Rang Gaeilge, 9ú lá Mí na Nollag 2019

Rang Gaeilge, 9ú lá Mí na Nollag 2019

Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas

Caibidil V: Comhairle ón Speıg Neanta
Advice from the Hairy Caterpillar
  1. D’fhéach an Speig Neanta agus Eilís ar a chéile ar feadh tamaill gan focal as ceachtar acu: bhain an Speig Neanta an húca as a bhéal sa deireadh gur labhair léi go spadánta sámh.
    “Cé tusa?” a dúirt an Speig Neanta.

    The Hairy Caterpillar and Alice looked at each other for a while without a a word from either of them: The hairy Caterpillar took the hooka out of his mouth to speak to her Sluggishly and easily/peacefully.
    “Who are you?” said the hairy Caterpillar.

    ceachtarEither, one or other of two; (with neg.) neither
    spadántaSluggish, lethargic
    sámhPeaceful, tranquil; easy, restful; pleasant

  2. Ba bheag misneach a chuir tús a chomhrá ar Eilís. D’fhreagair sí an Speig Neanta beagán cúthail agus dúirt, “Is—is ar éigean atá a fhios agam féin i láthair na huaire, a dhuine uasail—ar a laghad tá a fhios agam cé a bhí ionam nuair a d’éirigh mé ar maidin inniu, ach is dóigh liom gur athraíodh mé roinnt uaireanta ina dhiaidh sin.”

    Alice had little courage to begin his conversation. She answered the Hairy Caterpillar a little bashfully and said, “I—I hardly know myself at the present time, Sir—at least I know who I was when I got up this morning, I think I was changed several times after that.”

    misneachcourage
    freagairanswerv
    cúthailBashful, shy

  3. “Cad atá tú a rá?” a dúirt an Speig Neant go dian. “Mínigh thú féin!”
    “Tá faitíos orm, a dhuine uasail, “nach féidir liom mé féin a mhíniú,” a dúirt Eilís, “mar ní mise mé féin, an bhfeiceann tú?”

    “What are you saying?” said the Hairy Caterpillar severely. “Explain yourself!”
    “I am afraid, Sir, I can’t explain [it] myself,” said Alice, “as I am not myself, do you see?”

  4. “Ní fheicim,” a dúirt an Speig Neanta.
    “Tá faitíos orm nach féidir liom an scéal a léiriú níos fearr ná é sin,” a d’fhreagair Eilís go han-mhúinte, “mar ní thuigim féin ar dtús é; agus is cúis mearbhaill do dhuine a lán méideanna éagsúla a bheith aige in aon lá amháin.”
    “Ní fíor sin,” a dúirt an Speig Neanta.

    “I do not see,” said the Hairy Caterpillar.
    “I am afraid I cannot explain the story better than that,” answered Alice very politely, “because I don’t understand it first myself; it is a cause of confusion for a person to have many different sizes in one day.”
    “That is not true,” said the Hairy Caterpillar.”

    léiriúclarifying, explaining
    cúiscause; reason, matgter
    mearbhallBewilderment, confusion, wandering
    méidAmount, quantity, extent, degree, number; size, magnitudem pl méideanna
    éagsúilUnlike, dissimilar; Different, various, diverse

  5. “Bhuel, b’fhéidir nach cúis mearbhaill duitse an scéal fós,” a dúirt Eilís, “ach fan go n-athróidh tú go crisilid—beidh ort sin a dhéanamh lá éigin, tá a fhios agat—agus go féileacán ina dhiaidh sin, braithfidh tú beagán aisteach é, nach dóigh leat?”

    “Well, perhaps the situation is not a cause of confusion for you yet,” said Alice, “but wait until you change to a chrysalis—you will have to do that some day, you know— and to a butterfly after that, you will feel a little strange, don’t you think?”

    mearbhallBewilderment, confusion, wandering
    crisilischrysalis
    féileacánbutterfly
    braithfeel, perceive

  6. “Ní dóigh liom é ar chor ar bith,” a dúirt an Speig Neanta. “Bhuel, b’fhéidir go bhfuil tusa éagsúil liomsa i do chroí istigh,” a dúirt Eilís, “ach deirimse [emph] leat go mbraithfinnse [emphatic 1st pers cond.] fíoraisteach é.”
    “Tusa!” a dúirt an Speig Neanta le teann dímheasa. “Cé thusa?”

    “I don’t think it all all,” said the Hairy Caterpillar. “Well, perhaps you are different from me in your heart inside,” said Alice “but I tell you it feels truly strange.
    “You!” said the Hairy Caterpillar with firm contempt. “Who are you?”

