Irish Class, July 13, 2015
Rang Gaeilge, 13ú lá Mí na Iúil 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
An eascann ag ithe a heireabail.
“An eel that eats his tail.”
Someone who badmouths his/her own relatives.
[Oklahoma] Duirt KTUL.com go bhuil beirt fhear san ospidéal tar éis argóint meisce.
Thosaigh an argóint leis an gceist: Cé acu is fearr, iPhone ná Android?
[Washington] Duirt Kitsap Sun go nduirt na húdaráis go fuair bean bás i dtine tí anseo.
Bhí Anne Henningsen Schlee ina hochtóidí.
[Georgia] Duirt WXIA gur shínigh Gobharnóir Deal bille atá dhéanann ola cannabais dlíthiúil i Georgia,
an stát séú is tríocha sin a dhéanamh.
Direct Relative Clauses: Object Version
-
Tá an buachaill a bhuail mé dána.
Tá an buachaill dána. Bhuail mé an buachaill.
Tá an buachaill dána. Bhuail an buachaill mé.
-
Breathnaigh ar an bhfuinneog sin a bhris an buachaill!
Breathnaigh ar an bhfuinneog sin. Bhris an buachaill an bhfuinneog! (Bhris an buachaill í!)
-
Ní maith liom an carr nua a cheannaigh Síle.
Cheannaigh Síle carr nua. Ní maith liom an carr
-
D’éirigh an prionsa a phóg mé ina fhrog.
D’éirigh an prionsa a pina fhrog. Phóg mé an prionsa sin.
-
Bhí blas uafásach ar an mbia a d’ith muid aréir.
D’ith muid bia aréir. Bhí blas uafásach ar an mbia
-
An bhfuair sibh an pacáiste a sheol mé daoibh?
Sheol mé pacáiste daoibh. An bhfuair sibh an pacáiste?
-
Ní cheannaíonn Republicans na leabhair a scríobhann(s) Democrats.
Scríobhann Democrats na leabhair. Ní cheannaíonn Republicans iad
-
Ní labhróidh mé leis an bhfear a phósfaidh mo dhriofúr.
Phósfaidh mo dhriofúr an bhfear. Ní labhróidh mé leis an bhfear.
-
D’ith mo mhadra an obair bhaile a rinne mé aréir.
Rinne mé an obair bhaile aréir. D’ith mo mhadra an obair bhaile
-
Tá mé an-sásta leis an mbronntanas a thug tú dom.
Thug tú bronntanas dom. Tá mé an-sásta leis an mbronntanas
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Domhan Dorcha — “Dark world”
D’oscail an doras agus sceith beagáinín bideach solais isteach
faoin bpúicín [48] a bhi ceangailte go teann timpeall ar a súile.
Chorraigh sí iarraichtín ach bhí an phian chomh holc sin go
raibh sí sásta fanacht socair cé go raibh sí an-mhíchompordach
ar fad. Bhí sí ina luí ar a taobh chlé ar an urlár, a glúine lúbtha
i dtreo a smige, a lámha fós ceangailte taobh thiar dá droim
agus a rúitíní ceangailte lena chéile. Sleamhnaíodh rud éigin
trom trasna an urláir adhmaid ina treo agus dúirt guth fir go
garbh: “Sin do bhéile. Ith é.” “Fan, fan soicind. An scaoilfidh tú
an ceangal ar mo lámha? Ní bheidh mé ábalta aon rud a ithe
mura ndéanann tú.” Bhain an fear scian Stanley as a phóca agus
le gluaiseacht thobann gharbh a láimhe ghearr an ceangal. Leis
sin bhí sé imithe agus chuala Siobhán an eochair á casadh sa
doras. Bhí eagla an domhain uirthi anois. Cá raibh sí? Cén fhad
a bhí sí ann? Cen fhad a bheadh sí ann? An marófaí i? Ba chuma
leis na drongadóirí [49] drugaí seo. Ní raibh aon leisce orthu seo
daoine a mharú da gcuirfidís isteach ar a gcuid gnó. Bhí go leor
scéalta cloiste aici faoina léitheidí.
púicin | blindfold | |
sceith beagáinín bideach solais isteach faoin bpúicín a bhi ceangailte go teann timpeall ar a súile. | a tiny bit of light leaked under the blindfold which was tied tightly around her eyes. | |
Chorraigh sí iarraichtín | She tried to move | “She moved a little attempt” |
ach bhí an phian chomh holc sin go raibh sí sásta fanacht socair | but the pain was so bad she stayed still | |
cé go raibh sí an-mhíchompordach ar fad. | even though she was very uncomfortable throughout. | |
Bhí sí ina luí ar a taobh chlé ar an urlár | She was lying on her left side on the floor | |
a glúine lúbtha i dtreo a smige | her knees bent in the direction of her chin | |
a lámha fós ceangailte taobh thiar dá droim | her hands still tied behind her back | dá ← de + á |
agus a rúitíní ceangailte lena chéile | and her ankles tied together | |
Sleamhnaíodh rud éigin trom trasna an urláir adhmaid ina treo | Something heavy was slid across the wooden floor in her direction | Sleamhnaíodh p aut |
agus dúirt guth fir go garbh | and a male voice said roughly | |
An scaoilfidh tú an ceangal ar mo lámha? | Will you release the ties on my hands? | |
le gluaiseacht thobann gharbh a láimhe ghearr an ceangal | with a sudden rough movement of his hands cut the ties | No subject in the last phrase: ghearr [sé] an ceangal |
an eochair á casadh sa doras. | the key being turned in the door. | |
Bhí eagla an domhain uirthi anois | She was really scared now. | “She was scared of the world now.” |
An marófaí i? | Would she be killed? | |
drongadóirí | gangsters | [49] |
Ba chuma leis na drongadóirí drugaí seo. | It wouldn’t matter to these drug gangsters | |
Ní raibh aon leisce orthu seo daoine a mharú da gcuirfidís isteach ar a gcuid gnó. | These people had no hesitation to kill anyone who interfered in their business. | |
Bhí go leor scéalta cloiste aici faoina léitheidí. | She had heard many stories about things like this. | |
Níor aithin sí lá ná oíche anseo mar bhí sí sa dorchadas ar fad. Tharraing sí chuici a
lámha saortha agus shín amach os a comhair iad. Úch… an
phian, ach an faoiseamh freisin. Sháigh sí a hordóga faoina
púicín agus shleamhnaigh thar a ceann é. Faoiseamh! Ní raibh
sa domhan seo ar fad ach an solas a bhí ag teacht isteach trí
pholl na heochrach. D’fhéach sí timpeall uirthi….
