Irish Class, November 5, 2012
Rang Gaeilge, 5 lá Mí na Samhna 2012
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
<!–
–>
Stoc na Cille
-
Is mise Stoc na Cille. Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht…
Éistear le mo ghlór! Let my voice be heard! Caithfear éisteach It must be listened to -
Óir is mé gach glór dá raibh, dá bhfuil agus dá mbeidh. Ba mé an chéad ghlór in
éagruth na cruinne. Is mé an glór deiridh a cluinfear i spros an
Olldíoláithriúcháin Choitinn. Ba mé glór plúchta an chéad toircheasa faoin
gcéad bhroinn. Ar a bheith don arbhar órga cruachta san iothlainn, is mé an glór
a ghairfeas abhaile an déasdíolaimeoir deiridh as Gort an Ama. Óir is mé mac
sinsir an Ama agus na Beatha, agus reachtaire a dteallaigh. Is mé buannaí,
cruachadóir agus súisteoir an Ama. Is mé taisceánaí, siléaraí agus eochróir na
Beatha É le mo ghlór! Caithfear éisteacht:Óir for, because conj Óir = Ór gold conj dá of those who do/de + a éagruth shapelessness, deformity m3 cruinne world, universe f3 deireadh end m1 cluin hear fut cluinfear spros = brus dust áithrigh inhabit oll great, huge coitinn = coiteann common, general plúch smother, stifle toircheas pregnancy, offspring broinn womb f2 arbhar corn m1 órga golden cruachta hardened iothlainn haggard, rickyard, stackyoard gair call v díolaim collect, glean, gather déas = dias ear of cor gort field m1 sinsear ancestor reachtaire administrator, steward teallach = teaghlach household buanna = bua victory, triumph buanaí reaper cruachadóir stack-builder súisteoir thresher taisceán = taisceadán depository, locker, safe siléar cellar eochróir keeper of keys, turnkey -
Níl am ná beatha sa gCill. Níl sorchas ná dorchas ann. Níl fuin ghréine,
rabharta, luainneachas gaoithe ná claochmú ann. Ná síneadh lae, ná an
Streoillín agus an Chroimiscín ag dul á dtaighríocht; ná an fuil fhástaigh á cóiriú
féin i gculaith an Ghairdis agus na Fleidhe. Níl súile friochanta an pháiste ann.
Ná lasadh doscúch an ógfhir. Ná grua rósghríseach an chailin. Ná caoinghuth na
mná oiliúna. Ná meangadh soineanta an tseanduine. Níonn súile, lasadh, grua,
guth agus meangadh aonghné easairíonnach amháin in aileimbic
neamhéisealach na húire. Níl glór ag an snua ann, ná snua ag an nglór, arae níl
snua ná glór sa gceimic neamhchásmhar is feart. Níl ann ach cnámha ag
críonadh, feoil ag fíniú, agus baill ba bhaill bheatha ag dreo. Níl ann ach an
almóir chré agus culaith chuileáilte na beatha inti ag na leoin le rodadh …Níl am ná beatha sa gCill. Not time nor life in the graveyard sorcha brightness, light dorcha darkness Níl fuin ghréine The sun does not shine. Lit. “cook” rabharta spring tide, rush, flood, torrent luainneach fast-moving, nimble claochmaigh = claochlaigh change for the worse, deteriorate vn claochlú/claochmú síneadh extension Streoillín little straggling line Croimiscín ?? taighríocht = taibhreamh dream fastaigh = fostaigh catch, hold fast, grip fástaigh ?? cóiriú arrangement, dressing, mending m4 á it, them obj of vn culaith suit, apparen gairdis = gairdeas joy, gladness fleidhe = fleadh = fleá (drinking) feast Níl súile friochanta an pháiste ann. No lively eyes of the child there. lasadh light doscúch = doscaí extravagant, reckless lasadh doscúch an ógfhir rakish blush of a young man rós rose gríseach = gríosach glowing grua cheek caoinghuth quiet voice, keening voice oiliúnt