Rang Gaeilge, 20ú lá Mí na Iúil 2022

Duinnín agus an Bótun (tuilleadh)

Dineen and the Mistake (continued)
  • ‘Fear an bhainne, ní foláir!’ ar sise. ‘Gabhaigí mo leithsceal, soicind.’ Rith sí as an seomra, an doras á dhúnadh aici ina diaidh.Leanfadh an tAthair Pádraig amach sa halla í ach bhagair
    Abraham air seasamh, ina theannta, sa bháfhuinneog.

    ‘Tá crann idir mé agus an doras. Ní maith liom crainn. Níl gá
    leo,’ arsa Tomkins go crosta.

    ‘Tom labhrais atá ann,’ arsa an tAthair Pádraig.

    ‘Sssss! Éist!’

    Nior chuala siad ach doras a oscailt agus a phlabadh arís
    láithreach.

    ‘Duine ar bith!’ arsa Miss Sweetman nuair a d’fhill sí.

    ‘It must be the milkman!’ she said. ‘Excuse me, a second.’

    She ran out of the room, closing the door behind her.

    Father Patrick would have followed her out into the hall but Abraham beckoned him to stand,
    along with him, in the bay window.

    ‘There is a tree between me and the door. I do not like trees. No need for[??] them,’ Tompkins said crossly[?]

    ‘That is a laurel there,’ said Fr. Patrick.

    ‘Shhhh! Listen!’

    They only heard a door opening and slamming again immediately.

    ‘Nobody!’ said Miss Sweetman when she returned.

    ní foláir it is necessary
    bagair brandish, beckon, threaten, drive(animals)
    teannta Strait, difficulty, predicament m
    i dteannta along with, in addition to
    crosta Fractious; troublesome, difficult; (Of child) Mischievous, contrary
    labhras (Bay) laurel m
    plabadh plopping, banging m
    láithreach Present, immediate
  • ‘Páistí dána, ní foláir … tá na Domhnallaigh óga fiáin.’‘Ar mhaith leat, a Mholly, go bhfanfadh muid tamall ar eagla
    go dtiocfadh na Domhnallaigh óga ag cur isteach ort arís?’

    ‘Ní gá, ní gá. Nil aon díobháil iontu. Ti gach rud ceart go
    leor.’

    Agus é seo á rá aici bhí a súile chomh luaineach sin go
    mbraithfeadh éinne go raibh a chontrárthacht fíor.

    D’fhág siad slán aici. Ni túisce an doras dúnta ina ndiaidh
    aici ná gur scrúdaigh siad an cosán agus na ceapacha bláth ar an
    dá thaobh de.

    ‘Ni haon leanaí a chnag ar an doras,’ arsa Tomkins ‘Chuaigh
    fear le spága móra millteacha ar a bharraicíní thar cheapach na
    gcabáistí.’

    ‘Must be naughty children … the young Donnellys are wild.’

    ‘Would you like, Molly, that we should stay a while in case the young Donnellys come to disturb you again?’

    ‘No need, no need. There is no harm in them.’

    As she said this her eyes were so unsteady that anyone would have felt that the contrary was true.

    They bid her farewell. No sooner had the door closed behind them than they had examined the path and the flower beds on both sides of it.

    ‘No children knocked on the door,’ said Tompkins, ‘A man with big giantic broad feet went across the cabbage bed on tiptoes.’

    dána Bold; daring, confident; forward, audacious; brazen
    ní foláir it is necessary
    fiáin wild
    díobháil Loss, deprivation, want; harm f
    luaineach Fast-moving, nimble; restless, unsteady; changeable, vacillating, inconstant; darting
    braith Perceive, feel
    éinne = aon duine
    contrárthacht Contrariety, contrast f
    túisce Sooner, rather; first
    cosán Path; Footway, track m
    spág Broad flat foot; big clumsy foot f npl spága
    millteach Destructive; baneful, pernicious; gigantic
    barraicín tip, toe m
    ar bharraicíní on tiptoes
  • ‘Téimis chun cainte le Miss Minnows.’‘Ach cad chuige gur theith an garlach?’ arsa Tomkins.‘D’fhágamar ar hataí ar an mbord sa halla,’ arsa an
    Duinníneach. ‘Tá radharc ar an mbord san trí ghloine an dorais
    mhóir. Thuig sé go raibh cairde lei.’

