Monday Night Irish Class, February 2, 2015

Irish Class, February 2, 2015

Rang Gaeilge, 2ú lá mí Feabhra 2015

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

Rud nach bhfuil is nach mbeidh, nead ag an luch i bhféasóg an chait. A thing that is not and will not be,
the mouse having a nest in the whiskers of a cat.
féasóg “beard”
Chomh dubh le tóin an phúca. As black as the butt of a pooka.

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú
Caibidil 2: Gnáthlá [tuilleadh]



… As cúinne a súile chonaic sí Sophie, na lámha ag geáitsíocht aici agus eachtra nuachta na hóiche aréir
a hinsint aici go drámatúil don chomhluadar. Ní fhéadfadh a heachtra féin dul i gcomórtas leis an mbean seo. Lean sí ar aghaidh
“…agus murach go raibh glaoite ar an tréidlia [28] chun cóir leighis a chur ar chapall a bhí tinn,
ní bheadh aon rud ar eolas faoin scéal go maidin.” Ghéaraigh ar chluasa Shiobhán.
“Is cosúil gur éirigh cuid de na capaill eile ar an eastait corrathónach [29] agus gur bhris capall acu – capall ráis
an-luachmhar – amach agus gur imigh sé le báiní ar fud na mbóithre.

na lámha ag geáitsíocht aici her hands gesturing
eachtra nuachta na hóiche aréir a hinsint aici go drámatúil don chomhluadar. the incident on last night’s news being dramatically told by her to the companu.
Ní fhéadfadh a heachtra féin dul i gcomórtas leis an mbean seo. The incident itself could not compete with this woman
Lean sí ar aghaidh She continued
tréidlia vet
cóir leighis medical treatment
murach go raibh glaoite ar an tréidlia chun cóir leighis a chur ar chapall a bhí tinn if it wasn’t for the vet being call to treat a sick horse
ní bheadh aon rud ar eolas faoin scéal go maidin. nothihg would have been known about the story until morning.
Ghéaraigh ar chluasa Shiobhán. S’s ears sharpened
corrathónach uneasy
Is cosúil gur éirigh cuid de na capaill eile ar an eastait corrathónach It seems that some of the horses on the estate became uneasy.
gur bhris capall acu … amach that a horse they had broke out
capall ráis an-luachmhar a valuable racing horse
gur imigh sé le báiní ar fud na mbóithre. went in a frenzh all along the road.

Sheas Siobhán i lár an tseomra foirne ina staic [30]. Cad a dúirt si? Gur bhris capall amach…..
gur goideadh earraí luachmhara….tháinig creathán inti agus dhruid sí go mall i dtreo an bhoird le
go suífeadh sí síos in aice leis an gcuid eile acu. Bhog Sarah síos le spás a dhéanamh di. Sophie fós ag caint –
is cosúil go raibh na gadaithe ag faire ar an áit gach óiche – agus béim aici ar na focail – le sé mhí anuas.
Bhi muintir Haughton-Landsbury as baile i Sasana ag an am ach bhí an fear cúraim agus a bhean ann agus
ceanglaíodh iadsan le cáblaí leictreacha. Is cosúil go raibh na fir armtha an-soifisticiúil ar fad, bhi……,”
Siobhán ag cogaint go mall ” cá…cár tharla sé

seo go léir?” mar a bheadh eagla uirthi roimh an bhfreagra. Sophie ar éigean ag féachaint uirthi leis an bhfreagra tapa.
“Tá’s agat cá bhfuil eastat Haughton-Landsbury …… cúpla mile slí ó Bhaile na Leacan. Tá’s agat…..”
D’iompaigh Siobhán ar leataobh le nach bhfeicfeadh éinne an gheit a bhí bainte ag an gcaint seo aisti.
An bhféadfadh go raibh sé seo á chloisint aici .

ina staic frozen on the spot
foirne staff
goideadh earraí luachmhara valuable goods were stolen p aut
tháinig creathán inti a tremor came into her
dhruid sí go mall i dtreo an bhoird le go suífeadh sí síos in aice leis an gcuid eile acu. she moved slowly in the direction of the table in order that she would be sitting down next to the rest of them.
is cosúil go raibh na gadaithe ag faire ar an áit gach óiche it seems the thieves were watching the place all night
béim aici ar na focail she emphasized the words
le sé mhí anuas for the last six months
ag an am ach bhí an fear cúraim agus a bhean ann at the time only the care man and his wife were there
ceanglaíodh iadsan le cáblaí leictreacha they were tied up with electrical cords ?
Is cosúil go raibh na fir armtha an-soifisticiúil ar fad, It seems the armed men were all very sophisticated
Siobhán ag cogaint go mall S chewing/munching slowly
cár tharla sé seo go léir? where did all this happen?
mar a bheadh eagla uirthi roimh an bhfreagra. as she was afraid of the answerd
Sophie ar éigean ag féachaint uirthi leis an bhfreagra tapa. Sophie was barely looking at her with the quick answer.
Tá’s agat You know a fios agat
D’iompaigh Siobhán ar leataobh le nach bhfeicfeadh éinne an gheit a bhí bainte ag an gcaint seo aisti. S turned aside in order that no one would see the shock this speech gave her
An bhféadfadh go raibh sé seo á chloisint aici? Could she have been hearing this?

