch luath a chur le maoiniú Ghaelscéal to end soon the funding of Gaelscéal meas consider, estimate, value, judge v and m3. aut meastar foilsiú revelation, disclosure, publication ag am éigin an mhí seo chugainn at some time next month
-
-
Kenny cáinte ag grúpa na Maigdiléana
-
RINNE grúpa atá ag stocaireacht ar
son íospartaigh na Neachtlanna
Maigdiléana cáineadh ar an
Taoiseach inné de bharr an fhreagra
a bhí aige ar thuairisc nua.stocaireacht lobbying ar son on behalf of íospair ill-treat, ill-use neachtlann laundry cáineadh condemnation, censure de bharr an fhreagra because the answer tuairisc information, report -
Dhiúltaigh Enda Kenny leithscéal
a ghabháil ar son an Stáit tar éis don
iarSheanadóir Martin McAleese
tuairisc faoi na hinstitiúidí a fhoilsiú.Diúltaigh refuse, deny iarSheanadóir former senator leithscéal a ghabháil ar son an Stáit give an apology on behalf of the state foilsiú revelation, disclosure, publication -
De réir na tuairisce, bhí baint lárnach
ag an Stát i bhfeidhmiú na
neachtlann, rud a shéan rialtais a
tháinig roimh an gceann reatha seo.Ag caint dó sa Dáil, dhiúltaigh an
Taoiseach glacadh le moladh ón bhfreasúra
go ngabhadh sé leithscéal ar
son an Stáit.de réir according to tuairisc report, information lárnach central feidhmiú functioning, operation séan deny rith run, course, career m3 gs reatha tháinig roimh an gceann reatha seo came before the current one diúltaigh refuse glacadh accept moladh praise, proposal freasúra opposition m4 gabh take, catch, capture, go ar son on behalf of -
Dúirt Steven Riordan, urlabhraí an
ghrúpa Magdalene Survivors
Together, go raibh díomá air faoin
bhfreagra i leith na tuairisc a bhí ag
an Taoisigh agus na n-ord eaglasta a
bhí i bhfeighil na neachtlann.urlabhraí spokesman díomá disappointment, sorrow leath side, part, direction f2 ds leith tuairisc report, information ord eaglasta ecclesiastical order feighil vigilance, watchfulness, care, attention -
Dúirt sé gur dearnadh sclábhaithe
de na mná agus gur scriosadh a
gcearta bunreachtúla.Frítheadh sa tuairisc gur cuireadh
10,000 bean chuig na hinstitúidí ó
bunaíodh an Stát. Ba é an Stát féin a
chuir an ceathrú díobh ann.gur dearnadh sclábhaithe de na mná that slaves had been made of the women gur scriosadh a gcearta bunreachtúla that their constitutional rights had been destroyed frith finding tuairisc report, information ó bunaíodh an Stát from the establishment of the state ceathrú fourth, quarter -
Thug rialtais maoiniú do na
neachtlanna mar aon le conarthaí
oibre a bhí le déanamh ag na mná.
Cuireadh iachall ar na mná obair a
dhéanamh sna neachtlanna, gan
phá. Chaith seisear as gach deichniúr
níos lú ná bliain iontu.maoiniú funding conradh contract pl conarthaí iachall = iallach compulsion pá pay, wages seisear as gach deichniúr six out of every ten iontu in them ← i
-
-
Deireadh ag teacht le Gaelscéal
-
BEIDH deireadh le foilsiú Ghaelscéal i gcló
agus ar líne go luath. Caillfear 5 phost lán-
Ghaeilge agus post amháin páirtaimseartha
sa Ghaeltacht mar thoradh air seo,
ceathrar de na fostaithe sin ina gcainteoirí
dúchais Gaeilge.
