Rang Gaeilge, 23ú lá Mí Feabhra 2022

Duinnín i Ráth Maonais (tuilleadh)

  • ‘Rachaidh mé féin anseo isteach, ‘arsa an Duinníneach nuair
    a shroicheadar an eaglais. ‘Ba mhaith liom cúpla focal a bheith
    agam le Tom Merrigan.’

    Tharla cruinniú coiste de chuid bhuanchoiste an aonaigh
    saothair ar siúl ar ardán an halla nuair a bhuail an Duinníneach
    isteach agus bhí an tAthair Merrigan ag déanamh eadrána idir
    seastán na gcístí agus lucht roth an áidh. Chuir sé na mná uaisle
    ar fad in aithne don Duinníneach, a gheall go dtiocfadh sé chun
    aonaigh agus go gceannódh sé stocaí bána cniotáilte uathu dá
    mbeidís ar fáil. D’éalaigh siad on gcruinniú ansin agus shiúil
    siad thart ar an halla, idir na stainníní, agus iad ag caint.

    ‘I’ll go in here myself,’ said Dineen when they reached the church.
    ‘I would like to have a few words with Tom Merrigan.’

    A meeting of the standing committee of the job fair was taking place on the hall stage
    when Dineen came in and Father Merrigan was mediating between the cake stand and
    the wheel of fortune. He introduced all the ladies to Dineen, who promised to come to the
    fair and buy white knitted socks from them if available. They then escaped from the meeting and walked around the hall, between the booths, talking.

    coiste jury, committee m
    buanchoiste Standing committee m
    ardán platform, stage, stand m
    eadráin Separation of combatants; intervention in dispute; mediation, conciliation f gs eadrána
    seastán stand m
    roth wheel n
    ádh luck m gs áidh
    lucht Content, charge; fill, capacity; cargo, load;
    Class, category, of) people
    m
    geall pledge, security m
    stainnín Stand, stall, booth m
  • ‘Bhí áthas orm a chlos gur dócha gur stróinséir a mharaigh
    Nellie Pinkerton,’ arsa Merrigan. ‘Nuair a chonaiceas Charlotte
    bhocht ar thaobh an bhóthair inné, an priocaire sin ina láimh
    aici, agus í ag rámhailligh faoi Nellie, chuaigh arraing trím
    chroí.’

    ‘I was glad to hear that Nellie Pinkerton was probably killed by a stranger,’
    said Merrigan’. ‘When I saw poor Charlotte on the side of the road yesterday,
    that poker in her hand, while she was raving about Nellie, a stabbing pain
    came through my heart.’

    rámhailleach Raving, delirious; rambling, fanciful
    arraing Stabbing pain, stitch in side f
    trím = trí mo
  • Chuir an Duinnníneach spéis ar leith sna cótaí a bheadh le
    díol ar sheastán na n-éadaí.

    ‘Cén t-eolas atá agat i dtaobh John Pinkerton?’ ar seisean.

    ‘Tá sé ina chúntóir anseo le trí bliana. Dea-thuairisc ó
    plaróiste i Learpholl mar a raibh sé roimhe sin. Tuarastal an-
    bheag aige. Síntúis ó lucht bainise agus tórraimh a chuireann im
    ar an arán dó. Mná an pharóiste an-mhór leis, Nellie a rug air
    agus rinne sí an-mhaith dó. Bíonn sé gléasta go galánta anois,
    luach pionta ina phóca aige agus leathchloch meáchana curtha
    suas aige.’

    Dineen was especially interested in the coats for sale on the clothes stand.
    ‘What do you know about John Pinkerton?’
    ‘He has been an assistant here for three years. Good reports from a parish in
    Liverpool where he was before then. He has a very small salary. Donations from
    wedding parties and funerals put butter on the bread for him. The women of the parish
    like him a lot, Nellie took him and did very well for him. He is now elegantly dressed, ‘
    he has the value of a pint in his pocket and put on half a stone [7 lbs] of weight.

    seastán stand m
    cúntóir Helper, assistant m
    tuairisc information, tidings f
    Tuarastal Hire; Salary, wages
    Síntúis Donation, subscription m
    tórramh wake, funeral m
    gléasta equipped, (well-)dressed
    galánta Gallant, fine; grand, beautiful
    meáchan weight m
    luach value m
  • ‘Nior fhág sé an áit seo ón uair ar tháinig sé isteach roimh a
    deich gur glaodh amach sibh?’

