Irish Class, October 12, 2015
Rang Gaeilge, 12ú lá Mí Dheireadh Fómhair 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
“Tá an méid sin de ghnó an earraigh déanta agam,” mar a dúirt an fear tar éis dó a bhean a chur. | “That’s that much of the spring business done, ” as the man said after burying his wife. | |
cuir | put, plant, bury | vn cur |
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Go dian sa tóir (tuilleadh) — “Hard in pursuit” (continued)
Shiúil siad isteach thairis agus thosaigh ar na seomraí a
chuardach. Bhí Liam an-trína chéile. Chuaigh siad isteach ina
oifig. Shuigh duine acu síos ag a ríomhaire agus thosaigh ar é
a chur ar siúl. “An ndéarfadh duine éigin liom cad atá ag dul
ar aghaidh?” “Nach bhfuil a fhios agat…” a dúirt duine acu
leis i nguth ciúin, “…faoin bhfuadach?” “Cén fuadach?” arsa
Liam. “Ná bí ag iarraidh a bheith glic linne. Ag tagairt do do
chara Siobhán ataimid. Ná bí ag ligean ort nach bhfuil a fhios
agat faoin scéal.” “Anseo, boss!” arsa guth ag glaoch go hard
amach as seomra Liam. Rith an fear a bhí i gceannas isteach
agus bhí mála ina lámh ag an bhfear istigh. “Féach cad atá
aimsithe agamsa!” “Bí cúramach!” arsa an boss. “Seachain agus
ná cuir lorg do mhéire ar an bplaisteach!” D’fhéach sé isteach
sa mhála. “Hmm, an-spéisiúil go deimhin! Púdar bán i málaí
beaga agus taibléidí i mbosca. Is dócha gur cheap tú an
dallamullóg [66] a chur orainne, a phleidhce. Beidh leaba sa
stáisiún duitse anocht, a mhic!” a deir sé agus é ag féachaint go
searbhasach ar Liam. “Ach, ní liomsa….” “Ná bac leis na
leithscéalta, beidh go leor ama agat le do chuid scéalta a
chumadh ar ball. Cuirigí na dornaisc [67] air agus tugaigí libh
chuig an stáisiún é. Fanfaimidne anseo agus críochnóimid an
cuardach.” Bhog beirt de na Gardaí Liam leo go garbh amach
i dtreo an chairr phatról.
Shiúil siad isteach thairis agus thosaigh ar na seomraí a chuardach. | They walked past him and started searching the rooms | |
Bhí Liam an-trína chéile. | L was very confused | |
Chuaigh siad isteach ina oifig. | They went into his office. | |
Shuigh duine acu síos ag a ríomhaire agus thosaigh ar é a chur ar siúl. | One of them sat down at his computer and started it up | |
“An ndéarfadh duine éigin liom cad atá ag dul ar aghaidh?” | “Would someone tell me what is going on?” | |
“Nach bhfuil a fhios agat…” | “You don’t know…” | |
a dúirt duine acu leis i nguth ciúin, | said one of them with a quiet voice | |
Ná bí ag iarraidh a bheith glic linne. | Don’t try to be smart with us. | |
Ag tagairt do do chara Siobhán ataimid. | We are referring to your friend S. | |
Ná bí ag ligean ort nach bhfuil a fhios agat faoin scéal. | Do not pretend you do not know about the story | |
arsa guth ag glaoch go hard amach as seomra Liam. | said a voice calling loudly out of Liam’s room. | |
Rith an fear a bhí i gceannas isteach agus bhí mála ina lámh ag an bhfear istigh | The man in charge ran in and there was a bag in the hand of the man inside | (prepositions??) |
“Féach cad atá aimsithe agamsa!” “Bí cúramach!” | “Look what I have found!” “Be careful!” | |
“Seachain agus ná cuir lorg do mhéire ar an bplaisteach!” | “Take care and don’t put your fingerprints on the plastic!” | Seachain “Avoid” |
Púdar bán i málaí beaga agus taibléidí i mbosca. | White powder in small bags and tablets in a box | |
dallamullóg | hoodwink | 66 |
Is dócha gur cheap tú an dallamullóg a chur orainne, a phleidhce. | Probably you thought to hoodwink us, fool. | |
Beidh leaba sa stáisiún duitse anocht, a mhic | There will be a bed in the station for you tonight, son | |
é ag féachaint go searbhasach ar Liam. | loking at L sarcastically | |
“Ach, ní liomsa….” | “But not mine….” | |
“Ná bac leis na leithscéalta, | Never mind the excuses. | Ná bac “Don’t bother” |
beidh go leor ama agat le do chuid scéalta a chumadh ar ball. | you will have enough time with your stories inventing excuses presently. | |
dornaisc | handcuffs | 67 |
Fanfaimidne anseo agus críochnóimid an cuardach. | We will stay here and finish the search. | |
Bhí fear an phoist i mBaile an tSléibhe ar a ghnáthchúrsa
timpeall an pharóiste. “Litir agam do theach Uí Mhaoileoin arís
inniu,” a deir sé leis fein agus é ag casadh ar dheis suas an
bóithrín fada. “Mmmm….. nach ait é sin,” a smaoinigh sé, “an
sean-fhothrach mór garáiste sin, solas istigh ann agus carranna
lasmuigh de. Tá an áit sin tréigthe leis na blianta” D’fhág sé an
t-inneall ag rith agus d’éirigh amach as an gcarr le fiosracht.