    Chrom Abraham agus phioc sé rud éigin den chosán.

    ‘Cad tá ansin agat?’

    ‘Let us go talk to Miss Minnows.’

    ‘But why did the tramp run away?’ said Tompkins.

    ‘We left our hats on the table in the hall,’ said Dineen. ‘There is a view of the table through the glass of the big door. He realized that she had friends with her.’

    Abraham bent and picked up something from the path.

    ‘What do you have there?’ [End p 127]

    teith Run away, flee, retreat
    crom bend, stoop v
  • ‘Ruainne cré, nach cré na háite seo é, a thit da bhróga agus é
    ag rith. Tá síol istigh ann,’ ar seisean agus é ag glinniúint air faoi
    gha solais ón bhfuinneog.’

    `Síol ródaideandróin, Rhododendron slnogrande,’ arsa an
    Duinníneach a bhí ag déanamh taighde bitheolaíochta dá
    fhoclóir ag an am. ‘Mo léamh air seo na gur garraíodóir é an
    garlach. Oibríonn sé i dteach mór, i dtreo Bhinn Éadair, ní
    foláir, mar go bhfuil an ithir feiliúnach don ródaideandrón
    ansan.’

    ‘A bit of clay, not clay of this place, that fell from his shoes while running. There is a seed in it,’ he said as he examined it under a ray of light from the window

    ‘A rhododendron seed, Rhododendron sinogrande,‘ said Dineen who was doing biological research for his dictionary at the time. My reading of this is that the tramp is a gardener. He works in a big house, in the direction of Binnadair, it must be, because the soil is suitable for rhododendrons there.

    Ruainne (Single) hair; bit
    síol seed
    glinniúint Scrutiny; Glint, sparkle f
    ga solais ray of light
    taighde Research m
    bitheolaíocht biology f
    garraíodóir gardener m
    ithir Soil, earth; arable land, cornland f
    feiliúnach Suitable; fitting, fit, becoming
  • ‘Fear a raibh taithí aige ar an sluasad agus é ina mhianadóir,
    d’fhéadfadh go gcasfadh sé ar an sluasad arís agus dul ag
    garraíadóireacht.’

    Bhí Miss Minnows ag faire amach agus sceitimíní uirthi.


    ‘Chonaic mé é,’ ar sise. ‘Fear mór garbh féasógach le srón
    ríneasarais air. Tháinig sé ag snámhaíocht suas faoi scáth an
    chlaí. Shleamhnaigh sé isteach trín ngeata. Chúlaigh sé faoi dhó
    ach, ansin, thug sé ruathar faoin doras agus chnag sé. Ach ní
    túisce san déanta na gur theith sé. Ó, a Athair, caithfidh tú
    breith air no déanfar muid uile a mharú agus muid inár
    leapacha!’

    A man who had experience with a shovel as a miner, he might turn to the shovel again and go gardening.

    Miss Minnows was watching with excitement.

    ‘I saw him,’ she said. ‘A big, rough, bearded man with a rhinoceros nose. He came crawling up under the shadow of the fence. He slipped in through the gate. He backed off twice but, then, he rushed at the door and knocked. But no sooner had he done that than he ran away. O, Father, you must catch him or we will all be killed while in our beds!’

    taithí Frequentation, resort; Habit; practice, experience f
    sluasaid shovel f
    mianadóir miner m
    garraíadóireacht (Act of) gardening f
    sceitimíní Rapturous excitement, raptures, ecstasies
    féasógach bearded
    snámhaíocht (Act of) creeping, crawling, dawdling f
    scáth shade, shadow m
    claí Dike, wall; fence m
    sleamhnaigh slide, slip
    cúlaigh Back, move back; reverse, retreat
    ruathar Rush, onrush, onset, attack m
  • ‘A bhean uasal,’ arsa Abraham Tomkins, ‘mairg a bheadh ag
    brath ar an gcléir. Bíodh muinín agat asat féin. Beir ar an tlú.
    Beir ar an bpriocaire. Téigh ar an ionsaí.’

    ‘Ná bac leis, Miss Minnows, nil aon dealramh leis. Bí ag guí
    agus ag faire.’

    Ghearr Miss Minnows comhartha na croise uirthi féin.