    ‘Bhí sé sa timpeall. Ní raibh mise ag faire air, ach go háirithe.
    Ach nach cuma san? Dá mba é a rinne an bheart, dhéanfadh sé é
    roimh theacht isteach, ag a deich, dó. Ach níorbh é a rinne an
    feall, a Phádraig. Fear buile éigin a bhris isteach sa teach. Gealt
    nár thuig an dochar a rinne sé.’

    Lig an Duinníneach osna.

    ‘Cé tá freagrach as an eaglais a oscailt ar maidin agus a
    dhúnadh istoíche?
    ‘John.’

    ‘Has he not left this place since the time he came in before ten
    that you were called out?’
    ‘He was around. I was not watching him, but certainly. But doen’t that
    matter? If he had done the deed, he would do it before coming in,
    at ten, for him. But he did not commit the treachery, Patrick.
    Some mad man broke into the house. A crazy person who did not
    understand the harm he did. ‘
    Dineen sighed.
    ‘Who is responsible for opening the church in the morning and
    closisng it at night?’
    ‘John.’

    m
    glaodh = glao call, shout
    beart bundle; cast, move (in game), shift, plan; Proceeding, action, transaction
    feall Deceit, treachery; let-down, failure m
    buile Madness, frenzy f
    gealt Crazy person, lunatic f
    dochar Harm; hurt, injury; loss, distress m
    freagrach Answerable, accountable
    istoíche by/at night
  • Cathain a dhún sé an eaglais aréir?”Fan go bhfeicfidh mé. Tugadh corp Mhichael Peter Ward
    isteach ag a sé. Bhí na gaolta thart go dtína seacht no mar sin.
    D’imíos féin chuig an teach chomh luath agus a d’imigh siad
    agus d’fhágas faoi John na soilse a mhúchadh agus na doirse a
    ghlasáil.’

    D’fhill an tAthair Merrigan ar an gcruinniú. Shiúil an
    Duinníneach chun na beairice. Bhí an Sáirsint Balfe ina oifig
    agus cuma sháraithe air.

    ‘When did he close the church last night? ‘
    ‘Wait I will see. Michael Peter Ward’s body was brought in at six.
    The relatives were around about seven or so. I myself left for the house
    as soon as they left. I left it for John to turn off the lights and lock the doors.’
    Father Merrigan returned to the meeting. Dineen walked to the barracks.
    Sergeant Balfe was in his office and looked overwhelmed.

    Cathain …? When …?
    gaol Relationship, kinship m pl gaolta
    go dtína = go dtí until
    beairic barracks f gs beairice
  • ‘Beidh sé níos deacra ná mar a shíleamar teacht ar aon eolas i
    dtaobh an leasdearthár seo. Shíleas go mbeadh tagairt éigin dó
    sa pháipéarachas in uimhir a 22, ach deir an fear atá ag plé leis
    nach bhfuil. Níl aon eolas ag Charlotte Lehane ina thaobh. Más
    mac neamhdhlisteanach le hathair an mhairbh é, is é is dóichí
    ná gur sloinne a mháthar atá air. . .’

    ‘Ní dóigh liom gur ann dó,’ arsa an tAthair Pádraig go brónach. ‘Ní
    ólfadh Nellie seiris le gadaí,’ a d’fhreagair Balfe.


