Irish Class, October 1, 2012
Rang Gaeilge, an 1ú lá Mí Dheireadh Fómhair 2012
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
–>
Mo scéalta
mo mhac agus mo iníon altrama | my son and my foster daughter | |
ag deireadh Lúnasa agus ag tús mhí Mheán Fómhair | at the end of August and the beginning of September | |
Coinbhinsiún Ficsean Eolaíochta Domhain | World Science Fiction Convention | domhan “world” gs here |
Chonaic muid cairde go leor as blianta ó shin. | We saw many friends from years ago. | |
i Chicago lár | in the middle of Chicago | |
óstán | hotel | |
abhainn | river | |
plé spéisiúil go leor | many interesting discussions | |
ní amháin ficsean eolaíochta ansin, ach freisin eolaíocht, go háirithe réalteolaíocht | not only science fiction, but also science especially astronomy |
|
Chuala mé ar léacht faoi an Higgs Boson | I heard a lecture about the Higgs Boson | |
Ceann de na cainteanna is fearr agam gur chuala riamh | One of the best talks I have ever heard | |
Bhí plé faoi an Rover Curiosity. | There was a discussion about the Rover Curiosity. | |
D’fhoghlaim mé a lán ann | I learned a lot there | |
Tá go leor amhráin faoi ficsean eolaíochta. | There are many songs about science fiction. | |
bia maith agus deoch maith | good food and good drink | |
na mílte leabhair | thousands of books | |
Cheannaigh mé ach cúpla leabhair. | I bought only a few books | |
Fuair mé ardú céime ag an obair, ach nach bhfuil feicthe agam fós an t-airgead. | I got a promotion at work, but I have not yet seen the money. | |
AN CLEAMHNAS — “The Matchmaking”
With Will back from Australia we took another look at this, but there are relatively few changes from
my September 17 notes. There were a couple corrections to the text which are underlined and noted.
-
Bhí feirmeoir ann aon uair amháin. Feirmeoir maith láidir ab ea é agus ní raibh aige ach aon
iníon amháin. Cailín an-álainn thar na bearta ab ea í agus do b’fhuirist dhi buachaill a dh’fháil, bhíodar le
gach aon mhéir aici le fáil.Bhí feirmeoir ann aon uair amháin There once was a farmer. láidir strong thar na bearta beyond measure fuirigh wait, remain fáil finding, getting, capability f3 le fáil to be had, available méar finger f2 -
Ach do bhí éileamh an domhain aici ar bhuachaill áirithe, ach do bhí sé bocht dealbh, ní raibh
aige ach a phá lae. Ach, má tá, buachaill álainn thar na bearta do b’ea é ar a cuma féin agus bhí gean a
cléibh tabhartha aici dhó.éileamh claim, demand, demand, complaint áirithe certain dealbh destitute, bare, empty, bleak pá pay, wages m4 cuma shape, form, appearance f4 gean love, affection m3 cléibh heart, chest, breast tabhairt grant, delivery, yield f3 gs tabhartha <!–
–>
-
Ach do bhíodh buachaill eile ag teacht don tigh, a muintire, gach oíche beagnach, agus do bhíodh
sé ina bhruadaire suite thuas ar chathaoir cois na tine, agus é chomh tiarnúil agus gan focal aige, ach é ag
cur an da shúil tríos gach aon ní ar fuaid an tí agus á thabhairt fé ndeara.muintir people, family, kinsfolk, folk beagnach almost bruadaire dreamer suite situated, fixed cathaoir chair cois na tine by the fire chomh as tiarnúil lordly, overbearing, cheeky trí through; three ar fuaid throughout thabhairt fé ndeara being noticed -
Ach ceann des na hoícheanta, ach go háirithe, do tháinig gala gaoithe, do shéid gala gaoithe, agus
