Irish Class, November 25, 2013
Rang Gaeilge, 25 lá Mí na Samhna 2013
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Useful reference: Foirmeacha Táite Ghaeilge — Irish Synthetic Verb Forms
Maidhc Dainín Ó Sé
Excerpt #2: The Tinkers
Go rialta i ndeireadh an fhómhair chuireadh treabh tincéirí fúthu sa lúibín in aice na scoile. …
Thabharfaimis ár saol ag faire ar an seanduine a bhí ina measc agus é ag déanamh na sáspan as an stán.
Níl aon dabht i m’aigne ach gur cheard ana-speisialta ab ea í. Bhí inneoin bheag aige déanta go
speisialta don gcúram agus saghas éigin siosúir chun an stáin a ghearradh. Casúirín pointeálta a bhí
aige chun na ribhití a liocú. Ba dheas an chuma ina mhúnlaíodh sé tóin an tsáspain agus an cliathán
timpeall air. Is mó am lóin a chaith scata againn suite in airde ar an gclaí ag baint lán ár súl as an
gceardaí breá seo ag obair. An campa beag canbháis ina gcodlaídís bhí sé curtha acu i bhfothain le hais
leis an gclaí d’fhonn aon ghála a thiocfadh aduaidh orthu a bhriseadh. Bhíodh bladhmsarach mhór de
thine acu agus breis agus dosaen páiste óna trí bliana suas go dtí seacht mbliana déag timpeall uirthi.
Ní bhíodh bean an tincéara le feiscint sa champa i rith an lae ach thagadh sí timpeall ar am dinnéir
chun greim bídh a réiteach dona fear agus dona páistí. Thugadh sí formhór an lae ag imeacht timpeall ó
thig go tig le ciseán mór lán de sháspain, is de phictiúirí beannaithe is de scaifléirí is boinn bheannaithe
agus iallacha bróg. Ar a shon go ndíoladh sí na hearraí a bhíodh sa chiseán ní folamh a thugadh sí
abhaile léi é. Mar dá ndíolfadh sí sáspan i dtig bheadh sí ag lorg gráinne tae nó siúcra nó braon bainne
le tabhairt ar ais go dtí na gearrcaigh. Is minic a tháinig sí chomh fada le béal dorais na scoile agus
chun na fírinne a rá ní fheaca éinne des na múinteoirí ag ligean léi dealbh as an áit.
Go rialta | Regularly | |
treabh | tribe | v |
fúthu | under/about them | ← faoi |
lúibín | small loop | |
Thabharfaimis | we used to give/take | |
ag faire | watching | |
ina measc | among them | |
stán | tin | |
aigne | mind | |
ceard | craftsman | |
speisialta | special | |
inneoin | anvil | |
cúram | care, responsibility | |
saghas éigin siosúir chun an stáin a ghearradh | some sort of scissors to cut the tin | |
casúr | hammer | |
liocaigh = leacaigh | flatten | |
múnlaigh | mold | v |
cliathán | side | |
scata | crowd, group | |
in airde ar an gclaí | up on the fence | |
fothain | shelter | |
ais | back | |
d’fhonn | in order to | |
gála | gale | m4 [wind] |
thiocfadh aduaidh | would come from the north | |
bladhm | flame | |
bladhmsach | blazing | |
breis agus dosaen | more than a dozen | |
uirthi | on her/it | ← ar |
Ní … ach | only | |
thagadh | would come | |
greim | bite, grip | |
bídh = biadh = bia | food | |
formhór | most | |
le ciseán mór lán de sháspain | with a large basket full of saucepans | |
scaif | scarf, scapula | |
bonn | coin, medal | |
iallacha | laces | |
earraí | goods | |
folamh | empty | |
ag lorg | seeking | |
gráinne | grain | m4 |
gearrcach | fledgling, nestling | m1 gs,npl gearrcaigh |
béal | mouth, opening | m1 |
chomh fada le béal dorais | as far as the next door | |
chun na fírinne a rá | to say the truth | |
ní fheaca éinne des na múinteoirí ag ligean léi dealbh as an áit. | ||
ligean | letting, releasing | |
dealbh | bare, destitute | |
Lá amháin agus slua mór againn suite ar an gclaí trasna ó ráil na scoile bhí bean an tíncéara ag
róstadh rud éigin ar an dtine oscailte. Ó a dhuine, an boladh breá a bhí ag teacht chugainn ó Chuas an
Bhodaigh.
‘Maircréil úra,’ arsa buachaill amháin i m’aice.