    éagsúilUnlike, dissimilar; Different, various, diverseéa+cosúil
    éa is a negative prefix
    dímheasdisrespect, contempt
    teannStrength, force [n]; Tight, taut; Firm, strong, solid; bold, assured; Forceful, emphatic; confident, assured

  7. Thug sé sin ar ais go dtí tosach an chomhrá iad. B’olc le hEilís go raibh an Speig Neanta ag labhairt chomh borb sin léi, agus tharraing sí í féin aníos agus dúirt go tromchúiseach, “Is dóigh liom, gur cheart duit a insint dom ar dtús cé thusa féin.”
    “Cén fáth?” a dúirt an Speig Neanta.

    This brought them back to the beginning of their conversation. It was bad for Alice that the Hairy Caterpillar had spoken so harshly with her then, and she pulled herself up and said gravely “I think you should tell me who you yourself are first.”
    “Why?” said the Hairy Caterpillar.

    tosachbeginning
    borbfierce, rude, harsh
    tromchúiseachGrave, important, weighty

  8. B’shin cruacheist eile; agus toisc nach raibh freagra maith ar bith ag Eilís, agus toisc gur ainmhí fíorchancrach a bhí sa Speig Neanta[sa is altenative to copula], de réir dealraimh, chas sí chun siúil.
    “Tar ar ais!” a ghlaoigh an Speig Neanta ina diaidh. “Tá rud tábhachtach agam le rá leat!”
    Bhí cosúlacht mhaith air sin, go deimhin: chas Eilís agus tháinig sí ar ais.
    “Ná caill do stuaim,” a dúirt an Speig Neanta.
    “An é sin a bhfuil?” a dúirt Eilís, ag slogadh a cuid feirge chomh maith agus a d’fhéad sí.
    “Ní hé,” a dúirt an Speig Neanta.

    This was another hard question, and because Alice did not any good answer, and because the Hairy Caterpillar was apparently a truly cantankerous animal, she turned to walk [away].
    “Come back!” called the Hairy Caterpillar after her. “I have something important to say to you!”
    That was promising, indeed. Alice turned and came back.
    “Don’t lose your good sense,” said the Hairy Caterpillar.
    “Is that it?” said Alice, swallowing her anger as well as she could.
    “No,” said the Hairy Caterpillar.

    toiscbecause
    De réir dealraimhapparentlyh
    tábhachtachimportant
    cosúlachtLikeness; appearance, resemblancef
    stuaimLevel-headedness, self-control; good sense, staidness, prudencef
    slogadhswallow(ing)
    feargangerf gs feirge
    féadBe able to

  9. Cheap Eilís go mbeadh sé chomh maith aici fanacht, mar ní raibh dada eile le déanamh aici, agus b’fhéidir tar éis an tsaoil go n-inseodh sé rud éigin di ab fhiú a chloisteáil. Chaith sé a húca ar feadh roinnt nóiméad gan dada a rá, ach sa deireadh bhain sé an húca as a bhéal arís agus dúirt, “Is amhlaidh a cheapann tú gur tháinig athrú ort, an ea?”

    Alice thought she might as well stay, as she had nothing else to do, and perhaps after all he would tell her something worth hearing. He smoked his hookah for several minutes without saying anything, but finally took the hookah out of his mouth again and said, “So you think you have changed, yes?”

    amhlaidhthus, so

  10. “Tá faitíos orm go bhfuil mé athraithe, a dhuine uasail,” a dúirt Eilís. “Ní féidir liom cuimhneamh ar rudaí mar a dhéanainn [past hab] roimhe seo—agus ní fhanaim ag an aon mhéid deich nóiméad as a chéile.”

    “I am afraid I am changed, sir,” said Alice. “I cannot remember having done things like this before—I don’t stay the same size ten minutes one after another”


  11. “Cad iad na rudaí nach féidir leat cuimhneamh orthu?” a dúirt an Speig Neanta.
    “Bhuel, rinne mé iarracht ‘Féach mar a ghléasann an bheach bheag mhín’ a rá, ach tháinig sé uile amach mícheart,” a dúirt Eilís go gruama.
    “Abair, ‘Athair Liam’,” a dúirt an Speig Neanta.
    D’fhill Eilís a lámha agus thosaigh ag aithris:—

    “What are the things can’t you remember?” said the Hairy Caterpillar.
    “Well, I tried to say ‘Look as the little gentle bee dresses’, but it all came out wrong,” said Alice sadly.
    “Say, ‘Father William’,” said the Hairy Caterpillar.
    Alice folded her arms and began reciting:—


  12. “Athair Liam,” dúirt a mhac, “tá tú ársa ’gus críon,
    ’s is liath do chuid gruaige le haois.
    Ar do cheann a bhíonn tú ’do [i do?] sheasamh de shíor.
    An cuí duit a leithéid de bhaois?”

    “I m’óige,” a dúirt sé, “bhíodh eagla ar mo chroí
    go loitfinnse
    [past hab] m’inchinn go brách;
    ach is léir dom anois nach bhfuil inchinn im blaosc,
    mar sin déanaim é gach uile lá.”


