Irish Class, June 22, 2015
Rang Gaeilge, 22ú lá Mí na Mheiteam 2015
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Seanfhocal
-
Is feárr lúbadh ná briseadh.
Better to bend than to break.lúbadh bend -
Is feárr rith maith droch seasamh.
Better to run well than stand badly [Live to fight another day] -
Gáire maith agus codladh fada an dá leigheas is feárr ag an doctíur.
The two best medicines the doctor has are good laughter and long sleepleigheas cure, remedy, medicine -
Nuair atá an t-ól istigh atá an chiall amuigh.
ciall sense, sanity 2nd atá should be simply tá -
Is feárr leath-bhuilín ná a beith gan arán.
Better half a loaf than being without breadbuilín loaf m4 -
Is feárr éan ar do láimh ná dá éan ar an gcraobh. Better a bird on your hand than two birds on the branch.
-
Éist let glór na abhainne is gheobhaidh tú breach.
Listen to the voice of the river and you will get trout.abhainn river breac trout -
Is minic a bhris béal duine a shrón. A person’s mouth often breaks his nose
-
Ritheann uisge domhain go ciúin. Deep water runs quietly.
-
Is feárr go deireannach ná go bráth.
Better late than at judgement day [i.e. never]deireanach last, late bráth day of judgement, doomsday -
Nuair is mó spóirt is cóir stad de.
When the fun is greatest the stop [end] is near
[Quit while you are ahead]spóirt cóir justice, equity, due f3 cóir nearness, proximity de chóir near stad stop, halt
CRÚBA NA CINNIÚNA
le Áine Uí Fhoghlú
Fuadach (tuilleadh) — “seizure/abduction/kidnapping (continued)”
Bhí tuairim is leathmhíle slí curtha di aici agus í díreach ag
teacht i dtreo lúb an bhóthair nuair a chuala sí carr ag teacht
óna cúl. Mhoilligh an t-inneall agus lean Siobhán ag siúl.
Mhoilligh sé arís agus as cúinne a súile chonaic sí go raibh sé
tarraingthe suas taobh léi. D’fhéach sí ina threo. Carr dath fíona
a bhí ann. Déantus Mazda. Cláruimhir D ach sin ar thug sí faoi
deara ina thaobh. Beirt fhear istigh ann. D’ísligh an tiománaí a
fhuinneog agus i gcanúint Bhaile Átha Cliath labhair sé léi:
“Gabh mo leithscéal” ar seisean agus léarscáil den gceantar ina
lámh aige. “An bhféadfá a rá linn cá bhfuilimid? Táimid ag
iarraidh teacht ar Bhaile na Coille ach measaim gur thógamar
an casadh mícheart in áit éigin.” Chrom Siobhán ina threo agus
d’fhéach ar an léarscáil gan mórán aird a thabhairt ar an bhfear
féin. Leag sí a méar ar an spota ina raibh siad anois agus
thaispeáin dó cár imigh sé ar strae. “Má chasann tú siar agus
dul ar ais chomh fada leis an gcrosaire….” Ní raibh seans aici
an abairt a chríochnú nuair a bhraith sí lámha garbha á
tarraingt is á stracadh isteach sa charr. An paisinéir tar éis léimt
amach de phreab agus anois bhí greim gharbh aige uirthi agus
é á brú is á sá isteach ar an gcúl suíochán. D’úsáid Siobhán a
huillinneacha air agus thug sí cúpla cic dó sna cosa ach níorbh
aon mhaith di é mar bhí sé ro-láidir di. “Scaoil liom, scaoil liom!
Cad atá a dhéanamh agat?” a scread sí ach chuir sé a lamh go
daingean thar a béal. Bhain sí greim as a lámh. Bhéic seisean.
D’éirigh sé crosta agus níos gairbhe. Thosaigh ag eascaini [45] léi.
I bpreabadh na súl bhí an doras plabtha agus bhí an carr ag
tiomáint leis ar lán luas. Ar éigean gur fhéad Siobhán a hanáil
a tharraingt. Bhí a haghaidh brúite leis an suíochán. Meáchain
trom an fhir anuas uirthi. A ghlúine ag brú ar a droim. Bhí a
lámha á dtarraingt aige go dtí gur cheap Siobhán go scarfaidís
óna guaillí. “Fan socair, a chailín, nó is duit is measa.” A ghuth
garbh agus boladh a anála gránna ar thaobh a haghaidhe.
