Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas
Caibidil XI: Cé a ghoid na Cácaí?
Who stole the cakes?
Nuair a shroich siad an áit bhí an Rí Hart is an Bhanríon
Hart ina suí ar a gcathaoir ríoga agus comhthionól
mór ina dtimpeall—scata mór de gach uile chineál éan beag
agus beithíoch beag, chomh maith le paca iomlán cártaí: bhí
an Cuileata ansiúd ina sheasamh os a gcomhair, é ceangailte
le slabhraí agus saighdiúir ar garda ar gach aon taobh de;
díreach taobh leis an Rí bhí an Coinín Bán, stoc i lámh leis
agus scrolla meamraim sa lámh eile. Bhí bord i gceartlár na
cúirte agus mias mhór cácaí ina luí air; bhí siad ag féachaint
chomh deas sin nuair a bhreathnaigh Eilís orthu gur chuir
siad uisce lena fiacla—“Faraor nach bhfuil an triail thart,” a
dúirt sí léi féin, “agus an bia á chur timpeall!” Ach ba bheag
an baol go dtarlódh sé sin; thosaigh sí mar sin ag féachaint
ar gach rud thart uirthi chun an t-am a chur di.
When they reached the place where the King of Hearts and the Queen of Hearts were sitting on
their throne with a big gathering around them—a big crowd of all sorts of small birds and small
beasts, as well as a full deck of cards: the Jack was standing there in front of them, bound with
chains and a soldier on guard on each side of him; just next to the King was the White Rabbit,
trumpet in one hand and a memo scroll in the other. There was a table in the exact center of the court
and a large dish of cakes lying on it; they seemed so nice when Alice looked at them that she watered
her teeth—”Alas, the trial is not over,” she said to herself, “and the food being passed around!”
But there was little danger of that happening so she started looking at everything around her to pass
the time.
comhthionól Assembly; gathering, group m
scata Crowd; group, drove, pack m
iomlán All, the whole; total, aggregate; full
Cuileata = Cuireata Knave, Jack m
meamram Parchment; parchment writing; Memorandum
mias dish f
baol danger m
Ní raibh Eilís i dteach cúirte riamh roimhe sin, ach léigh sí
faoina leithéid i leabhair, agus bhí sí sásta go raibh ainm aici
ar mhórán gach dá raibh ann. “Sin é an breitheamh,” a dúirt
sí léi féin, “mar gheall ar a pheiriúic mhór.” [end p 114]
Alice had never before been in a courthouse, but she [had] read about such[them] in books,
she was happy she had a name for much of everything that was there. “That is the judge,”
she said to herself, “because of his big wig.”
leithéid Like, counterpart, equal; such f
Ba é an Rí an Breitheamh, dála an scéil. Toisc go
gcaitheadh sé a choróin os cionn a pheiriúice (agus más
maith leat fáil amach conas a dhéanadh sé é sin, féach ar an
tulmhaisiú), ní róchompordach an chuma a bhí air, agus go
deimhin ní rómhaith a bhí sé ag dul dó.
The King was the Judge, by the way. Because he wore his crown over his wig (if you want to find out
how he did that, look at the frontispiece) he didn’t look too comfortable, and it certainly was
not going too well for him.
dáil Meeting; assembly, convention; Nearness, proximity; Matter, condition; affair, circumstance, situation f gs dála
coróin crown f
“Agus sin thall bosca an ghiúiré,” arsa Eilís léi féin; “agus
an dá chréatúr déag sin,” (bhí uirthi “créatúir” a rá, an
dtuigeann tú, mar gur ainmhithe cuid díobh agus éin an
chuid eile,) “is dócha gurb iad na giúróirí iad.” Dúirt sí an
focal “giúróirí” léi féin cúpla uair, mar bhí sí bródúil as: mar
shíl sí, agus b’fhíor di é, gur beag cailín dá haois a mbeadh
an focal aici ar chor ar bith. Ach bheadh an leagan “an
dáréag” gach pioc chomh maith leis.
“And over there is the jury box,” Alice said to herself; “and those twelve creatures,”
(she had to say “creatures”, you understand, as some of them were animals and the rest birds,)
“they are probably the jurors.” She said the word “jurors” to herself a few times,
because she was proud of it: as she thought, and it was true for her, that few girls her age would
have the word at all. But the “twelve” version would be just as good.
thall over, beyond
giúiré
créatúr creature m
bródúil proud
leagan act of knocking down; lowering; laying; setting; version
dháréag the twelve
pioc it, jot, whit, iota; particle m
Bhí an dá ghiúróir déag ag scríobh go gnóthach ar shlinnte.
“Cad atá siad a dhéanamh?” a dúirt Eilís de chogar leis an
nGríobh. “Ní féidir leo aon rud a bheith acu le scríobh síos
sula dtosóidh an triail.”
The twelve jurors were busily writing on slates. “What are they doing?” Alice said in a whisper
to the Griffin. “They cannot have anything to write down before the trial begins.”
gnóthach busy
slinn flat surface, flat stone; slate f pl slinnte
“Is ag cur síos [fronting] a n-ainmneacha féin atá siad,” a d’fhreagair
an Ghríobh de chogar, “ar fhaitíos go ndéanfaidh siad
dearmad orthu roimh dheireadh na trialach.”
“They are writing down their own names,” the Griffin answered in a whisper, “for fear they will
forget them before the end of the trial.”
faitíos Fear, apprehension; Timidity, shyness
“Nach iad na bobarúin iad!” a dúirt Eilís de ghlór ard
míshásta; ach choisc sí í féin faoi dheifir, mar ghlaoigh an
Coinín Bán “Ciúnas sa chúirt!”, agus chuir an Rí a chuid
spéaclaí air féin agus bhreathnaigh timpeall go crosta le fáil
amach cé a bhí ag caint.
“Aren’t they the boobies!” Alice said in a loud, unhappy voice; but she restrained herself in a hurry,
as the White Rabbit called “Silence in the court!” and the King put on his spectacles and
looked around crossly to find out who was talking.
bobarún booby m
coisc Check, stop; prevent, restrain
crosta fractious; troublesome, difficult
Ba léir d’Eilís, chomh maith agus dá mbeadh sí ag
breathnú thar a ngualainn gur “Na bobarúin!” a bhí á
scríobh acu ar a slinnte, agus chonaic sí freisin fiú nach raibh
litriú an fhocail “bobarúin” ag ceann díobh agus go raibh ar
a chomharsa é a insint dó. “Beidh na slinnte ina bpraiseach
cheart sula gcuirfear críoch leis an triail!” a dúirt Eilís léi
féin.
It was clear to Alice, as well, that if she would look over her shoulder it was “The Boobies” they
were writing on their slates, she also saw that one of them did not even spell the word “boobies”
and had to be told by
his neighbor. “The slates will be a proper mess before the trial ends!” Alice said to herself.
gualainn shoulder f
litriú spelling m
comharsa neighbor f
fiú worth; even
praiseach porridge, mess f
Is ag déanamh díoscáin a bhí ceann de phinn luaidhe an
ghiúiré. Ní fhéadfadh Eilís é sin a fhulaingt ar ndóigh agus [end p 115]
chuaigh sí timpeall na cúirte mar sin agus sheas ar a chúl.
Níorbh fhada go raibh deis aici an peann luaidhe a bhaint de
chomh tobann sin, nach raibh a fhios ag an ngiúróir bocht
(ba é Liam an tEarc Luachra é) cad a bhain dó ar chor ar
bith; mar sin de, tar éis a bheith á thóraíocht gach áit ar
feadh tamaill, bhí air scríobh le méar an chuid eile den lá;
agus ba bheag an mhaith dó é sin, toisc nach bhfágadh a
mhéar rian ar bith.
