Rang Gaeilge, 13ú lá mí Eanáir 2020

Rang Gaeilge, 13ú lá mí Eanáir 2020

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas

Caibidil VI: Piobar agus Muc
Pepper and a Pig
  • D’fhan sí ag féachaint ar an teach go ceann cúpla [cúpla does not take genitive ] nóiméad agus í ag fiafraí di féin cad ba chóir di a dhéanamh. Go tobann rith giolla gléasta i libhré amach as an gcoill (cheap sí gur giolla a bhí ann toisc libhré a bheith air: mura measfaí [cond aut] é, áfach, ach ar a aghaidh amháin, déarfaí gur iasc a bhí ann [alternative to copula])—agus bhuail go tréan lena ailt ar an doras. Bonnaire eile i libhré a d’oscail é, aghaidh chruinn agus súile móra ar nós froig a bhí air siúd[?]; agus thug Eilís faoi deara go raibh peiriúicí catacha púdracha ar chloigeann na beirte. Bhí an-fhiosracht uirthi le fáil amach cad a bhí ar bun acu agus shleamhnaigh sí as an gcoill beagán le héisteacht leo.

    She looked at the house for a couple minutes and asked herself what she should do. Suddenly a well-dressed servant in livery ran out of the wood (she thought he was a servant because of the livery he had on: if it would not be judged, however, from his face, it would be said a fish was there)—and knocked with his knuckles on the door. Another footman in livery opened the it, he had a round face and big eyes like a frog; and Alice noticed that both had curly powdered periwig on their heads. Alice was very curious to find out was was going on with them and she slipped from the wood to listen to them.

    go ceannTo the top of; To the end of; For the duration of
    giollaYouth; page, boy; Attendant, gillie; man-servant, messenger; fellow
    gléastaglazed, glossy, shining; equipped; (well-)dressed
    libhréLivery
    measestimate, value, judge
    áfachhowever
    tréanStrong, powerful; intense, violent
    siúdThat, yon
    peiriúicperiwigf
    catachcurly
    púdrachpowdered
    ar bunestablished; going on
    sleamhnaighslide, slip
    beagánlittle bitbeagán usually followed by a noun, but not here

  • Ba é an Giolla Éisc[gs] ba thúisce a labhair nuair a bhain sé amach faoina ascaill litir a bhí beagnach ar aon mhéid leis féin, agus shín chuig an ngiolla eile í á rá go sollúnta, “Chuig an mBandiúc. Cuireadh ón mBanríon chun cluiche cróice a imirt.” Dúirt an Giolla Froig[gs] é sin arís chomh sollúnta céanna ach d’athraigh sé na focail beagán: “Ón mBanríon. Cuireadh chuig an mBandiúc chun cluiche cróice a imirt.”

    The Fish servant was the first to speak when he took out a letter under his arm almost as big as himself, and stretched it out to the other servant saying solemnly, “To the Duchess. An invitation from the Queen to play a game of croquet.” The Frog Servant said the same as solemnly again but changed the words a little: “From the Queen. An invitation to the Duchess to play a game of croquet.”

    iascfishf gs npl éisc
    túisceSooner, rather; first
    ascaillarmpit; recess
    mhéidAmount, quantity, extent, degree, numberm
    sínstretch, straighten
    sollúntasolemn
    cróicecroquetm
    Cuireadhinvitationm

  • D’umhlaigh siad beirt go híseal ansin, agus chuaigh a gcuid gruaige cataí in achrann ina chéile.
    Bhain sé sin an oiread gáire as Eilís, go raibh uirthi rith ar ais isteach sa choill ar eagla go gcloisfí [
    “would be heard” cond aut] í. Nuair a d’fhéach sí arís bhí an Giolla Éisc imithe, agus bhí an fear eile ina shuí ar an talamh in aice an dorais, ag féachaint go hamaideach ar an spéir.
    Chuaigh Eilís go faiteach suas chuig an doras gur chnag sí air.

    The two bowed then, and their hair got tangled together.
    This got some laughter out of Alice, so she had to run back into the woods in case she would be heard. When she looked again the Fish Servant was gone, the other man was sitting on the ground near the door, looking foolishly at the sky.
    Alice went timidly up to the door and knocked on it.

    umhlaighhumblev
    catachcurlypl cataí [?]
    íseallow
    achrannTangled growth; tangle, entanglement
    faiteachFearful, apprehensive; timid, shy
    cnagknockm and v

  • “Níl aon mhaith sa chnagadh,” a dúirt an Giolla, “agus tá dhá chúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, tá mise ar an aon taobh den doras leatsa; ar an dara dul síos tá siad ag déanamh an oiread sin calláin istigh, nach gcloisfeadh aon duine thú.” Agus go deimhin bhí callán uafásach thar na bearta ar bun laistigh—uallfairt is sraothartaíl, agus tuairteáil mhór, amhail is dá mbeadh mias nó túlán ag briseadh ina smidiríní.
    “Mar sin, más é do thoil é,” a dúirt Eilís, “cén chaoi ar féidir liom dul isteach?”

    “No good in the knocking,” said the servant, ” and there are two reasons for this.
    In the first instance (Firstly), I am on the same side of the door as you. Secondly, they are making so much noise inside, nobody would hear you.” Indeed there was indeed a terrible noise within— howling and sneezing, and great pounding, like a dish or a kettle breaking into smithereens.

