Irish Class, February 28, 2011
Rang Gaeilge, 28ú lá Mí Feabhra 2011
ar maidin | in the morning | |
tráthnóna | in the afternoon | |
san oíche | at night | |
Note the inconsistent use of pronouns.
An í Hillary Clinton? | Is she Hillary Clinton? | |
garbh | rough, course, harsh | |
snoigh | cut, carve, shape | |
garbhshnoite | rugged | (appearance) |
Aghaidh gharbhshnoite | rugged face | |
Leaba Shíoda
Do chóireoinn leaba duit
i Leaba Shíoda
sa bhféar ard
faoi iomrascáil na gcrann
is bheadh do chraiceann ann
mar shíoda ar shíoda
sa doircheacht
am lonnaithe na leamhan.
Do | [negative/conditional particle. Old, but still sometimes used in Munster] |
|
cóirigh | arrange, dress | |
leaba | bed | |
Do chóireoinn leaba duit | Iwould make up a bed for you | |
síoda | silk | m4 |
Leaba Shíoda | [place name] | |
féar | grass, hay | m1 |
iomrascáil | wrestling | |
craiceann | skin | m1 |
doirche | darker | ← dorcha |
doire | oak (grove) | |
sa doircheacht | in the darkness | |
lonnaigh | stop, stay, settle, frequent | |
leamhan | moth | |
am lonnaithe na leamhan | at the time the moths settle |
Craiceann a shnionn
go gléineach thar do ghéaga
mar bhainne á dháil as crúisciní
am lóin
is tréad gabhar ag gabháil thar chnocáin
do chuid gruaige
cnocáin ar a bhfuil faillte arda
is dhá ghleann atá domhain.
Craiceann | skin | m1 |
snigh | pour, flow, crawl | |
gléineach | clear, lucid, transparent | |
géag | branch, limb | f2 |
bainne | milk | m4 |
dáil | allocate, distribute, pour out | |
crúiscin | small jug, small jar | m4 |
tréad | flock, herd, congregration | |
gabhar | goat | m1 |
gabh | take, capture, undertake, go | |
cnocán | hillock, heapd\ | |
gruaig | hair | |
failligh | neglect, omit, delay | |
faillte | cliff, precipice | |
gleann | glen, valley | |
domhain | depth, deep, abyss | f2 |
domhan | world, earth | m1 |
Is bheadh do bheola taise
ar mhilseacht shiúcra
tráthnóna is sinn ag
spaisteoireacht
cois abhann
is na gaotha meala
ag séideadh thar an Sionna
is na fiúisí ag beannú duit
ceann ar cheann.
beola | lips | |
taise | dampness, humidity | |
milseacht | sweetness | |
siúcra | sugar | m4 |
Is bheadh do bheola taise ar mhilseacht shiúcra |
And your lips would be like sweet sugar |
|
sinn | we | = muid |
spaisteoireacht | strolling | |
cos | leg, foot | ds cois |
abhainn | river | f gs abhann |
cois abhann | at the shore/side of the river | |
gaoth | wind | f2 pl gaotha |
mil | honey | f3 gs meala |
séid | blow, inflate, puff | |
an Sionna | the [river] Shannon | ? |
fiúisí | Fuchsia | = fiúse |
beannú | blessing, greeting | m4 |
ceann | head | |
ceann ar cheann | one by one |
Na fiúisí ag ísliú
a gceann maorga
ag umhlú síos don áilleacht
os a gcomhair
is do phriocfainn péire acu
mar shiogairlíní
is do mhaiseoinn do chluasa
mar bhrídeog.
fiúisí | Fuchsia | = fiúse |
ísliú | lowering, decline | m4 |
maorga | stately, dignified, sedate | |
umhlú | genuflection, obeisance, submission | m4 |
áilleacht | beauty, delight | f3 |
os comhair | in front of, opposite | |
os a comhair | in front of her | |
os a chomhair | in front of him | |
os a gcomhair | in front of them | |
comhar | partnership, cooperation | m1 |
prioc | prick, prod, goad | |
péire | pair | m4 |
is do phriocfainn péire acu | I would pick a pair of them | do neg./cond. particle |
siogairlín | hanging ornament, pendant | pl siogairlín pendulous flowers |
maisigh | adorn, beautify | |
cluas | ear | |
do mhaiseoinn do chluasa | I would adorn your ears | |
brídeog | bride | = brídeach |
Ó, chóireoinn leaba duit
i Leaba Shíoda
le hamhascarnach an lae
i ndeireadh thall
is ba mhór an pléisiúr dúinn
bheith géaga ar ghéaga
ag iomrascáil
am lonnaithe na leamhan.