One of the jury’s pencils was squeaking. Alice could not stand that of course and she went around
the court and stood at his back. It wasn’t long before she had the chance to take away the pencil
so suddenly that the poor juror did not know (It was Liam the Newt) what concerned [happened to] it
at all, and so on, after searching everywhere for a while, he had to write with his finger
the rest of the day; and that was little good for him, because his finger did not leave a mark at all.
díoscán creaking, grating, grinding; squeak m
fulaingt (Capacity for) suffering; endurance, tolerance, forbearance f
rian Course, path; Mark, trace, track
“A Bholscaire,” a dúirt an Rí, “léigh amach an cúiseamh!”
Shéid an Coinín Bán trí nóta ar a stoc, d’oscail amach an
meamram agus léigh mar seo a leanas:—
“Herald,” the King said, “Read out the accusation!”
The White Rabbit blew three notes on his trumpet and opened out the parchment read as follows:—
Bolscaire herald m
cúiseamh Accusation, charge m
Séid blow v
“An Bhanríon Hart, do bhácáil sí cácaí,
cácaí milse i lár mhí Iúil.
An Cuileata Hart, do ghoid na cácaí,
is thug leis iad ar shiúl!” [end p 116]
The Queen of Hearts, she baked cakes,
sweet cakes in mid-July
The Jack of Hearts, who stole the cakes,
and walked off with them!
“Déanaigí machnamh ar bhur bhfíorasc,” a dúirt an Rí leis
an ngiúiré.
“Ní go fóill, ní go fóill!” a dúirt an Coinín ag teacht roimhe.
“Tiocfaidh a lán lán roimhe sin!”
“Glaoigh ar an gcéad fhinné,” a dúirt an Rí. Shéid an
Coinín Bán trí nóta ar a stoc agus ghlaoigh amach, “An
chéad fhinné!”
“Reflect on your verdict,” the King said to the jury.
“Not yet, Not yet!” said the Rabbit coming before him. “A whole lot will come before that!”
“Call the first witness,” the King said. The White Rabbit blew three notes on his trumpet and
called out, “The first witness!”
machnamh Wonder; Reflection, contemplation m
fíorasc verdict m
finné witness m
Ba é an Haitéir an duine a bhí i gceist. Tháinig sé isteach
agus cupán tae i leathlámh agus píosa aráin le him air sa
lámh eile. “Gabhaim pardún agat, a Rí,” a dúirt sé, “gur
thug mé iad seo isteach liom; ach ní raibh mo chuid tae
críochnaithe agam nuair a cuireadh fios orm.”
The Hatter was the person in question. He came in with a cup of tea in one hand and a piece of bread with
butter in the other. “Pardon me, Sire,” he said, “that I brought these with me; but I had not
finished my tea when I was informed [the summons was put to me] of this.”
“Ba chóir duit a bheith críochnaithe,” arsa an Rí. “Cén
uair a thosaigh tú?”
D’fhéach an Haitéir ar an nGiorria Márta, a bhí tar éis
teacht isteach sa chúirt uillinn ar uillinn leis an Luch
Chodlamáin. “[implied copula] An ceathrú lá déag de Mhárta a bhí ann, is
dóigh liom,” a dúirt sé.
“You should be finished,” the King said. “When did you start?”
The Hatter looked at the March Hare, who had just come into the court arm in arm with the Dormouse.
“It was the fourteenth day of March, I think,” he said.
“An cúigiú lá déag,” a dúirt an Giorria Márta.
“An séú lá déag,” a dúirt an Luch Chodlamáin.
“Scríobhaigí é sin síos,” arsa an Rí leis na giúróirí; agus
scríobh an giúiré na trí dháta síos go dícheallach ar a slinnte.
Shuimigh siad ansin iad agus rinne puint is pinginí díobh.
“The fifteenth day,” the March Hare said.
“The sixteenth day,” the Dormouse said.
“Write that down,” the King said to the jurors; and the jury diligently wrote the three dates
down on their slates. They then added them up and made pounds and pennies of them.
dícheallach Doing one’s best; earnest, diligent
Suimigh add v
punt pound
pingin penny f
“Bain díot do hata,” a dúirt an Rí leis an Haitéir.
“Ní liomsa é,” a dúirt an Haitéir.
“Goideadh é!” a dúirt an Rí agus é ag casadh ar an ngiúiré,
agus rinne siadsan nóta den scéal láithreach bonn.
“Coinním iad chun iad a dhíol,” arsa an Haitéir mar mhíniú.
“Níl hata ar bith de mo chuid féin agam. Is haitéir atá ionam.”
“Take off you hat,” said the King to the Hatter. “It’s not mine,” said the Hatter.
“It was stolen!” the King said and turned to the jury, and they immediately made a note of the situation.
“I keep them to sell,” said the Hatter as an explanation. “I do not have any hat of my own. I am a hatter
láithreach
present, immediate a láithreach bonn “instantly”
Chuir an Bhanríon a cuid spéaclaí uirthi ansin agus
thosaigh ag stánadh go géar ar an Haitéir. Chaill seisean a lí
agus tháinig corrthónacht air.
“Tabhair d’fhianaise,” arsa an Rí, “agus ná bíodh neirbhís
ar bith ort, nó cuirfear chun báis láithreach bonn baill thú.” [end p 117]
The Queen then put on her glasses and began to stare sharply at the Hatter. He lost his color and
became restless.
“Give your testimony,” the King said, “and do not be at all nervous, or you shall be
instantly put to death.
stánadh stare m
géar sharp
lí Color, complexion; lustre, sheen f
corrthónacht Restlessness, fidgetiness f
fianaise Witness, testimony, evidence
láithreach
present, immediate a láithreach bonn “instantly”
ball part, organ, member; spot, place
Is beag misneach a thug sé sin don fhinné: bhogadh sé ó
leathchos go leathchos agus é ag féachaint go mí –
shuaimhneach ar an mBanríon, agus toisc go raibh anneirbhís
air bhain sé greim mór as a chupán in áit an phíosa
aráin.
That gave the witness little courage: He kept moving from foot to foot and was looking
uneasily at the Queen, and because he was very nervous he took a big bite out of his cup instead
of the piece of bread.
finné witness m
misneach courage; cheer
míshuaimhneach Uneasy, restless, perturbed
Is ag an nóiméad sin a d’airigh Eilís an-aisteach go dtí gur
thuig sí céard a bhí ag tarlú: is ag méadú a bhí sí arís, agus
cheap sí ar dtús go n-éireodh sí ina seasamh agus imeacht as
an gcúirt; ach tháinig sí ar mhalairt aigne[g] agus shocraigh sí
ar fhanacht mar a raibh sí fad is a bheadh áit ann di.
It was at that moment that Alice felt very strange until then
she understood what was happening: She was growing again, and at first she thought she would
have to stand up and leave the court; but she came to a change of mind and she decided to stay as
long as there would be a place for her.
airigh Perceive, sense
aisteach Peculiar, queer; Wonderful, surprising
méadú Increase, multiplication; enlargement; growth m
malairt destruction; change, alternative; exchange f
aigne mind f gs aigne
socraigh settle; arrange; decide
“B’fhearr liom nach mbeifeá do mo bhrú chomh mór sin,”
a dúirt an Luch Chodlamáin, a bhí ina suí in aice le hEilís.
“Is ar éigean is féidir liom anáil a tharraingt.”
“Níl neart agam air,” a dúirt Eilís go humhal. “Táim ag
fás.”
“Níl aon cheart agat a bheith ag fás anseo,” arsa an Luch
Chodlamáin.
