Monday night Irish Class, October 23, 2017

Irish Class, October 23, 2017

Rang Gaeilge, 23ú lá Mí Dheireadh Fómhair 2017

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

is fearr fuíoll an mhadaidh ná fuíoll an mhagaidh. Better the victim of a dog (bite) than the victim of mockery.
is fearr fuíoll fonóide ná fuíoll formáid. Better to be the butt of ridicule than the object of envy

Blade Runner – buaileann an tintreach faoi dhó

Saothar machnamhach, cumasach é Blade Runner 2049 a léiríonn ómós don chéad ghála ach a dhéanann a iomaire féin a threabhadh leis
buaileann an tintreach faoi dhó< lightning strikes twice
Saothar machnamhach thoughtful/reflective work
cumasach talented
dhá mhíle daichead a naoi 1049
a léiríonn ómós don chéad ghála that shows tribute to the first installment gála “installment”
iomaire ridge
treabhadh plowing
dhéanann a iomaire féin a threabhadh leis plowing its own ridge

  1. Tá áit ar leithligh ag Blade Runner (1982) i gcanóin na scannánaíochta. Táirge in iomaire an fhicsin
    eolaíochta é a bhfuil téagar ann agus a n-éiríonn leis an t-aicsean a nascadh le cíoradh machnamhach
    ar bhunús na beatha. Ach oiread le mórshaothair eile riamh anall bhí an cathú ann an scannán
    leantach a sholáthar, ach bhíothas imníoch nach bhféadfaí nó nár cheart, lorg sheoid Ridley Scott
    a leanúint. Ní móide go mbuailfeadh tintreach faoi dhó? Bhuel is dóigh liom gur bhuail.

    leithligh by itself, in particular
    Táirge in iomaire an fhicsin eolaíochta Product on a genre (“ridge”) of science fiction
    téagar substance, stoutness, bulk,
    nascadh binding, bond nasc link [on web page]
    cíoradh discussion, examination
    machnamhach thoughtful
    bunús na beatha basis of life
    riamh anall from time immemorial
    Ach oiread le mórshaothair eile riamh anall But as with many other works from time immemorial
    bhí an cathú ann an scannán leantach a sholáthar there was a temptation to make a sequel
    imníoch anxious, concerned
    nach bhféadfaí nó nár cheart could not or should not
    lorg sheoid Ridley Scott a leanúint. seek to follow the jewel of RS
    Ní móide go mbuailfeadh tintreach faoi dhó? Does not lightning hit twice
    is dóigh liom gur bhuail. I think it hit

  2. Is ar Denis Villeneuve a thit an cúram cur leis an domhan suaithinseach seo agus é a sheachadadh ar
    aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Sa saothar machnamhach, cumasach seo léirítear ómós don chéad
    ghála, cinntítear leanúnachas ach déanann sé a iomaire féin a threabhadh. Tá cúig bliana déag ar
    fhichid gafa tharainn ó bhí Harrison i mbróga Deckard agus tá 30 bliain gafa tharainn ar scáileán.

    cúram care, responsibility m
    suaithinseach Remarkable, distinctive; unusual, special
    seachadadh delivery
    é a sheachadadh ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. deliver it forward to the next generation
    Sa saothar machnamhach in the thoughtful work
    cumasach talent
    léirigh Make clear, explain, illustrate
    ómós don chéad ghála, tribute to the 1st gala
    cinntítear leanúnachas continuity is made certain
    dhéanann a iomaire féin a threabhadh leis plowing its own ridge
    gafa gone by
    tharainn gone by thar
    scáileán screen

  3. Sa réamhrá déantar trácht ar Chomhlacht Tyrell, tíoránaigh an táirge bhunaidh, a cheap is a
    chruthaigh na ‘replicants,’ agus a bhí ag iarraidh iad a chur de dhroim seoil ina dhiaidh sin. Cuireadh
    an comhlacht é féin go tóin poill, ach tá Comhlacht Wallace tar éis tionscnamh na ‘replicants’ a chur ar
    a bhonnaibh arís. Tá glúin nua de na neacha seo againn anois agus iad in ainm is a bheith níos umhaile
    ná a réamhtheachtaithe. Neach acu is ea ‘K’ (Gosling), agus é mar chúram air na seanleaganacha a chur
    amach ar pinsean.

    Sa réamhrá déantar trácht ar Chomhlacht Tyrell In the introduction Tyrell’s company is mentioned
    tíoránach tyrant, bully
    an táirge bhunaidh the priginal product
    a cheap is a chruthaigh na ‘replicants,’ that thought he created the ‘replicants’
    seoil sail
    droim back
    Duine a chur de dhroim seoil to thwart s.o.
    a bhí ag iarraidh iad a chur de dhroim seoil ina dhiaidh sin who was trying to thwart tmem after that
    comhlacht company m
    go tóin poill to the bottom of the sea
    tionscnamh Beginning, origin; introduction, initiation; institution, establishment
    bonnaigh walk, trot v
    Tá glúin nua de na neacha seo againn anois We have a new generation of these beings now
    iad in ainm is a bheith níos umhaile ná a réamhtheachtaithe. In name they are more humble than their predecessors
    é mar chúram air na seanleaganacha a chur amach ar pinsean. He is responsible for putting the old versions out on pension.

  4. Ní i gcónaí a théann Gosling i bhfeidhm orm, go mórmhór nuair a éilíonn a chuid carachtar go mbeadh
    sé ag monabhar isteach ina chuid buataisí, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm anseo. I radharc
    stuifiúil ag an tús, ina bhfuil aicsean agus cóngair chainte, cuirtear a charachtar os ár gcomhair go
    paiteanta. Tá sé beagfhoclach, diongbháilte ach léirítear féith an ghrinn anseo agus ansiúd. Is léir go
    bhfuil a ról sa domhan aduain seo ag luí go mór air agus nuair a chuirtear rúin agus coranna an scéil in
    iúl dúinn éiríonn leis claochlú a charachtair a chur abhaile orainn.