    “Father William,” said his son, “you are ancient and withered,
    and your hair is gray with age.
    You are perpetually standing on your head.
    Is such folly fitting?

    “In my youth,” he said, “my heart would be afraid
    that my brain would be damaged forever;
    It is clear to me now my brain is not in my skull,
    so I do it every day,

    ársaAncient, antique
    críonOld; withered, decayed
    cuífitting, proper, decent
    leithéidLike, counterpart, equal; such
    baoisfolly
    loitHurt, wound; injure, damage
    inchinnbrain
    go bráchforever
    blaoscshellf

  13. “Tá tú sean,” dúirt a mhac, “is má labhraím go beacht,
    is uafásach ramhar ataoi,
    ach dheinis cleas cuaille an doras isteach.
    An féidir leat insint cén chaoi?”

    “I m’óige,” a dúirt sé agus chroith a cheann bán,
    “choinnínnse [?] solúbtha mo ghéaga
    leis an sárungadh seo, dhá scilling an stán—
    an ndíolfaidh mé ceann duit nó péire?”

    “Tá tú sean,” dúirt an t-ógfhear, “’s is rólag do chár
    d’aon rud is crua ná geir,
    ach d’ith tú an ghé idir ghob agus chnámh.
    Abair conas a dheinis an mheilt!”

    “You are old,” said his son, “and if I speak precisely,
    that you are terribly fat
    You did a pole somersault in the door
    Can you tell [me] how?

    “In my youth,” he said and shook his white head
    I kept my limbs flexible
    with this excellent ointment, two shillings a can—
    will I sell you one or a pair?”

    “You are old,” said the young man, “and your teeth are too weak
    for anything harder than fat,
    but you ate a goose [from] bill to bone.
    Tell [me] how you chewed!

    ataoi = atá túMunster
    beachtexact, precise
    uafásachhorrible, terrible
    ramharthick, fat
    cleastrickm
    solúbthaFlexible, pliable, supple, adaptable
    sár-Exceeding, surpassing; excellent; ultra-, most
    ungadhOintment; unguent, salve
    lagweak
    cármouth, [set of] teeth
    goosef
    gobbeak, billm
    idirboth [nouns lenited]; between [nouns not lenited]

  14. Dúirt sé “I m’óige is ea [Munster liked to insert is ea, not really necessary]chuaigh mé le dlí
    is phléinn [
    1st pers past hab] le mo bhean ’chuile chás.
    Thug sé sin do mo ghialla fuinneamh is brí
    a d’fhan agam riamh anall.”

    “Tá tú sean,” dúirt a mhac, “is ní mheasfainn aon phioc
    den daingne a bheadh i do shúile,
    ach chothromaís [
    2nd conj verb] eascann go beacht ar do smut.
    Cad a thug duit an oiread sin stuaime?”

    “Trí cheist a d’fhreagair mé. Sin é mo sháith,”
    duirt an t-athair, “is cuir uait an gus.
    An dócha gur féidir liom éisteacht go lá?
    Beir as tú nó brisfead [
    “I will break” – Munster] do phus!”

    He said “In my youth I went to the law
    I discuss with my wife every case
    It gave my jaws energy and vigor
    it stayed with me from time immemorial.”

    “You are old,” said his son, “and I would not consider a bit
    the Strength that would be in your eyes
    but you balanced an eel exactly on your snout
    What gave you so much steadiness?

    I answered three questions. That is enough for me,”
    said the father, “and don’t give yourself self-importance
    Is it likely I can listen for a day?
    Go away or I will break your face!”

    pléighPlead; discuss; dispute; (With le) Deal with, occupy oneself with
    cás Case. (a) Instance, circumstances, state of affairs; Concern; matter for concernm
    gialljaw; hostagem npl gialla
    fuinneamhEnergy; force, vigour; pep, spiritm
    bríStrength, vigorf
    anallhither, from the far
    riamh anallfrom time immemorial
    measEstimate, value, judge; deem, consider
    piocBit, jot, whit, iota
    daingneStrength, security, firmness, solidityf
    cothromaighEven, level; balance, equalize
    eascanneel
    beachtexact, precise
    smutStump; short piece, portion; snout; Sulky expression, huff
    stuaim Level-headedness, self-control; good sense, staidness, prudence; Ingenuity, steadiness
    sáithFeed, fill; sufficiency, enough
    gusForce, vigor; resource, enterprise; spirit, gumption; self-importancem
    éisteachthearing; Silence; patience, forbearance
    pus(Protruding) mouth; sulky expression, pout; snoutm
    Beir as túGo away! You don’t mean it
    lubbend
    so-easy
    do-not
    in- Capable of, fit for, fit to be

  15. “Ní dúirt tú é sin i gceart,” a dúirt an Speig Neanta. “Ní ar fad ar fad, tá eagla orm,” a dúirt Eilís, go faiteach. “Athraíodh [past aut] cuid de na focail.”
    “Tá sé bunoscionn ó thús deireadh,” a dúirt an Speig Neanta go daingean, agus bhí tost ann ar feadh cúpla nóiméad.
    Ba é an Speig Neanta ba thúisce a labhair.
    “Cén mhéid is mian leat?” a d’fhiafraigh sé.