    ‘Druid an doras anois.’

    Chuala siad dhá bholta á mbrú trasna istigh.

    ‘Lady,’ said Abraham Tomkins, ‘woe it would be to depend on the clergy. Be confident in yourself. Bring the tongs. Bring the poker. Go on the offensive.’

    ‘Don’t bother with it, Miss Minnows, It is ridiculous. Pray and watch.’

    Miss Minnows made the sign of the cross on herself.

    ‘Close the door now.’

    They heard two bolts being pushed across inside.

    mairg woe, sorrow f
    brath Perception, feeling; Spying, betrayal;
    Expectation, intention [with ar]; dependence
    m
    muinín Trust, confidence f
    tlú tongs m
    priocaire poker m
    ionsaí Advance, approach, attack
    dealramh Sheen, splendour, radiance; Look, appearance; likeness, resemblance m
    guí prayer f
  • ‘Ligimis orainn go bhfuilimid ag filleadh ar an stáisiún, ar
    eagla go bhfuil sé dár bhfaire,’ arsa an Duinníneach. ‘Ansin,
    casfaimid ar ais agus fanfaimid, féachaint an ndéanfadh sé
    iarracht eile anocht.’

    ‘Let’s pretend that we are returning to the station, in case he is watching us,’ said Dineen. ‘Then, we will turn back and wait, to see if he would try again tonight.’ [End p 128]

  • Tháinig ceo isteach ón bhfarraige. D’éirigh a gcuid súile tinn
    ón síorfhaire.

    ‘Féach! Mo dhuine!’ arsa an Duinníneach. ‘Faoin gcrann.’

    ‘Is fathach é cinnte!’ arsa Abraham.

    ‘Tá rud éigin i bhfolach faoin gcóta mór sin aige!’ arsa an
    Duinníneach. ‘Rud éigin toirtiúil!’

    ‘Uirlisí a cheirde, cró agus uirlisí dá leithéid.’
    ‘Beirimis air.’

    ‘Fan socair! Nior dhein sé tada as an mbealach go fóill.’

    Fog came in from the sea. Their eyes became sore from the continual watch.

    ‘Look! My man!’ said Dineen. ‘Under the tree.’

    ‘He is certainly a giant!’

    ‘There is something hidden under his big coat!’ said Dineen. ‘Something bulky!’

    ‘Tools of his trade, a crow-bar and similar tools.’

    ‘Let’s catch him.’

    ‘Stay quiet. He hasn’t done anything out of the way yet.’

    ceo Fog; mist, haze m
    síor Eternal, perpetual; continual
    toirtiúil Large-sized, bulky
    ceird Trade, craft; occupation f
    cró Eye, socket; Bore [of pipe, gun] m
    cró = gró crow-bar m
    socair
    Quiet, still; calm, unruffled; easy, steady; settled; at rest
  • Bhog an garlach. D’fhéach sé ar dheis agus ar clé. Thrasnaigh
    sé an bóthar. Faoi sholas na gealaí, chonaic siad go raibh féasóg
    fhada chas air agus sleanndar sróine. Isteach leis an ngarlach trí
    gheata Miss Sweetman. Léim sé ceapach bláth agus chuaigh sé
    thart ar an teach. Rug Abraham greim ar an Athair Pádraig.

    ‘Fan! Caithfear breith air agus díobháil á dhéanamh aige. Lig
    dó fuinneog a bhriseadh.’


    ‘Ach … ach … ach . . .’

    The tramp moved. He looked right and left. He crossed the road. Under the moonlight, they saw that he had a long, curly beard and a slender[!] nose. The tramp went in through Miss Sweetman’s gate. He jumped over a flower bedt and went around the house. Abraham grabbed hold of Father Patrick.

    ‘Wait! He must be caught causing harm. Let him break a window.’

    ‘But … but … but . . .’

  • ‘Anois!’ arsa Tomkins tamall ina dhiaidh sin agus lean siad an
    garlach go cúl an tí.

    ‘Ní fuinneog … An doras cúil a d’oscail sé,’ arsa an Duinníneach. ‘Is dócha nach
    raibh de chosaint air ach bolta a bhrúfadh
    leanbh de. Go dtuga Dia nach bhfuil aon díobháil déanta cheana
    féin[??}].’