“Cuir uait an tseafóid,” a dúirt Eilís ní[?] ba dhána: “tá tusa
ag fás freisin, tá a fhios agat.”
“I wish you would not push me that much,” said the Dormouse, who was sitting next to Alice.
“I can hardly breathe.”
“I have no strength for it/I can’t help it,” Alice said humbly. “I am growing.”
“You have no right to be growing here,” the Dormouse said.
“Put away the nonsense,” said Elizabeth more boldly: “You are also growing, you know.”
brú press, crush; pressure m
anáil breath f
ar éigean hardly, barely
neart Strength; force, power m
umhal humble
dána Bold; daring, confident; forward, audacious
“Tá, ach is ag ráta measartha
atáimse[?] ag fás,” a dúirt an Luch
Chodlamáin: “murab ionann
agus tusa[?]. Tá tusa ag fás go
háiféiseach tapa.” D’éirigh an
Luch Chodlamáin le pus uirthi
agus chuaigh chuig taobh eile
na cúirte.
“Yes, but I am growing at a moderate rate.” the Dormouse said: “unlike you.
You are growing ridiculously fast.” The Dormouse got up with a sulky expression and went
to the other side of the court.
measartha Moderate, temperate; fair, middling
ionann Same, identical; alike, equal
áiféiseach Exaggerated; Ridiculous
pus sulky expression, pout m
Idir an dá linn níor stad
an Bhanríon de bheith ag
stánadh ar an Haitéir, agus nuair
a bhí an Luch Chodlamáin ag
trasnú na cúirte, dúirt sí le
ceann d’oifigigh na cúirte,
“Tabhair chugam liosta [end p 118]
na n-amhránaithe a ghlac páirt sa cheolchoirm dheireanach!”
Nuair a chuala an Haitéir é sin, thosaigh sé ag crith chomh
tréan sin gur chroith sé a dhá bhróg de.
Meanwhile the Queen did not stop staring at the Hatter, and when the Dormouse was crossing the court,
she said to one of the officers of the court, “Give me the list of singers who took part in the
last concert!” When the Hatter heard that, he began to tremble so strongly that he shook his two shoes
off.
tr>
stánadh stare m
Idir an dá linn in the meantime
trasnaigh Cross; traverse, intersect vn trasnú
amhránaí singer pl amhránaithe
ceolchoirm concert f
crith Tremble, shiver; tremor, shudder m
tréan Strong, powerful; intense, violent
croith shake v
“Tabhair do chuid fianaise[g],” a dúirt an Rí arís agus colg
air, “nó cuirfear chun báis[g] thú, is cuma cé acu a bhfuil
neirbhís ort nó nach bhfuil.”
“Is duine bocht mé, a Rí,” a dúirt an Haitéir mar thús,
“agus ní raibh mé tosaithe ar mo chuid tae—ach seachtain
nó dhó—leis an arán agus im a bheith chomh tanaí—agus
trilsigh an tráid—”
“Give your testimory,” the King said again angrily, “or you will be put to death, it does not matter whether you
are nervous or not.”
“I am a poor person, Sire,” the Hatter said as a start, “and I hadn’t started my tea—just a week or two—
with the bread and butter being so thin—and the tray sparkled”—
fianaise Witness, testimony, evidence f
colg sword; blade; Bristle; anger, rage m
tanaí thin
trilsigh Braid, plait; Glitter, sparkle
tráidire tray m
“Cad a bhí ag trilsiú?” a d’fhiafraigh an Rí.
“Is le tae a thosaigh sé,” a d’fhreagair an Haitéir.
“Tá a fhios agam gur le T a thosaíonn sé,” arsa an Rí, “An
dóigh leat gur amadán mé? Lean ort!”
“Is duine bocht mé,” a dúirt an Haitéir, “agus bhí mórán
gach aon rud ag trilsiú ina dhiaidh sin—ach go ndúirt an
Giorria Márta—”
“Ní dúirt!” a dúirt an Giorria ag teacht roimhe go handeifreach.
“Dúirt!” arsa an Haitéir.
“What was sparkling,” the King asked. “It started with tea,” the Hatter answered.
“I know it starts with T,” the King said, “Do you think I’m a fool? Continue!”
“I am a poor person,” the Hatter said, “and almost everything was sparkling after that—
but the March Hare said—”
“Did not say!” the March Hare said coming before him hurriedly.
“Said!” the Hatter said.
deifreach Hurried, in a hurry
“Séanaim é!” arsa an Giorria Márta.
“Séanann sé é,” a dúirt an Rí, “Fágaigí an chuid sin
amach.”
“Bhuel, ar aon chuma, dúirt an Luch Chodlamáin—” arsa
an Haitéir ag leanúint leis agus é ag féachaint thart go
himníoch le feiceáil an séanfadh sise freisin é; ach níor shéan
an Luch Chodlamáin dada mar is ina codladh a bhí sí.
“Ina dhiaidh sin,” dúirt an Haitéir, “ghearr mé tuilleadh
aráin is ime—”
“Ach cad a dúirt an Luch Chodlamáin,” a d’fhiafraigh
ceann de na giúróirí.
“Ní cuimhin liom[cop],” arsa an Haitéir. [end p 119]
“I deny it!” the March Hare said. “He denies it,” the King said, “Leave that part out.”
“Well, anyway, the Dormouse said—” the Hatter said continuing and looking around worried that he would
deny it too; but the Dormouse denied nothing as it was asleep. “After that,” the Hatter said, “I cut
more bread and butter—
“But what did the Dormouse say?” asked one of the jurors.
“I don’t remember,” the Hatter said.
>
imníochAnxious, concerned
“Caithfidh tú cuimhneamh,” arsa an Rí, “nó cuirfear chun
báis thú.”
Lig an Haitéir bocht dá chupán titim agus chuaigh sé féin
síos ar leathghlúin. “Is fear bocht mé, a Rí,” a dúirt sé.
“Is cainteoir bocht thú,” arsa an Rí.
“You have to remember,” the King said, “or you will be put to death.
The poor Hatter let his cup fall and went down on a knee. “I am a poor man, Sire,” he said.
“You are a poor speaker,” said the King/
Lig ceann de muca guine gáir mholta aisti ansin, agus
chuir oifigigh toirmeasc uirthi láithreach bonn. (Ós rud é gur
focal é “toirmeasc” atá sách deacair, míneoidh mé duit conas
a rinneadh[past aut] é. Bhí mála mór canbháis ag na hoifigigh, a raibh
sreanga ag a bhéal chun é a cheangal; shleamhnaigh siad an
mhuc ghuine in aghaidh a cinn isteach ann, agus ansin
shuigh siad uirthi.)
Then one of the Guinea Pigs let out a cheer, and officers immediately suppressed her.
(Since it happens that the word “suppressed” is difficult enough, I will explain to you how it was done.
The officers had a large canvas bag, which had strings at its mouth to tie it; they slid the
guinea pig in head first, and then they sat on her.)
tr>
gáir cry, shout f & v
oifigeach officer m gs npl oifigigh
toirmeasc Prohibition; prevention, hindrance m
láithreach
present, immediate a láithreach bonn “instantly”
sách Full, sated, satisfied; sufficiently, enough
mínigh Smooth, polish; Make gentle, assuage, quiet; Explain, expound, interpret
sreang String; wire, cord. f npl sreanga
sleamhnaigh slide, slip/td>
“Is maith liom go bhfaca mé é sin á dhéanamh,” a
smaoinigh Eilís. “Is minic a léigh mé sna nuachtáin ag
deireadh trialacha[gpl]: ‘Rinneadh iarracht éigin bualadh bos a
dhéanamh, ach chuir oifigigh na cúirte toirmeasc air
láithreach.’ Níor thuig mé é sin go dtí anois.”
