Irish Class, May 6, 2013
Rang Gaeilge, 6ú lá Mí na Bealtaine 2013
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Bhí muid ag campáil oíche Dé hAoine | ||
Bhí sé an-fuar agus bhí sneachta ar an talamh. | ||
Bhí go leor blaincéid againn. Bhí sé te faoi leo | ||
aonach | fair |
Cré na Cille — Review in Comhar
Tá sé rí-fhurasta a rá fá “Chré na Cille,” an saothar is déanaí ó láimh Mháirtín Uí Chadhain,
gurab é an leabhar is fearr agus is tábhachtaí é a foilsíodh sa Ghaeilge go nuige seo. Sa chéad áit do b’féidir
ar foilsíodh de leabhra ‘tábhachtacha” sa Ghaeilge ó thús na haibheochana do chóimhreamh ar mhéireanna aonláimhe.
Sa dara háit níor ghá an aonlámh féin le líon na scríneoirí ‘tábhachtacha” do áireamh. Ach ar a shon san,
nó bfhéidir dá bharr san, is fíor mar mhaíomh é, im thuairimse. Agus is fíor é ar chúis amháin,
cúis is leor liomsa mar thaca lem thuairim. Sé sin go ndeineann sé iarracht, don chéad uair i nGaeiIge,
muintir na Gaeltachta — nó muintir na hÉireann dá n-abrainn é — do réaladh fé mar tá siad i ndáiríre.
Sa litríocht atá mé ag rá, dar ndó. Má leanann tú faisnéis na gcúirteanna dlí; má chuireann tú cluas ort féin
i dteach tábhairne — go háirithe tar éis am “dúnta”; má éisteann tú len a bhfuil bailithe de nuacht
na gcomharsan ag do bheanchéile, gheobhaidh tú cruinneolas agus léirthuiscint ar thréithe do chine.
Ach is fánach agat bheith á lorg sa litríocht — i nGaeilge nó i mBéarla. Gheobhaidh tú an fhírinne,
ach é teoranta de thairbhe easba ealadhan agus oideachais, ins ” An tOileánach;” gheobhaidh tú mórchuid
de ins an chuid is fearr de ghearrscéalta Frank O’Connor ; léargas beagán ceobhránach — toisc an t-údar
bheith ró-ealadhnta agus ró-léanta — i scéalta Dhónail Uí Chorcora.
rí-fhurasta | extremely easy | |
saothar | work | |
tábhachtaí | important | |
foilsíodh | published | |
go nuige seo | hitherto, to this date | |
tábhachtacht | important | |
aibheochana = athbheocán | revival | |
cóimhreamh | counting | |
méireanna | fingers | |
níor ghá | not necessary | |
líon | number | |
áireamh | account | |
Ach ar a shon san | Notwithstanding | |
is fíor mar mhaíomh é | the claim is true | |
im thuairimse | in my opinion | |
ar chúis amháin | for one reason | |
cúis is leor liomsa mar thaca lem thuairim | sufficient reason for me to support my opinion | |
fé = faoi | under, about | Munster |
i ndáiríre | really | |
dar ndó = ar ndóigh | of course | |
Má leanann tú faisnéis na gcúirteanna dlí | if you follow the news of the courts of law | |
má chuireann tú cluas ort féin i dteach tábhairne | if you listen to yourself in the pub | |
go háirithe | particularly | |
bailigh | collect, gather | |
comharsa | neighbor | |
cruinn | accurate, round | |
léirthuiscint | appreciation, understanding | |
cine | race, breed | |
fánach | in vain, wandering, straying, random | |
á lorg | seeking, looking | |
firinne | truth | |
teoranta | limited, restricted | |
de thairbhe | as a result of | |
easba | want of, deficit | |
ealadhan | artistic | |
oideachais | educational | |
Oileánach | Islander | |
léargas ceobhránach | misty view | |
toisc an t-údar | because the author | |
ealadhanta | artistic | |
léanta | learned, read | |
Ach, sul a dtéam níos sia Ieis an scéal feasam cadé chuir Máirtín Ó Cadhain roimis a dhéanamh.
Thoigh sé baile beag nó taobh beag tíre sa Ghaeltacht agus rinne sé iarracht saol, scéal,
pearsantacht agus tréithiúlacht an phobail bhig a raibh cónaí orthu ann a shníomh ina chéile in aon scéal amháin
i dtreo go bhfeicimís an pobal beag san ina steillebheathaidh os comhair ár súl. Rud do rinne Pierre Loti agus
scríneoirí nach é do mhuintir Bhreatain na Fraince agus do na Basques ar theorainn na Fraince.
Rud atá déanta do gach treabh agus cine dá iargcúlda é, beagnach, ar dhruim na cruinne. Ach amháin do mhuintir
na hÉireann. Is sinne an cine atá balbh go fóill — i gcúrsaí litríochta dhe ach go háirithe.