má shéid, do bhí stácaí agus cruach féir an fheirmeora ag imeacht leis an ngaoith. Ach do bhí an
scaothaire seo, ach go háirithe, an buachaill álainn seo — ní raibh puinn aithne air, n’fheadair sí … bhí sé
tamall ó bhaile — do bhí sé i mbun agus i mbarr gnó an tí, ag ceangal na stácaí is ag ceangal na mbothán
is gach aon ní. Ach níor chorraigh an buachaill ó chúinne na tine, ach a chos ar a leathghlúin aige agus é
ag cluasfheadaíl.des of ← de w pl Ach ceann des na hoícheanta But one of those nights áirithe certain gala gaoithe gale of wind séid blow, puff v stáca stake, post, stack m4 cruach stack; pile f2 cruach steel f4 féar grass m1 ag imeacht leaving scaothaire windbag, bombastic talker m4 ní raibh puinn was not much aithne acquaintance, recognition, appearance n’fheadair sí she didn’t know tamall while ceangal tie, binding bothán shack gach aon ní everything corraigh move, stir ó chúinne na tine from the corner of the fier leathghlúin one knee cluasfheadaíl soft whistling <!–
–>
-
Ach nuair a thánadar isteach tar éis saothar na hoíche a bheith déanta acu agus gach aon ní bheith
ceangailte suas acu ón ngaoith mhóir, do dhírigh an strapaire ar an bhfear beag a bhí suite cois na tine:táin drive v e.g. táin bó “cattle driving” thánadar they came saothar work, labor m1 dírigh direct, focus v strapaire strapping person <!–
–>
-
‘Léan ort,’ ar seisean, ‘nach gránna an duine thú agus coirce an fheirmeora,’ a dúirt sé, ‘fhir an tí,
ag imeacht leis an ngaoith mhóir agus nár chorráis as an áit sin feadh na hoíche ag tabhairt cabhair ná
cúnamh dó.’léan affliction, sorrow gránna ugly coirce oats m4 corraigh move, stir chorráis “you moved” feadh na hoíche for the night cabhair ná cúnamh neither help nor aid dó to me ← do <!–
–>
-
Bhí an éileamh ag an mbeirt acu, mar dhia, ar an gcailín óg.
‘Ho hó!’ ar seisean, ‘ní hé lá na gaoithe lá na scolb agamsa, a bhuacaill.’
éileamh demand, claim, accusation, complaint scolb splinter, nick lá na scolb thatching day Ní hé lá na gaoithe lá na scolb agamsa. The windy day is not the day for thatching. <!–
–>
-
Do bhí an cailín óg ag éisteacht leo, agus í féin agus an cailín aimsire – Bríde a bhí ar an gcailín
aimsire – do bhíodar suite, agus do thóg sí an chaint a dúirt an fear beag a bhí suite ar an gcathaoir
isteach ina ceann.cailín aimsire servant girl tóg lift, raise, take caint speech, talk <!–
–>
-
Ach, nuair a tháinig am codlata, do dh’imigh an bheirt stócach ón dtigh. Nuair a fuair an bhean
óg gach aon ní ciúin agus an chistin fúithi féin agus fén gcailín:stócach lad gach aon ní everything fúithi under it, about it, around it ← faoi -
‘A Bhríde,’ ar sise, ‘ar chualaís an chaint a dúirt an fear beag an uair úd anocht,’ ar sise, ‘nuair bhí
sé ag caint, “Ní hé lá na gaoithe lá na scolb agamsa”? Tá brí éigint,’ a dúirt sí, ‘leis an scéal agus leis an
gcaint sin, agus caithfimid féachaint amach dúinn féin. Deinse rún domsa,’ ar sise, ‘agus beidh tástáilt
againn.’ar chualaís? did you hear? úd yon, yonder scolb splinter, nick brí meaning, strength éigin some caithfimid féachaint amach dúinn féin we must look to ourselves Deinse Make var of Déan rún domsa secret to me tástáil taste, test, try -
I gceann mí nó mar sin ina dhiaidh sin, cad é an tseift a cheap sí ach í féin agus an cailín — lá