“I liked seeing that done,” Alice thought. “I have often read in the newspapers at the end of trials
‘An attempt was made to applaud, but it was suppressed by court officials immediately.’ I did not
understand that until now.”
tr>
triail trial f pl trialacha
bos palm [of hand] f
láithreach
present, immediate a láithreach bonn “instantly”
“Más é sin a bhfuil ar eolas agat faoi, tá cead agat dul síos
as sin,” arsa an Rí.
“Ní féidir liom dul níos faide síos,” a dúirt an Haitéir: “Is
ar an urlár atáim mar atá.”
“Ansin tá cead agat suí síos,” a d’fhreagair an Rí.
Lig an mhuc ghuine eile liú molta aisti agus toirmisceadh[aut] í.
“If that is all that you know about it, you are allowed to go down from there,” the King said.
“I can’t go any further down,” the Hatter said, “I am on the floor as it is.”
“Then you are allowed to sit down,” the King answered.
The other guinea pig let out a cheer and was suppressed.
“Sin deireadh leis na muca guine, arú!” a dúirt Eilís léi
féin. “Is fearr a rachaidh cúrsaí ar aghaidh feasta.”
“B’fhearr liom mo chuid tae a chríochnú,” a dúirt an
Haitéir agus é ag féachaint go himníoch ar an mBanríon, a
bhí ag léamh liosta na n-amhránaithe.
“Tá cead agat imeacht,” a dúirt an Rí agus d’imigh an
Haitéir as an gcúirt faoi dheifir mhór, gan fanacht fiú
amháin lena dhá bhróg a chur air. [end p 120]
“That is the end of the guinea pigs, Ah!” Alice said to herself. “Things will be better from
now on.”
“I’d prefer to finish my tea,” the Hatter said while looking anxiously at the Queen, who was
reading the list of singers.
“You are allowed to leave,” the King said and the Hatter left the court in a great hurry, without even
waiting to put on one of his two shoes.
ar aghaidh forward, facing
feasta from now on, henceforth
amhránaí singer pl amhránaithe
“—agus bain an ceann de lasmuigh,” arsa an Bhanríon le
duine de na hoifigigh, ach bhí an Haitéir as amharc sular
fhéad an t-oifigeach teacht chuig an doras.
“Glaoigh ar an gcéad fhinné eile!” a dúirt an Rí.
“—and remove his head outside,” the Queen said to one of the officers, but the
Hatter was out of sight before the officer could come to the door.
“Call the next witness!” said the King.
Ba í cócaire an Bhandiúic an chéad fhinné eile. Bhí an
piobarán ina lámh aici, agus thomhais Eilís cé a bhí ann,
sular tháinig sí isteach sa chúirt fiú, mar thosaigh na daoine
timpeall an dorais ag sraothartaíl in éineacht.
“Tabhair do chuid fianaise,” a dúirt an Rí.
“Ní thabharfad[h],” a dúirt an cócaire.
The Duchess’s cook was the next witness. She had the pepper shaker in her hand,
and Alice guessed what it was, even before she came into court, as the people around
the door began sneezing at the same time.
“Give your testimony,” the King said.
“I would not give it,” the cook said.
tomhais Measure; weigh, gauge, estimate; guess
fianaise Witness, testimony, evidence f
D’fhéach an Rí go himníoch ar an gCoinín Bán, agus dúirt
seisean de ghlór íseal, “Is gá do do Mhórgacht an finné seo a
chroscheistiú.”
“Bhuel, más gá, is gá,” a dúirt an Rí go gruama, agus tar
éis dó a dhá ghéag a fhilleadh ar a chéile agus féachaint le
místá ar an gcócaire go dtí go raibh a dhá shúil as amharc
nach mór, dúirt sé de ghlór domhain, “Cad as a ndearnadh
na cácaí?”
“As piobar, den chuid is mó,” a dúirt an cócaire.
“Triacla,” a dúirt glór codlatach ar a cúl. [end p 121]
The King looked anxiously at the White Rabbit, and he said in a low voice, “Your majesty needs
to cross-examine this witness
“Well, if it is necessary, it is necessary,” the King said gloomily, and after folding his arms together
looked at the cook with a frown until his eyes were almost out of sight, he said in a deep voice,
“What were the cakes made of?”
“Of pepper, mostly,” the cook said.
“Treacle,” said a sleepy voice behind her.
finné witness m
croscheistiú cross-examination m
gruama Gloomy, sad; morose, despondent; somber, cheerless
géag branch, limb; arm, leg f
místá Disapproving look, frown m
codlatach Sleepy, drowsy
“Cuirtear coiléar ar an Luch Chodlamáin sin!” a dúirt an
Bhanríon de scréach. “Baintear a cloigeann den Luch
Chodlamáin sin! Díbrítear an Luch Chodlamáin sin! Cuirtear
toirmeasc uirthi! Baintear scealpóg aisti. Baintear na guairí
di!”
“Collar that Dormouse!” the Queen said in a screech! “Let the head of the Dormouse
be removed! Let the Dormouse be banished! Suppress it! Let a pinch be removed from her! let the whiskers
be removed from hr!”
tr>
toirmeasc Prohibition; prevention, hindrance m
Bhí rí rá sa chúirt ar feadh cúpla nóiméad fad is a bhí an
Luch Chodlamáin á ruaigeadh[?]. Faoin am ar shocraigh gach
éinne síos arís, bhí an cócaire imithe.
There was a racket in the court for a few minutes while the Dormouse was being chased.
By the time everyone settled down again, the cook was gone.
ruaig Chase, put to flight vn, past aut, past hab ruaigeadh
rí rá racket
“Is cuma!” a dúirt an Rí, agus faoiseamh mór air.
“Glaoitear ar an gcéad fhinné eile.” Agus dúirt sé faoina
anáil leis an mBanríon, “Dáiríre, a stór, ní mór duitse an
chéad fhinné eile a chroscheistiú. Cuireann croscheistiú pian
ar mo chlár éadain!”
“Whatever!” the King said, with great relief. “Let the next witness be called.” And he said
under his breath to the Queen, “Really, Dear, You must cross-examine the next witness.
Cross-examination pains my forehead!”
pian pain f
clár board, table m
clár éadain forehead
D’fhéach Eilís ar an gCoinín Bán ag útamáil leis an liosta
agus bhí sí an-fhiosrach le feiceáil cén chuma a bheadh ar an
gcéad fhinné eile, “—mar is beag fianaise atá acu go dtí seo,”
a dúirt sí léi féin. Is féidir leat an t-iontas a bhí uirthi a
shamhlú nuair is é an t-ainm a léigh an Coinín Bán amach in
ard a ghutha[gen] ghéir[gen] chaoil ná “Eilís!”
Alice looked at the White Rabbit fumbling with the list and she was very curious to see what
the next witness would look like, “—as they have little evidence to this point,” she said
to herself. You can imagine the surprise she had when the name that White Rabbit read aloud in
a sharp thin voice was “Alice!”
útamáil fumbling, groping, bungling; pottering f
fiosrach Inquiring, inquisitive
fianaise Witness, testimony, evidence f
samhlú imagination, fancy m
guth voice mgutha
géar Sharp object; Sharp [mus] m gs géir
caol thin, slender
Nuair a shroich siad an áit bhí an Rí Hart is an Bhanríon Hart ina suí ar a gcathaoir ríoga agus comhthionól mór ina dtimpeall—scata mór de gach uile chineál éan beag agus beithíoch beag, chomh maith le paca iomlán cártaí: bhí an Cuileata ansiúd ina sheasamh os a gcomhair, é ceangailte le slabhraí agus saighdiúir ar garda ar gach aon taobh de; díreach taobh leis an Rí bhí an Coinín Bán, stoc i lámh leis agus scrolla meamraim sa lámh eile. Bhí bord i gceartlár na cúirte agus mias mhór cácaí ina luí air; bhí siad ag féachaint chomh deas sin nuair a bhreathnaigh Eilís orthu gur chuir siad uisce lena fiacla—“Faraor nach bhfuil an triail thart,” a dúirt sí léi féin, “agus an bia á chur timpeall!” Ach ba bheag an baol go dtarlódh sé sin; thosaigh sí mar sin ag féachaint ar gach rud thart uirthi chun an t-am a chur di.