    “You did not say that correctly,” said the Hairy Caterpillar. “Not at all at all, I fear,” said Alice timidly. “Some of the words were changed.”
    “It is upside down from start to finish,” said the Hairy Caterpillar firmly, and there was silence for the space of a few minutes.
    The Hairy Caterpillar was the first to speak. “What size do you want?” he asked.


  16. “Muise, is cuma liom faoin méid,” a d’fhreagair Eilís go deifreach. “Níl ann ach gurbh fhearr liom gan athrú chomh minic sin, tá a fhios agat.”
    “Níl a fhios agam,” a dúirt an Speig Neanta.
    Ní dúirt Eilís dada: níor easaontaíodh[
    aut] léi chomh minic céanna riamh roimhe sin agus bhraith sí gur [copula for emphasis] ag dul chun feirge a bhí sí.
    “An bhfuil tú sásta leat féin anois?” a dúirt an Speig Neanta.

    “Well, I don’t know about the size,” answered Alice hurriedly. “Only I would prefer not to change often, you know.”
    “I don’t know,” said the Hairy Caterpillar.
    Alice did not say anything: No one had ever disagreed with her so often ever, and she felt she was going to be angry.
    “Are you happy with yourself now?” said the Hairy Caterpillar.

    deifreachHurried, in a hurry
    easaontaigh ledisagreed withpast aut
    céannasame

  17. “Bhuel, b’fhearr liom a bheith beagán ní ba mhó, a dhuine uasail, murar mhiste leat,” a dúirt Eilís. “Is bocht ainnis an airde í [subject] trí orlach.”
    “Is rímhaith an airde í go deimhin!” a dúirt an Speig Neanta go feargach, á ardú féin colgdhíreach le linn na cainte sin (trí orlach ar airde a bhí sé go baileach).

    “I would prefer to be a little bigger, sir, if you don’t mind,” said Alice. “It is miserable being three inches high.”
    “It is certainly a great height!” said the Hairy Caterpillar angrily, raising himself erect during that speech (it was three inches high exactly).

    ainnisMiserable; mean; wretched, afflicted; Awkward, ungainly
    colgdhíreachstraight, erect
    baileachexact

  18. “Ach nílimse cleachtach leis!” a dúirt Eilís go trua mhéalach. “Is mairg na dúile seo a bheith chomh goilliúnach sin!” a dúirt sí léi féin.
    “Éireoidh tú cleachtach leis sa deireadh,” a dúirt an Speig Neanta agus chuir sé an húca ar ais ar a bhéal agus thosaigh á [
    object of a vn] chaitheamh arís.

    “But I am not accustomed to this!” said Alice sorrowfully. “It’s a pity these creatures are so easily hurt!” she said to herself
    “You will become accustomed to it in the end,” said the Hairy Caterpillar and he put the hookah back in his mouth and began smoking it again.

    cleachtachaccustoned
    truapity, sympathyf
    méalachsorrowful, lamenting
    mairgwoe, sorrowf
    dúildesire, fondness, liking; element; creaturef gs npl dúile
    goilliúnachpainful, distressing; sensitive, easily hurt

  19. D’fhan Eilís go foighneach go dtoileodh [gram? looks like cond] sé labhairt arís. Tar éis nóiméid nó dhó bhain an Speig Neanta an húca amach as a bhéal, rinne méanfach uair nó dhó agus bhain searradh as féin. Shleamhnaigh sé den mhuisiriún ansin agus shnámh leis [?] isteach san fhéar, agus ní dúirt sé san imeacht dó ach “Méadóidh taobh amháin thú agus laghdóidh an taobh eile thú.”
    “Cé na taobhanna?” a d’fhiafraigh Eilís di féin.
    “Taobhanna an mhuisiriúin,” a dúirt an Speig Neanta, amhail is dá bhfiafródh sí os ard é; agus i nóiméad eile bhí sé imithe.

    Alice patiently and ageeably for him to speak again. After a minute or two the Hairy Caterpillar took the hookah out of his mouth, yawned once or twice and stretched himself. He then slid from the mushroom and swam into the grass, and did not say anything as he was going from it except “One side will increase you and the other side will decrease you.”
    “What sides?” asked Alice to herself
    “Sides of the mushroom,” said the Hairy Caterpillar, as if she would have asked him aloud; and in another minute he was gone.

    foighneachpatient
    toilighWill, consent, agree
    méanfachyawning; yawn
    Sleamhnaighslide, slip
    muisiriúnmushroomm
    MéadaighIncrease, multiply; enlarge, augment; grow bigger
    laghdaighLessen, decrease, diminish; reduce
    amhaillike, as
    fiafraighask

  20. D’fhan Eilís ag breathnú go smaointeach ar an muisiriúin ar feadh tamaill, agus í ag iarraidh déanamh amach cá raibh an dá thaobh. Cruth ciorcail a bhí sa mhuisiriún agus mar sin níorbh fhéidir léi an cheist a fhreagairt. Sa deireadh, áfach, shín sí a lámha timpeall an mhuisiriúin chomh fada agus a chuaigh siad, agus bhain píosa den chiumhais le gach aon lámh.