    “So, if you please,” said Alice, “how can I go inside?.

    callánnoise, clamorm
    uafásachHorrible, terrible
    beartaindeed
    laistighOn the inside, within, indoors
    uallfairtHowl, yell; gruntf
    sraothartachsneezing; sneeze; snorting
    tuairteáilPound, thump, buffetv
    amhaillike, as
    miasBoard, slab; table; dish
    túlánkettlem

  • “B’fhéidir go mbeadh ciall éigin le do chnagadh,” a dúirt an Giolla ag leanúint air gan aird ar bith aige uirthi, “dá mbeadh an doras eadrainn. Dá mbeifeása [synth 2nd pers cond of bí?] laistigh, cuir i gcás, d’fhéadfása bualadh agus ligfinnse amach thú, tá a fhios agat.” Bhí sé ag breathnú ar an spéir i gcónaí agus shíl Eilís gur dhrochmhúinte an mhaise dó é. “Ach b’fhéidir nach bhfuil neart aige air,” a dúirt sí léi féin; “is beag nach bhfuil a dhá shúil ar mhullach a chinn. Ach d’fhéadfadh sé ceisteanna a fhreagairt ar aon slí.—Ach cén chaoi ar féidir liom dul isteach?” a d’fhiafraigh sí arís os ard.
    “Suífidh mé anseo,” a dúirt an Giolla, “go dtí amárach—”
    >

    “There may be some sense to your knocking,” said the Servant continuing without paying any attention to her, “if the door were between us. If you were inside, for example, you could knock and I would let you out, you know.” He was always watching the sky and Alice thought his manner was rude. “But perhaps he cannot help it,” she said to herself; “and his two eyes are almost on the top of his head. But he could answer questions in any event.—But how can I go inside?” she asked out loud.
    “I will sit here,” said the servant, “until tomorrow—”

    ciallsense, sanity
    cnagknockm and v
    leanúintcontinuing, following
    airddirection; attentionf
    laistigh On the inside, within, indoors
    drochmhúinteUnmannerly, rude
    maiseAdornment, beauty; becomingness, comeliness; manner
    neartStrength; force, powerm
    mullachtop; Highest point, summitm

  • Ag an nóiméad sin d’oscail doras an tí agus tháinig pláta mór ag sciorradh amach i dtreo chloigeann an Ghiolla; scríob sé a shrón agus bhris ina phíosaí beaga in aghaidh crann a bhí ar a chúl.
    “—nó go dtí arú amárach, b’fhéidir,” a dúirt an Giolla ag leanúint air ar an gcaoi chéanna amhail is nár tharla dada. “Cén chaoi a rachaidh mé isteach?” a d’fhiafraigh Eilís arís ach beagán ní b’airde.
    “An rachaidh tú isteach ar chor ar bith?” a dúirt an Giolla. “Sin í an chéad cheist, tá a fhios agat.”

    At that moment the door of the house opened and a big plate came skimming out in the direction of the servant’s head; it scraped his nose and broke into little pieces against a tree in back of him.
    —or until the day after tomorrow, perhaps,” said the servant continuing in the same way like nothing had happened. “How will I get in?” asked Alice again but a little louder.
    “Will you go in at all?” said the servant. “That is the first question, you know.”

    plátaplatem
    sciorradhSlip, slide, skid, skimm
    i dtreo chloigeann an Ghiollain the direction of the servan’t head chloigeann nom, Ghiolla gen
    scríobscrape, scratch
    arú amárachthe day after tomorrow
    ní b’airdehigher, louder ba is past of níos airde

  • Ba í gan amhras: ach níor mhaith le hEilís go n-inseofaí [cond. aut.] di é. “Is uafásach an rud é,” a dúirt sí de ghlór íseal léi féin, “an chaoi a mbíonn na beithígh seo uile ag argóint. Chuirfeadh sé duine as a mheabhair!”
    Thapaigh an Giolla a dheis chun a thuairim a athrá móide mionathruithe. “Suífidh mé anseo,” a dúirt sé, “anois agus arís ar feadh mórán laethanta.”
    “Ach céard a dhéanfaidh mise?” a dúirt Eilís.
    “Cibé rud is maith leat,” a dúirt an Giolla agus thosaigh sé ag feadaíl.

    It was without doubt, but Alice did not like being told it. “It is a terrible thing,” she said in a low voice to herself, “how all these animals are arguing. It would drive a person out of their mind!”
    The servant took/seized the opportunity to repeat his opinion with more modifications. “I will sit here,” he said, “now and again for many days.”
    “But what will I do?” said Alice
    “Whatever you like,” said the servant and he began whistling.

    beithíoch Beast, animalm gs npl beithígh
    argóintargumentf
    meabhairmind, memory; intellect; power of thought; attention;
    Consciousness, awareness; reason; Sensation, feeling;
    Sense, meaning; intention
    f
    Chuirfeadh sé duine as a mheabhair!
    tapaighQuicken; grasp quickly
    deisright hand (side); opportunity
    tuairimopinionf
    athrárepetition, reiterationm
    móidemore, pluscomp of mór
    mionathrúmodificationm pl mionathruithe
    CibéWhoever, Whatever, whichever

  • “Och, níl maith a bheith ag caint leis,” a dúirt Eilís go míshásta: “is amadán cruthanta é!” Agus d’oscail sí an doras agus chuaigh isteach.
    Is i gcistin mhór a bhí sí [
    Fronting Is i] agus an áit lán go boimbéal le deatach: ina suí [fronting ] ar stól trí chos i lár báire a bhí an Bandiúc agus í ag cealgadh naíonáin ina baclainn; bhí an cócaire mná cromtha os cionn na tine ag suaitheadh coire mhóir a bhí lán d’anraith, de réir cosúlachta.

    “O, it is not good talking with him,” said Alice unhappily: “He is a real fool!” And she opened the door and went inside.
    She was in a big kitchen and it was a place full of smoke to the rafters: Sitting on a 3 legged stool in the middle was the Duchess and she was lulling a baby sleep in her bent arm; the female cook was bent over the fire stirring a large pot that was apparently full of soup,

    míshástaDispleased, dissatisfied; awkward
    cruthantaLife-like, exact; Real, complete
    boimbéalcollar-beam; rafters
    stólstool m
    báireMatch, contestm
    i lár báirein the center of play, in the middle
    cealgadhBeguilement, allurement; deception; lulling
    naíonáninfantm gs npl naíonáin
    baclainnbent armf
    cócairecookm
    cromthabent
    suaitheadhmixing, stirring
    coireLarge pot, cauldronm
    anraithsoup, brothm
    cosúlachtLikeness; appearance, resemblancef gs cosúlachta