    ‘It will be harder than we thought to find any information about this
    stepbrother. I thought there would be some reference to it in the paperwork at
    number 22, but the man dealing with it says no. Charlotte Lehane has no
    knowledge about it. If he is the illegitimate son of the father of the deceased,
    it is most likely he has his mother’s surname. . . ‘
    ‘I don’t think he was there/exists,’ said Father Patrick sadly. ‘Nellie would not drink
    sherry with a thief,’ answered Balfe.

    tagairt Reference, allusion f
    pháipéarachas pháipéarachas, paperwork m
    plé Discussion, disputation; Dealings m
    neamhdhlisteanach Unlawful, illegitimate; Disloyal, unfaithful
    is é is dóichí it is most likely that
    sloinne Family name, surname m
  • ‘Níor ól Nellie seiris le duine ar bith, a Sheosaimh. Mharaigh
    a céile, John Pinkerton í. Bhí teach agus airgead agus saoirse le
    baint amach aige. Mharaigh sé ar maidin leis an bpriocaire Í
    sular imigh sé chun an clog a bhualadh d’Aifreann a deich.’

    ‘Ach tháinig X ina dhiaidh sin. Chonaic tú féin é. D’fhág sé
    lorg ar an bpriocaire agus ar ghloine.’

    ‘Michael Peter Ward a rinne san.’

    ‘ ‘Bhfuil seoladh agat dó?’

    ‘Nellie did not drink sherry with anyone, Joseph. Her husband,
    John Pinkerton, killed her. He had a house and money and
    freedom to get out of it. He killed her in the morning with the
    poker before leaving to ring the bell for Mass at ten ‘
    ‘But X came later. You saw it for yourself. He left a print on
    the poker and a glass.’
    ‘Michael Peter Ward did that.’
    ‘Do you have an address for him?’

  • ‘B’as Meal Charlemont dó ach bhog sé go Cnoc Iaróm. Mar
    seo a tharla, a Sheosaimh, agus beidh ort féin an cruthúnas a
    lorg. Thóg John Pinkerton priocaire agus gloine leis chun na
    heaglaise aréir. Nuair a bhí gach éinne imithe, bhain sé an
    cláirín den chónra agus d’fhill sé méara an mharbháin thart ar
    an bpriocaire agus thart ar an ngloine. Cheangail sé an cónra
    arís agus ghlasáil sé an eaglais don oíche. Thug sé an ghloine
    agus an priocaire abhaile leis. Ar maidin, mharaigh sé a bhean
    sa chistin leis an bpriocaire – lámhainní air, ar ndóigh.íD’fhág sé
    ann i. Amach leis. Ghlaoigh Charlotte air. Nior thug sise faoi
    ndeara go raibh aon stró ar leith air, mar nach raibh. Fear
    fuaraigeanta é. Bhuail sé clog an Aifrinn. Bheannaigh sé don
    Athair Merrigan. Chuir sé fáilte roimh ghaolta an mhairbh.
    Ansin agus an tAifreann a léamh ag Merrigan, chuir sé an cóta
    lachtna agus an hata air, mar a dhein sé go minic le tamall
    anuas, scairf thart ar a smig agus bhrostaigh sé abhaile.

    ‘He was from Charlemont Mall but moved to Jerome Hill. This is how it
    happened, Joseph, and you will have to seek the proof yourself. John
    Pinkerton took a poker and a glass with him to church last night.
    When everyone was gone, he removed a piece of the lid from the coffin and wrapped
    the deceased’s fingers around the poker and around the glass. He secured
    the coffin again and locked the church for the night. He took the glass
    and the poker home with him. In the morning, he killed his wife in the
    kitchen with the poker – wearing gloves, of course. He left her there.
    Out with him. Charlotte called him. She did not notice that he had any
    particular stress, as there wasn’t. He is a cool headed man. He rang the Mass bell. He blessed Father Merrigan. He welcomed the relatives of the deceased. Then when the
    mass was being read by Merrigan, he put on the dun coat and the hat, as he has
    often done in recent times, a scarf around his chin and hurried home.

