Monday Night Irish Class, October 29, 2012

Irish Class, October 29, 2012

Rang Gaeilge, an 29ú lá Mí Dheireadh Fómhair 2012

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

níos luaithe i mbliana earlier this year
Sílim go dúirt mé leat an chéad chuid den scéal seo am eile
Theastaigh Rachel, mo iníon altrama seomra níos mó.
Thóg sí seomra oibre Mia.
D’éirigh a seomra roimhe seomra Mia obair nua
Thugamar a lán rudaí idir na seomraí.
Tá mo seomra oibre sa gharáiste.
Ní maith le aon duine eile an ait seo.
Ní raibh siad aistriú gach rud isteach ina gcuid seomraí.
chuaigh roinnt rudaí sa gharáiste
Tá deireadh fomhair anois ann agus lán rudaí sa gharáiste fós.
Tá na caranna amuigh fós
Ní maith liom sneachta ar na carranna.
Is fuath liom oighear ar na fuinneoga na gcarranna

Bríd Ní Neachtain

  1. Labhair Catherine Foley leis an aisteoir Bríd Ní Neachtain a bhí sa Ghaillimh le déanaí ag ullmhú d’oscailt an dráma, Doubt, sa Town Hall Theatre. Cheistigh sí í mar gheall ar a saol ar an ardán le hAmharclann na Mainistreach i rólanna mar Rose i Dancing at Lughnasa le Brien Friel agus Juno in Juno and the Paycock le Sean O Casey. Labhair Bríd mar gheall ar a rólanna os comhair an cheamara chomh maith sa léiriú den leabhar le Máirtín Ó Cadhain, Cré na Cille, agus sna sraitheanna teilifíse Ros na Rún agus Rásaí na Gaillimhe.

    déanaí recently
    ag ullmhú preparing
    Cheistigh sí í mar gheall ar she quizzed her about
    a saol ar an ardán her life on stage
    mar gheall because
    Labhair Bríd mar gheall ar a rólanna Bríd spoke about her roles
    os comhair in front of
    léiriú production [of a show/movie/…]
    sraith series f2 pl sraitheanna
    rás race m3 pl rásaí
  2. A Bhríd, nuair a bhí tú óg, an raibh baint ag aoinne sa bhaile leis na healaíona? Cad é an jab a bhí ag d’athair nó cad as a dtáinig do chuid spéise sa drámaíocht an chéad lá.

    aoinne sa bhaile anyone in town
    baint ag involved
    ealaíona arts
    do chuid spéise your interest
  3. Ní raibh aon bhaint acu leis na healaíona, feirmeoirí beaga a bhí iontu. D’fhan mo mháthair sa mbaile chun aire a thabhairt dúinn. Gnáthshaol tuaithe a bhí agam ag fás suas. Ní raibh aon rud eisceachtúil faoi. Tógadh mé i Ros Muc i gConamara i gCo. na Gaillimhe. Is mise an duine is óige sa gclann. Tá ceathrar againn ann. Chuala mé neart scéalaíochta agus seanchais cois tine ó mo mhuintir agus ó na comharsana. Chuaigh mé ag scoil chónaithe, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal. Bhí bean rialta ann, an tSiúr Regina a raibh suim aici sa drámaíocht. Ise a mhúscail mo shuim ann.

    Ní raibh aon bhaint acu leis na healaíona, No one was involved in the arts
    iontu in them
    aire care f4
    Gnáthshaol tuaithe a bhí agam ag fás suas I had an ordinary rural life growing up.
    eisceachtúil exceptional
    Is mise an duine is óige sa gclann. I am the youngest in the family.
    Tá ceathrar againn ann There are four of us.
    neart scéalaíochta plenty of storytelling
    seanchais cois tine tales by the fire
    na comharsana the neighbors
    scoil chónaithe boarding school
    siúr sister rel.
    suim interest
    Ise a mhúscail mo shuim she was the one who awakened my interest)
  4. Cad é an sloinne a bhí uirthi.

    sloinne surname
  5. An tSiúr Regina de Búrca a bhí uirthi. Ó, bhí sí tharr barr, mar bhí suim aici sna healaíona agus bhíodh sí ag déanamh drámaí scoile linn agus bhíodh sí ag cur na ndrámaí isteach ar chomórtaisí agus, i ndáiríre, sin í an chaoi inar thosaigh mise, a mhúscail mo shuim i ndrámaíocht i ndáiríre mar ní raibh aon chúlra drámaíochta i mo chlann ná aon rud mar sin taobh amuigh de scéalaíocht cois tine agus comharsana agus mar sin. Ach nuair a chuaigh mé ag scoil chónaithe, Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal, bhí an tSiúr Regina ann agus bhí an tsuim aici sa drámaíocht. Bhí sí thar barr agus thugadh sí go Baile Átha Cliath muid.