Deireadh ag teacht le Gaelscéal The end of Gaelscéal is coming BEIDH deireadh le foilsiú Ghaelscéal i gcló agus ar líne go luath. The end of publication of Gaelscéal in print and on line is soon Caillfear 5 phost lán-Ghaeilge agus post amháin páirtaimseartha sa Ghaeltacht mar thoradh air seo 5 full [time] Irish jobs and one part time job in the Gaeltacht will be lost as a result of this ceathrar de na fostaithe sin ina gcainteoirí dúchais Gaeilge. four of those employees are native speakers of Irish. -
Caillfidh go leor saoirisiseoirí, a bhfuil na
céadta blianta de thaithí acu le chéile, a
gcuid ioncaim chomh maith, arís, riar
maith acu ina gcainteoirí dúchais Gaeilge.Tá sé seo ag tarlú de bhrí gur chinn bord
Fhoras na Gaeilge deireadh aontaobhach a
chur leis an Chonradh idir iad féin agus
Torann na dTonn Teo.
Caillfidh go leor saoirisiseoirí Many free-lance journalists a bhfuil nacéadta blianta de thaithí acu le chéile that together have hundreds of years of experience ioncam income m1 a gcuid ioncaim chomh maith, arís and their income as well, again. riar administration, management, supply m4 riar maith acu ina gcainteoirí dúchais Gaeilge well supplied with native speakers of Irish [??} Tá sé seo ag tarlú de bhrí gur this is happening because chinn bord Fhoras na Gaeilge deireadh aontaobhach a chur leis an Chonradh idir iad féin agus Torann na dTonn Teo the Board of FnG unilaterally put and end to the contract between them and TnT -
Ba mhaith linn a chur in iúl go raibh
Torann na dTonn Teo go hiomlán tiomanta
go hiomlán don togra seo i gcónaí agus
gur cuireadh sin in iúl don Fhoras taobh
istigh de choicís ó shin.Ba mhaith linn a chur i gcuimhne do
dhaoine chomh maith, gur fhoilsigh
Gaelscéal nuachtán 40 leathanach de
ghnáth cé nach bhfuair muid ach deontas
do 32 leathanach.Ba mhaith linn a chur i gcuimhne do dhaoine chomh maith We would like to remind people foilsigh reveal, publish deontas grant -
Tá sé ráite ag an Fhoras gur chuir siad
deireadh leis an chonradh de bhrí nár dhíol
Gaelscéal go leor cóipeanna.Agus bhí an ceart acu – níor dhíol muid
go leor, ach bhí preasráiteas an Fhorais
dochreidte i leith dhíolacháin Gaelscéal go
díreach.
preasráiteas press release -
Go deimhin, bhí sé iomlán míchruinn.
Chuir ráiteas an Fhorais in iúl nach raibh
de chiorclaíocht ag Gaelscéal ach 1,314 cóip
in aghaidh na seachtaine, ní raibh sé sin
beacht ar chor ar bith.Ní fios an ndearna an Foras é sin
d’aonghnó, trí easpa cumarsáide idir an
bord agus feidhmeannas an Fhorais, nó trí
easpa cumais.
míchruinn inaccurate -
Ní fios an ndearna an Foras é sin
d’aonghnó, trí easpa cumarsáide idir an
bord agus feidhmeannas an Fhorais, nó trí
easpa cumais. -
Bhí ciorclaíocht 3,978 sa tseachtain ag
Gaelscéal. Thiocfadh leis sin a bheith i
bhfad níos fearr go cinnte, ach le cúrsaí
eacnamaíochta mar atá agus nuachtáin an
domhain mhóir ag streachailt, tá muid
bródúil as sin. -
Ar ndóigh is ionann an figiúr sin agus
léitheoireacht 8,000 in aghaidh na seachtaine.
Líon 7,806 teaghlach Daonáireamh
2011 amach i nGaeilge. Is ionann an dá
fhigiúr a bheag nó a mhór.<!–
–>
-
Cuimhnímis go raibh ar Gaelscéal an
páipéar a chur ar líne saor in aisce, agus
suíomh idirlín cuimsitheach a bheith
againn, rud a rinne dochar dár ndíolachán
gan amhras –ach nach raibh aon chreidiúint
a fháil do na rudaí sin ón Fhoras.nach raibh aon chreidiúint a fháil wasn’t even mentioned -
Níor luadh é fiú.