    Alice stayed looking thoughfully at the mushroom for a while and trying make out what were the two sides. The mushroom was in the shape of a circle and therefore she could not answer the question. In the end, however, she stretched her hands around the mushroom for as long as they went and took a piece of the edge in each hand.

    smaointeach Thoughtful, reflective, pensive
    CruthShape, appearance
    ciorcal
    áfachhowever
    sínstretchv
    ciumhaisborder, edge, strip

  21. “Anois cé na taobhanna iad?” a dúirt sí léi féin, agus chreim sí beagán den phíosa ina lámh dheas le go bhfeicfeadh sí an toradh a bheadh air. An chéad rud eile d’airigh sí buille trom faoina smig: bhí a smig tar éis a cos a bhualadh!

    “Now what sides are these [which is which]?” she said to herself, and she gnawed a little of the piece in her right hand to see what the result would be. The next thing she felt was a heavy blow under her chin: her chin had struck her foot!

    creimgnaw
    toradhFruit; product, yield; result
    airighperceive, sense
    builleblow, strike
    tromweight, burden; heavy
    smigchin
    bualadh

  22. Scanraigh an t-athrú tobann go mór í. Bhraith sí nach raibh am ar bith le cailleadh, mar bhí sí ag crapadh chomh tapa sin [?]; thosaigh sí mar sin ag ithe beagán den phíosa eile. Bhí a smig brúite go teann in aghaidh a coise agus is ar éigean a bhí spás aici a béal a oscailt: ach d’éirigh léi ar deireadh, agus shloig [var] sí beagán den phíosa ina lámh chlé.

    She was greatly frightened by the sudden change. She felt there was no time to lose, as she was shrinking so quickly; so she began eating a little of the other piece. Her chin was tightly pressed against her leg and she barely had space to open her mouth: she succeeded in the end and swallowed a piece in her left hand.

    ScanraighFrighten
    cailleadhloss
    crapadhContraction, shrinkage
    brúitePressed, crushed
    ar éigeanhardly, barely, with difficulty

  23. “Féach, tá mo chloigeann saor sa deireadh!” a dúirt Eilís agus[?] ríméad uirthi. Ach rinneadh imní dá háthas go luath, nuair nach bhfaca sí a guaillí in aon áit. D’fhéach sí síos ach ní fhaca sí ach fad ollmhór muiníl [gen s] agus é ag éirí mar a bheadh gas amach as lear duilleog glas i bhfad thíos.

    “Look, my head is finally free!” said Alice with joy. But worry was made from her joy quickly, when she did not see her shoulders anywhere. She looked down but she only saw a great length of neck rising like a stalk from a great number of green leaves far below.

    imníAnxiety, concern
    ollmhórhuge, immense
    muineálneckm gs muiníl
    gasstalk, stem; sprig, shootm
    duilleogleaff gen p here

  24. “Cad é an stuif glas sin uile?” a dúirt Eilís. “Agus cár imigh mo ghuaillí? Och, a [voc] lámha bochta, cén fáth nach bhfeicim sibh?” Bhí sí á [pronoun object of a verbal noun ] gcorraí [pl] le linn na cainte, ach ní fhaca sí toradh ar bith air sin ach croitheadh éigin i measc na nduilleog glas i bhfad síos.

    “What is all that green stuff?” said Alice. “And where did my shoulders go? O! Poor hands, why don’t I see you?” She was moving them during the talk, but she did not see any result at all except some shaking among the leaves far down.

    corraighmove, stirvn corraí
    toradhFruit; product, yield; resultm
    croithshakevn & past aut croitheadh

  25. Toisc nach go bhféadfadh sí a lámha a chur aníos chuig a ceann de réir dealraimh, d’fhéach sí lena ceann a chur síos go dtí iad, agus nach uirthi a bhí an t-áthas nuair a fuair sí amach go lúbfadh a muineál go héasca treo ar bith ar nós nathair nimhe. D’éirigh léi a ceann a lúbadh anuas ina fhiarlán grástúil. Bhí sí ansin ar tí tumadh i measc na nduilleog, a bhfuair sí amach fúthu nár dhada iad ach duilliúr na gcrann a raibh sí roimhe sin ag súil timpeall faoina mbun, nuair a bhain siosarnach ghéar geit aisti agus chúb sí go deifreach: bhí colúr mór tar éis eitilt isteach in éadan Eilíse, agus bhí sé á bualadh go fíochmhar lena sciatháin.