When they reached the place where the King of Hearts and the Queen of Hearts were sitting on their throne with a big gathering around them—a big crowd of all sorts of small birds and small beasts, as well as a full deck of cards: the Jack was standing there in front of them, bound with chains and a soldier on guard on each side of him; just next to the King was the White Rabbit, trumpet in one hand and a memo scroll in the other. There was a table in the exact center of the court and a large dish of cakes lying on it; they seemed so nice when Alice looked at them that she watered her teeth—”Alas, the trial is not over,” she said to herself, “and the food being passed around!” But there was little danger of that happening so she started looking at everything around her to pass the time.
comhthionól | Assembly; gathering, group | m |
scata | Crowd; group, drove, pack | m |
iomlán | All, the whole; total, aggregate; full | |
Cuileata = Cuireata | Knave, Jack | m |
meamram | Parchment; parchment writing; Memorandum | |
mias | dish | f |
baol | danger | m |
Ní raibh Eilís i dteach cúirte riamh roimhe sin, ach léigh sí faoina leithéid i leabhair, agus bhí sí sásta go raibh ainm aici ar mhórán gach dá raibh ann. “Sin é an breitheamh,” a dúirt sí léi féin, “mar gheall ar a pheiriúic mhór.” [end p 114]
Alice had never before been in a courthouse, but she [had] read about such[them] in books, she was happy she had a name for much of everything that was there. “That is the judge,” she said to herself, “because of his big wig.”
leithéid | Like, counterpart, equal; such | f |
Ba é an Rí an Breitheamh, dála an scéil. Toisc go gcaitheadh sé a choróin os cionn a pheiriúice (agus más maith leat fáil amach conas a dhéanadh sé é sin, féach ar an tulmhaisiú), ní róchompordach an chuma a bhí air, agus go deimhin ní rómhaith a bhí sé ag dul dó.
The King was the Judge, by the way. Because he wore his crown over his wig (if you want to find out how he did that, look at the frontispiece) he didn’t look too comfortable, and it certainly was not going too well for him.
dáil | Meeting; assembly, convention; Nearness, proximity; Matter, condition; affair, circumstance, situation | f gs dála |
coróin | crown | f |
“Agus sin thall bosca an ghiúiré,” arsa Eilís léi féin; “agus an dá chréatúr déag sin,” (bhí uirthi “créatúir” a rá, an dtuigeann tú, mar gur ainmhithe cuid díobh agus éin an chuid eile,) “is dócha gurb iad na giúróirí iad.” Dúirt sí an focal “giúróirí” léi féin cúpla uair, mar bhí sí bródúil as: mar shíl sí, agus b’fhíor di é, gur beag cailín dá haois a mbeadh an focal aici ar chor ar bith. Ach bheadh an leagan “an dáréag” gach pioc chomh maith leis.
“And over there is the jury box,” Alice said to herself; “and those twelve creatures,” (she had to say “creatures”, you understand, as some of them were animals and the rest birds,) “they are probably the jurors.” She said the word “jurors” to herself a few times, because she was proud of it: as she thought, and it was true for her, that few girls her age would have the word at all. But the “twelve” version would be just as good.
thall | over, beyond | |
giúiré | ||
créatúr | creature | m |
bródúil | proud | |
leagan | act of knocking down; lowering; laying; setting; version | |
dháréag | the twelve | |
pioc | it, jot, whit, iota; particle | m |
Bhí an dá ghiúróir déag ag scríobh go gnóthach ar shlinnte. “Cad atá siad a dhéanamh?” a dúirt Eilís de chogar leis an nGríobh. “Ní féidir leo aon rud a bheith acu le scríobh síos sula dtosóidh an triail.”
The twelve jurors were busily writing on slates. “What are they doing?” Alice said in a whisper to the Griffin. “They cannot have anything to write down before the trial begins.”
gnóthach | busy | |
slinn | flat surface, flat stone; slate | f pl slinnte |
“Is ag cur síos [fronting] a n-ainmneacha féin atá siad,” a d’fhreagair an Ghríobh de chogar, “ar fhaitíos go ndéanfaidh siad dearmad orthu roimh dheireadh na trialach.”
“They are writing down their own names,” the Griffin answered in a whisper, “for fear they will forget them before the end of the trial.”
faitíos | Fear, apprehension; Timidity, shyness | |
“Nach iad na bobarúin iad!” a dúirt Eilís de ghlór ard míshásta; ach choisc sí í féin faoi dheifir, mar ghlaoigh an Coinín Bán “Ciúnas sa chúirt!”, agus chuir an Rí a chuid spéaclaí air féin agus bhreathnaigh timpeall go crosta le fáil amach cé a bhí ag caint.
“Aren’t they the boobies!” Alice said in a loud, unhappy voice; but she restrained herself in a hurry, as the White Rabbit called “Silence in the court!” and the King put on his spectacles and looked around crossly to find out who was talking.
bobarún | booby | m |
coisc | Check, stop; prevent, restrain | |
crosta | fractious; troublesome, difficult | |
Ba léir d’Eilís, chomh maith agus dá mbeadh sí ag breathnú thar a ngualainn gur “Na bobarúin!” a bhí á scríobh acu ar a slinnte, agus chonaic sí freisin fiú nach raibh litriú an fhocail “bobarúin” ag ceann díobh agus go raibh ar a chomharsa é a insint dó. “Beidh na slinnte ina bpraiseach cheart sula gcuirfear críoch leis an triail!” a dúirt Eilís léi féin.
It was clear to Alice, as well, that if she would look over her shoulder it was “The Boobies” they were writing on their slates, she also saw that one of them did not even spell the word “boobies” and had to be told by his neighbor. “The slates will be a proper mess before the trial ends!” Alice said to herself.
gualainn | shoulder | f |
litriú | spelling | m |
comharsa | neighbor | f |
fiú | worth; even | |
praiseach | porridge, mess | f |
Is ag déanamh díoscáin a bhí ceann de phinn luaidhe an ghiúiré. Ní fhéadfadh Eilís é sin a fhulaingt ar ndóigh agus [end p 115] chuaigh sí timpeall na cúirte mar sin agus sheas ar a chúl. Níorbh fhada go raibh deis aici an peann luaidhe a bhaint de chomh tobann sin, nach raibh a fhios ag an ngiúróir bocht (ba é Liam an tEarc Luachra é) cad a bhain dó ar chor ar bith; mar sin de, tar éis a bheith á thóraíocht gach áit ar feadh tamaill, bhí air scríobh le méar an chuid eile den lá; agus ba bheag an mhaith dó é sin, toisc nach bhfágadh a mhéar rian ar bith.
One of the jury’s pencils was squeaking. Alice could not stand that of course and she went around the court and stood at his back. It wasn’t long before she had the chance to take away the pencil so suddenly that the poor juror did not know (It was Liam the Newt) what concerned [happened to] it at all, and so on, after searching everywhere for a while, he had to write with his finger the rest of the day; and that was little good for him, because his finger did not leave a mark at all.
díoscán | creaking, grating, grinding; squeak | m |
fulaingt | (Capacity for) suffering; endurance, tolerance, forbearance | f |
rian | Course, path; Mark, trace, track | |
“A Bholscaire,” a dúirt an Rí, “léigh amach an cúiseamh!”