    cruthúnas Proof, evidence m
    cláirín Little board; short stave; Flat part; palm (of hand) m
    cónra coffin f
    fill end, turn back; fold
    Ceangail tie, bind, secure
    ar leith particular, specific
    fuaraigeanta Cool-headed, imperturbable
    lachtna Dull gray; dun, drab
    scairf = scaif scarf
    smig chin
    brostaigh hasten, urge; hurry
  • Níl a
    fhios agam an ansin a chuir sé gloine agus seiris ar an mbord nó
    an raibh sé déanta cheana aige. Tá an turas seo sa chóta lachtna
    déanta minic go leor aige chun go mbeadh Charlotte deimhin
    de go raibh stróinséir éigin ag teacht ar cuairt ag Nellie. Thuig
    sé go raibh gráin agus grá ag Charlotte dó. Bhí sé deimhin de go
    mbeadh sí ag faire ar 22. Bhéarfadh sí fianaise gur imigh X
    isteach sa teach an mhaidin sin i ndiaidh dó féin é a fhágail.
    Thit sé i bhfanntais nuair a chonaic sé an priocaire á iompar ag
    Charlotte. Eagla air gur scrios sí méarlorg Mhichael Peter Ward
    de, is dócha.’

    I do not know whether he then put glass and sherry on the table
    or whether he had already done so. He had made this trip in the dun coat
    often enough for Charlotte to be convinced that some stranger was visiting
    Nellie. He understood that Charlotte hated and loved him. He was certain she
    would be watching 22. She would give evidence that X went into the house that
    morning after he himself had left it. He fainted when he saw Charlotte carrying the
    poker. He was afraid she had rubbed off Michael Peter Ward’s fingerprint, probably.

    gráin Hatred, abhorrence; Ugliness, disfigurement;
    Hatefulness, loathsomeness; Fearfulness, terror
    f
    fanntais Faint, swoon; fainting-fit f
    scrios Scrape, tear, off
    scrios Destruction, ruin m
    cruthú creation; proof; testimony
  • Nior labhair an Sáirsint go ceann tamaill.’Beidh sé éasca go leor a chruthú go bhfuil an ceart agam,’ arsa an Duinníneach.’Corp Mhichael Ward a thabhairt aníos as cré na cille . . .’
    ‘D’fhéadfa méarlorg Ward a fháil ina theach féin i dtosach.
    Níl bean ann a bheadh ag glanadh agus ag snasadh roimpi’

    ‘Cá bhfuair Pinkerton an cóta agus an hata? Cár choinnigh sé
    iad? ‘

    The Sergeant did not speak for some time.
    ‘It will be easy enough to prove that I am right,’ said Dineen.
    ‘Bring Michael Ward’s body up from the grave. . .’
    ‘Ward’s fingerprint could be found in his own home first.
    There is no woman who would clean and polish before it.’
    ‘Where did Pinkerton get the coat and hat? Where did he keep
    them? ‘

    éasca Swift, nimble; free, fluent, easy; ready, prompt
    cruthú creation; proof; testimony
  • ‘Tá stuif a bhailiú dun aonach saothair le fada. Thugas faoi
    ndeara agus mé ag siúl thart, tamall o shin, go bhfuil cóta den
    dath ceart ar sheastán na n-éadaí. B’fhiú féachaint orthu, an
    snáithe a chur i gcomparáid leis na ribí atá ar an gcathaoir in
    uimhir a 22.’

    ‘Cad a chuir an nóisean id cheann a chéaduair?’ a d’fhiafraigh
    an Sáirsint den Duinníneach ar ball nuair a bhí an
    fhianaise bailithe agus John Pinkerton gafa aige.

    ‘Bhí Nellie saoistiúil, éilitheach. Pinkerton an té a
    bhainfeadh leas as an marú. Bhí seastán cótaí sa halla i 22, ach
    bhí ribí den chineal a thiocfadh de chóta lachtna ar chathaoir sa
    seomra suí. Ní théann éinne isteach sa seomra suí i dteach mar
    sin. Cén fáth go bhfágfadh X a chóta ansin?

    ‘There has been stuff being collected for a job fair for a long time.
    I noticed while walking around, some time ago, that there is a coat
    of the right color on the clothes stand. Worth looking at them{?],
    compare the thread with the hairs on the chair at number 22.’