Níor luadh an díolachán sna scoileanna
ach an oiread, d’ainneoin gur cóipeanna
crua a bhí i gceist.Bhí sé sin maslach go díreach agus léirigh
sé easpa measa ar an obair a rinneadh i
dtaca leis an díolachán seo.
luadh mentioned ainneoin in spite of -
Cén fáth nár luadh na nithe sin sa
phreasráiteas a chuir Foras na Gaeilge
amach?Cén fáth ar dearnadh a bheag de
Gaelscéal, d’iriseoireacht na Gaeilge agus
na Gaeltachta i súile na meán Béarla?
preasráiteas press release i súile na meán Béarla in the eyes of the English media -
Tá buncheist eile ann, d’ainneoin go
léann níos mó daoine an leagan clóite de
Gaelscéal ná mar a léann ar líne í – 2,378 in
éadan 1,600, dar leis an Fhoras, gur “léir go
bhfuil treochtaí phobal léitheoireachta na
Gaeilge ag imeacht go suntasach ó fhormaid
na meán clóite agus tá pleananna á
gcur le chéile ag Foras na Gaeilge le freastal
a dhéanamh ar na riachtanais seo.”ainneoin in spite of -
Fágaimis an bhunfhadhb mhatamaitice i
leataobh ag an phointe seo, ach cad iad na
‘pleananna’ seo atá ag an Fhoras? Tuigtear
dúinn go bhfuil ‘suirbhé’ a ullmhú ag an
Fhoras. Ach is léir go nglacfaidh sé bliain ar
a laghad sula mbeidh aon tseirbhís nua
bunaithe.<!–
–>
-
Cén mhaitheas a dhéanfaidh an bhearna
sin don Ghaeilge?
Cén fáth nár ligeadh do Gaelscéal
leanúint ar aghaidh, go leictreonach fiú, go
dtí go mbeadh comórtas nua ann?
Tá sé cruthaithe ag an pháipéar seo go
bhfuil fios ár ngnó againn maidir le seirbhís
ar líne.Cén fáth nár why not Tá sé cruthaithe it is proven maidir as regards -
Ná déanaimis dearmad go mbeadh ar
sheirbhís nua nuachta ar líne tosú as nua –
tá 3,745 lucht leanúna againn ar Twitter (ár
gceithre chuntas curtha le chéile), 3,822
‘likes’ ar Facebook agus 830 lucht leanúna
ar Abairleat.<!–
— >
-
Sin iad na bun-uirlisí atá ag teastáil le
seirbhís nuachta ar líne a chur ar bun agus
beidh siad curtha amú ag an Fhoras anois.Agus caithfear a chur san áireamh nach
bhfuil ach suíomh idirlín TG4 chun tosaigh
orainn sa rangú domhanda, agus go bhfuil
bearna mhór idir shuíomh Ghaelscéal agus
an chéad suíomh eile i nGaeilge atá taobh
thiar dúinn sa tríú háit.uirlis tool bearna gao -
An mbeidh maoiniú ann ó Fhoras na
Gaeilge do pháipéar clóite arís? Is é tuairim
an pháipéir seo go mbeidh.Is léir nach iad Foras na Gaeilge, agus
níos tábhachtaí, Bord an Fhorais atá
ceaptha ag polaiteoirí na tíre, an dream is
fóirsteanaí chun maoiniú a dhéanamh ar
na meáin Ghaeilge. Tá buncheist dhaonlathach
ann. -
Ní gá ach spléachadh a thabhairt ar
shuíomhanna idirlín pháirtithe polaitiúla
na hÉireann chun a seasamh i leith na
Gaeilge a fheiceáil – tá formhór acu i
mBéarla amháin. Mar a léirigh Gaelscéal
cheana, tá níos mó Gaeilge ar shuíomh