nourisment, nurture f3 gs oiliúna meangadh smile soineanta calm, pleasant nigh wash pres níonn gné species, kind easairíonnach amorphous aileimbic = ailimic alembic, distillation neamhéisealach unfastidious; not nauseating, inoffensive úire freshness, newness f4 snua complexion, color, appearance m4 arae = ar aoi in regard to, on account of ceimic chemistry neamhchásmhar unconcerned, unsympathetic feart grave, barrow Níl ann ach cnámha ag críonadh Only bones decaying feoil ag fíniú flesh decaying baill ba bhaill bheatha ag dreo members that were living members decomposing almóir niche, cupboard culaith suit, apparel cuileáilte discarded ?? áilt prank cuil angry appearance leon = léan grief, anguish, woe rodadh = rod rot -
Ach os cionn talún tá smúit éadrom theaspaigh san aer. Tá an rabharta ag
goineachan go firiúl i gcuislí an chladaigh. Tá féar an bháin fearacht is dá ndóirtí
corcán de bhainne glas air. Tá sceach, tom agus crích mar a bheadh mná coimrí
ann a dheasódh suas a gcuid gúnaí uaisle sula dtéidis i láthair an Rí. Tá ceol bog
cumhúil ag an lon sna garráin. Tá súile na bpáistí leata ag láimhseáil na
mbréagán atá ag titim amach bosca iontach na bliana oíche. Tá lóchrann a bhfuil
athnuachan gach dóchais ann i leicne an úr-oirfeartaigh. Tá méiríní sí mar a
thiomsófaí i gcluana na síoraíochta, i ngrua chúthail na hógmhná. Tá bláth
uanach na sceiche gile a gceannaghaidh tláth na máthar. Tá na gárlaigh ag
déanamh “falach bhíog” san iothlainn agus a ngealgháire mar chloig aoibhnis,
agus airdí éagsúla a nglór mar a bheidís ag iarraidh Dreimire Iacob a tharraingt
anuas ó Neamh arís. Agus tá cogar cásmhar na suirí ag éalú ó chúlráid an
bhóithrín mar a bheadh geoladh gann gaoithe trí cheapaigh bainne bó bliochtáin
i dtír na hóige …smúit dust, mist éadrom light, sparse teaspach hot weather, hazy rabharta spring tide, flood, torrent, rush féar grass goineach wounding, piercing, hurtful firiúl constant, diligent cuisle vein pl cuislí cladach shore m gs cladaigh fearacht like, as doirt pour corcán pot m1 sceach hedgerows sceach ina scornach “frog in his/her throat” “thornbush in his/her throat” tom bush, shrub crích = críoch limit, boundary f coimrí = coimirce protection, guardianship dheasódh prepare] téidis going ← téigh??? cumhúil homesick, lonesome ??? garrán grove leata = leath spread, open wide, perish láimhseáil manage, handle bréagán toy athnuachan renewal leicne = leiceann cheek tiomsaigh gather up, collect, accumulate tiomsófaí would be gathered cond. aut. méiríní foxglove iontach wonderfull feartach burial mound úr fresh cluana = cluain meadow; deception, persuasion síoraíocht eternity i ngrua chúthail na hógmhná in shy cheeks of young women uanach foamy, frothing sceiche = sceach hawthorn gile whiteness, fairness, gladness ceannaghaidh feature of face tláth soft garlach child, kid, brat m gs npl garlaigh falach = folach hiding falach bhíog hide and seek iothlainn haggard, rickyard, stackyard gealgháire pleasant, radiant; smile chloig aoibhnis hours of delight éagsúla different dreimire ladder tarraingt pull, tug, drag, extraction cogar whisper cásmhar caring suirí courting, courtship éalú escape cúlráid secluded place bóithrín lane geoladh gaoithe light wind gann scarce, thin, meager bliochtán = bleachtán bainne bó bliochtáin milk cows -
Ach tá criotán an tseanfhir ag dul in ainseal. Tá cnámha an fhir óig ag spadadh.