    Because she apparently could not put her hands up to her head, she looked to put her head down to them, wasn’t she happy when she found out her neck would easily bend in any direction like a poisonous snake. She started to loop her head downward in a graceful zigzag. She was about to plunge among the leaves, she found out they were nothing but the leaves of the trees she had beem walking aroung underneath, when she was startled by a sharp hissing and bent in a hurry: A big pigeon was flying in Alice’s face and he was fiercely beating her with its wings.

    de réiraccording to
    dealramhSheen, splendour, radiance; Look, appearance; likeness, resemblanc
    De réir dealraimhDe réir dealraimh
    lúbloop, bendf & v
    muineálneckm
    éascaSwift, nimble; free, fluent, easy; ready, prompt
    treoDirection, waym
    ar nóslike
    nathair nimhepoisonous snake
    fiarlánzigzagm
    grástúilGracious; Benignant, merciful
    tumadhDip, dive, plunge, immersionm
    duilliúrLeaves, foliagem
    siosarnachhissing; whispering, rustling
    géarsharp
    geitjump, start, frightf & v
    cúbbend; cower, shrinkage
    deifreachhurried
    colúrpigeonm
    éadanfront, facem
    in éadanagainst, opposed to
    fíochmharFurious, ferocious

  26. “Nathair nimhe!” a dúirt an Colúr de scread.
    “Ní nathair nimhe mé!” a dúirt Eilís le teann míshásaimh. “Lig dom!”
    “Nathair nimhe, a deirimse arís!” a dúirt an Colúr den dara huair, ach beagán ní[?] b’ísle, agus le snag ina glór dúirt sí, “Bhain mé triail as gach aon bhealach, ach ní shásaíonn rud ar bith iad, de réir cosúlachta.”
    “Níl tuairim dá laghad agam céard a bhfuil tú ag caint faoi,” a dúirt Eilís.

    “Poisonous snake!” said the pigeon in a scream.
    “I am not a poisonous snake!” said Alice with strong displeasure. “Let me [alone]!”
    “Poisonous snake, I say again!” said the pigeon a second time, but a little lower and with a gasp in its voice it said, “I tried every way, bit nothing satisfies them, apparently.”
    “I have not the least idea what you are talking about,” said Alice.

    teannStrength, forcem
    míshásaimhDispleasure, dissatisfaction; awkwardness

  27. “Bhain mé triail as fréamhacha crann, as bruacha agus as fálta,” a dúirt an Colúr ag leanúint dá scéal, gan aon aird a thabhairt ar Eilís; “ach na nathracha nimhe sin. Ní féidir iad a shásamh!”
    Bhí mearbhall Eilís ag dul i méad i gcónaí, ach cheap sí nárbh fhearr rud a dhéanfadh sí ná fanacht ina tost go mbeadh caint an Cholúir críochnaithe.

    “I tried tree roots, banks, and hedge,” said the pigeon continuing its story, paying no attention to Alice; “but those poisonous snakes. They can’t be satisfied!”
    Alice’s confusion was always growing, but she thought there was nothing better for her to do but wait in silence until the pigeon’s speech was finished.

    fréamhachroots
    bruachbank, brink, edgem
    fálhedge, fence; wall; field, enclosurem pl fálta
    mearbhallBewilderment, confusion, wandering
    tostsilencem

  28. “Nach bhfuil mo dhóthain trioblóide agam le gor na n-uibheacha,” a dúirt an Colúr, “gan a bheith ag faire amach do nathracha nimhe de ló agus d’oíche! Féach, níor chodail mé néal le trí seachtaine!”
    “Is bocht liom do chrá croí,” a dúirt Eilís, mar bhí sí ag tosú ag tuiscint an scéil.

    “I haven’t got enough trouble with hatching the eggs,” said the pigeon,
    “without watching out for a poisonous snake day and night! Look, I did not sleep for three weeks!
    “I am so very sorry,” said Alice, because she was beginning to understand the story.

    dóthainEnough, sufficiencyf
    trioblóidtroublef gs trioblóide
    gorheat, warm, incubationm & v
    fairewatch(ing)
    daydative
    néalnap, snooze; [other]m
    cráAnguish, torment; distress, sorrowm

  29. “Agus ní túisce a roghnaigh mé an crann is airde sa choill,” a dúirt an Colúr ag leanúint uirthi agus ag ardú a glóir go scréach, “agus ní túisce a cheap mé go mbeinn saor uathu sa deireadh, ná is gá dóibh teacht ag snámh anuas as an spéir! Och! Nathair nimhe!”
    “Ach ní nathair nimhe mé ar chor ar bith!” a dúirt Eilís, “Níl ionamsa ach—ach—”
    “Cad atá ionat?” a dúirt an Colúr. “Is léir dom gur ag iarraidh rud éigin a chumadh atá tú!”