Do | [negative particle] | |
cóirigh | arrange, dress | |
leaba | bed | |
amhscarthanach | daybreak, twilight | f2 |
thall | over, beyond | |
deireadh | end, finish | |
i ndeireadh thall | at lasr | |
pléisiúr | pleasure, enjoyment | |
géag | branch, limb | f2 |
géaga ar ghéaga | limb on limb | |
lonnaigh | stop, stay, settle, frequent | |
leamhan | moth | |
Teanga an Ghrá
Ní gá di faic a rá
labhrann sí teanga an ghrá
lena lámha.
gá | need, requirement | m4 |
di | for her | ← do/de + í |
faic | [with negativé] nothing | |
abair | say | vn rá |
Ní gá di faic a rá | No need for her to say | |
labhair | speak | |
lámh | hand, arm | pl lámha |
Ní gá di faic a dhéanamh
cruthaíonn sí teanga an ghrá
lena géaga.
gá | need, requirement | m4 |
di | for her | ← do/de + í |
faic | [with negativé] nothing | |
cruthaigh | create, form, prove | |
géag | branch, limb | f2 |
Ní gá di faic a gheallúint
bronnann sí teanga an ghrá
lena guíochan.
gá | need, requirement | m4 |
di | for her | ← do/de + í |
faic | [with negativé] nothing | |
geall | pledge, promise | v, m1 |
bronn | grant, bestow | |
guí | prayer, entreaty | |
Ní gá di faic a cheilt
nochtann sí teanga an ghrá
lena féachaint.
gá | need, requirement | m4 |
di | for her | ← do/de + í |
faic | [with negativé] nothing | |
ceilt | concealment, withholding, denial | f2 |
nocht | bare, uncover, expose | |
féachaint | look, aspect | |
Ní gá di faic a chaitheamh
beathaíonn sí teanga an ghrá
lena seasamh.
gá | need, requirement | m4 |
di | for her | ← do/de + í |
faic | [with negativé] nothing | |
caith | wear out, consume, spend, throw, cast, shoot | |
She does not need to wear anything | ||
beathaigh | feed, nourish, rear, bring to life | |
seasamh | standing | |
Ní gá di faic na ngrást
is í teanga iomlán an ghrá
gach anáil aici.
gá | need, requirement | m4 |
di | for her | ← do/de + í |
faic | [with negativé] nothing | |
grásta | grace | gpl grást |
iomlán | all, total | |
anáil | breath | f3 |
Múin dúinn análú as a nua
chun teanga an ghrá a adú
as béal a chéile.
múin | teach, instruct | |
análú | respiration | |
chun | to, towards | |
adaigh, adú | Prolonging, extending | =fadaigh, fadú Prolonging, extending |
béal | mouth | m1 |
as béal a chéile | from each others’s mouths |
Taispeáin agus Inis — “Show and Tell”
From a news article about the Irish elections.
lá na sceanna fada | day of the long knives | A couple of us cringed when we understood the phrase. |
doirt | pour, spill, shed | |
fuil | blood | gs, npl fola |
tuar | predict | |
arís | again | |
nuair | when, considering that, although | |
namhaid | enemy | |
bualadh | beating, striking | |
maith go leor bheith ag buachaint | it is good enough to win | |
ach is fearr arís nuair atá an namhaid á bhualadh faoi chois | but it is better when beating the enemy under [your] feet | |
ná cailligí é! | Don’t miss it! | |
na Glasaigh | the Greens | the Green Party |
an chéad X eile | the next X | |
Ní bheidh aon suíochán ag na Glasaigh anois sa chéad Dáil eile | Now there will not be any Greens in the next Dáil | |
Our class will be contributing to
Seachtain na Gaeilge.
@Josieblak — JS on Twitter.
<!–
–>