Bhí tuairim is leathmhíle slí curtha di aici | She put in about a half mile | |
í díreach agteacht i dtreo lúb an bhóthair nuair a chuala sí carr ag teacht óna cúl. | immediately turning in the direction back on the road when she heard a car coming from her back | |
Mhoilligh an t-inneall agus lean Siobhán ag siúl. | the engine slowed and S continued walking | |
Mhoilligh sé arís agus as cúinne a súile chonaic sí go raibh sé tarraingthe suas taobh léi. | It slowed again and out of the corner of her eye she saw it had pulled up beside her | |
D’fhéach sí ina threo. Carr dath fíona a bhí ann. | She looked in its direction. The car was wine colored | |
ar thug sí faoi deara | that was all she noticed | |
Cláruimhir D ach sin ar thug sí faoi deara ina thaobh. | A D on the license plate but that was all she noticed about it | |
D’ísligh an tiománaí a fhuinneog agus i gcanúint Bhaile Átha Cliath labhair sé léi: | The driver lowered the window and in a Dublin accent said to her | |
léarscáil den gceantar ina lámh aige. | a map of the area in his hand | |
An bhféadfá a rá linn cá bhfuilimid? | Could you tell us where we are? | |
Táimid ag iarraidh teacht ar Bhaile na Coille | We are trying reach Ballinakill/Woodstown | |
measaim gur thógamar an casadh mícheart in áit éigin. | I consider that we took a wrong turn somewhere | |
Chrom Siobhán ina threo | S bent in his direction | |
d’fhéach ar an léarscáil gan mórán aird a thabhairt ar an bhfear féin. | looked at the map giving little attention to the man himself | |
Leag sí a méar ar an spota ina raibh siad anois | She placed her finger on the spot where they were now. | |
thaispeáin dó cár imigh sé ar strae | showed him where he went astray | cár is past of cá |
Má chasann tú siar | if you turn back | |
dul ar ais chomh fada leis an gcrosaire. | go back as far as the cross roads | |
Ní raibh seans aici an abairt a chríochnú nuair a bhraith sí lámha garbha á tarraingt is á stracadh isteach sa charr. | She did not have a chance to finish the sentence when she felt a rough hand pulling and dragging her into the car. | á as object of verbal noun |
An paisinéir tar éis léimt amach de phreab | The passenger after he jumped out sprang | |
anois bhí greim gharbh aige uirthi | now he had a rough grip on her | |
é á brú is á sá isteach | he was pressing and pushing her | á as object of verbal noun |
D’úsáid Siobhán a huillinneacha air | S used her elbows on him | |
thug sí cúpla cic dó sna cosa | gave him a couple kicks in the legs | |
níorbh aon mhaith di é mar bhí sé ro-láidir di. | it was no good for her as he was too strong for her | |
Scaoil liom | Release me | |
chuir sé a lamh go daingean thar a béal. | He put his hand firmly over her mouth | |
Bhain sí greim as a lámh. | She bit his hand | |
Bhéic seisean. | He yelled | |
D’éirigh sé crosta agus níos gairbhe. | He became angry and rougher | |
ag eascaini | cursing | |
Thosaigh ag eascaini léi. | Began cursing her | |
I bpreabadh na súl bhí an doras plabtha | in the blink of an eyes the door was slammed | |
bhí an carr ag tiomáint leis ar lán luas. | The car was driving at full speed | |
Ar éigean gur fhéad Siobhán a hanáil a tharraingt. | S could hardly draw a breath | |
Bhí a haghaidh brúite leis an suíochán. | Her face was pushed into the seat | |
Meáchain trom an fhir anuas uirthi. | a heavy weight from the man from above on her | |
A ghlúine ag brú ar a droim. | His knee pushing on her back | |
Bhí a lámha á dtarraingt aige go dtí gur cheap Siobhán go scarfaidís óna guaillí. | Her hands we being pulled by him so S thought her shoulders would separate | |
Fan socair | stay still | |
A ghuth garbh | his rough voice | |
boladh a anála gránna ar thaobh a haghaidhe. | the offensive smell of his breath beside her face | |
Bhain sé rud éigin as a phóca agus bhrúigh lena droim é. Bhí sé
cruaidh. Ghortaigh sé í. “Tá gunna le do dhroim agam. Is fút
féin é anois. Féadfaidh tú comhoibriú [46] liom nó cuirfidh mé
piléar i do dhroim. Níl ionat ach crá croí pé scéal é. B’fhearr
liomsa go mór go mbeifeá as an slí ar fad.” Bhí a croí ag
preabadh agus í ag anáil go trom. Chas sí a haghaidh ó thaobh
go taobh ag iarraidh a hanáil a tharraingt. “Fan socair!” a bhéic
sé os ard ina cluas arís agus thosaigh sé ag ceangal caol a dhá
lámh le ceangailtí plaisteacha mar a úsáidtear do cháblaí
leictreachais. Ansin d’éirigh sé dá droim. An faoiseamh! Ach
bhí na ceangailtí ag gearradh isteach ina craiceann. Ansin fuair
sé cábla de shórt éigin eile agus cheangail a rúitíní le cheile. Ró-
theann. Anois bhí sé seo á gortú freisin. An phian dochreidte.