    ‘What put this notion in your head for the first time?’ the
    Sergeant later asked Dineen when he had gathered the evidence
    and arrested John Pinkerton.
    ‘Nellie was bossy, demanding. Pinkerton was the one who would
    get benefit from the killing. There was a coat stand in the
    hall of 22, but there were hairs of the kind that would come from
    a dun coat on a chair in the living room. Why would X leave his
    coat there? ‘

    ribe (Single) hair m pl ribí
    nóisean notion m
    ar ball a while ago; after a while
    gafa Taken, caught, held
    saoistíocht bossing, overseeing
    éilitheach Demanding, importunate; Inquiring, solicitous; friendly
    leas Good, well-being, benefit, interest m
    marú Killing, slaying; slaughter
  • Tháinig sé chugam agus mé leath im chodladh ar an traein
    abhaile go Port Mearnóg … Mar nárbh fhéidir ligint[?] do Nellie
    é a fheiscint? Cén fáth nárbh fhéidir? Mar nárbh fhéidir le John
    Pinkerton teacht abhaile ón eaglais, cúpla uair sa tseachtain, i
    ndiaidh dó an clog a bhualadh d’Aifreann a deich, agus cóta, nár
    leis, a chrochadh sa halla.

    It came to me while I was half asleep on the train home to
    Portmarnock … How/Because Nellie could not be allowed to see it?
    Why not be allowed? How/Because John Pinkerton could not come home
    from church, a few times a week, after ringing the bell for
    Mass at ten, and have a coat, which did not belong to him, hanging
    in the hall.

    ligint ← lig let, allow, permit Munster vn
  • Fear leathan a bhí in X. Chonaiceas, im shamhlaíocht, cóta,
    hata agus scairf á mbaint aige agus e á gcaitheamh isteach sa
    seomra suí. Chonaiceas X ag brostú isteach sa chistin ansin. Ach
    aghaidh John Pinkerton a bhí air, a chóta dubh air. é ag fógairt
    ar Nellie go raibh sé fillte do chupán tae . . . nó a leithéid.’

    X was a broad man. I saw, in my imagination, removing a coat, hat
    and scarf and throwing it into the living room. I saw X hurrying
    into the kitchen then. But it was the face of John Pinkerton,
    his black coat on him, calling to Nellie that he had returned for a
    cup of tea. . . or the like.’

    brostaigh hasten, urge; hurry
  • ‘Is maith liom gur leor a mbeidh d’fhianaise againn chun cás
    a dhéanamh ina choinne,’ arsa an Sáirsint. ‘Nior mhaith liom an
    scéal sin a insint don bhreitheamh.’

    Tamall ina dhaidh sin bhuail an Duinníneach isteach chuig
    Charlotte Lehane agus shuigh sé ina parlús arís léi. Bhí cuirtíní
    nua ar an bhfuinneog agus bhí an scáthán bainte den bhfalla.
    Bhí Charlotte ábhairín maolchluasach.

    ‘I like it that we have your evidence to make a case
    against him,’ said the Sergeant. ‘I would like/did not want to tell that
    story to the judge.’
    Came a time later Dineen came Charlotte Lehane and sat in her
    parlor again with her. There were new curtains on the window and
    the mirror was removed from the wall. Charlotte was somewhat
    subdued.

    coinne Tryst, appointment; expectation (of meeting) f
    ábhairín somewhat
    maolchluasach droop-eared; crestfallen, subdued, sheepish
  • ‘A Charlotte, a chuid,’ arsa an tAthair Pádraig, ‘táim san
    fhaopach . . . Is cuimhin leat gur luaigh mé colceathair liom,
    Seán Mac Gearailt, togha fir. Ciarraíoch ar ndóigh, a mbeidh
    bheith istigh uaidh don All-Ireland. Le neart féile, dúirt in go
    ndéanfá cúram de. Bhuel, an gcreidfeá gur scríobh sé chugam á
    ra liom go dtiocfaidh sé go Baile Átha Cliath do Sheó an
    Earraigh .. . Cad é in ainm Chroim, a dhéanfaidh mé leis?’