Shiúil sé timpeall ar chúl agus d’fhéach isteach an fhuinneog
bhriste, shalach. “Go sábhála Dia sinn!” ar seisean leis féin,
“duine, beirt, triúr, ceathrar, cúigear fear istigh ann…. agus cad
iad sin atá á láimhseáil acu? Is cosúil le seoda iad!” Bhí troscán,
pictiúir agus earraí airgid agus go leor boscaí nach raibh
oscailte fós le feiceáil ina seasamh ar fud na háite. Léim fear an
phoist ar ais isteach ina charr go tapa sula bhfeicfí é agus thug
a gcuid litreacha chuig teaghlach Uí Mhaoileoin. Ar a bhealach
abhaile an tráthnóna sin thug sé cuairt ar stáisiún na nGardaí
ach faoin am a shroich siadsan an garáiste an oíche sin ní raibh
duine ná deoraí ann agus bhí gach rud glanta amach as an áit.
Bhí idir iontas agus dhíomá ar fhear an phoist.
Bhí fear an phoist i mBaile an tSléibhe ar a ghnáthchúrsa timpeall an pharóiste. | The postman in the town of the Mountain was on his usual route around the parish. | |
Litir agam do theach Uí Mhaoileoin arís inniu, | I have a letter for the O’Malone house again today. | |
agus é ag casadh ar dheis suas an bóithrín fada. | turning right up the long lane | |
nach ait é sin | Isn’t that strange | |
an sean-fhothrach mór garáiste sin, solas istigh ann agus carranna lasmuigh de. | the big old ruined garage, lights inside and cars outside of it | |
Tá an áit sin tréigthe leis na blianta | This place has been abandoned for years | |
D’fhág sé an t-inneall ag rith agus d’éirigh amach as an gcarr le fiosracht. | He left the engine running and got out of the car with curiosity. | |
Shiúil sé timpeall ar chúl agus d’fhéach isteach an fhuinneog bhriste, shalach. | He walked around to the back and looked in the broken dirty window. | |
Go sábhála Dia sinn! | God save us! | sinn “us” |
agus cad iad sin atá á láimhseáil acu? | what are those things that they are handling? | |
Is cosúil le seoda iad! | They are like jewels/treasures | |
Bhí troscán, pictiúir agus earraí airgid | There was furniture, pictures, and silverware | |
go leor boscaí nach raibh oscailte fós le feiceáil ina seasamh ar fud na háite. | many boxes not yet opened to be seen all around the place. | |
Léim fear an phoist ar ais isteach ina charr go tapa sula bhfeicfí é | The postman jumped quickly back into his car before he would be seen | |
thug a gcuid litreacha chuig teaghlach Uí Mhaoileoin. | gave their letters to the O’Malone family | |
Ar a bhealach abhaile an tráthnóna sin thug sé cuairt ar stáisiún na nGardaí | On his way home that evening he visited the police station | |
faoin am a shroich siadsan an garáiste an oíche sin ní raibh duine ná deoraí ann | By the the time they reached the garage there wasn’t a soul there | deoraí “stranger, wanderer, lonely person, exile” m4 |
bhí gach rud glanta amach as an áit. | everything was cleaned out of the place | |
Bhí idir iontas agus dhíomá ar fhear an phoist. | The postman was both surprised and disappointed. | idir with lenition: “both”, w/o “between” though that distinction is fading in modern Irish. |
Sin an Méid”! | That’s exactly right! / That’s all! | |
mór le rá | much talked about, famous | |
déanta agam | done by me |
<!–
<!–
–>