  • “Tá an iomarca piobair san anraith sin, cinnte!” a dúirt Eilís léi féin, chomh maith agus a d’fhéadfadh sí agus í ag sraothartaíl.
    Is cinnte go raibh an iomarca de in aer na cistine. Ligeadh [
    past hab] an Bandiúc féin corrshraoth; maidir leis an naíonán bhí sé ag sraothartaíl agus ag uallfartach gach ré seal gan stad gan staonadh. Ní raibh ach dhá rud sa chistin nach raibh ag sraothartaíl, mar atá an cócaire agus cat mór a bhí ina shuí ar an teallach agus straois gáire air ó chluas go cluas.
    “An inseófá dom, le do thoil,” a dúirt Eilís faiteach go maith, mar ní raibh a fhios aici ar mhúinte an mhaise di labhairt sula labhródh aon duine léi, “cén fáth an bhfuil an straois gáire sin ar do chat?”
    “Cat Clárach [?] atá ann,” a dúirt an Bandiúc, “sin an fáth. A mhuc!”

    “There is certainly too much pepper in that soup! said Alice to herself, as well as she could while sneezing
    There was certainly too much in the kitchen air. The Duchess herself sneezed over and over again; as for the baby, it was sneezing and yelling at every turn without stop or stay. Only two things in the kitchen were not sneezing; the cook and the big cat that was sitting at the hearth with a big grin from ear to ear.
    “Tell me, please,” said Alice timidly, as she did not know the manner of speaking before anyone would speak to her, why does that cat have the big grin?”
    “It is a Clare Cat,” said the Duchess, “That is the reason. Pig!”

    piobarpepperm gs
    sraothartaíl = sraothartachsneezingf
    corrshraothoccasional/odd sneezem
    maidir leAs for, as regards
    uallfartachhowling, yelling
    moonf
    teallachhearth, fire-place
    straoisgrinf
    faiteachFearful, apprehensive; timid, shy
    múinteWell-taught, well-behaved, mannerly, polite
    maiseAdornment, beauty; becomingness, comeliness; manner
    Contae an ChláirCount Claregs Clárach. The translator is replacing the English “Chesire” by the Irish “Clare”
    sulabeforeused with verbs
    An inseófá dom…?Would you tell me…?2nd pers cond

  • Dúirt sí an focal deireanach sin chomh fuinniúil tobann sin gur baineadh geit as Eilís; ach thuig sí láithreach gur ag caint [fronting?] leis an naíonán a bhí an Bandiúc, ní léi féin. Ghlac sí misneach mar sin agus lean uirthi go ndúirt:—
    “Ní raibh a fhios agam go mbíodh cár gáire ar na Cait Chláracha; leis an bhfírinne a dhéanamh, ní raibh a fhios agam go raibh gáire ag na cait ar chor ar bith.”
    “Tá cumas gáire iontu uile,” a dúirt an Bandiúc; “agus déanann a bhformhór [
    since plural cats] gáire.”
    “Níl aithne agamsa ar aon chat a bhfuil gáire aige,” a dúirt Eilís go han-mhúinte, agus í an-sásta go raibh comhrá tosaithe aici.

    She said that last word so forcefully and suddenly that it startled Alice; but she immediately realized that the Duchess was talking to the babu, not to her So she took courage and continued to say:—
    “I did not know there would be a toothy grin on a Clare Cat, to be truthful, I did not know that cats grinned at all,”
    “They all have the ability to grin,” said the Duchess; “and the majority do grin.”
    “I don’t know any cat who has a grin,” said Alice very politely, and she was very happy to have started a conversation.

    fuinniúilEnergetic; forceful, vigorous
    geitJump, start; frightf
    láithreachPresent, immediate
    cárMouth (showing teeth); grin, grimace; teethm
    cumasCapability, powerm
    formhórGreater part, majoritym
    múinteWell-taught, well-behaved, mannerly, polite

  • “Is beag atá ar aithne agatsa,” a dúirt an Bandiúc, “agus sin sin.”
    Ní mó ná sásta a bhí Eilís leis sin, agus cheap sí go mbeadh sé chomh maith aici ábhar eile comhrá [
    gen] a tharraingt aníos. Fad is a bhí sí ag iarraidh smaoineamh ar a leithéid, bhain an cócaire an coire den tine is thosaigh láithreach ag caitheamh gach dá raibh faoina lámh leis an mBandiúc is leis an naíonán—ba iad iarainn na tine ba thúisce a chaith sí; lean cith de sháspain, de phlátaí agus de mhiasa iad. Níor thóg an Bandiúc aon cheann díobh fiú nuair a bhuailidís [past hab] í; agus bhí an naíonán ag scréachadh chomh hard sin cheana, nárbh fhéidir a rá an raibh na buillí á ghortú nó nach raibh.

    “You know little,” said the Duchess, “and that’s that.”
    Alice was not happy with that, and she thought it would be as well to bring up another matter of conversation. While she was thinking about such, the cook took the cauldron off the fire and began presently to throw everything in her hand at the Duchess and the baby—the fire irons were the first she threw; a shower of saucepans, plates and dishes followed, The Duchess did not take [notice] of any of them even when they were hitting her; and the baby was already screaming so loud, it was not possible to say if the blows injured it or not.

    leithéidLike, counterpart, equal; suchf
    coirelarge pot, cauldronm
    láithreachpresent, immediate
    túiscesooner, first
    cithshowerm
    sáspansaucepan; tin mugm
    miasdish; table, boardf
    fiúworth
    cheanaalready
    chomh hardso loud [high]chomh puts h on following word if it begins with a vowel
    builleblow, strokem
    gortúhurt, injurtm

  • “Fainic, más é do thoil é!” a ghlaoigh Eilís agus í ag preabadh suas agus anuas le teann scanraidh. “Muise, sin é a shróinín álainn!”, nuair a d’eitil sáspan ollmhór in aice le srón an linbh agus dóbair dó an tsrón a bhaint de.
    “Dá dtabharfadh gach uile dhuine aire dá ghnó féin,” a dúirt an Bandiúc de dhrannadh cársánach, “rachadh an domhan thart i bhfad níos tapúla ná faoi láthair.”