idirlín Bhanríon Shasana.a seasamh standing formhór majority -
Tá múnla nua maoinithe ag teastáil agus
beidh ceann á mholadh againn sna seachtainí
atá fágtha againn.Leanfaidh Gaelscéal ar aghaidh chomh
fada agus is féidir, ach tá muid ag caint ar
sheachtainí seachas ar mhíonna, faraor.Leanfaidh Gaelscéal ar aghaidh chomh
fada agus is féidirGaelscéal will continue as long as possible -
I gceann tamall róghairid, beidh ‘Foinse’
ag treabhadh leo féin, go n-éirí leo, go raibh
tacaíocht acu ón phobal, agus go raibh misneach
acu chun súil ghéar a choinneáil
orthu sin a bhfuil an cumhacht acu.I gceann tamall róghairid In too short a time treabhadh plowing tacaíocht support
-
-
Is breá le Gaeilgeoirí scéalta faoin nGaeilge
-
AGUS bás nuachtáin Ghaeilge eile ar na
bacáin, ní mór cúpla ceist a chur maidir le
chur chuige na hearnála a phlé. Ceann acu
ná an teannas síoraí idir ‘nuacht faoin
nGaeilge’ nó ‘nuacht i nGaeilge’. -
Deir neart daoine go mbíonn agus go
raibh an-iomarca plé faoin teanga i
nGaelscéal agus nuachtáin eile a tháinig
roimhe. Cás é seo ina mbíonn an rud a deir
daoine agus an rud a dhéanann daoine ag
teacht salach ar a chéile. -
Tá a fhios ag foireann Ghaelscéal go
díreach ceard iad na scéalta is mó tóra ar
shuíomh idirlín an nuachtáin – scéalta faoin
nGaeilge. Is scéalta faoin teanga a mheall
níos mó amas ná scéalta ar bith eile. -
Nuacht faoin nGaeilge nó Nuacht i nGaeilge –
cé acu ab fhearr leat?Is amhlaidh a bhí sé leis an leagan clóite.
Thit díolachán nuair nach raibh scéal faoin
nGaeilge nó faoin nGaeltacht ar an
bpríomhleathanach. -
Is scéalta faoin nGaeilge formhór ollmhór
na scéalta a tharraing aird na meán Gaeilge
eile. Is fíorannamh go deo a iarradh ar bhall
den fhoireann labhairt ar chláracha raidió
faoi scéal nó gné-alt nár bhain leis an teanga.Ní hé nach raibh scéalta nó gné-ailt fiúntacha
nár bhain leis an teanga nach raibh
suim ag éinne iontu. -
Rinne an Daily Mail scéal bunaithe ar
thuairisc eisiach a bhí againn faoin mbaol
dóiteáin a bhaineann le hOspidéal
Máithreachais Choláiste na hOllscoile Chorcaí.
D’fhoilsigh an Journal.ie leagan Béarla
de ghné-alt a bhí againn faoi fhoréigean in
éadan ban, alt a mheall 10,000 amas ar an
suíomh sin. -
Is é sin an taithí atá ag Gaelscéal ar an
gceist seo, gur aoibhinn le Gaeilgeoirí scéalta
faoin nGaeilge. Ach ar cheart go gcuirfeadh
sé seo iontas ar dhuine ar bith? -
Maith dom é mar sin má tá níos mó alt
faoi chúrsaí Gaeilge san Oireachtas mar
chuid den cholún seo ar feadh píosa – ní hé
go bhfuil éinne eile chun tuairisciú a
dhéanamh air, seachas b’fhéidir, gearán ó
iriseoirí eile go bhfuil – uafás na n-uafás – an
Ghaeilge á labhairt sa Dáil.tuairisc report, information -
–>
<!– -
<!–
–>
<!–
–>
<!–
–>