saoire do lorg ar a hathair, agus dúirt sí go raibh sí chun dul ar a saoire go ceann cúpla lae nó trí agus
gan aon tsúil a bheith abhaile aige léi go dtí san, gur theastaigh uaithi cara léithe dh’fheiscint.I gceann mí nó mar sin ina dhiaidh sin In a month or so later seift device, expedient, resource lorg mark, trace; course; search; go do lorg “went” ar a saoire holiday lá saoire do lorg ar a hathair [asked] ber father for a holiday súil expected teastaigh be wanted, needed léithe greyness feiscint visibility, sight = feiceáil <!–
–>
-
Ach do dhein sí féin agus an cailín suas iad féin i gculaith bean bhocht agus iad ag siúl, mar dhia,
ó thigh go tigh, riamh agus choíche nó gur bhaineadar amach tigh an strapaire. Tigh beag gan mórán
críche a bhí aige agus bhí bean aosta de mháthair dó sa chúinne.dhein did M past of déan. rinne elsewhere
culaith suit [clothes] i gculaith bean bhocht dressed like a poor woman ag siúl walking riamh agus choíche nó never bhaineadar amach they reached críoch limit, boundary, completion gs críche gan mórán críche without a big boundary = small aosta aged, older cúinne corner -
Ach d’iarradar cead a bheith istigh go dtí maidean. Ach ambasa do fuaireadar cead a bheith istigh
go maidean uaithi. Ach ní fada a bhíodar suite cois na tine nuair a bhuail an strapaire isteach, agus má tá,
níor aithnigh sé an cailín óg na an cailín aimsire, mar bhíodair folaithe go maith agus iad fé cheilt.iarraidh request, demand, attempt d’iarradar they asked cead permission ambaiste really, indeed fuaireadar they got M p of faigh maidir as for, as regards, like buail hit, strike, meet, come aithnigh recognize folaithe covered ceil conceal, suppress -
Ach bhí fothrom aige ar fuaid an tí.
‘A mháthair,’ ar seisean, ‘an bhfuil aon ní beirithe?’
fothram noise m1 beir bear, give birth, take, catch beirigh boil v -
‘Tá, a ghrá ghil,’ a dúirt sí, ‘tá píosa d’arán cruithneachta istigh i gcurpaidín ansan,’ ar sise, ‘agus
tabhair leat amach ciota de bhainne atá istigh ansan.”grá love gil bright one cruithneacht wheat f3 curpad cupboard =cupard curpaidin little cupboard ansa dearest, most beloved ansan there, then = ansin ciota pitcher bainne milk -
Do thug sé leis aníos an t-arán cruithneachta agus an bainne chuige féin agus bhuail sé chuige ar
cheann an bhoirdín é, agus chomh luath agus do shuigh sé, do phrioc an bhean óg, do prioc sí an cailín
chuig gach aon ní a thabhairt fé ndeara.Ach i gceann tamaill is é ag ithe:
chuige to him ← chuig boirdín little table suigh sit prioc prick, prod, goad gach aon ní everything, anything tabhair fé ndeara to notice tamall while -
‘Is mór an náire dhuit, a mhic,’ ar sise, ‘bheith ag imeacht id scaothaire ar an gcuma go bhfuileann
tú agus balcaisí éadaigh leis an mbuachaill seo áirithe a thugann tú leat,’ ar sise, ‘chuig dul i bhfad ó
bhaile gach aon oíche, tá siad salach bréan,’ a dúirt sí, ‘drochúsáidte agat agus ba chórtaí dhuit í chur
abhaile ná bheith ag imeacht id straethaire gan chrích gan aird.’náire shame ag imeacht leaving id in your = i do scaothaire windbag, bombastic talker m4 cuma look, appearance balcais rag, garment f2 éadach cloth, clothing áirithe certain bréan foul, rancid córtaí more just, more proper var comp of cóir straire wanderer, strayer críoch boundary, limit, completion gs críche aird direction; attention, notice f2 -
‘Am go leor, a mháthair,’ ar seisean.