    “No sooner than the highest tree in the wood,” said the Pigeon continuing [her] raising its voice to a screech, “rather I thought I would finally be free from them, than they have to come swimming down from the sky. O! Poisonous snake!”
    “But I am not a poisonous snake at all,” said Alice, “I am only—only—”
    “What are you?” said the pigeon. “It is clear to me that you want to invent something!”

    túisceSooner, rather; first
    need, requirementm
    Cad atá ionat?What is it that is in you?Workaround to avoid copula

  30. “Cailín beag atá ionam,” a dúirt Eilís beagán amhrasach, agus í ag cuimhneamh ar na hathruithe uile a tháinig uirthi an lá sin.
    “Sin scéal nach bhfuil cuma ná caoi air!” a dúirt an Colúr le teann drochmheasa. “Is iomaí sin cailín beag a chonaic mé le mo linn, ach ní fhaca mé ceann riamh a raibh muineál mar sin uirthi! Ní hea, ní hea! Is nathair nimhe thú: agus níl aon mhaith duit é a shéanadh. Is dócha go ndéarfaidh tú liom ar ball nár bhlais tú ubh ar bith riamh!”

    “I am a little girl,” said Alice a little doubtfully, remembering all the changes that happened to her that day.
    “That story does not seem right!” said the pigeon with forceful contempt. “I have seen many little girls in my time, but never saw one with a neck like that on you! No, No! You are a poisonous snake: No good for you denying it. You will probably say to me presently that you have never tasted an egg.”

    amhrasachDoubtful; suspicious; Doubtful; suspicious
    caoiway, manner
    teannStrength, force
    drochmheascontemptm gs drochmheas
    iomaímany
    séanadhdenialm

  31. “Bhlais mé uibheacha roimhe seo, cinnte,” a dúirt Eilís, mar b’fhírinneach macánta an cailín beag í. “Itheann na cailíní beaga an oiread uibheacha agus a itheann na nathracha nimhe, tá a fhios agat.”
    “Ní chreidim é,” a dúirt an Colúr; “ach má itheann, is cineál nathracha [
    gpl] nimhe iad, sin a bhfuil le rá agamsa.”

    “I have tasted eggs before this, certainly,” said Alice, because she was a truthful gentle little girl. “Little girls eat as many eggs as the poisonous snakes eat, you know.”
    “I don’t believe it,” said the pigeon; but if they eat [them], they are a kind of poisonous snake, that is what I say.

    fírinneachtruthful
    macántaChildlike; gentle, meek, mild

  32. Bhí an tuairim sin chomh nua d’Eilís, gur fhan sí ina tost ar feadh nóiméid, rud a thug an deis don Cholúr a rá freisin, “Is ag tóraíocht uibheacha atá tú, táim cinnte de sin; agus nach mar a chéile domsa é cé acu cailín beag nó nathair nimhe thú?”
    “Ní mar a chéile domsa é,” a dúirt Eilís go deifreach, “ach ní ag tóraíocht uibheacha atáim, mar a tharlaíonn; agus dá mbeinnse á dtóraíocht, ní bheadh do chuidse [
    emphatic] uibheacha uaim: ní maith liom iad amh.”

    That idea was new to Alice, and left her silent for a minute, a thing that gave the pigeon the opportunity to say also, “You are searching for eggs, I am sure of that; and Isn’t it all the same to me whether you are a little girl or a poisonous snake?
    “It is not all the same to me,” said Alice hurriedly, “but I am not searching for eggs, as it happens, if I were searching for them, I would not have your eggs, I do not like them raw.”

    tóraíochtPursuit; hunt, searchf
    amhraw

  33. “Bhuel, imigh leat, mar sin!” a dúirt an Colúr agus pus uirthi, agus shoiprigh sí í féin arís ina nead. Chrom Eilís síos i measc na gcrann chomh maith agus a d’fhéad sí, mar théadh [past hab?] a muineál in achrann sna craobhacha, agus bhíodh uirthi stopadh agus é a réiteach. Tar éis tamaill chuimhnigh sí go raibh píosaí an mhuisiriúin ina lámha go fóill, agus thosaigh sí ag obair go han-airdeallach, ag creimeadh píosa amháin seal agus an phíosa eile seal eile, agus ag fás nóiméad amháin agus ag laghdú nóiméad eile, go dtí gur éirigh léi í féin a thabhairt anuas go dtí a gnáthairde.