‘Is dócha gur ós na hiascairí a fuaireadar an t-iasc,’ arsa mise, ‘mar bhí a cúig nó a sé de
naomhóga amuigh sa Dúinín aréir agus bhí os cionn dhá mhíle maircréal an ceann acu.’
ráil | rail | |
boladh | odor, smell | |
bodach | churl, lout | m1 gs, npl bodaigh |
cuas | hollow, recess, cavity | |
maircréil = maicréil | mackerel | |
úr | fresh | |
Is dócha gur ós na hiascairí a fuaireadar an t-iasc | Likely they got the fish from the fishermen | |
naomhóg | coracle, curragh | |
an ceann acu | a piece |
Bhí beagán tuisceana agam féin ar Bhéarla ach dá gcloisfeá an ghibris a bhí ag teacht uathu
siúd, idir fhear, bean agus páiste, bheadh sé chomh maith agat bheith ag éisteacht le Rúisis. …
Bhíomair ansiúd ag faire ar an mbean tincéara agus í ag róstadh na maircréal. Is dócha go raibh ar a
laghad chúig gharsún agus fiche againn ann idir bheag agus mhór. Uisce ag teacht ó fhiacla gach duine
againn. Chonac uaim tamall suas ar an gclaí an buachaill mór seo. Ní inseoidh mé dhuit ainm an
gharsúna – b’fhearr gan a dhéanamh ar shon na síochána! Bhí scraithín deas téagartha bainte de thaobh
an chlaí aige le sáil a bhróige. An chéad rud eile bhí an scraithín ina chrúca aige. Ní túisce ina chrúca
é ná go bhfeaca ag feadaíl tríd an aer é, agus cár dóigh leat a chríochnaigh an scraithín? Sea, tá an ceart
agat. Isteach i gcorplár chorcán róstaithe na dtincéirí! D’imigh idir iasc, geir agus an corcán róstaithe ar
fuaid na talún. An chéad rud eile phreab bladhmsanna ón dtine in airde sa spéir mar chuaigh cuid den
ngeir sa tine. Sea, bhí an diabhal déanta. Tháinig scaipeadh na mionéan orainn soir agus siar. Gach
éinne ag iarraidh péirse a chuir idir é féin agus tine na dtincéirí ar eagla gurb air féin a raghadh an
milleán. B’iúd inár ndiaidh bean an tincéara. Bhí gach liú agus mallacht aici agus stad ná staonadh níor
dhein sí gur bhain doras na scoile amach. Isteach ar scoil léi agus ní raibh aon radharc uirthi ar feadh
tamaill. Gach súil dírithe ar dhoras na scoile. Ní fada a bhí le fanacht againn. Is é an máistir a tháinig
amach trí dhoras na scoile ar dtúis agus bean an tincéara go tiubh ar a shála! Sheas an máistir ag ráil na
scoile agus lig sé béic fhíochmhar as.
tuiscint | understanding | f3 tuisceana |
clois | hear | cond. chloisfeá “you would hear” – Why eclipse? |
uathu | from them | |
siúd | that, yon, those | |
Bhíomair ansiúd ag faire | we were there watching | Bhíomar? |
ar a laghad | at least | |
tamall | while, spell | |
b’fhearr gan a dhéanamh ar shon na síochána | better not do so for the sake of peace | |
scraithín | clod, divot | m4 |
téagartha | substantial, stout, bulky | |
sáil | heel | |
crúca | crook, hook, clutch | m4 |
túisce | first, sooner, earlier | |
ná go bhfeaca ag feadaíl tríd an aer | than seeing it whistling through the air | |
cár dóigh leat a chríochnaigh an scraithín? | where do you think the clod ended? | |
corplár | center, core | m |
corcán | pot | m |
geir | fat, suet, tallow | f |
ar fuaid na talún | all over the ground | |
preab | start, spring, jump | v |
ar ndóigh | of course | |
scaipeadh | dispersion, spread | |
mionéan | small bird | |
Tháinig scaipeadh na mionéan orainn | we fled in all directions | |
soir agus siar | to the east and west | |
péirse | perch | f |
eagla | fear | |
air féin/i> | on himself | |
raghadh | tending | |
milleán | blame | m |
iúd | that, yon | |
inár ndiaidh | in pursuit | |
liú | yell, shout | m4 |
staonadh | cessation, restraint | m |
radharc | scene, sight, vision | |
ar feadh tamaill | for a while | |
go tiubh ar a shála | thick at his heels | |
seas | stand | v |
béic | yell | f2 |
fíochmhar | furious, ferocious | “like a lion” |
‘Gach buachaill ón séú rang go dtí na naíonáin bheaga bídís laistigh de ráil na scoile, lom
díreach!
Ambaiste ná raibh deabhadh ar éinne ag déanamh ar chlós na scoile.
‘Brostaígí!’
Bhí sé ansiúd agus a phlaosc ataithe leis an mbrú fola a tháinig air leis an racht feirge a bhí á
chur de aige. Nuair a bhíomair ar fad ansiúd ar nós scata caorach a bheadh bailithe istigh i loc chun a
mbearrtha lig sé glam eile as.