    “Beware, if you please!” called Alice and she was jumping up and down with strength of fright. “Well that’s its beautiful little nose!” when a very big sauce pan flew near the baby—the’s nose and nearly touched it.
    “If everyone would take care of their own business,” said the Duchess with a wheezy snarl, “the world would go around faster than at present.”

    preabadhjump, start, throb; kickm
    teann strength, forcem
    scanradhscattering, dispersal; Fright.
    dóbairit nearly happened that
    airecare, attentionf
    drannadhgrinn, snarl; contact, interferencem
    cársánachwheezy

  • “Ní bheadh buntáiste ar bith ag baint leis sin,” a dúirt Eilís, mar d’airigh sí an-sásta go raibh deis aici beagán dá cuid eolais a thaispeáint. “Ní gá ach smaoineamh cén phraiseach a dhéanfadh sé sin den lá is den oíche. An dtuigeann tú, bíonn ceithre huaire fichead an chloig ag an domhan le casadh ar a ais. Is líne ais an domhain a théann ón mol theas go dtí an mol thuaidh—”
    “Más faoi thua atáthar ag caint,” a dúirt an Bandiúc, “baintear an cloigeann di!”

    “That would have no advantage at all,” said Alice, as she felt very happy that she had the opportunity to show a lttile of her knowledge. “It is only necessary to think about what mess it make of the day and night. You understand, the world has 24 hours to turn back/around. The axis is a line of the Earth from the South Pole to the North Pole—”
    “If the one talking is under the axe,” said the Duchess, “take the the head off of her! [axis/axe pun lost as Ghaeilge.]

    buntáisteadvantagem from Norman French avantage
    airighperceive, sense
    deisright hand (side); opportunity
    need, requirementm
    praiseach a dhéanamh demake a mess of
    téighgopres téigh
    molhub, nave, polem
    airback, axis
    tuaaxef

  • Thug Eilís sracfhéachaint go himníoch i dtreo an chócaire le feiceáil an raibh rún aici glacadh leis an leid; ach bhí an cócaire ag suaitheadh an anraith go dícheallach, agus ní raibh sí ag éisteacht, de réir dealraimh. Mar sin lean Eilís uirthi: “Ceithre huaire fichead an chloig, is dóigh liom, nó dhá cheann déag, b’fhéidir? Nílim—”
    “Och, ná bí do mo bhuaireamh,” a dúirt an Bandiúc, “ba ghráin liom figiúirí riamh anall!” Agus leis sin thosaigh sí ag cealgadh an naíonáin arís agus ag rá cineál suantraí leis agus á chroitheadh go fíochmhar ag deireadh gach uile líne:

    Alice gave a cursory glance in the direction of the cook to see if she had the intention to take the hint; but the cook was industriously stirring the soup, and apparently she was not listening. So Alice continued to her: “Twenty-four hours, I think, or maybe twelve? I am not—
    “O, don’t bother me [don’t be worrying me],” said the Duchess

    , “I have hated figures from time immemorial!” And she began lulling the infant again and saying a lullaby to it and shaking it fiercely at the end of each line: vn
    sracfhéachaintcursory glancef
    imníoch Anxious, concerned
    leidHint, inkling; prompt; pointer, cluf
    suaitheadhmixing, stirring
    anraithsoup, brothm
    De réir dealraimhapparently
    buairGrieve; vex, perturbvn buaireamh
    gráinHatred, abhorrencef
    anallHither, from the far side
    riamh anallfrom time immemorial
    anallHither, from the far side
    cealgadhBeguilement, allurement; deception; lulling
    suantraílullabyf
    croitshakevn croitheadh
    fíochmharFurious, ferocious

  • “Má ligeann sraoth do bhuachaillín,
    labhair go borb leis, bí á chniogadh!
    In aon turas atá an ceoláinín,
    is maith leis thú a ghriogadh!”


    LOINNEOG
    (a nglacadh an cócaire agus an naíonán páirt inti [??]):—
    “Bhabh! Bhabh! Bhabh!”

    “If a boy lets out a sneeze
    speak harshly to him, be striking him
    any time he is whimpering
    he likes to tease you!”

    REFRAIN
    (the cook and the baby take a part in it—
    “Wow! Wow! Wow!”

    sreaothsneeze
    borbFierce, violent; rude
    Labhairt go borbto speak angrily, harshly
    cniogRap, tap; strikevn cniogadh
    griogadhTeasing, tantalization; petty annoyance; Titillation, excitation
    LOINNEOGREFRAIN
    babh = badhbhWar-Goddess; Vulture; carrion-crow; Scoldf

  • Fad is a bhí an Bandiúc ag rá an dara rann, chaitheadh [past hab] sí an naíonán suas agus anuas go garbh, agus scréachadh an ruidín bocht chomh hard sin, gur ar éigean a bhí Eilís in ann na focail a dhéanamh amach:—

    While the Duchess was saying the second verse, she was throwing the baby up and down roughly, and the poor little thing was screaming so hard that Alice could hardly make out the words.

    rannversem
    ruidínlittle thing
    éigeanForce, violencem
    ar éigeanhardly, barely, with difficulty

  • “Má ligeann sraoth mo bhuachaillín,
    buailim é is bím ag sciolladh!
    Is cluiche dó an tsraothartaíl,
    is aoibhinn leis an piobar!”


    LOINNEOG
    “Bhabh! Bhabh! Bhabh!”

    “If a boy lets out a sneeze,
    I hit him and I am scolding!
    sneezing is a game for him,
    The pepper is delightful to him!”