Níor aithin sí lá ná oíche anseo mar bhí sí sa dorchadas ar fad. | She did not recognize day or night as she was in darkness throughout | |
Tharraing sí chuici a lámha saortha agus shín amach os a comhair iad. | She pulled her free hands to her and stretched them out before her | |
ach an faoiseamh freisin | but also the relief | |
Sháigh sí a hordóga faoina púicín agus shleamhnaigh thar a ceann é. | She stuck her thumbs under her blindfold and slipped it over her head | |
Ní raibh sa domhan seo ar fad ach an solas a bhí ag teacht isteach trí pholl na heochrach. |
In this whole world there was nothing but the light coming through the keyhole. |
<!–
… Faic le feiceáil.
Dubh-dhorchadas. Bhí a súile tinn ón bpúicín a bhí uirthi anois
le tamall fada. Ní raibh a fhios aici cén fhad. Ní raibh aon
fhuinneog ann go bhfios di. Ba ghairid gur tháinig a súile i
dtaithí ar an duibhe agus ar an léas beag solais a bhí ag
sceitheadh isteach trí pholl na heochrach. Chonaic sí cófra beag
thall sa chúinne. Boscaí cairtchláir ar fud na háite agus iad
dúnta le téip. Cúpla bosca stractha caite timpeall na háite.
Tharraing sí chuici na boscaí stractha. Dhéanfaidís sin leaba di.
Bhí sé dodhéanta codladh i gceart ar an mata salach a bhí fúithi.
D’fhéach sí síos ar chaol a dhá lamh. Bhí siad gearrtha, brúite
ach an rud nach bhfaca sí ná na marcanna dubha is gorma a
bhí gearrtha ag an bplaisteach cruaidh ina craiceann agus an
fhuil dhearg ina crústa dubh timpeall orthu
Faic le feiceáil. | Nothing to see. | |
go bhfios di | as far as she knew | |
a ghairid gur tháinig a súile i dtaithí ar an duibhe | it was a short time until her eyes became accustomed to the darkness [“black”] | |
ar an léas beag solais a bhí ag sceitheadh isteach trí pholl na heochrach. | the small beam of light that was leaking thhrough the keyhole. | |
Chonaic sí cófra beag thall sa chúinne. | She saw a small chest across in the corner | |
Boscaí cairtchláir ar fud na háite agus iad dúnta le téip. | Cardboard boxes everywhere and they were closed with tape | |
Cúpla bosca stractha caite timpeall na háite. | A couple torn boxes thrown around the place | |
Tharraing sí chuici na boscaí stractha. | She pulled the torn boxes to her. | |
Dhéanfaidís sin leaba di. | That would make a bed for her | |
Bhí sé dodhéanta codladh i gceart ar an mata salach a bhí fúithi. | It was impossible to sleep properly on the dirty mat that was under her. | |
D’fhéach sí síos ar chaol a dhá lamh. | She looked down at her two wrists | |
Bhí siad gearrtha, brúite | They were cut, bruised | |
ach an rud nach bhfaca sí ná na marcanna dubha is gorma a bhí gearrtha ag an bplaisteach cruaidh ina craiceann | but the thing she did not see or the black and blue marks that were cut by the hard plastic in her skin | |
agus an fhuil dhearg ina crústa dubh timpeall orthu | and the red blood in its black crust around them. | |
Tháinig is d’imigh na laethanta. Ba leadrán fada léi gach lá acu.
Triúr acu a bhí á gardáil, de réir na gcoiscéimeanna. Thugadh
fear amháin an bricfeasta chuici. Blúire beag tósta agus cupán
tae don bhricfeasta. An tae gránna de ghnáth, blas ró-láidir air.
Ní labhradh an fear seo riamh. D’fhágadh sé an pláta laistigh
den doras gan focal as. Béile níos mó cúpla uair an chloig ina
dhiaidh sin ón dara fear agus: “Seo do dhinnéar” ag
drannadh [50] léi níos déanaí ó ghuth garbh an fhir mheánaosta a
tharraing go míthrócaireach isteach sa charr í an lá a fuadaíodh
í. An guth gránna céanna gach oíche. Boladh tobac stáltha óna
–>
infheistigh | invest | |
Cé go raibh | although | |
Cé go nach | although | |
<!–
–>