Dhein Siobhan iarracht í féin a dhéanamh beagán níos
compórdaí ach gach uair a chorraigh sí d’éiríodh an phian níos
measa. Bhí gach saghas rud ag rith trína hintinn. Cérbh iad na
daoine seo ó thalamh an domhain? Cá raibh siad á tabhairt?
Cad a theastaigh uathu? Cad a bhí déanta aici? Níorbh fhada
gur smaoinigh sí ar eachtra an chapaill agus ar na rudaí aite go
léir a bhí tar éis a bheith ag tarlú di ó shin. Rith gach saghas
rud léi ag an nóiméad sin. An raibh siad chun í a mharú? An
dtiocfadh éinne ar a lorg? Ar a laghad bhí a carr féin sa
charrchlós ar thaobh an bhóthair. Nuair a thabharfadh Liam
faoi deara nach raibh sí tar éis filleadh chuirfeadh sé glaoch ar
na Gardaí. Bhi an phian chomh dona sin i gcaol a dhá lámh go
raibh fonn goil uirthi. Bhi sí mar sin ar feadh tréimhse éiginnte,
meabhrán ina ceann agus boladh díosail sa charr. Meabhrán
ina ceann. Laige uirthi. Dorchadas. Bhí sí imithe gan aithne gan
urlabhra. [47]
Is fút féin é anois. | It is up to you now | |
comhoibriú | cooperate | |
Féadfaidh tú comhoibriú | You can cooperate | |
Níl ionat ach crá croí pé scéal é. | Nothing but a bad end for your anyway/You are only a nuisance anyway | |
B’fhearr liomsa go mór go mbeifeá as an slí ar fad. | I would much prefer you would be entirely out of the way | |
Bhí a croí ag preabadh agus í ag anáil go trom. | Her heart was pounding and she was breathing heavily | |
Chas sí a haghaidh ó thaobh go taobh ag iarraidh a hanáil a tharraingt. | She turned her face to one side to try to draw a breath’ | |
Fan socair! | Stay still | |
a bhéic sé os ard ina cluas arís | HE shouted in her ear again | |
hosaigh sé ag ceangal caol a dhá lámh le ceangailtí plaisteacha mar a úsáidtear do cháblaí leictreachais. | He began to tie [slender] her two hands with plastic ties such as are used for electrical cables | |
Ansin d’éirigh sé dá droim | Then he got up from her back | |
An faoiseamh! | The relief | |
Ach bhí na ceangailtí ag gearradh isteach ina craiceann. | But the ties were cutting into her skin | |
Ansin fuair sé cábla de shórt éigin eile agus cheangail a rúitíní le cheile. | Then he got some other sort of cable and tied her ankles together | |
Ró-theann. | Too tight. | |
Anois bhí sé seo á gortú freisin. | Now that was hurting also | |
An phian dochreidte. | The incredible pain | |
Dhein Siobhan iarracht í féin a dhéanamh beagán níos compórdaí | S made an attempt to make herself more comfortable | |
gach uair a chorraigh sí d’éiríodh an phian níos measa. | every time she moved the pain became worse | |
Bhí gach saghas rud ag rith trína hintinn. | Every sort of thing was running through her mind | |
Cérbh iad na daoine seo ó thalamh an domhain? | Who in the world were these people? | |
Cá raibh siad á tabhairt? | Where were they taking her? | |
Cad a theastaigh uathu? | What did they want? | |
Cad a bhí déanta aici? | What had she done? | |
Níorbh fhada gur smaoinigh sí ar eachtra an chapaill | Before long she thought of the incident of the horse | |
ar na rudaí aite go léir a bhí tar éis a bheith ag tarlú di ó shin. | all the strange things that were happening to her since | bhí & bheith |
Rith gach saghas rud léi ag an nóiméad sin. | Every sort of thing occurred to her at that moment. | |
An raibh siad chun í a mharú? | Were they [going] to kill her? | |
An dtiocfadh éinne ar a lorg? | Would anyone look for her? | “Would anyone come in pursuit of her” |
Ar a laghad bhí a carr féin sa charrchlós ar thaobh an bhóthair. | At least her own car was in the parking lot on the side of the road. | |
Nuair a thabharfadh Liam faoi deara nach raibh sí tar éis filleadh chuirfeadh sé glaoch ar na Gardaí. | When Liam would notice she was not returning he would call the police. | |
Bhi an phian chomh dona sin i gcaol a dhá lámh go raibh fonn goil uirthi. | The pain was so bad in her wrists she felt like crying. | |
Bhi sí mar sin ar feadh tréimhse éiginnte. | She was like that for an indefinite/uncertain period, | |
meabhrán ina ceann | Dizziness in her head | |
boladh díosail sa charr | diesel smell in the car | |
Laige uirthi | she was week | “weakness was on her |
Dorchadas | darkness | |
gan aithne gan urlabhra | unconscious |
<!–
–>