Tá an ramallae liath ag folcadh an óir i bhfolt na mná. Tá fionn mar ghlae nathar
ag múchadh rosc an linbh. Tá ceisniú agus ceasacht á dtabhairt ar aoibheall agus
ar aeraíl. Tá laige ag cur droim díbeartha ar an neart. Tá éadóchas ag sárú an
ghrá. Tá an scaoilteog á fuáil don phluideog, agus an uaigh don chliabhán. Tá an
beo ag tabhairt a dheachú don mharbh …criotán = creatachán weak/emaciated creature dul in ainseal became chronic spaid dull, sodden, sluggish ramallae slime folcadh bathing óir gold folt hair [of head], locks, tresses fionn white, bright, clear; blond glae sticky, gluey; slime nathair snake, serpent f múchadh smothering, suffocation rosc eye leanbh child gs linbh ceasnúil complaining, querulous ceasacht complaining, grumbling á dtabhairt ar taking the place aoibheall gambolling, gadding aeraíl = aeracht airiness, gaiety laige weakness díbirt banishment, expulsion gs díbeartha ag cur droim díbeartha driving out neart strength, force, power m gs nirt éadóchas despair saraigh violate, infringe, overcome scaoilteog shroud fuáil sewing, stitching pluideog small blanket uaigh grave cliabhán cradle deachú tithe 10th -
Is mise Stoc na Cille. Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht…
Éistear le mo ghlór! Let my voice be heard! Caithfear éisteach It must be listened to
Earrach 1944: Bás Sheáinín Liam
-
Caitríona Pháidín: Cé thú féin? An tú bean mo mhic? Cé thú féin?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Seáinín Liam a thugaidís orm san áit a d’fhág mé. An croí, a Chaitríona.
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Seáinín Liam! Cén sórt sochraide a bhí orm a Sheáinín?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Sochraide? An croí, a Chaitríona. Bhí mé i gcoinne an phinsin.
Dheamhan mogal a d’airigh mé. D’ól mé braon tae agus síos liom sa ngarraí le cliabh
feamainne. Agus nuair a bhí mé dhá leagan díom, bhain mé stangadh beag as mo
dhroim agus níor fhan puth den anáil agam. An croí. Is olc é an croí. Croí fabhtach!<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Ag an diabhal go raibh do chroí!
-
Seáinín Liam: Cén bhrí ach bhí an-aimsir ann le fada.
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Aimsir! Am! Sin dhá rud nach gcuirfidh aon imní ort anseo, a
Sheáinin.-An raibh sochraide mhór orm?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: -Ó, sochraide bhreá mhór!
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Sochraide bhreá mhór a deir tú!
-Cén altóir a bhí orm?<!–
–>
-
Seáinín Liam: -Altóir bhreá mhór! Bhí altóir mhór ar Pheadar an ósta agus ar
Shiobhán an tSiopa, agus ar Mhairéad Phroinsiais agus ar Chite …!<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Tá a fhios agam! Ach cén altóir a bhí ormsa – ar Chaitríona
Pháidín? Seacht bpunt dhéag? Sé phunt dhéag? Nó cheithre phunt dhéag?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Deich bpunt dó dhéag.
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Deich bpunt?
-
Seáinín Liam: Deich bpunt! Deich bpunt, a Chaitríona! An Croí …
-
Caitríona Pháidín: Lomán agus léan ar do chroí! Anois, a Sheáinín, a raibh lucht an
tsléibhe ann?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Níor chuala siad é. An croí. Croí fabhtach.
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Faraoir géar deacrach gan do chroí ina mheall nimhe agus é a
bheith i mbéal cléibhe Neil. Cén sórt cónra a chuaigh orm?<!–
–>
-
Seáinín Liam: An chónra ab fhearr tigh Thaidhg. Trí leathbhairille pórtair agus scáird
phoitín. D’ól mé dhá mhuigín déag an oíche sin. Tar éis a raibh d chion agus de mheas
agam ort, a Chaitríona, ní bheadh baol orm an méid sin a ól dá mbeadh a fhios agam go
raibh an croí fabhtach<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Níor chuala tú tada faoi Phádraig ag rá go gcuirfeadh sé in áit ar
bith eile sa reilig mé?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Ní fhágfaí gan cur thú, a Chaitríona ba chuma cén t-ól a bhí ann.
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Is tú an cluasachán is mo dá dtáinig ó d’ith Ámh an t-úll.
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Bhí Pádraig le thú a chur ar Áit an Phuint ach séard a dúirt Neil go
raibh Áit na Cúig Déag sách maith ag aon duine.<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: An raicleach! Bhí sí ag an teach mar sin?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Bhí, ó bhí sí! “B’ait an rúpálaí oibre í Caitríona Neil”, a dúirt mé féin léi.
“B’ait”, a deir sí, “Ach ní raibh si chomh glan le duine eile.”
