Monday Night Irish Class, March 24, 2014

Irish Class, March 24, 2014

Rang Gaeilge, 24ú lá Mí na Márta 2014

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Maidhc Dainín Ó Sé #6 — A Road Trip to the South

American Roads

Maidhc Dainín finally earns enough time for a vacation, and he and his friend Frank (who works long hours in construction) decide to take a road trip, to see a bit of America. They have some connections in the South from co-workers, but a lot of their trip is more or less on a whim. As such, they decide to head for St. Louis first, and this first paragraph is just an amusing aside.

Ba mhór an difríocht a bhí idir an mbóthar go rabhamair ag taisteal agus an bóthar ó Dhaingean go Trá Lí.
É chomh díreach le riail faid do radhairce agus ar gach taobh dínn páirceanna móra cruithneachtan agus arbhair.
Ní raibh cnoc ná maolchnoc le feiscint ach talamh méith mín agus ba dhóigh leat
gurbh amhlaidh a bhí sé leibhéalta ag meaisín mór éigin.

Ba mhór an difríocht a bhí idir an mbóthar go rabhamair ag taisteal There was a big difference between the road we were travelling on
É chomh díreach le riail faid do radhairce agus ar gach taobh dínn páirceanna móra cruithneachtan agus arbhair. As far as could be seen like a rule that there were fields of wheat and corn on each side
Ní raibh cnoc ná maolchnoc le feiscint ach talamh méith mín There was not a hill or knoll visible, only fine fertile land
ba dhóigh leat gurbh amhlaidh a bhí sé leibhéalta ag meaisín mór éigin. You would think that it was leveled by some big machine.
In the Pub

As it turns out, later in their trip they will end up in rural areas where they decide the roads are much worse
than they are in Ireland.

At any rate, early on in their trip they end up at a sort of B&B near Memphis,
one that has a pub attached to it. After a hearty meal, they head over to the pub and hang out with the locals,
and learn something of their views and customs, particularly their feelings toward black people.

Warning: some of this story is a bit grim. After you’ve figured it out, though, it is worth some reflection on the notion that for many a year, high-school students in Ireland would be reading this depiction of America in preparation for the ardteist.

  • Dheineamair néal codlata tar éis an bhéile agus chuamair isteach sa tábhairne a bhain leis an lóistín ansin.
    Ní raibh ach seisear suite ag an mbeár. Cuma dheas ghlan air, urlár adhmaid agus cuma pub tuaithe air.
    Chuireamair comhrá ar chúpla duine de mhuintir na háite a bhí suite le hais linn. Ba é mo thuairim tar éis tamall
    a thabhairt ag caint leo ná gur daoine macánta cneasta ab ea iad gan puinn de mhaoin an tsaoil acu.
    Rud amháin nár thaitin liom mar gheall orthu, áfach, is é sin gur léiríodar go raibh an ghráin dhearg acu ar an gcine ghorm.
    Faoi mar a dheineas go minic cheana thosnaíos ag ceistiú agus ag fiafraí des na daoine
    a bhí sa bheár an raibh cothrom na féinne á thabhairt acu dos na daoine dubha.

    Dheineamair néal codlata tar éis an bhéile agus chuamair isteach sa tábhairne a bhain leis an lóistín ansin. We took a nap after the meal and went back in the pub where we taken lodgings.
    Ní raibh ach seisear suite ag an mbeár. Only six people were sitting at the bar.
    Cuma dheas ghlan air, urlár adhmaid agus cuma pub tuaithe air. It seemed pleasingly clean, wooden floors and a rural pub look
    Chuireamair comhrá ar chúpla duine de mhuintir na háite a bhí suite le hais linn. We had a conversation with a couple of local people seated back of us
    Ba é mo thuairim tar éis tamall It was my opinion after a while
    macánta gentle, honest
    cneasta honest, sincere, decent
    puinn not much
    maoin property, wealth f2
    saol life, time m1
    Rud amháin nár thaitin liom mar gheall orthu, one thing I did not like on their account
    áfach however
    is é sin gur léiríodar go raibh an ghráin dhearg acu ar an gcine ghorm. they made clear they had a red hatred for the black race
    Faoi mar a dheineas go minic cheana thosnaíos ag ceistiú agus ag fiafraí des na daoine a bhí sa bheár As I was often already questioning and asking the people that were in the bar
    an raibh cothrom na féinne á thabhairt acu dos na daoine dubha whether the black people being given a fair deal
  • ‘O tá,’ arsa fear amháin, agus gáire magúil ar a aghaidh. ‘Nuair a thaistealaíonn siad ar an mbus
    cuirimid na hainmhithe sin ar fad siar go dtí deireadh.’