‘Seasaigí ar fad suas i gcoinne an fhalla.’
Ansan a thugamair faoi ndeara an tslat a bhí aige agus í dá luascadh go rábach aige soir agus
siar. Bhíos féin timpeall leath slí isteach sa líne. Béic eile.
‘Seasadh an scoláire a chrústaigh an scraithín amach anseo chugam.’
Ar m’anam ach nár bhog éinne. Ansan shiúlaigh sé suas go barr na líne.
‘Tusa a mhic Uí Chinnéide, an bhfeacais an duine a chrústaigh an scraithín?’
‘Ní fheaca, a mháistir.’
‘Cuir amach do láimh!’
séú | sixth | |
naíonán | infant | m2 |
bídís | let them be | 3rd pers pl imp |
laistigh | inside, within | |
lom | bare | |
lom díreach! | right away! | |
Brostaigh | Hasten | |
plaosc = blaosc | skull, cranium | f2 |
ataithe | swelled | |
brú | crush, pressure | m4 |
fuil | blood | f gs fola |
an racht feirge | the angry outburst | |
scata | crowd, group, pack | m4 |
caora | sheep | f npl caoirigh, gs, gpl caorach |
bailithe | gathered, collected | |
loc | pen, enclose, shut in | vn loca, loc |
bearrtha | shearing | |
glam | howl | f2 |
Seasaigí ar fad suas i gcoinne an fhalla. | Everybody stand up against the wall. | |
Ansan a thugamair faoi ndeara an tslat a bhí aige | Then we noticed that he had the cane | |
dá | to/for him/it; of those, of that which | |
luasc | swing, sway | |
rábach | bold, dashing | |
soir agus siar | east and west | |
Bhíos féin timpeall leath slí isteach sa líne. | I myself was about half way down [in] the line | |
béic | yell, shout | f2 |
crústaigh | pelt | |
scraithín | clod, divot | m4 |
siúlaigh = siúil | walk | |
Tusa a mhic Uí Chinnéide | You son Kennedy | |
Cheithre bhuille óna chroí amach a thug an máistir agus le gach buille d’ardaíodh sé leaththroigh
de thalamh d’fhonn breis fuinnimh a chur lena bhuille. Lean sé air mar sin anuas an líne agus
an íde chéanna á thabhairt dos gach éinne aige. Is é bhíos ag cuimhneamh agus mé ag cuimilt mo bhos
dá chéile agus an máistir ag déanamh orm go mb’fhearr cheithre bhuille anois ná bheith ag teitheadh
leat féin an chuid eile den mbliain. Bhí saghas cód i measc na ndaltaí ar fad. Ná scéith go deo ar éinne.
… ‘An bhfuil a fhios agaibh ná bíonn rí ná rath ar éinne go deo a chuireann isteach ar an lucht
siúil? Sin iad na daoine a dhíbir Cromail ó thithe agus ó thalamh na hEireann.’
Cheithre bhuille óna chroí amach a thug an máistir | Four blows from the heart were given out by the master | |
ardaigh | raise, increase | |
leaththroigh | half foot, one of two feet | |
d’fhonn | in order to | |
breis | increase | f2 |
fuinneamh | force, energy | m1 gs fuinnimh |
íde | idea, treatment | f4 |
céanna | same | |
dos | bush, tuft, thicket | m1 |
cuimil | rubbing | |
bos | palm [of hand] | f2 npl bos |
teitheadh | flight, evasion | m |
cód | code | m1 |
scéith | give away; vomit | |
go deo | always, forever | |
bíonn | is always | prs hab of bí |
rath | prosperity, abundance | m3 |
cuir isteach | interrupt | |
an lucht siúil | the travelling folk | (tinkers) |
díbir | drive out, banish | |
As Litriocht.com:
Foclóir Réalteolaíochta
|
|
Cnuasach | collection | m1 |
cuimsitheach | comprehensive | a1 |
Tugtar téarmaí dúchasacha nuair is féidir | Native terms are given when possible | |
plé | discussion | |
sármhaith | excellent | sar- |
gné | species, kind, aspect | f4 |
réamhrá | introduction | m4 |
buíonta | company, band, troop | f2 pl buíonta |
réaltbhuíon | constellation | “star band” (!) |
na réaltaí is gile | the brighest stars | |
sonra | characteristic, detail | m4 |
pláinéad | planet | m1 |
léaráid | diagram, illustration | f2 |
cruinn | round, exact | |
leagan | knocking down, demolition, version | m1 |
áistriú | translation | |
speisialta | special | |
spéisiúil | interesting | |
léacht | lecture | |
<!–
–>