    tharr barr excellent
    comórtas competition
    i ndáiríre really
    caoi way, manner, means f4 pl caíonna
    múscail wake, awake
    chúlra drámaíochta drama background
    aon rud mar sin anytbing like that
    taobh amuigh outside of
    thar barr brilliant
  6. An bhfuil sí beo i gcónaí

  7. Níl, fuair sí bás tuairim is sé bhliain ó shin. Agus chuir sí suim ionam thar na blianta agus nuair a chuas go Nua-Eabhrac le Dancing at Lughnasa bhí sí an-bhródúil agus choinnigh mé an teagmháil léi thar na blianta. Bean Gaeltachta a bhí inti, as na Forbacha. Bhí spéaclóirí uirthi agus bhí sí gealgháireach i gcónaí, i gcónaí agus bhí sí in ann smacht a choinneáil orainn freisin. Scríobhadh sí agam dá bhfeicfeadh sí m’ainm i rud éigin in Amharclann na Mainistreach agus déarfadh sí go raibh sí bródúil asam. Bíonn duine éigin i gcónaí i do shaol, agus sin rud tábhachtach atá ag baint le múinteoirí maithe a osclaíonn do shúile, a threoraíonn tú agus tuigeann tú gur seo é an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh. Thug sí spreagadh dom.

    tuairim view, opinion
    fuair sí bás tuairim is sé bhliain ó shin she died about six years ago
    chuir sí suim ionam she kept an interest in me
    chuas I went ???
    bróduil proud, arrogant
    choinnigh mé an teagmháil I kept in touch
    spéaclóir = spéacla eye-glasses
    gealgháireach cheerful
    in ann able
    smacht a choinneáil orainn keep tabs on us
    rud éigin something
    déarfadh would say
    Bíonn duine éigin i gcónaí i do shaol There is someone in your life
    important
    treoraigh guide, lead, direct
    Thug sí spreagadh dom she encouraged me
  8. Amharclann na Mainistreach

    An cuimhin leat aon ról a bhí agat ar scoil sular chuaigh tú amach ag obair mar aisteoir ghairmiúil

    Mainistreach abbit
    sular before
    aisteoir ghairmiúil professional actor
  9. Bhí mé mar chailín sráide nó rud éigin. Rinne mé speech & drama le Traolach Ó hAonghusa agus
    Aisteoirí Mhic Easmoinn ar an gCeathrú Rua. Tá siad ann fós agus bhraith sé mar practical training
    go mbeadh sé go maith dom páirt a bheith agam sa dráma seo, mar sin, rinne mé an dráma seo.
    Anois ní chuimhin liom an t-ainm a bhí air ach cailín sráide a bhí ionam agus bhí Máirtín Mac Donnchadha as
    Raidió na Gaeltachta ann freisin agus bhuaigh muid duais éigin thuas i gCaisleán an Bharraigh agus
    bhí Mícheál Ó hUanacháin mar mholtóir ann. Rinne mé dráma amháin leob sin mar chuid den traenáil.
    Thaitin sé go mór liom. Chuaigh mé isteach in Amharclann na Mainistreach ansin.

    <!–

    –>

    cailín sráide prostitute
    Ceathrú Rua Carraroe
    bhraith sé mar it felt like
    go mbeadh sé go maith dom páirt a bheith agam sa dráma seo, mar sin, rinne mé an dráma seo it would be good for me to have a part in this play, so I made ​​this play
    bhuaigh muid duais éigin we won some prize
    moltóir judge
    Rinne mé dráma amháin I made one play
    leob = leo
    sin mar chuid den traenáil as part of the training
    Thaitin sé go mór liom I liked it greatly
  10. Conas a tharla sé sin?

    Conas a tharla sé sin? How did this happen?
  11. Bhí deartháir agam i mBaile Átha Cliath ag an am agus bhí cailín darb ainm Nora Connolly,
    bhí sí mar ASM – assistant stage manager – in Amharclann na Mainistreach agus bhí aithne aige uirthi agus
    bhí sise ag imeacht go Londain agus thuig mo dheartháir go raibh suim agam san aisteoireacht agus dúirt sé
    cén fáth nach scríobhann tú chuig Tomás Mac Anna agus b’fhéidir go mbeadh folúntas éigin ann.
    Scríobhas ar aon chaoi agus dúirt Tomás Mac Anna liom theacht aníos an tseachtain dár gcionn.
    Chuas suas go Baile Átha Cliath. Tá mé ag ceapadh ag an am go raibh mé tuairim is seacht mbliana déag,
    ocht mbliana déag.