    ‘D’fhág sé an doras ar oscailt le go mbeadh ar a chumas éalú
    go tapaidh,’ arsa Tomkins.

    ‘Now!’ said Tomkins after a while and they followed the tramp to the back of the house.

    ‘Not a window… He opened the back door,’ said Dineen. ‘It was probably only protected by a bolt that a child would press to. May God grant that no harm has been done already.’

    ‘He left the door open to have the ability to escape quickly.’

    cosaint Defense, protection f
    leanbh child m
    cumas .Capability, power m
  • Bhí ciúnas iomlán istigh. Leag Abraham lámh ar chomhla an
    dorais. Ó áit éigin istigh, d’éirigh an scréachaíl is uafásaí a
    chuala an tAthair Pádraig riamh. Fiú in am seo na práinne, agus
    an bheirt acu ag réabadh trín gcistin, trín bpasáiste, i dtreo an
    tseomra suí, b’ionadh leis go bhféadfadh bean chomh hálainn


    gleo chomh huafásach a dhéanamh agus mheabhraigh sé dó féin
    nach bhfuil teora
    [var pl] leis na mná.

    There was complete silence inside. Abraham laid a hand on the door panel. From some place inside, arose the most horrible scream that Father Pádraig had ever heard. Even in this time of urgency, with the two of them rushing through the kitchen, through the hall, towards the living room, he was surprised that such a beautiful woman could make such a horrible noise and there are no limits to women. [End p 129] –>

    comhla [door-]leaf; valve
    scréach Screech, (harsh) scream, shriek f
    práinn Hurry, rush; urgent need; Liking, fondness; pride, delight. f
    réabadh Rending, shattering; rent, tear, rip; violation
    ionadh Wonder, surprise m
    gleo Fight, combat, battle; Noise, clamour, uproar, tumult m
    meabhraigh Commit to memory; remember
    teorainn Boundary, limit; border, frontier f pl teoracha
  • Bhí doras an tseomra suí druidte ach is as a bhí an gleo ag
    teacht. Bhrúigh Tomkins an tAthair Pádraig i leataoibh agus
    chas sé murlán an dorais go mall ciúin. Nior tháinig aon mhaolú
    ar an scréachaíl istigh agus d’airigh an Duinníneach ainm an
    Tiarna á lua go tarcaisneach. Chaith Tomkins an doras ar
    oscailt.


    ‘Stop a chladhaire, in ainm an Dlí!’ a bhéic sé.

    The living room door was closed but that was where the uproar was coming from. Tomkins pushed Father Patrick aside and turned the doorknob slowly and quietly. There was no reduction of the screaming inside and Dineen heard the name of the Lord mentioned contemptuously. Tomkins threw the door open.

    ‘Stop villain, in the name of the Law!’ he shouted.

    leataobh one side [of two] m
    murlán knob m
    maolú Assuagement, mollification; alleviation; reduction, mitigation m
    lua Mention; citation, reference m
    tarcaisneach Contemptuous, scornful; insulting
    airigh Perceive, sense
    cladhaire Villain; rogue, trickster
    béic Yell, shout f, v
  • Bhí greim ag an mbithiúnach ar Miss Sweetman. Nuair a
    chonaic sí a slánaitheoirí chuici, thit sí i bhfanntais. Ach lean an
    scréachaíl. Leag an fathach Molly Sweetman sios ar chathaoir
    uilleann. Chas sé i dtreo na beirte agus rug sé greim scornaí
    orthu araon, óir ba chrágach an fathach é.

    ‘Tabhair cic sna loirgne do!’ arsa an Duinníneach agus é á
    thachtadh.


    ‘Cic sna loirgne,’ a scréach pearóid ildaite a thuirling ar
    chloigeann an Duinnínigh mar ar sciorr sé thart ag iarraidh
    greim crúb a fháil. Dhreap cat Mholly a bhrístí ar thóir na
    pearóide.

    The scoundrel had a grip on Miss Sweetman. When she saw her saviors [ to her], she fainted. But the screaming continued. The giant laid Molly Sweetman down on an armchair. He turned towards the two and grabbed them both by the throat, because he had large hands.

    ‘Give him a kick in the shin!’ said Dineen while he was being choked.