“Féach chomh salach a deir sí leis an scaoilteoig sin!”
“Nach mór an náire í!”
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: A Mhuire Mhór go deo! Bean mo mhic nó na gasúir a shalaigh iad.
Sin nó an dream a leag amach mé. Cé leag amach mé, a Sheáinin?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Iníon Nóra Sheáin agus Neil. Chuaigh fios ar Cháit bheag agus ar Bhid
Shorcha ach ní thiocfadh siad.<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Ag súdaireacht i ndiaidh óil a bhíos Bid Shorcha. Ní chloisfidh tú
aon racht uaithi nó go mbeidh ionlaois phocaide istigh aici. Caoinfidh sí go breá
bogúrach ansin. An raicleach!Ach beidh éilitheacht uirthi ach a dteaga sí anseo. An raibh Neil ag sioscadh leis an
sagart ar an tsochraide?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Ní raibh an sagart ar chor ar bith ann. Is ar shochraide a chol ceathar
Shiobhán an tSiopa a bhí sé. Ach las sé ocht gcoinneal ar an tomhartha.<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Sin rud nach raibh ar aon chorp cheana.
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Marach bur mhúch ceann acu … an smál, a Chaitríona.
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Níor chuala tú go ndúirt Pádraig tada faoi chrois a chur orm?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Crois nua ghlan de ghlas-chloich an oileáin, a Chaitríona.
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: -Go gairid?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: -Go gairid muise!
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Agus bean mo mhic?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Bean mo mhic? Níl raibh aon bhean ag mo mhac a Chaitríona agus
séard a dúirt mé leis nárbh fhearr dó rud a dhéanfadh sé … !<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Ná dul ag an dochtúir lena chroí, a Sheáinín, ar fhaoitíos gur thóg
sé an galar uaitse. Bean mo mhic! Iníon Nóra Sheáinín?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Ó, Iníon Nóra Sheáinín! Meath-thinn!
<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Bhí fhios agam féin an méid sin. Ar chuala tú aon chaint faoi
Bhaba?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Ní dhearna sí aon uachta fós ach tá na mná rialta thart síos faoin tír leis
an ngearrchaile is sine sin ag Pádraig.<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Máirín?
-
Seáinín Liam: Sea, lena tabhairt leo agus le Máistreás scoile a dhéanamh di ach a
mbeidh a díol foghlaim uirthi.<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Go saolaí Dia í! Bhí an-tóir aici ar na leabhra i gcónaí! Is sásamh
breá ar Neil é.<!–
–>
-
Seáinín Liam: Ní raibh Neil chomh maith riamh agus a bhí sí an lá ar cuireadh thú, a
Chaitríona.<!–
–>
-
Caitríona Pháidín: Crap leat, a shean-bhrogúis! Tú féin agus do shean-chroí lofa! Síos
leat ar Áit na Leathghine. Is ann is córa duit!<!–
–>
-
Máistir Mór: Cé thú féin?
-
Seáinín Liam: -An té a bhfuil croí fabhtach aige.
<!–
–>
-
Máistir Mór: -Ah, Seáinín Liam! ‘Sheáinín, cén chaoi bhfuil sí féin? An mháistreás,
cén chaoi bhfuil sí?<!–
–>
-
Seáinín Liam: Ní fhaca mé chomh maith riamh í agus atá sí a mháistir. An bhfuil a
fhios agat gur in aois na hóige atá sí ag dul. Caithfeadh sé go bhfuil croí folláin aici, a
Mháistir.<!–
–>
-
Máistir Mór: Bhíodh daoine ag caint. An mbíonn sé sa teach?
<!–
–>
-
Seáinín Liam: Nach ndeireann chuile dhuine sa tír nach bhfágann Bileachaí an Phósta
an teach agat chor ar bith, a Mháistir.<!–
–>
-
Máistir Mór: I mo theach?
-
Seáinín Liam: Cen bhrí ach sa scoil, tugann sé na litreacha do na gasúir agus teann sé
féin agus an Mháistreás amach sa hall ag comhrá. Ach níl a fhois agat é ná an leath, a
Mháistir. Ach bhí rud ar m’aire-sa. Níor fhan puth de m’anáil agam. An croí, a Mháistir,
an croí.<!–
–>
-
Máistir Mór: Ó, an raibléara!
<!–
–>
<!–
–>