B’fhéidir go bhfuil tús dá chur sa saothar s[e]o le Máirtín Ó Cadhain le scaoileadh na snama atá le fada ar an dteangain.
téam | team | |
níos sia | longer, farther | |
feasach | knowing, well-informed | |
feasam | I know | |
cadé = céard é | what | |
roimis | before himself | |
Thoigh | chosen | |
saol, scéal, pearsantacht agus tréithiúlacht an phobail bige | life, story, personality and character of the little community | |
bige | smallness | |
sníomh | spin, twist | v |
treo | direction, way | |
ina steillbheatha | large as life | |
os comhair ár súl | in front of our eyes | |
treabh agus cine | tribe and race | |
iargcúlta | backward, isolated, outlandign | |
druim = droim | back | |
cruinne | universe, orb, world | |
sinne | we, us | emph of sinn |
cine | race | |
balbh | dumb, inarticulate, mute | |
go fóill | still | |
go háirithe | particularly | |
saothar | work | |
scaoileadh | release | |
snama = snaidhm | knot | |
Tá iarracht den ardshamhlaíocht le braith ar an leagan amach atá ar an scéal seo.
Mar tá na príomhcharactaerí ar fad ann,
beagnach, marbh. Bhain an t-údar feidhm as seanchreideamh na
Gaeltachta go mbíonn na mairbh ag cómhrá le chéile in úir na cille. Is é an cómhrá sin iomlán an leabhair,
trí chéad seasca a cheathair leathanach de. Suíomh a mheallfadh scríneoir ar bith go mbuailfeadh an smaoineamh é,
suíomh atá beagnach gan teora ó thaobh na feidhme is féidir a bhaint as. Suíomh a chuireann gaistí agus sáslaigh
i mbealach an údair leis. Agus ní théann an t-údar saor ar chuid acu. Ach feiceam.
samhlaíocht | imagination | |
braith | depending, reliance | |
leagan amach | ||
le braith ar an leagan amach | relying on the layout | |
feidhm | function, use, duty | |
cómhrá | conversation | |
úir | soil | |
iomlán | total, full, complete, overall | |
trí chéad seasca a cheathair leathanach | 364 pages | |
suíomh | site, location, arrangement | |
meallfadh | attracting | |
saor ar chuid acu | free of some of them | |
gaiste | snare, trap | m4 |
sáslach | mechanism, machinery | m1 |
<!–
Tá scéal cinnte sa leabhar: scéal na coimhlínte idir bheirt dheirfiúr, Caitríona Pháidín agus Neil Pháidin. Tá Caitríona san uaigh agus is uaithi sin agus ón a cómhrá le na mairbh tim- peall uirthi a gheibh muid eolas ar imeachtaí na coimhlinte sin nó go bhfuair Caitríona bás, agus ina dhiaidh sin mar d’imigh an scéal ó bhásaigh sí ó na corpáin nua-adhlactha a curtar san úir. Scéal simplí é—mar do ghoid Neil, an iníon ab óige, an fíear a raibh- Caitríona ag trúth leis agus mar a pósadh Neil roimpi. Mar do chuaidh Caitríona in aois agus i seirbhe; gur phós sí fear ar shon a bheith pósta agus fear bheith aici; mar do chuir si faobhar claidhimh a teangan agus a hintinne in éadan Neil; go dtí ná raibh de chuspóir saoil aici ach Neil do chur síos ; go dtí ná raibh de shólás aici ach dólás Neil, agus nár shólás léi a sólás féin mara gcúirfeadh sé dólás ‘ ar Neil. Scéal atá chomh coitchianta le bothaibh feirme na hÉireann. Ach ní dhearna aon duine scéal as go dtáinig Máirtín Ó Cadhain ar an bhfód.
coimhlínt | conflict, rivalry | |
Níl ins na caractaeri eile ach gluais don scéal sin. Tá Neil beo agus ní thagann sí inár láthair ach amháin i gcuntas na gcaractaerí eile. Gheibh muid giota beag den scéál ó gach duine acu, mar aon leis an pháirt a bhí aige féin ann. Gheibh muid mórchuid de ó Chaitríona Pháidín féin. I gcómhrá na marbh san uaigh chímíd an scéal ag éirí, ag fás, ag forbairt, ag leathnú, go dtí ná fúil fríd dá laghad de intinn na bpríomhphearsan ná cor dá laghad ina scéal _nach nochtthar dúinn.
–>
Cré na Cille
faraor | alas, woe | |
faitíos | fear, apprehension | m1 |
cocáil | cock, point | v |
cnapán a glún | kneecap | |
baclainn | bent arm | |
plandóg | wench | |
cláradh | having sex | |
Cé ceapadh é? | Who would have thought it? | |
gadaí | thief | |
óltach | drunk | |
bacach | lame | |
bodarlín bíogach | horny lout | [per subtitles] |
siúráilte | confident | |
cocbhodalán | cocky little prick | [per subtitles] |
<!–
–>