    ‘Kick in the shin,’ screamed the colored parrot that landed on Dineen’s head as he slipped around trying to get a grip. Molly’s cat climbed up his trousers in pursuit of the parrot.

    greim Grip, grasp, hold m
    bithiúnach scoundrel m
    fanntais Faint, swoon; fainting-fit f
    scornach throat f gs scornaí
    araon both
    óir for
    crágach Having large hands
    lorga Staff, stick; club, cudgel; shin f
    tacht Choke; strangle, suffocate
    tuirling Descend, alight
    sciorr Slip, slide, slither, skid
    crúb claw f
    dreap climb
    tóir Pursuit, chase; hunt, search; pursuing party f
  • D’éirigh le Tomkins greim an fhathaigh a scaoileadh dá scornach.‘Braithim gur dheineamar botún!’ ar seisean leis an Athair Pádraig ‘Tá Bright’s Coconut and Lavender Hair Pomade a chaitheamh ag an duine uasal seo. Ní chaithfeadh gadaí a leithéid mar go ndúiseodh an boladh na mairbh … Déanaim amach, a dhuine uasail,’ ar seisean leis an bhfathach, ‘nach gadaí tú.’
    ‘Grrrrrrr,’ arsa an fathach agus an bheirt acu á dtuairteáil i gcoinne a chéile aige.

    Tomkins managed to loosen the giant’s grip on his throat.

    ‘I feel like we made a mistake!’ he said to Father Pádraig. ‘This gentleman is wearing Bright’s Coconut and Lavender Hair Pomade. A thief would not wear such a thing because the smell would wake the dead. ….. I conclude, sir.’ he said to the giant, ‘you are not a thief.’

    ‘Grrrrrrrr,’ said the giant and he pounded the two of them against each other.

    scaoileadh Loosening, undoing; release, discharge m
    scornach throat f gs scornaí
    déan amach Make out; Write up; Conclude, distinguish, determine;
    Proceed outwards, (of time) onwards
    tuairteáil Pound, thump, buffet
  • Chac an pearoid ar ghualainn Abraham agus d’eitil sí sall
    chuig na cuirtíní mar ar chroch sí bun os cionn ag eascainí go
    faíoch.

    ‘Jonah!’ arsa Miss Sweetman, go faon, agus i ag teacht chuici
    féin. ‘Jonah, lig dóibh! Cairde liom iad.’


    Scaoil an fathach a ghreim. D’fhill sé ar Miss Sweetman agus
    d’ardaigh sé ina bhaclainn í.

    The parrot pooped on Abraham’s shoulder and flew across [End p 130 ]to the curtains where she hung upside down cursing freely.

    ‘Jonah!’ said Miss Sweetman, limply, as she came to herself. ‘Jonah, leave them alone. They are my friends.’

    The giant loosened his grip. He turned to Miss Sweetman and lifted her in his bent arm.

    sall To the far side, over, across
    croch hang
    eascainí Cursing, swearing f
    faíoch Loud, plaintive; Free, fluent; copious, profuse
    faon Supine; limp, languid
    baclainn Bent arm f
  • `Jonah! Cuir im sheasamh mé!’ ar sise. Leag sé ar a cosa fúithi ar an gcairpéad í.‘Jonah! Bain díom na rósanna sin atá ceangailte dem chúl.’

    Dhein sé dícheangal ar leathdhosaen rósanna dubhdhearga a
    bhí ar an gcathaoir uilleann mar ar leag sé sios í, níos luaithe.

    ‘B’fhéidir gur chóir dúinn dul isteach sa chistin agus cupán
    tae a bheith againn,’ ar sise go gealgháireach leis an Duinníneach
    agus Tomkins.

    Tomkins a labhair i dtosach.

    ‘Jonah! Stand me up!’ she said.

    He laid her on her feet on the carpet.

    ‘Jonah! Take off those roses tied to my back.’

    He untied half a dozen dark red roses that were on the armchair where he had set her down, earlier.

    ‘Maybe we should go into the kitchen and have a cup of tea,’ she said brightly to Dineen and Tomkins.<br tompkins=”” spoke=”” first.<=”” br=””

    díom ← de + mé
    from/off/of me

    dícheangail
    Untie; loose, detach
    vn dícheangal m

    gealgháireach
    Having pleasant smile; sunny, radiant; cheerful, joyous

  • ‘Nuair a chonaiceamar an tUasal . . .’ ‘Bones …Jonah Bones.’a little kiss bean ag screadaíl . . .’