    Ní i gcónaí a théann Gosling i bhfeidhm orm G does not always come in operation (work) for me
    go mórmhór in most cases
    éiligh claim, demand
    monabhar murmuring
    buatais boot
    chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm anseo it works for me in a big way
    I radharc stuifiúil ag an tús strong in sight at the beginning
    ina bhfuil aicsean agus cóngair chainte in which is action and conciseness of speech
    cuirtear a charachtar os ár gcomhair go paiteanta. his character is put before us clearly
    Tá sé beagfhoclach He is sparing of words
    diongbháilte worthy, fitting; Firm, steadfast; constant, stable; fixed, secure
    léirigh Make clear, explain, illustrate
    féith sinew, muscle/Calm, still; hushed, quiet
    féith an ghrinn vein of humor
    anseo agus ansiúd here and there
    Is léir go bhfuil a ról sa domhan aduain seo It is clear that his role in this strange world
    luí heavily
    ag luí go mór air very impressive
    rún mystery
    cor turn
    cuirtear … in íul is revealed to us
    éiríonn leis claochlú a charachtair a chur abhaile orainn succeeds in bringing home the transformation of his character to us

  5. Bhí saol aisteoireachta Ford in airde láin sna hochtóidí luatha nuair a bhí na cnuasaigh Indiana Jones
    agus
    Star Wars i lár an aonaigh. Tá siad sin á bhfágáil le huacht ag aisteoirí eile le blianta anuas aige
    agus is amhlaidh atá leis an saothar/cnuasach seo. Is fada linn go dtiocfaidh sé ar scáileán agus tá cuid
    mhaith den scannán caite sula gcímid é, ach is fiú é. Tá sé lárnach sna hábhair suntais agus san oscailt
    súl ar fad. Ní féidir an seanfhondúir a bhéiteáil.

    Bhí saol aisteoireachta Ford in airde láin sna hochtóidí luatha The acting life of ford was fully high in the early 80’s
    cnuasach gathering, collection
    i lár an aonaigh in the middle of the fair
    uacht
    Tá siad sin á bhfágáil le huacht ag aisteoirí eile le blianta anuas aige These are bequeathed to other actors in recend years
    is amhlaidh atá leis an saothar/cnuasach seo that is also the case with this work/collecion
    Is fada linn go dtiocfaidh sé ar scáileán It is long to come on screen
    gcímid we see [Don.]
    caite spent
    sula before
    is fiú é it’s worth it
    lárnach central
    ábhar ,subject, matter, material
    suntas notice, attention
    san oscailt súl ar fad entirely eye-opening
    seanfhondúir old timer
    béiteáil beat

  6. Ach oiread le saothar Scott tá an gála seo an-chineamatach agus ardcheardaíocht ann. Cloítear agus
    cuirtear leis an domhan aduain. Tá meafair an uisce/na báistí le feiscint tríd síos agus déantar an
    ciúnas/machnamh a bhriseadh le míreanna glinne foréigin.

    oiread le saothar Scott tá an gála seo as much of Scott’s work this installment is
    cineamatach
    ceardaíocht craft, craftmanship
    Cloítear is subdued
    aduain strange
    Cloítear agus cuirtear leis an domhan aduain. the strange world is subdue and added to
    meafar metaphor
    déantar an ciúnas/machnamh a bhriseadh make thesilence / reflection use to be broken bhriseadh p. hab,
    mír bit, portion f
    glinn clear, distinct
    foréigean violence, force, compulsion

  7. Ní turas siar bóithrín na smaointe amháin atá anseo ach saothar a bhfuil a bhuanna féin aige agus cá
    bhfios ná go mbeidh tuilleadh chugainn.

    bóithrín county lane, boreen
    smaointe thought
    Ní turas siar bóithrín na smaointe amháin Not only a trip down memory lane
    bua victory, triumph m
    cá bhfios ná go mbeidh tuilleadh chugainn. what knowledge than there will be more to come


Scéal
Is maith linn bianna ó go leor tíortha
chuaigh muid Dé Sathairn roimh seo caite chuaigh chuig trí siopa grósaera speisialta tar éis bricfeasta
Siopa amháin: Holy Land Deli ar Aibhinne Central i oirthuaisceart Minneapolis
bia ón Mheánoirthear: Jordan, an Éigipt, an Phalaistín 7rl
Tá go leor Muslamaigh sa siopa sin, ón tSomáil agus ó thíortha eile
cheannaigh muid ola olóige buidéal mór.
úsáidimid go leor ola olóige sa chistin.
Siopa dhá: Kramarczuk’s ar soir Aibhinne Hennepin
Bia ón Eoraip go háirithe san Eoraip lárnach agus san oirthear.
cheannaigh muid ispíní Kielbasa úr ansin
Is féidir a cheannach Kielbasa ag Cub, ach ní K úr
cheannaigh muid freisin sauerkraut na Polainne
Tá an iomarca uisce sa sauerkraut ó Cub
Siopa trí: Réalta Dragain i Saint Paul. Cúinne Sráid Dale agus Bóthar Pierce Butler
siopa mór oirthearacha: bia ón tSín, ón tSeapáin, ón Téalainn, ón Viet Nam, 7rl
Go leor daoine ó na tíortha sin
Cheannaign muid buidéal mór soy sauce agus trí málaí reoite pot stickers
Dúirt mé go n-ith muid bricfeasta roimh siopadóireacht
mar sin ní raibh an lá ró-dhaor

<!–


–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.