    gáire magúil ar a aghaidh mocking smile on his face
    Nuair a thaistealaíonn siad ar an mbus cuirimid na hainmhithe sin ar fad siar go dtí deireadh. When they travel by bus we put all the animals in the back until the end
  • Thosnaíos á gceistiú ansin mar gheall ar nósa mhuintir na háite agus mar gheall ar cárbh as a shíolraíodar.
    Bhí cuid mhaith Éireannach ina measc,
    a dúradar, daoine a bhí ag obair ar na bóithre iarainn fadó agus a chuir fúthu sa cheantar agus go raibh a sliocht ann anois.
    Bhí sin le tuiscint go maith as na sloinnte a bhí ar chuid acu. Siar san oíche bhí slua deas bailithe isteach sa tábhairne agus
    canúint láidir na
    hillbillies le cloisint ar gach taobh dínn. Mura mbeadh an taithí a bhí agam bheith ag
    éisteacht leo i Sears Roebuck ní bheadh aon tuiscint agam orthu, a déarfainn,
    mar bhí focail áirithe acu nár scríobhadh in aon fhoclóir Béarla.

    Thosnaíos á gceistiú ansin mar gheall ar nósa mhuintir na háite Then I started questioning about the customs of the local people
    cárbh = cá what
    síolraigh breed, propagate
    dúradar they said
    daoine a bhí ag obair ar na bóithre iarainn fadó people who had worked on the railways in the past
    a chuir fúthu sa cheantar agus go raibh a sliocht ann anois. who had settled in the area and their descendants were there now
    Bhí sin le tuiscint go maith as na sloinnte a bhí ar chuid acu. That was well understood from the surnames they had
    Siar san oíche bhí slua deas bailithe isteach sa tábhairne Back at night there was a nice crowd gathered in the pub
    canúint láidir na hillbillies le cloisint ar gach taobh dínn. and a strong hillbilly accent heard all around us
    Mura mbeadh an taithí a bhí agam bheith ag éisteacht leo i Sears Roebuck ní bheadh aon tuiscint agam orthu, a déarfainn, Without the experience of listening to them at Sears Roebuck I would not have understood them, I would say [p hab]
    mar bhí focail áirithe acu nár scríobhadh in aon fhoclóir Béarla. As certain words were not not written down in any English dictionary
  • Do shuigh stumpa mór téagartha síos inár n-aice. Hata mór air agus réilthín airgid ar a léine agus
    gunna ag sileadh lena chliathán.

    ‘Hello, Sam,’ ar sé leis an bhfear a bhí suite ar an dtaobh eile dhe

    .
    ‘Hello, Sheriff,’ arsa an fear eile.

    Do shuigh stumpa mór téagartha síos inár n-aice. A large robust stump sat down next to us
    hata mór air agus réilthín airgid ar a léine he had a big hat and a silver star on his shirt
    gunna ag sileadh lena chliathán. gun hanging at his side
  • Níor chuir sé aon rud i gcuimhne dhom ach rud éigin a chonac sna seanaphictiúirí cowboy.
    Chuir fear an tí gloine os a chomhair agus líon suas í d’fhuiscí. Rug sé ar an ngloine agus chaith sé siar d’aon iarracht
    amháin í fiú gan scaimh a chur air féin. Ba dhóigh leat go raibh scaireanna aige sa tig tábhairne
    mar nár dhein sé aon iarracht íoc as aon deoch a bhí sé ag ól.

    Níor chuir sé aon rud i gcuimhne dhom ach rud éigin a chonac sna seanaphictiúirí cowboy The one thing it reminded me of eas what I had seen in old cowboy pictures
    Chuir fear an tí gloine os a chomhair agus líon suas í d’fhuiscí. The barkeeper put a glass in front of him and filled it up with whiskey
    scaimh shavings, filings, snarl f2
    Rug sé ar an ngloine agus chaith sé siar d’aon iarracht amháin He took the glass and tossed it back in one try
    í fiú gan scaimh a chur air féin. without even showing his teeth
    Ba dhóigh leat go raibh scaireanna aige sa tig tábhairne You would think he had [owned] shares in the pub
    mar nár dhein sé aon iarracht íoc as aon deoch a bhí sé ag ól. as he did not make any attempt to pay for the drink he was drinking.
  • ‘Ní baol go ndéanfar ruathar ar an áit seo,’ arsa Frank agus mo dhuine á thabhairt faoi ndeara aige.
    De réir mar a bhí sé ag ól bhí sé ag fáil cainteach. Ar an méid den gcomhrá do thuigeas bhí raic éigin
    idir ógánaigh gheala agus ógánaigh ghorma in áit éigin i Memphis an lá roimhe sin. De réir dealraimh maraíodh
    garsún bocht hocht mbliana déag san eachtra, duine den gcine ghorm. Ní raibh aon fhocal maith ag an sirriam féin dos
    na
    niggers, mar a thug sé orthu. Ar an rialtas a bhí an chúis á chur aige mar gurb iad faoi ndeara
    an tranglam a bhí ann faoi láthair. Dúirt sé go rabhadar ag tabhairt airgid in aisce dos na daoine gorma agus
    iad fuar díomhaoin. Faoi cheann tamaill fuair an fear a bhí ina fhochair seans ar fhocal a chur isteach.