    ‘Shil sibh gur mé a dhein an glór san!’ arsa Miss Sweetman
    agus bhris gáire uirthi. ‘B’shin Polly, ar ndóigh, pearóid Mr.
    Bones, a chuir i féin in aithne daoibh, anois beag, de réir mar a
    fheicim. Thug sé leis anocht i le go gcuirfinn aithne uirthi.
    D’éirigh sí ábhairín sceitimíneach i ngeall ar chat a bheith anseo
    . . . Jonah, nior mhiste, b’fhéidir, í a chur ar ais ina cás.’

    ‘When we saw Mr. . .’

    ‘Bones …Jonah Bones.’

    When we saw Mr. Jonah Bones sneaking around the back of the house … and when we heard a woman screaming. . .

    ‘You thought it was me who made that voice!’ said Miss Sweetman and she burst into laughter. That was Polly, of course, Mr. Jones’s parrot, who introduced herself to you, a bit ago, according to what I see. He brought her to me tonight so I could get to know her. She got somewhat excited on account of a cat being here. Jonah, it might be well, perhaps, to put her back in her cage.’

  • de réir according to
    ábhairín somewhat
  • Chuir Jonah sa chás i. Chaith sé a chóta anuas ar an gcás agus
    chiúnaigh sí.

    ‘Fuaireamar tuairisc go mbíodh fathach fir ag coimhéad do
    thí gach oíche Aoine. Comharsa leat a bhí imníoch,’ arsa
    Tomkins.


    ‘Jonah, a chuid, an mbíteá[2nd pers Past hab] ag coimhéad mo thí?’

    Jonah put her in the cage. He threw his coat over the case and she calmed down.

    ‘We received a report that a giant man had been watching your house every Friday night. Your neighbor was concerned,´ said Tomkins.

    ‘Jonah, my dear, have you been watching my house?’ [End p 131]

    ciúnaigh Calm; pacify
    coimhéad Watch, guard m, v
    a chuid my dear
  • Sméid Mr. Bones a cheann go náireach. ‘Nach rómánsúil an fear tú!’
    Bhronn Molly póigin air.

    Mr. Bones nodded his head shamefully.

    ‘Aren’t you a romantic man!’

    Molly bestowed a little kiss on him .

    Sméid Wink, nod, beckon; sign, signal (with movement of head)
    náireach shameful
    rómánsúil = rómánsach romantic
    bronn Grant, besto
  • ‘Chas Mr. Bones agus mé féin ar a chéile agus mé ag obair sa
    Mhisean do Mhairnéalaigh,’ ar sise leis an Athair Ó Duinnin.
    ‘Thiteamar i ngrá le chéile láithreach ach, on uair gur daoine
    cúthaileacha muid araon, nior lig ceachtar againn aon cheo
    orainn. Bhí an-imní orm go n-imeodh Jonah ar thuras fada
    uaim gan aon ní a rá. Níor thuig seisean nach grá éagmaiseach a
    bhí aige dom. Inné, ag am lóin, tharla an mhíorúilt. Scól mé mo
    lámh leis an tae agus phóg Mr. Bones é.’

    ‘Mr. Bones and I met together while I was working in the Mission for Sailors,’ she said to Father Dineen, We fell in love with each other instantly but, since we are both shy people, neither of us let anything on. I was very worried that Jonah would go on a long journey from me without saying anything. He didn’t realize that his love was not unrequited. Yesterday, at lunchtime, the miracle happened. I scalded my hand with the tea and Mr. Bones kissed it.

    cas ar meet with
    láithreach pressent, immediate
    cúthaileacht Shyness; diffidence f gs cúthaileachta
    araon both
    ceachtar Either, one or other of two
    ceo Fog; mist, haze; anything, nothing m
    éagmaiseach Absent; lonesome, longing
    míorúilt miracle f
    Scól scald
  • D’fhéach sí ina threo go geanúil. Thóg sé an lámh leonta ina
    chrág agus phóg go náireach arís í.

    ‘Má shuíonn sibh síos, bhur dtriúr, ag comhrá le chéile
    tamall, déanfaidh mise braon tae,’ ar sise go cneasta.