    <!–

    –>

    folúntas éigin some vacancy
    Scríobhas ar aon chaoi anyway, I wrote
    an tseachtain dár gcionn the following week
    Chuas suas I went up
  12. Agus scrígh tú i nGaeilge, ar scrígh?

    scrígh wrote
  13. Scríobh mé i nGaeilge. Agus dúirt mé go raibh suim agam ann agus dúirt sé liom teacht aníos.
    Agus chuas suas. Agus is cuimhneach liom i mo shuí in Amharclann na Mainistreach agus
    bhí na suíochán thíos an staighre sa foyer agus is cuimhneach liom ag breathnú orthu
    ar fad ag teacht anuas ag cleachtadh agus chuas suas agus dúirt sé “bhuel tá folúntas agus tosóidh tú ar an Luain”
    Agus bhí orm árasán a fháil le fanacht ach b’iontach an traenáil a bhí ann. Mar bhí tú ag obair ó dhráma go dráma,
    bhí tú ag obair le haisteoirí agus chonaic tú stiúrthóirí agus aisteoirí ag obair ó thús mar a déarfá,
    ó na cleachtaí go dtí an deireadh.

    suim interest
    na suíochán thíos an staighre the seats under the stairs
    is cuimhneach liom I remember
    ar fad all
    cleachtadh practise
    anuas ag cleachtadh coming down training
    stiúrthóir director
    ó thús mar a déarfá from the beginning so to speak
  14. Ros na Rún

    Ar chuir tú aithne ar Tomás Mac Anna ansin.

  15. O, chuireas, mar bhíos mar bhíodh sé ag stiúriú go leor drámaí ag an am.
    Agus bhí mise mar chúntóir bainisteoir stáitse. Chuir mé an-aithne air agus ansin nuair a bhíodh sé
    ag déanamh drámaí Gaeilge agus bhíodh páirteanna beaga agam, acting ASM a bhí ionam.
    Rinne tú do jab mar chúntóir stáitse agus ansin dá mbeadh páirt bheag sa dráma, bhí sé agamsa.
    As sin, chuaigh mé go páirteanna beaga níos mó agus ansin tháinig Joe Dowling isteach agus bhí dráma le Liam Donnelly,
    Silver Dollar Boy, agus bhí páirt agam ansin agus bhí mé ag déanamh an chailín óig ag tús an drama agus
    ansin i lár an dráma, pósann sí agus téann sé ar aghaidh go dtí go mbíonn sí níos sine.
    As sin, bhraith Joe go mba cheart mé a thabhairt isteach sa gcompántas (acting company) agus fuair mé conradh
    agus tugadh isteach sa gcompántas mé. Bhíos ag obair leo ansin go dtí na nóchaidí, i ndáiríre,
    go dtí gur thosaigh TG4, gur thosaigh mé ag déanamh Ros na Rún. D’fhágas é chun Ros na Rún a dhéanamh.

    cúntóir assistant
    cúntóir bainisteoir stáitse assistant stage manager
    i lár in the middle
    compántas acting company
    conradh contract
    nóchaidí nineties
    i ndáiríre really
  16. Thosaigh tú ag obair le Ros na Rún i 1999. An raibh tú leo ar feadh i bhfad agus
    tú ag obair go lánaimsearthaleo, a Bhríd.

    lánaimseartha full time
  17. Rinne mé an chéad cheithre bliana. Ó bhíos ann ag an tús agus bhí na gasúr an-óg ag an am.
    Bhí Síofra trí bliana agus bhí Luisne trí mhí agus thosaigh Síofra ag an scoil i Scoil Sailearna.
    Bhíos ag obair go lán-aimseartha. Thánas anuas agus d’fhanas sa Spidéal. Ach toisc go gcríochnaíodh Ros na Rún
    i lár mí Meithimh ag an am agus gur chríochnaigh an scoilbhliain i mí Bhealtaine,
    agus caithfidh tú an stáitsíocht a choinneáil suas freisin, agus bhí a fhios agam nach raibh mé
    ag iarraidh é a dhéanamh go deo, dúras liom féin má theastaíonn na gasúir a fháil níos sine ag déanamh
    cairde buana agus rudaí mar sin, go raibh sé chomh maith dom éirí as. Rinneas bliain dá bhrí sin
    ag teacht as Baile Átha Cliath. Bhínn ag taisteal ar feadh na bliana sin agus ansi

    gasúr boy,child
    Thánas I came
    Ach toisc because
    dúr stubborn, dour, obstinate
    dúras I said abair
    buana permanent
    theastaíonn needed
    ag taisteal travelling
    íochtar bottom
  18. Cré na Cille