Ach níor thugadar cluas dona thuilleadh. Do chuaigh sé … dh’imigh sé uathu nuair a bhí a bholg
lán is chuaigh sé i bpoll éigint a chodladh dhó féin.Ach nuair a fuair an bhean óg agus an cailín fúthu féin an saol:
Am go leor enough time thugadar they gave M p of tabhair cluas ear dona bad tuilleadh more imigh leave uathu from them ← ó bolg lán full stomach poll hole, pit, niche fúthu under them, about them saol life, time, world -
‘An gcualaís,’ ar sise leis an gcailín, ‘a Bhríde, ar gcualaís cad dúirt sé siúd nó cad é an scéal aige
é? N’fheadar,’ ar sise, ‘an raghaimist anois go dtí tigh an fhir bheag. Pé acu is rogha linn,’ ar sise, ‘beidh
fhios againn pé acu fear is fearr chun ceangal leis i dtosach mo shaoil.’An gcualaís? Did you hear? N’fheadar I don’t know ← feadair raghaigh will go var fut of téigh pé whoever, whatever rogha choice linn with us ← le beidh will fut of bí acu at them; they have ← ag fearr best ceangal tie, binding tosach beginning -
D’fhágadar an tigh beag ar maidin agus gan iad róshásta. Bhíodar ag siúl leo fé mar bheadh aon
dá bhean bhocht, riamh is choíche nó gur bhaineadar amach tigh an bhruadaire — a thabharfaidh mé air.
[mé not má].D’fhágadar They left leo with them ← le Bhíodar ag siúl they were walking mar bhead as though riamh agus choíche nó never bhaineadar amach they reached bruadaire dreamer thabharfaidh was given p aut of tabhair -
Ach do fáiltíodh rompu go fial fairsing agus is amhlaidh a bhí tigh breá feistithe aige sin agus
gach aon ní acu i dtaisce ar fuaid an tí agus tine bhreá dhearg, agus compord.fáiltíodh welcomed rompu before them ← roimh fial generous fairsing wide, extensive amhlaidh thus, so feistithe equipped, arrange gach aon ní everything taisce store, treasure, deposit, stored ar fuaid thorught compord comfort m1 -
Fáiltíodh rompu agus do cuireadh ina suí cois na tine iad, an áit a bhain an fuacht amach as a neasnaíocha
tar éis an lae. Fuaireadar bia agus deoch go flúirseach agus do cuireadh a chodladh iad i
réleaba a bhí insa chúinne.cuireadh was putting p hab of cuir fuacht cold, chill, apathy <!–
neas- near, approximate prefix –>
easna rib pl easnacha [var hare?] flúirseach abundant réleaba smooth bed, soft bed -
Ar maidin lá arna mháireach do fuaireadar baochas ó chroí le muintir an tí agus leis an
mbuachaill na raibh aon tuairim aici dhó agus thugadar a gcúl don dtigh. Ach ba é port a bhí acu ar fhaid
an bhóthair go dtí gur bhaineadar a tigh féin amach, ag caint cé acu b’fhearra dhi an fear mór a phósadh
na an fear beag. Ach, choinníodar gach aon ní fé chúl a gcoise. Níor ligeadar a rún go dtí éinne go ceann
mí nó mar sin, agus tharlaigh oíche áirithe gur tháinig an bheirt, an fear beag agus an strapaire, go dtí an
tigh.arna by máireach morrow = márach lá arna mháireach/mhárach on the following day máir survive, live, last baochas thanks = buíochos tuairim recognize f2 thugadar they gave/took cúl back port riverbank, mound b’fhearra better gach aon ní everything coinnigh keep coise feet lig let, allow, release éinne anyone mar sin so tarlaigh happen, occur -
Do shocraigh sé a chathaoir thuas insa chúinne fé mar ba gnáthach leis agus do bhí an scaothaire
ag imeacht ar fuaid an tí.socraigh settle, calm, arrange gnáthach usually scaothaire windbag, bombastic talker m4 -
Ach d’éirigh an cailín – bhí sí comhairlithe go maith ag an mnaoi óig — d’éirigh sí ina suí agus do
bhuail sí síos, an t-urlár síos.comhairlithe counseling -
‘A mháthair,’ ar sise, ‘an bhfuil aon ní beirithe?’