    Thóg an tAthair Pádraig an dá scadán as a phóca ach bhrúigh
    Abraham ar ais iad agus bhog sé an Duinníneach i dtreo an
    dorais.


    ‘Tá sé in am dár bpaidreacha, a Athair!’ ar seisean go
    cráifeach, ‘agus táimid araon ar céalacan.’

    She looked in his direction affectionately. He took the injured hand in his big hand and kissed her bashfully again.

    ‘If you sit down, the three of you, conversing together for a while, I’ll make a drop of tea,’ she said nicely.

    Father Pádraig took the two herrings from his pocket but Abraham pushed them back and moved Dineen towards the door.

    ‘It is time for our prayers, Father!’ he said piously, ‘and we both are on a morning fast.’

    geanúil Loving, affectionate
    leon sprain; injure, wound
    crág Large hand; claw, paw; handful m
    bhur your
    braon drop m
    cneasta Honest, sincere; Decent, seemly; Mild-mannered
    scadán herring m
    brúigh press; push, shove v
    cráifeach Religious; pious, devout
    araon both
    céalacan Morning fast
  • ‘Lá éigin eile!’ arsa Miss Sweetman go suairc. ‘Jonah, oscail
    tusa an doras tosaigh dóibh!’

    ‘Ceist amháin agam ar Mr. Bones, lena chead,’ arsa an mac
    léinn diagachta. ‘An mbíonn tú ag obair i ngairdín i rith na
    seachtaine?’

    ‘Captaen loinge é Jonah! Ni fhágann sé an long ach go
    hannamh. Ní bhíonn tú ag garraíodóireacht ar bord a thaisce?’
    Chraith Jonah a cheann.


    ‘Cén bhaint a bhí agat mar sin le Rhododendron sinogrande?’
    ‘Thug tú last plandaí isteach sa tír le deireanas, Jonah, nár
    thug?’

    ‘Some other day!’ said Miss Sweetman cheerfully. ‘Jonah, open the front door for them.’

    ‘I have one question for Mr. Bones, with permission,’ said the theology student. Do you work in a garden during week?’

    ‘Jonah is a ship captain! He rarely leaves the ship. You do not garden on board. ‘ Jonah shook his head.

    ‘What is your connection to Rhododendron sinogrande?’

    ‘You brought a cargo of plants into the country recently, Jonah, didn’t you?’ [End p 132]

    suairc Pleasant, agreeable; cheerful
    diagacht divinity; theology f gs diagachta
    annamh Rare, infrequent
    garraíodóireacht gardening f
    taisce dtore, treasure, hoard f
    crait = croit shake v
    lastas reight (load), cargo m
  • Sméid Jonah a cheann. ‘Bíonn Jonah ag allmhuiriú plandaí do Ghairdín na Lus,’ arsa
    Miss Sweetman go sásta.


    ‘Bhí na leideanna ar fad falsa,’ arsa Tomkins agus iad ag
    filleadh ar an stáisiún. ‘Bones bocht, eisean atá i mbaol. Is
    millteanach an rud é grá dea-mhná.’

    Jonah nodded his head.

    ‘Jonah imports plants for the Botanical Garden,’ said Miss Sweetman happily.

    ‘All of the clues were false,’ said Tomkins as they returned to the station. ‘Poor Bones, he’s the one in danger. The love of a good woman is a terrible thing.’

    Sméid Wink, nod, beckon; sign, signal (with movement of head)
    allmhairiú Importation
    lus Plant, herb m
    leid Hint, inkling; prompt; pointer, clue f pl leidanna
    falsa false
    eisean he, him [emphatic]
    baol danger m
    millteanach Terrible, horrible
  • ‘Áiméan!’ arsa an tAthair Pádraig. ‘Nior insíomar di faoin diamaint. An cóir dúinn filleadh ar
    ais?’

    D’fhéach siad siar ar an teach.


    ‘Amanarthar,’ arsa an Duinníneach.

    ‘Amen!’ said Father Patrick.

    ‘We didn’t tell her about the diamond. Should we return?’

    They looked back at the house’

    ‘The day after tomorrow,’ said Dineen.

    diamant diamond m gs npl diamaint
    amanarthar = amanathar The day after tomorrow

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.