    “Well, away with you, then!” said the pigeon with a pout, and snuggled down again in its nest. Alice bent down among the trees as well as she could, as her neck was caught repeatedly in the tangle of branches, and she would have to stop and clear it. After a while she remembered there were still pieces of mushroom in her hands, and she began working very carefully gnawing one piece in turn and the other piece in another turn, and growing one minute and shrinking another minutes, until she succeeded in bringing herself down to her usual height.

    pus(Protruding) mouth; sulky expression, poutm
    soiprighNestle, snuggle
    neadnestf
    crombend, stoop
    achrannTangled growth; tangle, entanglementm
    craobhbranch, bough [of tree]
    airdeallachAlert, watchful

  34. Bhí sé chomh fada sin ó bhí a méid cheart inti nó rud ba chosúil léi, gur airigh sí an-aisteach ar dtús; ach d’éirigh sí cleachtach leis tar éis cúpla nóiméad, agus thosaigh sí ag caint léi féin mar ab iondúil léi. “Féach, tá leath mo phlean curtha i gcrích agam anois! Nach mór an crá croí iad na hathruithe seo go léir! Ní bhím cinnte ó nóiméad amháin go nóiméad eile cad a bheidh ionam! Ach fuair mé mo sheanmhéid ar ais: an chéad rud eile fáil isteach sa ghairdín álainn sin—conas is féidir sin a dhéanamh, meas tú?” Nuair a bhí sí á rá sin tháinig sí ar réiteach sa choill, agus teach beag ann a bhí thart ar ceithre troithe ar airde. “Cibé duine atá ina chónaí sa teach sin,” a smaoinigh Eilís, “ní dhéanfaidh sé cúis dom teacht air sa mhéid seo: mhuise, scanróinn ina chraiceann é.” Mar sin thosaigh sí ag creimeadh píosa na láimhe deise [gen of adj] arís, agus ní dheachaigh sí i ngiorracht don teach gur thug sí í féin síos go dtí naoi n-orlach nó mar sin.

    It was so long since she was her right size or anything like it, she felt strange at first; but she became accustomed to it after a few minutes, she began to talk to herself as was usual with her. “Look, I have now completed half my plan! Aren’t all these changes entirely a heartache! I am not sure from one minute to the next what I will be! But I got my old size back: The next thing is to get into that beautiful garden—how do you think that can be done?” When she was saying that she came to a clearing in the wood, and a little house about four feet high. “Whatever person lives in that house,” thought Alice, “It won’t do to come in this size: It will scare it in its skin.” So she started gnawing the piece in her right hand again. and she did not get near to the house until she brought herself down to nine inches or so.

    airigh Perceive, sense
    cleachtachaccustomed
    iondúilUsual, customary
    leathside, part, direction, halff
    críochlimit, boundary, end, conclusionf ds crích
    cráAnguish, torment; distress, sorrowm
    athrúchange, alterationm
    troighfootf pl troithe
    Cibéwhoever, whatever
    scanróinnfrightenconditional here
    giorrachtshortness, brevityf

Nótaí faoi scéalta

Chuamar go dtí an ceoldráma Dé Máirt, an dhá lá déagú mhí na Samhna.
Ba é “The Barber of Seville” ceoldráma an oíche sin
an mhaith
Bhí an ceoldráma a chonaic muid roimhe seo i Chicago tríocha bliain ó shin.
Ní cuimhin liom an t-ainm.
Rinneamar an chéad deireadh seachtaine eile turas bóthair
Thiomáin muid ar dtús chuig Lombard, bruachbhaile de Chicago
Bhí coinbhinsiún ficsean eolaíochta ann gach mí na Samhna
Bhí muid ann go minic
Chonaic muid go leor seanchairde, mar is gnách
Bhain muid sult
thiomáin Ar an Domhnach thiomáin muid go Traverse City i Michigan
Tá mo dheartháir céile, deartháir Mia, ina chónaí ann
Is é Matt a ainm
Is fear saibhir é agus tá teach an-mhór aige.
Mar sin féin, tá deireadh lena phósadh. Beidh colscaradh ann.
Ba bhean dheacair a bhean chéile
Tá sé ina aonar sa teach mór sin.
tá brón orainn, ach tá sé deacair labhairt leis
Is trumpadóir é
Tá Fox News ag an teilifís i gcónaí
Bhí orainn cuairt a thabhairt air. Beidh sé ag díol an tí.
Tá an iomarca stuif aige. Caithfidh sé a lán rudaí a dhiúscairt
Tá a lán rudaí óna máthair Genevieve
Is fear réasúnta é Matt, in ainneoin Trump
D’iarr Matt go ndéanfaimis na rudaí a theastaigh ó Mia.
Thóg muid a lán rudaí abhaile. Bhí sean litreacha, píosaí ealaíne, agus leabhair.
Bhí go leor leabhar ag Genevieve
Ní maith le Matt leabhair
Thiomáin muid abhaile trí leithinis uachtair Michigan, ná thar WIsconsin.
Ba thiomáint an-fhada é
Bhí Lá an Altaithe ciúin
Bhí an béile gnáth, ach an-bhlasta
turcaí, prataí, bachlóga Bhruiséile, mónóg