    REFRAIN
    “Wow! Wow! Wow!”

    sciollscoldvn sciolladh
    sraothartaíl = sraothartachsneezingf
    aoibhinnDelightful, blissful

  • “Seo, tá cead agatsa é a mhuirniú tamall, más maith leat!” a dúirt an Bandiúc le hEilís, ag caitheamh an linbh léi le linn a cuid cainte. “Ní mór dom imeacht agus mé féin a réiteach le haghaidh an chluiche [gen] cróice leis an mBanríon,” agus bhrostaigh sí amach as an seomra. Chaith an cócaire friochtán léi ag imeacht di, ach níor bhuail sí í.

    “Here, you have permission to cuddle him for a while, if you like” said the Duchess to Alice, throwing the baby to her while she was speaking/during her speech. “I must leave and prepare myself for the croquet game with the Queen,” and she hurried out of the room. The cook threw a frying pan at her as she was leaving, but she did not hit her.

    muirnighFondle, caress, cherish; cuddlevn muirniú
    cluichegamem gs cluiche
    brostaighhasten, urge; hurry
    friochtánfrying panm

  • Ba é dícheall Eilíse é breith [?] ar an leanbh, mar is créatúirín míchumtha a bhí ann, agus bhí sé ag síneadh a ghéag amach gach uile threo, “go díreach ar aon dul le crosóg mhara,” a cheap Eilís. Bhí an ruidín bocht ag cuachaíl mar a bheadh inneall gaile nuair a rug sí air, agus lean air á shníomh agus á únfairt féin, sa chaoi nach raibh sí in ann é a choinneáil ach ar éigean go ceann cúpla nóiméad.

    Alice did her best to catch the baby, as it was a deformed little creature, and it was stretching out its limbs in every direction, “just like a starfish,” thought Alice. The poor little thing was whistling/whining like a steam engine when she caught it, and it continued turning and tossing itsself, the reason she could hardly keep it for a few minutes.

    spin,
    dícheallBest endeavourm
    breithJudgment, decision; birth
    míchumthaMisshapen, deformed, uncomely; ill-made
    géaglimbf
    ar aon duluniform with
    crosóg mharacrossf
    cuachaílwhining
    inneallarrangement; engine
    galfury; steam, vaporf gs gaile,
    sníomhspin, twist, turn
    únfairtrolling, tossing
    ar éigeanhardly, barely, with difficulty

  • Chomh luath is a rinne sí amach an bealach ceart chun é a chealgadh (is é sin é [?] a chasadh agus cineál snaidhme a dhéanamh de, agus ansin breith go daingean ar a chluas deas agus a chos chlé, ionas nach scaoileadh sé é féin), thug sí amach faoin spéir é. “Mura dtabharfaidh [fut] mé an leanbh seo chun siúil [gen following chun] liom,” a dúirt Eilís léi féin, “is cinnte go maróidh [fut] siad é tar éis lae nó dhó; nár dhúnmharú a bheadh ann é a fhágáil i mo dhiaidh?” Dúirt sí na focail dheireanacha sin os ard, agus rinne an rud beag gnúsacht mar fhreagra (bhí sé éirithe as an tsraothartaíl faoin am sin). “Ná bí ag gnúsachtach,” a dúirt Eilís leis. “Ní hé sin an bealach ceart chun thú féin a chur in iúl.”

    As soon as she had made out the right way to lull him to sleep (turn it and making a sort of knot, then catch firmly on its right ear and its left foot, so that it did not release itself) she took it outdoors. “If I will not take this child to walk with me,” said Alice to herself, “they certainly kill it after a day or two; would it not be murder to leave him behind?” She said those last words out loud, and the little thing made a grunt as an answer (it had stopped sneezing by that time). “Don’t be grunting,” Alice said to it. “That is not the right way to express yourself.”

    cealgadhBeguilement, allurement; deception; lullabym
    snaidhmknot
    daingeanfirm, strong
    ionasso that
    scaoileadhLoosening, undoing; releasem
    gnúsachtgruntf
    gnúsachtachgruntingf

  • Lig an leanbh gnúsacht eile agus bhreathnaigh Eilís go himníoch ar a aghaidh le feiceáil cad a bhí ag cur as dó. Gan amhras ar bith is an-gheancach a bhí a shrón; ba mhó a bhí sí cosúil le soc ainmhí [gen] ná le srón duine; bhí a shúile an-bheag do naíonán freisin; tríd is tríd níor thaitin dreach an linbh le hEilís ar chor ar bith. “B’fhéidir nach bhfuil sé ach ag snagaíl,” a smaoinigh sí, agus bhreathnaigh sí isteach ina shúile arís le feiceáil an raibh deora iontu.

    The baby let out another grunt and Alice looked anxiously at its face to see what was putting it out. Without doubt its nose was very snubby; it was more like an animal snout than a human nose; its eyes were very small for a baby as well; In general, Alice did not like the expression of the baby at all. “Perhaps it is only sobbing,” she thought, and she looked into its eyes again to see if there were tears in them.

    gnúsachtgruntf
    imníochanxious, concerned
    geancachSnub-nosed; Snubby, surly, rude
    soc Muzzle, snout; nosem
    ainmhíanimalmm gs ainmhí
    dreachFacial appearance; look, expression; aspectm
    snagadaíl = snagaireachtgasping, sobbing, hiccupingf

  • Ní raibh deoir ar bith ann. “Má tá tú ag dul ag iompú isteach i do mhuc, a thaisce,” a dúirt Eilís go lándáiríre, “ní bheidh aon bhaint agam leat a thuilleadh. Seachain anois!” Chuir an ruidín bocht snag eile as (nó gnúsacht, níorbh fhéidir a rá cé acu), agus shiúil siad beirt ar aghaidh go ciúin go ceann tamaill.