Bhuail an clog go laidir agus go leanúnach agus d’éirigh gach duine ina seasamh le filleadh ar a gcuid ranganna.

Bhuail an clog go laidir The clock struck strongly
go leanúnach continuously
le filleadh ar a gcuid ranganna in order to return to their classes
Caibidil 3: I mBaile Átha Cliath

San árasán beag i gCrosaire Arailt bhí beirt fhear suite ag bord
na cistine. Ní raibh aon amhras cén tionscal teallaigh [31] a bhí ar
bun ann. An trealamh ag insint a scéil féin: dhá mheá
leictreonacha, sceana, spúnóga, téip dhonn phacáistithe,
pacáistí de phlaisteach glé ina raibh púdar bán ina bhlocanna,
málaí folmha fós le líonadh, dhá fhón póca agus dhá ghunna
laimhe.45. Bhí na málaí beaga ar fud na háite, cuid acu líonta
le púdar bán agus an séala plaisteach cruaidh dúnta orthu,
cuid eile acu leath líonta. Na céadta taibléidí beaga, cuid acu
ildaite, a thuilleadh acu bán le pátrúin greanta orthu.
Blocanna d’ábhar donn a bhí fós le gearradh agus le
meascadh. Sa tsráid thíos fúthu bhí trácht na hardchathrach
ag gluaiseacht go mall mar ba ghnáth leis ag an am seo den
tráthnóna. Bhí leathshúil neirbhíseach amach ar an sráid á
choimeád ag an mbeirt amhail is go raibh siad ag coinne le
duine éigin. Go tobann thosaigh ceann de na fóin ag crith
agus ag preabadh ar an mbord agus le ceol meidhreach
thosaigh sé ag bualadh. “Haló, Deco anseo,” arsa an fear a
d’fhreagair. “Seo Jazzer. Conas atá an obair ag dul?” “Go breá.

Crosaire Arailt Harold’s Cross
tionscal teallaigh home industry
Ní raibh aon amhras cén tionscal teallaigh a bhí ar
bun ann.
There was no doubt what home industry was set up there
An trealamh ag insint a scéil féin The equipment itself telling its own story
dhá mheá
leictreonacha, sceana, spúnóga, téip dhonn phacáistithe, pacáistí de phlaisteach glé ina raibh púdar bán ina bhlocanna,
málaí folmha fós le líonadh, dhá fhón póca agus dhá ghunna laimhe.45.
two electronic scales, knives, spoons, brown packaging tape, clear plastic packages containing white powder in blocks,
empty bags yet to be filled, two mobile phones and two .45 hand guns
Bhí na málaí beaga ar fud na háite, The small bags were everywhere
cuid acu líonta le púdar bán some of them filled with white powder
an séala plaisteach cruaidh dúnta orthu closed with a hard plastic seal
cuid eile acu leath líonta others partially filled
Na céadta taibléidí beaga Hundreds of little tablet
cuid acu ildaite, some of them multi-colored,
a thuilleadh acu bán le pátrúin greanta orthu. more of them with engraved patterns on them
Blocanna d’ábhar donn a bhí fós le gearradh agus le meascadh. Blocks of brown matter still to be cut and mixed.
Sa tsráid thíos fúthu bhí trácht na hardchathrach ag gluaiseacht go mall mar ba ghnáth leis ag an am seo den tráthnóna. In the street below them the traffic of the capitol was moving slowly as was usual for this time of the evening.
Bhí leathshúil neirbhíseach amach ar an sráid á choimeád ag an mbeirt amhail is go raibh siad ag coinne le duine éigin. The two were nervously keeping half an eye on the street as they were expecting to meet some other person s/b ar a tsráid ?
Go tobann thosaigh ceann de na fóin ag crith Suddenly one of the phones began vibrating
ag preabadh ar an mbord agus le ceol meidhreach thosaigh sé ag bualadh. bouncing on the table and beginning to ring merry music bual is used here for the ringing of a phone


cúinne corner (inside)
coinéal corner (outside)
amhlaidh thus, so
bail prosperity, state f2
Bail ó Dhia ort. God bless you
foscail = oscail open v foscail Don. p d’fhoscail everywhere
pill = fill turn back, bend; fold; return
ó dhoras go doras from door to door

<!–


–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.