    Ní baol go ndéanfar ruathar ar an áit seo No risk of being raided at this place
    De réir mar a bhí sé ag ól bhí sé ag fáil cainteach As he was drinking he was getting talkative
    Ar an méid den gcomhrá do thuigeas bhí raic éigin
    idir ógánaigh gheala agus ógánaigh ghorma in áit éigin i Memphis an lá roimhe sin.
    Through the conversation I understood there was an uproar between while juveniles and black juveniles someplace in Memphis the day before
    De réir according to
    dealraimh appearances
    maraíodh garsún bocht hocht mbliana déag san eachtra poor boy of eighteen was killed in the incident
    Ní raibh aon fhocal maith ag an sirriam féin dos na niggers, mar a thug sé orthu No good word was said by the Sheriff himself about the n___, as he called them
    Ar an rialtas a bhí an chúis á chur aige mar gurb iad faoi ndeara an tranglam a bhí ann faoi láthair. For him the government was the cause of the confusion at present
    Dúirt sé go rabhadar ag tabhairt airgid in aisce dos na daoine gorma He said they were giving free money to the black people
    iad fuar díomhaoin they are [cold] idle
    Faoi cheann tamaill fuair an fear a bhí ina fhochair seans ar fhocal a chur isteach After a little bit the man put into words what was [put] inside him
  • ‘Conas a dhéileálais leis an nigger a maraíodh ar maidin inné?’ ‘Cuireadh glaoch ar an oifig go raibh
    trioblóid anseo ó dheas uainn. D’imíos féin agus an
    deputy sa squad agus nuair a bhaineamair amach
    an chúlshráid ina raibh an troid ní raibh duine ná daonnaí le feiscint, ach corp ógánaigh ghoirm agus
    a bhéal faoi i lár na sráide. Bhuaileas mo bhróig faoina bholg agus d’iompaíos droim ar ais é. Bhí deich n-urchar ina chorp.’

    Conas a dhéileálais le …? How did you deal with…?
    Cuireadh glaoch ar an oifig go raibh trioblóid anseo ó dheas uainn A call was made to the office that there was trouble here from south of us
    cúlshráid back street
    nuair a bhaineamair amach an chúlshráid ina raibh an troid when we reached the back street where the fight was
    ní raibh duine ná daonnaí le feiscint there was no person or people to be seen
    a bhéal faoi i lár na sráide face down in the middle of the street.
    Bhuaileas mo bhróig faoina bholg I struck my shoes under his stomach
    iompaigh turn, reverse, change over
    droim back, ridge m3
    Bhí deich n-urchar ina chorp There were ten rounds in his body
  • ‘Ná fuil sé de dhualgas oraibh scrúdú iarbháis a chur ar gach corp anois?’ arsa an fear eile.

    Ná fuil ← Nach bhful
    dualgas obligation, duty m
  • ‘O tá, agus dheineas. Dúrt leis an deputy a bhí i m’fhochair a leabhar nótaí a thógaint amach.

    i m’fhochair accompanying me
    a leabhar nótaí a thógaint amach to take out his notebook
  • D’fhéachas síos ar an gcorp. Is é seo toradh an scrúdaithe. “An cás féinmharaithe is measa a chonac i
    mo chúig bliana fichead sa bhfórsa dom.” ‘

    D’fhéachas síos ar an gcorp I looked down at the body
    Is é seo toradh an scrúdaithe this is the result of the examination
    An cás féinmharaithe is measa a chonac i mo chúig bliana fichead sa bhfórsa dom. The worst case of suicide I have seen in my 25 years on the force
  • Do chloisfeá an bheirt ag gáirí lasmuigh de dhoras.

    Do chloisfeá an bheirt ag gáirí lasmuigh de dhoras You could hear the two laughing outside the door

  • ráille rail, railing m4
    réimse range
    iarran iron m1
    gaol relationship, relative m1
    duine muinteartha relation, relative
    Sualainnnis Swedish

    <!–

    –>

    Leave a Reply

    Please log in using one of these methods to post your comment:

    WordPress.com Logo

    You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

    Twitter picture

    You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

    Facebook photo

    You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

    Connecting to %s

    This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.