    There were no tears at all. “If you are turning into a pig, my dear, I will not continue to be associated with you. Take care now!” The poor little thing made another hiccup (or grunting, it was impossible to say which) and they both walked quietly forward for a while.

    iompúTurning, turn
    mucpigf
    taisceStore, treasure, hoard
    a thaiscemy dear
    lándáiríreFully in earnest
    seacainavoid, evade, shun; Take care
    go ceann tamaillfor a while
    ar aghaidhforward

  • Bhí Eilís ag tosú ag fiafraí di féin, “Anois, céard a dhéanfaidh mé leis an ruidín seo nuair a thabharfaidh mé abhaile liom é?” nuair a rinne sé gnúsacht eile, a bhí chomh fíochmhar gur bhreathnaigh Eilís anuas ar a aghaidh agus imní uirthi. Ní fhéadfadh sí mearbhall ar bith a bheith uirthi an uair seo: ní raibh dada eile ann ach muc, agus bhraith sí gurbh áiféiseach an mhaise di é a iompar coiscéim ní b’fhaide.

    Alice was beginning to ask herself, “Now, what will I do with this little thing when I take it home with me?” when it make another grunt, it was so fierce that Alice looked down on his face and was worried. She couldn’t be confused at all this time: there was nothing other than a pig, and she felt it was ridiculous for her to carry him one step further.

    gnúsachtgruntf
    fíochmharFurious, ferocious
    imníanxiety, concernf
    mearbhallBewilderment, confusion, wanderingm
    braithperceive, feel, depend
    áiféiseachExaggerated; Ridiculous
    maiseAdornment, beauty; becomingness, comeliness; mannerf
    iomparCarriage, conveyance, transport; carrying; communication; support
    coiscéimfootstep, pace; step
    ní b’fhaideno longer

  • Leag sí an créatúr beag anuas mar sin agus bhí faoiseamh mór uirthi nuair a chonaic sí é ag sodar leis isteach sa choill. “Dá bhfásfadh sé suas,” a dúirt sí léi féin, “is urghránna an páiste a bheadh ann: ach is dóighiúil go maith an mhuc atá ann, is dóigh liom.” Agus thosaigh sí ag smaoineamh ar roinnt páistí [gen pl] eile dá haithne, a dhéanfadh go han-mhaith mar mhuca. Bhí sí ag rá léi féin, “Faraor nach fios do dhuine conas iad a athrú—” nuair a baineadh geit aisti, mar chonaic sí an Cat Clárach ar ghéag crainn tamall uaithi.

    She laid the little creature down and was very relieved when she saw it trotting into the wood. “If it would grow up,” she said to herself, “it would be a Frightfully ugly child: But it is a good handsome pig, I think.” And She started thinking about some other children of her acquaintance, that would do very well as pigs. She was saying to herself “Alas, no one knows how to change them—” when she was startled, as she saw the Clare Cat on a tree branch some distance from her.

    faoiseamhRelief; alleviation, ease
    sodartrotting, trotm
    urghránnaFrightfully ugly, hideous, ghastly
    dóighiúilHandsome; Good-looking, beautiful
    Faraoralas

  • Nuair a chonaic an Cat í, ní dhearna sé ach cár gáire a chur air féin. Ba dhea-mhéineach an dreach a bhí air, dar le hEilís: bhí ingne an-fhada aige ina dhiaidh sin féin agus a lán lán [?] fiacla, bhraith sí mar sin go mba chóir meas a thaispeáint dó.

    When the Cat saw her, it only grinned. Its appearance was nice and friendly, Alice thought: It had very long claws even so and a lot of teeth, she felt she should show respect to it.

    méineach = méiniúilWell-disposed, kind, friendly
    dea-mhéineachsuperior
    dreachFacial appearance; look, expression; aspectm
    dar le Naccording to N
    ionganail, clawf pl ingne
    Ina dhiaidh sin féineven so

  • “A Phuisín Chláraigh,” a thosaigh sí beagán eaglach, mar ní raibh a fhios aici an dtaitneodh an t-ainm leis: ní dhearna an Cat, áfach, ach a chár a leathnú beagán. “Féach, tá sé sásta go dtí seo,” a smaoinigh Eilís, agus lean sí uirthi, “An féidir leat a insint dom, le do thoil, cén bealach arbh fhearr liom dul as seo?”

    “Clare Puss,” she began a little timidly as she didn’t know if he would like that name: however, the cat only widened its grin a little. “Look, he is happy so far,” thought Alice, and she continued, “Can you tell me, please, what way is best to go out of here?”

    eaglachFearful, afraid; apprehensive, timid
    áfachhowever
    cármouth (showing teeth), grin, grimace; teethm
    leathnúWidening, expansion, extension

  • “Braitheann sé sin roinnt mhaith ar an áit a bhfuil tú ag iarraidh dul [indirect relative clause],” a dúirt an Cat.
    “Is cuma liom dáiríre cén áit—” a dúirt Eilís.
    “Is cuma ansin cén bealach a rachaidh tú,” a dúirt an Cat.
    “—fad is go rachaidh mé áit éigin,” a dúirt Eilís mar mhíniú.
    “Arú, déanfaidh tú é sin cinnte, má shiúlann tú sách fada.”
    Cheap Eilís nach bhféadfaí é sin a shéanadh, bhain sí triail as ceist eile mar sin. “Cén sórt daoine atá ina gcónaí thart timpeall anseo?”

    “That depends in a good part on what place you are trying to go to.” said the Cat
    “I don’t really care what place—” said Alice
    “The it doesn’t matter what way you go,” said the Cat.
    “—I will always go somewhere,” Alice explained
    “Ah, you will certainly do that, if you walk far enough”
    Alice thought this could not be denied, she tried another question like that. “What kind of people live round about here?”

    tr>
    braithperceive, feel, depend
    míniúExplanation, interpretationm
    sáchFull, sated, satisfied; Sufficiently, enough
    séandeny

  • “An bealach sin,” a dúirt an Cat agus é ag bagairt a lapa dheis, “tá cónaí ar Haitéir: agus an bealach sin,” agus é ag bagairt an lapa eile, “tá cónaí ar Ghiorria Márta. Tabhair cuairt ar cibé duine acu is mian leat: tá siad as a meabhair beirt.”
    “Ach nílim ag iarraidh dul i measc daoine atá as a meabhair,” a dúirt Eilís.
    “Níl leigheas agat air sin, arú,” a dúirt an Cat. “Táimid go léir as ár meabhair anseo. Tá mise as mo mheabhair. Tá tusa as do mheabhair.”