Shéid an Coinín Bán trí nóta ar a stoc, d’oscail amach an
meamram agus léigh mar seo a leanas:—
“Herald,” the King said, “Read out the accusation!”
The White Rabbit blew three notes on his trumpet and opened out the parchment read as follows:—
Bolscaire | herald | m |
cúiseamh | Accusation, charge | m |
Séid | blow | v |
“An Bhanríon Hart, do bhácáil sí cácaí,
cácaí milse i lár mhí Iúil.
An Cuileata Hart, do ghoid na cácaí,
is thug leis iad ar shiúl!” [end p 116]
The Queen of Hearts, she baked cakes,
sweet cakes in mid-July
The Jack of Hearts, who stole the cakes,
and walked off with them!
“Déanaigí machnamh ar bhur bhfíorasc,” a dúirt an Rí leis
an ngiúiré.
“Ní go fóill, ní go fóill!” a dúirt an Coinín ag teacht roimhe.
“Tiocfaidh a lán lán roimhe sin!”
“Glaoigh ar an gcéad fhinné,” a dúirt an Rí. Shéid an
Coinín Bán trí nóta ar a stoc agus ghlaoigh amach, “An
chéad fhinné!”
“Reflect on your verdict,” the King said to the jury.
“Not yet, Not yet!” said the Rabbit coming before him. “A whole lot will come before that!”
“Call the first witness,” the King said. The White Rabbit blew three notes on his trumpet and
called out, “The first witness!”
machnamh | Wonder; Reflection, contemplation | m |
fíorasc | verdict | m |
finné | witness | m |
Ba é an Haitéir an duine a bhí i gceist. Tháinig sé isteach agus cupán tae i leathlámh agus píosa aráin le him air sa lámh eile. “Gabhaim pardún agat, a Rí,” a dúirt sé, “gur thug mé iad seo isteach liom; ach ní raibh mo chuid tae críochnaithe agam nuair a cuireadh fios orm.”
The Hatter was the person in question. He came in with a cup of tea in one hand and a piece of bread with butter in the other. “Pardon me, Sire,” he said, “that I brought these with me; but I had not finished my tea when I was informed [the summons was put to me] of this.”
“Ba chóir duit a bheith críochnaithe,” arsa an Rí. “Cén
uair a thosaigh tú?”
D’fhéach an Haitéir ar an nGiorria Márta, a bhí tar éis
teacht isteach sa chúirt uillinn ar uillinn leis an Luch
Chodlamáin. “[implied copula] An ceathrú lá déag de Mhárta a bhí ann, is
dóigh liom,” a dúirt sé.
“You should be finished,” the King said. “When did you start?”
The Hatter looked at the March Hare, who had just come into the court arm in arm with the Dormouse.
“It was the fourteenth day of March, I think,” he said.
“An cúigiú lá déag,” a dúirt an Giorria Márta.
“An séú lá déag,” a dúirt an Luch Chodlamáin.
“Scríobhaigí é sin síos,” arsa an Rí leis na giúróirí; agus
scríobh an giúiré na trí dháta síos go dícheallach ar a slinnte.
Shuimigh siad ansin iad agus rinne puint is pinginí díobh.
“The fifteenth day,” the March Hare said.
“The sixteenth day,” the Dormouse said.
“Write that down,” the King said to the jurors; and the jury diligently wrote the three dates
down on their slates. They then added them up and made pounds and pennies of them.
dícheallach | Doing one’s best; earnest, diligent | |
Suimigh | add | v |
punt | pound | |
pingin | penny | f |
“Bain díot do hata,” a dúirt an Rí leis an Haitéir.
“Ní liomsa é,” a dúirt an Haitéir.
“Goideadh é!” a dúirt an Rí agus é ag casadh ar an ngiúiré,
agus rinne siadsan nóta den scéal láithreach bonn.
“Coinním iad chun iad a dhíol,” arsa an Haitéir mar mhíniú.
“Níl hata ar bith de mo chuid féin agam. Is haitéir atá ionam.”
“Take off you hat,” said the King to the Hatter. “It’s not mine,” said the Hatter.
“It was stolen!” the King said and turned to the jury, and they immediately made a note of the situation.
“I keep them to sell,” said the Hatter as an explanation. “I do not have any hat of my own. I am a hatter
láithreach | present, immediate | a láithreach bonn “instantly” |
Chuir an Bhanríon a cuid spéaclaí uirthi ansin agus
thosaigh ag stánadh go géar ar an Haitéir. Chaill seisean a lí
agus tháinig corrthónacht air.
“Tabhair d’fhianaise,” arsa an Rí, “agus ná bíodh neirbhís
ar bith ort, nó cuirfear chun báis láithreach bonn baill thú.” [end p 117]
The Queen then put on her glasses and began to stare sharply at the Hatter. He lost his color and
became restless.
“Give your testimony,” the King said, “and do not be at all nervous, or you shall be
instantly put to death.
stánadh | stare | m |
géar | sharp | |
lí | Color, complexion; lustre, sheen | f |
corrthónacht | Restlessness, fidgetiness | f |
fianaise | Witness, testimony, evidence | |
láithreach | present, immediate | a láithreach bonn “instantly” |
ball | part, organ, member; spot, place | |
Is beag misneach a thug sé sin don fhinné: bhogadh sé ó leathchos go leathchos agus é ag féachaint go mí – shuaimhneach ar an mBanríon, agus toisc go raibh anneirbhís air bhain sé greim mór as a chupán in áit an phíosa aráin.
That gave the witness little courage: He kept moving from foot to foot and was looking uneasily at the Queen, and because he was very nervous he took a big bite out of his cup instead of the piece of bread.
finné | witness | m |
misneach | courage; cheer | |
míshuaimhneach | Uneasy, restless, perturbed | |
Is ag an nóiméad sin a d’airigh Eilís an-aisteach go dtí gur thuig sí céard a bhí ag tarlú: is ag méadú a bhí sí arís, agus cheap sí ar dtús go n-éireodh sí ina seasamh agus imeacht as an gcúirt; ach tháinig sí ar mhalairt aigne[g] agus shocraigh sí ar fhanacht mar a raibh sí fad is a bheadh áit ann di.
It was at that moment that Alice felt very strange until then she understood what was happening: She was growing again, and at first she thought she would have to stand up and leave the court; but she came to a change of mind and she decided to stay as long as there would be a place for her.
airigh | Perceive, sense | |
aisteach | Peculiar, queer; Wonderful, surprising | |
méadú | Increase, multiplication; enlargement; growth | m |
malairt | destruction; change, alternative; exchange | f |
aigne | mind | f gs aigne |
socraigh | settle; arrange; decide | |
“B’fhearr liom nach mbeifeá do mo bhrú chomh mór sin,”
a dúirt an Luch Chodlamáin, a bhí ina suí in aice le hEilís.
“Is ar éigean is féidir liom anáil a tharraingt.”
“Níl neart agam air,” a dúirt Eilís go humhal. “Táim ag
fás.”
“Níl aon cheart agat a bheith ag fás anseo,” arsa an Luch
Chodlamáin.
“Cuir uait an tseafóid,” a dúirt Eilís ní[?] ba dhána: “tá tusa
ag fás freisin, tá a fhios agat.”
“I wish you would not push me that much,” said the Dormouse, who was sitting next to Alice.
“I can hardly breathe.”
“I have no strength for it/I can’t help it,” Alice said humbly. “I am growing.”