‘Nil, a ghrá gil,’ ar sise; ‘ach blúire d’arán cruithneachta atá istigh sa churpaidín agus braon
bainne. Tabhair leat é.’an bhfuil aon ní beirithe? the boiling is nothing? gil bright one blúire fragment braon drop -
Ba chórtaí dhuit go mor is go fada,’ arsa an bhean óg thuas mar a raibh sí suite, ‘an chulaith
éadaigh led pháirtí ata caite agus ó bheith ag imeacht ag caidéireacht agus as imeacht thall agus abhus id
scaothaire, a chur abhaile, go bhfuil sí ina ciota fogha agat ó bheith á caitheamh, agus do tháinig sé anso
anocht ag triall uirthi agus bhí náire orm í thabhairt do.’Córtaí more proper, more just var comp of cóir éadach cloth, clothing culaith suit [clothes] páirtí caidéireacht idling thall over, beyond abhus here id in your [?] ← i + do scaothaire windbag, bombastic talker m4 ciota pitcher fogha lunge, dash caitheamh wear, consumption, spending, throw, cast anso here = anseo triall journey, travel ag triall uirthi a trial on her tabhairt grant, delivery, yield -
D’éírigh sé, an scaothaire, pé áit go raibh sé, do chuimhnigh sé go maith ar an chaint a bhí ráite
aige féin tamall roimis sin. D’éirigh sé ina shuí agus do bhuail amach go támáilte.pé whoever, whatever ráite said tamall while roimis before = roimh támáilte sluggish, cumbersome -
Nuair a bhí an doras amach curtha aige dhe, ní dhein an bhean óg ach teacht aníos mar a raibh an
bruadaire, mar thugaimis air, agus rug sí ar láimh air.
[thugaimis not thugaimist].ní … ach only bruadaire dreamer mar thugaimis air as he is called -
‘Céad míle fáilte anso romhat.’ ar sise. ‘An cuimhin leatsa,’ a dúirt sí, ‘aon bheirt bhan bhochta a
ghaibh chughat a leithéid seo dh’oíche agus gur thindeálais,’ a dúirt sí, ‘agus go choiríobhair go
slachtmhar chuchu? Is mise agus mo chailín Bríde,’ a dúirt sí, ‘a bhí ansan.’aon bheirt bhan bhochta two poor women gabh take gaibh chuig go to, go about, being = gabh chuig leithéid like, counterpart, equal tindeáil tending to, attention, care coiríobhair ?? slachtmhar neat, tidy chucu to them, towards them ← chun -
‘Ambaiste, más tú.’ arsa an bruadaire. ‘da mbeadh a fhios agamsa’ ar seisean, ‘gur tusa bhí istigh
agam, gur fada go ligfinnse cead na gcos leat,’ a dúirt sé, ‘chomh fada is go rabhais istigh insa chúinne
agam go gcoineoinnse greim ort.’ambaiste indeed, really más ligfinnse ?? bruadaire dreamer greim grip -
‘Ní raibh a fhios agat,’ ar sise, “ach beidh a fhios agat anois é.’
-
Ach, do pósadh iad agus do bhí saol fada fé ghreann acu i dteannta a chéile ina dhiaidh sin.
fé ghreann under the sun
Next time
We will start watching Cré na Cille. From Will:
- The heart of this tale is the notion that after people die, they sit around underground and resume their old relationships. As each new corpse arrives, if you will, they bring news of what has been happening above ground since the previous person arrived.
- Naturally, they retain their own personalities, so people who are annoying, or loud, or selfish, or charming, or whatever continue to be that way after death.
- Your homework is to write a paragraph, just a few sentences, describing a person you know (relative, co-worker, etc., as long as it’s not me) who would drive you crazy if you had to interact with him/her for the rest of eternity. That person might have an obsession to harp on, or annoying laugh or speech habit, or just be nasty or nosey, whatever the problem, living with them forever would be misery indeed. Tell us a little bit about that person and why you don’t want to be buried with him/her.
I might not post the English version of my contribution :-)>