    “That way,” said the cat brandishing its right paw, “a hatter lives: and that way,” brandishing its other paw, “lives a March Hare. Visit whichever person you want: They are both out of their minds.”
    “But I don’t want to go among people who are out of their minds,” said Alice.
    “You have no remedy for that, ah,” said the cat. “We are all out of our mind here. I am out of my mind. You are out of your mind.”

    </tr
    bagairthreaten; brandish; beckonvn bagairt
    lapapawm
    giorriaharem
    Mártamarchm
    cibécibéwhoever, whatever, whichever
    miandesiref
    meabhairmind, memory; intellect; power of thought; attention;
    Consciousness, awareness; reason; Sensation, feeling;
    Sense, meaning; intention
    f

  • “Conas atá a fhios agat go bhfuil mise as mo mheabhair?” a d’fhiafraigh Eilís.
    “Caithfidh go bhfuil tú as do mheabhair,” a dúirt an Cat, “nó ní thiocfá anseo sa chéad áit.”
    Níor cheap Eilís gur chruthú ar bith é sin; lean sí uirthi [?], áfach, agus dúirt, “Agus conas atá a fhios agat go bhfuil tú féin as do mheabhair?”
    “Ar an gcéad dul síos,” a dúirt an Cat, “níl madra as a mheabhair. An admhaíonn tú é sin?”
    “Admhaím, is dócha,” a dúirt Eilís.

    “How do you know I am out of my mind?” asked Alice.
    “You must be out of your mind,” said the Cat, “or you wouldn’t come here in the first place.”
    Alice did not think that was any proof at all: she continued, however, and said, “And how you know you are yourself out of your mind?”
    “Firstly,” said the Cat, “a dog is not crazy. Do you admit that?”
    “I admit [it], probably,” said Alice.

    cruthúcreation, proof, testimonym
    áfachhowever
    Ar an gcéad dul síos in the first instance, firstly
    admhaighAcknowledge; Admit

  • “Anois, más ea,” a dúirt an Cat, “an dtuigeann tú, cuireann an madra drantán as nuair a bhíonn fearg air agus croitheann sé a eireaball nuair a bhíonn sé sásta. Anois bímse ag drantán nuair a bhím sásta agus croithim m’eireaball nuair a bhíonn fearg orm. Mar sin, is as mo mheabhair atáim.”
    “Crónán a thugaimse air [?] sin, ní drantán,” a dúirt Eilís.
    “Tabhair cibé ainm is mian leat air,” a dúirt an Cat. “An mbeidh tú ag imirt cróice leis an mBanríon inniu?”
    “Ba bhreá liom é sin go mór,” a dúirt Eilís, “ach ní bhfuair mé cuireadh fós.”
    “Feicfidh tú ann mé,” a dúirt an Cat agus d’imigh as amharc.

    “Now even so,” said the Cat, “you understand, the dog makes a growl when angry and it shakes its tail when it is happy. Now I am growling when I am happy and I shake my tail when I am angry. So I am out of my mind.”
    “I take that for purring, not growling,” said Alice.
    “Give it whatever name you like,” said the Cat, “Will your be playing croquet with the Queen today?”
    “I would really love that,” said Alice, “but I have not yet gotten an invitation.”
    “You will see me there,” said the Cat and disappeared.

    m
    Más eaif so, even so
    drantánsnarling; growling, grumblingm
    feargangerf
    croithshakev
    Crónánhumming, purringm
    cibécibéwhoever, whatever, whichever
    miandesiref
    Cuireadhinvitationm
    amharcsightm

  • Is beag an t-iontas a chuir sé sin ar Eilís, bhí sí chomh cleachtach faoin am sin le rudaí aisteacha. Fad is a bhí sí ag breathnú ar an áit a raibh an Cat, tháinig sé ar ais go tobann arís.
    “Cad a bhain don leanbh, dála an scéil?” a dúirt an Cat, “Dóbair dom gan fiafraí díot.”
    “Rinneadh muc de,” a dúirt Eilís go ciúin, amhail is dá dtiocfadh an Cat ar ais ar an ngnáthbhealach.
    “Shíl mé gurb é sin a tharlódh,” a dúirt an Cat agus d’imigh sé as amharc arís.

    That gave Alice little surprise, she was so accustomed to strange things by that time. While she was looking at where the Cat had been, it suddenly came back.
    “What happened to the baby, by the way?” said the Cat, “I almost didn’t ask you.’
    “It was made a pig,” said Alice quietly, as if the Cat returned in the usual way.
    “I thought that would happen,” said the cat and disappeared again.

    iontaswonder, surprisem
    cleachtachaccustomed
    aisteachPeculiar, queer; Wonderful, surprisin
    Dála an scéilBy the way
    dóbairit nearly happened that
    fiafraíinquiry, questionm
    díotfrom/off/of youdede
    amhaillike, as

  • D’fhan Eilís tamall beag mar bhí ag súil beagán go dtiocfadh sé ar ais, ach níor tháinig, agus tar éis cúpla nóiméad shiúil sí léi [?] i dtreo na háite a dúradh léi a raibh an Giorria Márta ina chónaí. “Chonaic mé haitéirí roimhe seo,” a dúirt sí léi féin; “is spéisiúla go mór a bheidh an Giorria Márta, agus ós rud é gurb é seo mí na Bealtaine, b’fhéidir nach mbeadh sé ina ghealt mhire—ar a laghad nach mbeadh sé chomh dona is a bhí sé i mí an Mhárta.” Le linn di é sin a rá d’fhéach sí suas, agus b’shin é an Cat arís ina shuí ar ghéag crainn.
    “An ‘muc’ a dúirt tú, nó ‘poc’?” a dúirt an Cat.