“You have no right to be growing here,” the Dormouse said.
“Put away the nonsense,” said Elizabeth more boldly: “You are also growing, you know.”
brú | press, crush; pressure | m |
anáil | breath | f |
ar éigean | hardly, barely | |
neart | Strength; force, power | m |
umhal | humble | |
dána | Bold; daring, confident; forward, audacious | |
“Tá, ach is ag ráta measartha atáimse[?] ag fás,” a dúirt an Luch Chodlamáin: “murab ionann agus tusa[?]. Tá tusa ag fás go háiféiseach tapa.” D’éirigh an Luch Chodlamáin le pus uirthi agus chuaigh chuig taobh eile na cúirte.
“Yes, but I am growing at a moderate rate.” the Dormouse said: “unlike you. You are growing ridiculously fast.” The Dormouse got up with a sulky expression and went to the other side of the court.
measartha | Moderate, temperate; fair, middling | |
ionann | Same, identical; alike, equal | |
áiféiseach | Exaggerated; Ridiculous | |
pus | sulky expression, pout | m |
Idir an dá linn níor stad an Bhanríon de bheith ag stánadh ar an Haitéir, agus nuair a bhí an Luch Chodlamáin ag trasnú na cúirte, dúirt sí le ceann d’oifigigh na cúirte, “Tabhair chugam liosta [end p 118] na n-amhránaithe a ghlac páirt sa cheolchoirm dheireanach!” Nuair a chuala an Haitéir é sin, thosaigh sé ag crith chomh tréan sin gur chroith sé a dhá bhróg de.
Meanwhile the Queen did not stop staring at the Hatter, and when the Dormouse was crossing the court, she said to one of the officers of the court, “Give me the list of singers who took part in the last concert!” When the Hatter heard that, he began to tremble so strongly that he shook his two shoes off.
tr>stánadh | stare | m |
Idir an dá linn | in the meantime | |
trasnaigh | Cross; traverse, intersect | vn trasnú |
amhránaí | singer | pl amhránaithe |
ceolchoirm | concert | f |
crith | Tremble, shiver; tremor, shudder | m |
tréan | Strong, powerful; intense, violent | |
croith | shake | v |
“Tabhair do chuid fianaise[g],” a dúirt an Rí arís agus colg
air, “nó cuirfear chun báis[g] thú, is cuma cé acu a bhfuil
neirbhís ort nó nach bhfuil.”
“Is duine bocht mé, a Rí,” a dúirt an Haitéir mar thús,
“agus ní raibh mé tosaithe ar mo chuid tae—ach seachtain
nó dhó—leis an arán agus im a bheith chomh tanaí—agus
trilsigh an tráid—”
“Give your testimory,” the King said again angrily, “or you will be put to death, it does not matter whether you
are nervous or not.”
“I am a poor person, Sire,” the Hatter said as a start, “and I hadn’t started my tea—just a week or two—
with the bread and butter being so thin—and the tray sparkled”—
fianaise | Witness, testimony, evidence | f |
colg | sword; blade; Bristle; anger, rage | m |
tanaí | thin | |
trilsigh | Braid, plait; Glitter, sparkle | |
tráidire | tray | m |
“Cad a bhí ag trilsiú?” a d’fhiafraigh an Rí.
“Is le tae a thosaigh sé,” a d’fhreagair an Haitéir.
“Tá a fhios agam gur le T a thosaíonn sé,” arsa an Rí, “An
dóigh leat gur amadán mé? Lean ort!”
“Is duine bocht mé,” a dúirt an Haitéir, “agus bhí mórán
gach aon rud ag trilsiú ina dhiaidh sin—ach go ndúirt an
Giorria Márta—”
“Ní dúirt!” a dúirt an Giorria ag teacht roimhe go handeifreach.
“Dúirt!” arsa an Haitéir.
“What was sparkling,” the King asked. “It started with tea,” the Hatter answered.
“I know it starts with T,” the King said, “Do you think I’m a fool? Continue!”
“I am a poor person,” the Hatter said, “and almost everything was sparkling after that—
but the March Hare said—”
“Did not say!” the March Hare said coming before him hurriedly.
“Said!” the Hatter said.
deifreach | Hurried, in a hurry | |
“Séanaim é!” arsa an Giorria Márta.
“Séanann sé é,” a dúirt an Rí, “Fágaigí an chuid sin
amach.”
“Bhuel, ar aon chuma, dúirt an Luch Chodlamáin—” arsa
an Haitéir ag leanúint leis agus é ag féachaint thart go
himníoch le feiceáil an séanfadh sise freisin é; ach níor shéan
an Luch Chodlamáin dada mar is ina codladh a bhí sí.
“Ina dhiaidh sin,” dúirt an Haitéir, “ghearr mé tuilleadh
aráin is ime—”
“Ach cad a dúirt an Luch Chodlamáin,” a d’fhiafraigh
ceann de na giúróirí.
“Ní cuimhin liom[cop],” arsa an Haitéir. [end p 119]
“I deny it!” the March Hare said. “He denies it,” the King said, “Leave that part out.”
“Well, anyway, the Dormouse said—” the Hatter said continuing and looking around worried that he would
deny it too; but the Dormouse denied nothing as it was asleep. “After that,” the Hatter said, “I cut
more bread and butter—
“But what did the Dormouse say?” asked one of the jurors.
“I don’t remember,” the Hatter said.
> imníochAnxious, concerned
“Caithfidh tú cuimhneamh,” arsa an Rí, “nó cuirfear chun
báis thú.”
Lig an Haitéir bocht dá chupán titim agus chuaigh sé féin
síos ar leathghlúin. “Is fear bocht mé, a Rí,” a dúirt sé.
“Is cainteoir bocht thú,” arsa an Rí.
“You have to remember,” the King said, “or you will be put to death.
The poor Hatter let his cup fall and went down on a knee. “I am a poor man, Sire,” he said.
“You are a poor speaker,” said the King/
Lig ceann de muca guine gáir mholta aisti ansin, agus chuir oifigigh toirmeasc uirthi láithreach bonn. (Ós rud é gur focal é “toirmeasc” atá sách deacair, míneoidh mé duit conas a rinneadh[past aut] é. Bhí mála mór canbháis ag na hoifigigh, a raibh sreanga ag a bhéal chun é a cheangal; shleamhnaigh siad an mhuc ghuine in aghaidh a cinn isteach ann, agus ansin shuigh siad uirthi.)
Then one of the Guinea Pigs let out a cheer, and officers immediately suppressed her. (Since it happens that the word “suppressed” is difficult enough, I will explain to you how it was done. The officers had a large canvas bag, which had strings at its mouth to tie it; they slid the guinea pig in head first, and then they sat on her.)
tr>gáir | cry, shout | f & v |
oifigeach | officer | m gs npl oifigigh |
toirmeasc | Prohibition; prevention, hindrance | m |
láithreach | present, immediate | a láithreach bonn “instantly” |
sách | Full, sated, satisfied; sufficiently, enough | |
mínigh | Smooth, polish; Make gentle, assuage, quiet; Explain, expound, interpret | |
sreang | String; wire, cord. | f npl sreanga |
sleamhnaigh | slide, slip/td> | |
“Is maith liom go bhfaca mé é sin á dhéanamh,” a smaoinigh Eilís. “Is minic a léigh mé sna nuachtáin ag deireadh trialacha[gpl]: ‘Rinneadh iarracht éigin bualadh bos a dhéanamh, ach chuir oifigigh na cúirte toirmeasc air láithreach.’ Níor thuig mé é sin go dtí anois.”