    Abair liom mar gheall ar Chré na Cille.

    mar gheall because
  19. Bhí cáil ar an leabhar, ceann de mhórshaothair an fhichiú céad agus dá bhrí sin bhí dualgas orm
    mar aisteoir is mar bhean as Conamara é a fháil i gceart. Deineadh é in Amharclann na Mainistreach ar dtús.
    Rinne Siobhan McKenna Cúirt an Mheán-Oíche in Amharclann na Mainistreach sna hochtóidí, sílim, agus bhí
    an stiúrthóir ag an am, Patrick Mason, sé ag iarraidh togra eile a bhí chomh mór leis a dhéanamh agus
    is cuimhneach liom bhí cruinniú beag againn … agus mhol Peadar Lamb dó breathnú
    ar Chré na Cille. Bhí Macdara (Ó Fátharta – a dhéanann Tadhg i Ros na Rún) sa gcompántas ag an am freisin agus
    cuireadh ceist air an ndéanfadh sé cóiriú air agus déanadh cóiriú air agus rinne muid é in Amharclann na Mainistreach
    ar dtús agus b’é an chéad uair dúinn. Nuair a d’oscail muid i 1996 bhí mé sé mhí torrach!
    D’oscail muid i gColáiste Connacht sa Spidéal agus b’é an chéad uair d’Amharclann na Mainistreach
    léiriú Gaeilge a oscailt taobh amuigh den chathair, mar a déarfá agus d’éirigh an-mhaith leis agus ansin
    shocraigh an Taibhdhearc é a dhéanamh arís cúpla bliain ina dhiaidh sin, mar sin, rinne muid sa Taibhdhearc é.
    Agus arís, d’éirigh an-mhaith leis ansin.

    cáil ar famed
    mórshaothair great works
    an fhichiú céad the 20th century
    dá bhrí sin therefore
    dualgas obligation
    cruinniú beag a small meeting
    bhí dualgas orm I was obliged
    ochtóidí 80’s
    togra eile another project
    cruinniú beag small meeting
    cóiriú air arrange it
    an chéad uair the first time
    torrach pregnant
    léiriú produced
    mar a déarfá as one would say
    mol suggest
    socraigh set, arrange, specify
  20. Agus ainmníodh tusa do ghradam an Irish Times ESB Theatre Award
    an bhliain sin i 2003 dod ról.

    ainmníodh you were nominated
    gradam award
  21. Sea. Bhí áthas orm mar go mba é an chéad dhráma Gaeilge le hainmniúchán a fháil.

    Bhí áthas orm I was delighted
  22. An raibh sé an-dhifriúil é a scannánú ansin nuair a bhailigh sibh le Robert Quinn chun é a dhéanamh?

    <!–

    –>

  23. Bhuel, bhí i ndáiríre ach bhraitheas go ndearna Robert jab maith dó. Mar na carachtair,
    d’oscail sé amach é ar bhealach eile agus is dóigh gur deis do dhaoine nach bhfaca é ar ardán aithne a chur air,
    nó b’fhéidir daoine nach raibh Gaeilge acu, trí na fotheidil… Bhí na gasúir ag an am bhí siad ceathar déag agus
    a haon déag agus bhí mé féin agus Fiach (Mac Conghail, fear chéile Bhríd) an-ghnóthach.
    Ní raibh an oiread sin ama againn i ndáiríre chun an scannán a dhéanamh. Rinne muid i dtrí seachtainí é i 2006.
    Is achar an-ghearr é sin, dáiríre, nuair a bhreathnaíonn tú ar an time-line a bhíonn ag scannáin de ghnáth.
    Ach rinne muid é mar bhí eolas maith againn ar an ábhar ag an am is dócha agus bhí an chuid is mó den fhoireann
    a bhí ag obair air sa Taibhdhearc, bhí siad páirteach ann freisin. Seans gur chabhraigh sé sin linn.

    bhraitheas I felt
    go ndearna did
    deis a chance
    ar ardán on stage
    fotheidil subtitles
    Is achar an-ghearr é sin that’s a very short time
    de ghnáth usually
    foireann cast
    dócha likely
    cabhraigh help
  24. <!–

  25. –>


faoi ndeireadh finally
scaoll fright
piseog charm, spell
ponaire bean
sésúr season

<!–

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.