    Alice waited as she was slightly expecting it to come back again, but it did not come, and after a few minutes she walked in the direction of the place she was told the March Hare lived. “I have seen hatters befor this,” she said to herself; “the March Hare will be more interesting, and since it happens that this is the month of May, perhaps he would not be crazy—at least he would not be as bad as in the month of March.” While saying that she looked up and there was the cat again sitting on a tree branch.
    “You said ‘pig’ or ‘buck/billy goat’ [‘fig’]?” said the cat. [matching the sound shift]

    dúradhwas saidpast aut of abair
    Ós rud é gosince it happens
    gealtCrazy person, lunaticf
    mireQuickness, rapidity; spiritedness, ardour; Madness, frenzyf
    le linnduring
    poc[Of deer, goat] Buck; butt [as from a goat]

  • “‘Muc’ a dúirt mé,” a d’fhreagair Eilís, “agus b’fhearr liom nach leanfá ort ag teacht chun léargais agus ag imeacht as chomh tobann sin. Cuireann tú meadhrán i mo cheann.”
    “Maith go leor,” a dúirt an Cat; agus an babhta seo d’imigh sé as mall go leor, ag tosú le ceann a eireabaill agus ag críochnú lena straois gáire, agus d’fhan sí sin ann nuair a bhí gach cuid eile di imithe.
    “Arú, is minic a chonaic mé cat gan straois gáire,” a smaoinigh Eilís, “ach straois gáire gan chat! Is é an rud is aistí dá bhfaca mé riamh le mo bheo é [?]!”

    “I said ‘Pig’,” andswered Alice, “and I would prefer you would not be appearing [coming to vision] and disappearing so suddenly. You make me dizzy.”
    “All right/good enough,” said the Cat; and on this occasion it left quite slowly, starting with the end of its tail and finishing with its grin, and that stayed when every other part was gone.
    “Ah, I have often seen a cat without a grin,” thought Alice, “but a grin without a cat. It is the strangest thing I have ever seen in my life!”

    léargas Sight, insight, discernment, vision; visibilitym
    meadhrán Dizziness, giddiness, vertigom
    babhtaspell, turn, occasionm
    an babhta seoon this occasion
    straoisgrinf

  • Ní dheachaigh sí mórán ní b’fhaide nuair a thug sí teach an Ghiorria Márta faoi deara: cheap sí gurbh é an teach ceart é, toisc gur cuma cluas a bhí ar na simléir agus gur ceann fionnaidh a bhí air. Bhí an teach chomh mór sin, nár theastaigh uaithi teacht in aice leis go mbeadh beagán eile de phíosa clé an mhuisiriúin ite aici, rud a d’ardaigh í go dtí airde dhá throigh: ansin féin shiúil sí suas chuig an teach faiteach go maith [?], agus í ag rá léi féin, “Cuir i gcás go mbeadh sé as a mheabhair ar fad i ndeireadh na dála! Faraor nárbh é an Haitéir a roghnaigh mé ina áit!”

    She had not gone much farther when she noticed the March Hare’s house: she thought it was the right house, because the chimneys looked like an ear and the roof looked like there was fur on it. The house was so big, she did not want come near it before eating another bit of the left-handmushroom she had, a thing that raised her to two feet high: then she herself walked up to the house timidly, and saying to herself, “Suppose he is out of his mind when all is said and done! Alas, it was not the Hatter I chose instead!”

    fionnadhfur; hairm
    troighfoot, stepm
    faiteachFearful, apprehensive; timid, shy
    Cuir i gcás gosuppose that
    meabhairmind, memory; intellect; power of thought; attention;
    Consciousness, awareness; reason; Sensation, feeling;
    Sense, meaning; intention
    f
    I ndeireadh na dálawhen all is said and done
    FaraorAlas
    ina áit sininstead of that

  • <!–

  • –>

Nótaí faoi scéalta

Tá fadhbanna móra sláinte fós ag N, mo mhac is óige
Tá tinneas neamhchoitianta air/i>He has an uncommon illness
Tugtar siondróm “Ehlers-Danlos” air
Is fadhb é maidir le cnámha agus matáin agus an fíochán tacaíochta eatarthu. It is a problem about bones and muscles and the connective tissue between them.
Níl mórán dochtúirí ar an eolas faoi
Tá a lán pian ag N an chuid is mó lá
Tá Bíonn dhá nó trí chruinniú leighis aige gach seachtain
Tá sé an-deacair dúinn uile. Táimid an-tuirseach
cathaoir inchlaontarecliner
cathaoir a théann siar
Bhí cathaoir a théann siar ag teastáil ó Nick
cathaoir le cumhacht leictreach
Tá na cathaoireacha sin an-daor i siopaí, b’fhéidir dhá mhíle dollar
Is minic a bhíonn cathaoireacha úsáidte saor.
D’íoc muid fiche dollar ar chathaoir den sórt sin Dé Sathairn
dhá fhadhb bheaga
Bhí orainn tiomáint go dtí lár áit ar bith sa chuid thuaidh de Chontae Anoka
Níor oibrigh an rialaitheoir leictreach
Bhí cat nó madra ag cogaint ar an corda. Bhí na sreanga copair le feiceáil
sreangwire f2
Ba Is féidir na dá shreanga copair a fheiceáil.
leithligh apart, aside, by oneself
Nuair a coinníodh iad ar leithligh d’oibrigh an rialaitheoir
Chlúdaigh mé an copar le téip leictreach
fadhb ar bith
teiripeoirí agus dochtúirí go leor
Caithfidh sé cairdeolaí a fheiceáil
Tá sé sé bliana is fiche d’aois
Nuacht eile faoi Eilis
Táimid ag lón i mbialann Mad Hatter an mhí seo caite
i Anoka
Chonaic muid scannán cogaí réalta an t-ardú de Skywalker (siúlóir na spéire)
Thaitin an scannán linn
Tá stair fhada ag M agus mé le Star Wars
Chonaiceamar an chéad scannán, dóchas nua, sa bhliain míle naoi gcéad seachtó a seacht.
Ba é sin ár dara coinne/dáta.
Bhí an phictiúrlann ar shráid na Darach i gcomharsanacht Chósta Oir Chicago


<!–


Scéal



–> <!–

–>