“I liked seeing that done,” Alice thought. “I have often read in the newspapers at the end of trials ‘An attempt was made to applaud, but it was suppressed by court officials immediately.’ I did not understand that until now.”
tr>triail | trial | f pl trialacha |
bos | palm [of hand] | f |
láithreach | present, immediate | a láithreach bonn “instantly” |
“Más é sin a bhfuil ar eolas agat faoi, tá cead agat dul síos
as sin,” arsa an Rí.
“Ní féidir liom dul níos faide síos,” a dúirt an Haitéir: “Is
ar an urlár atáim mar atá.”
“Ansin tá cead agat suí síos,” a d’fhreagair an Rí.
Lig an mhuc ghuine eile liú molta aisti agus toirmisceadh[aut] í.
“If that is all that you know about it, you are allowed to go down from there,” the King said.
“I can’t go any further down,” the Hatter said, “I am on the floor as it is.”
“Then you are allowed to sit down,” the King answered.
The other guinea pig let out a cheer and was suppressed.
“Sin deireadh leis na muca guine, arú!” a dúirt Eilís léi
féin. “Is fearr a rachaidh cúrsaí ar aghaidh feasta.”
“B’fhearr liom mo chuid tae a chríochnú,” a dúirt an
Haitéir agus é ag féachaint go himníoch ar an mBanríon, a
bhí ag léamh liosta na n-amhránaithe.
“Tá cead agat imeacht,” a dúirt an Rí agus d’imigh an
Haitéir as an gcúirt faoi dheifir mhór, gan fanacht fiú
amháin lena dhá bhróg a chur air. [end p 120]
“That is the end of the guinea pigs, Ah!” Alice said to herself. “Things will be better from
now on.”
“I’d prefer to finish my tea,” the Hatter said while looking anxiously at the Queen, who was
reading the list of singers.
“You are allowed to leave,” the King said and the Hatter left the court in a great hurry, without even
waiting to put on one of his two shoes.
ar aghaidh | forward, facing | |
feasta | from now on, henceforth | |
amhránaí | singer | pl amhránaithe |
“—agus bain an ceann de lasmuigh,” arsa an Bhanríon le
duine de na hoifigigh, ach bhí an Haitéir as amharc sular
fhéad an t-oifigeach teacht chuig an doras.
“Glaoigh ar an gcéad fhinné eile!” a dúirt an Rí.
“—and remove his head outside,” the Queen said to one of the officers, but the
Hatter was out of sight before the officer could come to the door.
“Call the next witness!” said the King.
Ba í cócaire an Bhandiúic an chéad fhinné eile. Bhí an
piobarán ina lámh aici, agus thomhais Eilís cé a bhí ann,
sular tháinig sí isteach sa chúirt fiú, mar thosaigh na daoine
timpeall an dorais ag sraothartaíl in éineacht.
“Tabhair do chuid fianaise,” a dúirt an Rí.
“Ní thabharfad[h],” a dúirt an cócaire.
The Duchess’s cook was the next witness. She had the pepper shaker in her hand,
and Alice guessed what it was, even before she came into court, as the people around
the door began sneezing at the same time.
“Give your testimony,” the King said.
“I would not give it,” the cook said.
tomhais | Measure; weigh, gauge, estimate; guess | |
fianaise | Witness, testimony, evidence | f |
D’fhéach an Rí go himníoch ar an gCoinín Bán, agus dúirt
seisean de ghlór íseal, “Is gá do do Mhórgacht an finné seo a
chroscheistiú.”
“Bhuel, más gá, is gá,” a dúirt an Rí go gruama, agus tar
éis dó a dhá ghéag a fhilleadh ar a chéile agus féachaint le
místá ar an gcócaire go dtí go raibh a dhá shúil as amharc
nach mór, dúirt sé de ghlór domhain, “Cad as a ndearnadh
na cácaí?”
“As piobar, den chuid is mó,” a dúirt an cócaire.
“Triacla,” a dúirt glór codlatach ar a cúl. [end p 121]
The King looked anxiously at the White Rabbit, and he said in a low voice, “Your majesty needs
to cross-examine this witness
“Well, if it is necessary, it is necessary,” the King said gloomily, and after folding his arms together
looked at the cook with a frown until his eyes were almost out of sight, he said in a deep voice,
“What were the cakes made of?”
“Of pepper, mostly,” the cook said.
“Treacle,” said a sleepy voice behind her.
finné | witness | m |
croscheistiú | cross-examination | m |
gruama | Gloomy, sad; morose, despondent; somber, cheerless | |
géag | branch, limb; arm, leg | f |
místá | Disapproving look, frown | m |
codlatach | Sleepy, drowsy | |
“Cuirtear coiléar ar an Luch Chodlamáin sin!” a dúirt an Bhanríon de scréach. “Baintear a cloigeann den Luch Chodlamáin sin! Díbrítear an Luch Chodlamáin sin! Cuirtear toirmeasc uirthi! Baintear scealpóg aisti. Baintear na guairí di!”
“Collar that Dormouse!” the Queen said in a screech! “Let the head of the Dormouse be removed! Let the Dormouse be banished! Suppress it! Let a pinch be removed from her! let the whiskers be removed from hr!”
tr>toirmeasc | Prohibition; prevention, hindrance | m |
Bhí rí rá sa chúirt ar feadh cúpla nóiméad fad is a bhí an Luch Chodlamáin á ruaigeadh[?]. Faoin am ar shocraigh gach éinne síos arís, bhí an cócaire imithe.
There was a racket in the court for a few minutes while the Dormouse was being chased. By the time everyone settled down again, the cook was gone.
ruaig | Chase, put to flight | vn, past aut, past hab ruaigeadh |
rí rá | racket |
“Is cuma!” a dúirt an Rí, agus faoiseamh mór air. “Glaoitear ar an gcéad fhinné eile.” Agus dúirt sé faoina anáil leis an mBanríon, “Dáiríre, a stór, ní mór duitse an chéad fhinné eile a chroscheistiú. Cuireann croscheistiú pian ar mo chlár éadain!”
“Whatever!” the King said, with great relief. “Let the next witness be called.” And he said under his breath to the Queen, “Really, Dear, You must cross-examine the next witness. Cross-examination pains my forehead!”
pian | pain | f |
clár | board, table | m |
clár éadain | forehead | |
D’fhéach Eilís ar an gCoinín Bán ag útamáil leis an liosta agus bhí sí an-fhiosrach le feiceáil cén chuma a bheadh ar an gcéad fhinné eile, “—mar is beag fianaise atá acu go dtí seo,” a dúirt sí léi féin. Is féidir leat an t-iontas a bhí uirthi a shamhlú nuair is é an t-ainm a léigh an Coinín Bán amach in ard a ghutha[gen] ghéir[gen] chaoil ná “Eilís!”
Alice looked at the White Rabbit fumbling with the list and she was very curious to see what the next witness would look like, “—as they have little evidence to this point,” she said to herself. You can imagine the surprise she had when the name that White Rabbit read aloud in a sharp thin voice was “Alice!”
útamáil | fumbling, groping, bungling; pottering | f |
fiosrach | Inquiring, inquisitive | |
fianaise | Witness, testimony, evidence | f |
samhlú | imagination, fancy | m |
guth | voice | mgutha |
géar | Sharp object; Sharp [mus] | m gs géir |
caol | thin, slender | |
Nótaí faoi scéalta
Táimid go léir fós sláintiúil | ||
Tá a árasán féin ag mo mhac is óige anois | ||
Táimid ag bogadh a chuid rudaí ansin go mall | ||
Tá a lán rudaí aige | ||
Tá go leor fadhbanna sláinte aige | ||
Ní féidir leis carr a thiomáint | ||
Teastaíonn go leor cabhrach uaidh | ||
TG 4