    ‘Charlotte, ???,’ said Father Patrick, ‘Do you remember that I
    mentioned a cousin, Seán Mac Gearailt, excellent man. Native
    of Kerry, of course, who will be in for the All-Ireland term.
    With the strength of the festival[???], you said that you would
    take care of it. Well, would you believe that he wrote to me
    saying to me that he will be coming to Dublin for the Spring
    Show. What in the name of Crom, will I do with him? ‘

    san fhaopach in an awkward predicament, in dire straits, in a fix.
    luaigh mention
    togha Pick, choice
    Ciarraíoch Native of Kerry
    neart Strength; force, power
    seó Show, spectacle; fun, sport
  • ‘Bhuel, a Athair,’ arsa Charlotte, go mórchúiseach ‘sa
    ghnáthshlí, ní chuimhneoinn[cond] ar sheomra a ligean na lóistín a
    sholáthar. D’fhear, ach go háirithe! . . . Ach, sa chás áirithe seo,
    ós rud é gur gaol leatsa atá i gceist, agus go mbeifeá i sáinn mura
    dtiocfainn i gcabhair ort, déanfaidh me eisceacht ón riail.’

    Ligh an cat dubh a bheola.

    ‘Well, Father,’ said Charlotte pompously, ‘in the usual way,
    I would not think of letting a room to provide accommodation.
    For a man, especially! . . . But, in this particular case,
    since it is about a relative of yours, and you would be in a
    fix if I would not come to your aid, I will make an exception
    to the rule.’
    The black cat licked its lips

    mórchúiseach Self-important, proud, pompous
    soláthair Gather, procure; provide, supply vn soláthar
    sáinn Corner, nook, recess; Trap, fix, predicament f
    eisceacht exception f
    beola lips
    ligh lick

  • Meascán Mearaí 14 – Cur in Ord

    Original My version Answer

    1. Deir RTÉ gur thug leagan amach nua na craoibhe peile deis dóibh tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí. Beidh an tseirbhís ar fáil do na cluichí leathcheannais agus ceannais uilig sa dá chraobh.
    2. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do 13 cluiche i gcraobhacha peile agus iomána na hÉireann i mbliana, trí chluiche sa bhreis ar sholáthar na bliana seo caite.
    3. Beidh an rogha ar fáil Dé Sathairn don chluiche ceathrú ceannais iomána idir contae an Chláir agus Loch Garman agus don chluiche peile idir Áth Cliath agus Dún na nGall.
    4. Beidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil do na ceithre chluiche a chraolfar ar RTÉ an deireadh seachtaine seo.
    5. Tá an tseirbhís Ghaeilge le fáil ar chóras Virgin den chéad uair i mbliana chomh maith.
    6. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil don dá chluiche ar an Domhnach chomh maith, an cluiche ceathrú ceannais iomána eile, idir Cill Chainnigh agus Luimneach, agus an cluiche mór peile idir Ciarraí agus Gaillimh.

    1. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do 13 cluiche i gcraobhacha peile agus iomána na hÉireann i mbliana, trí chluiche sa bhreis ar sholáthar na bliana seo caite.
    2. Beidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil do na ceithre chluiche a chraolfar ar RTÉ an deireadh seachtaine seo.
    3. Beidh an rogha ar fáil Dé Sathairn don chluiche ceathrú ceannais iomána idir contae an Chláir agus Loch Garman agus don chluiche peile idir Áth Cliath agus Dún na nGall.
    4. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil don dá chluiche ar an Domhnach chomh maith, an cluiche ceathrú ceannais iomána eile, idir Cill Chainnigh agus Luimneach, agus an cluiche mór peile idir Ciarraí agus Gaillimh.
    5. Deir RTÉ gur thug leagan amach nua na craoibhe peile deis dóibh tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí. Beidh an tseirbhís ar fáil do na cluichí leathcheannais agus ceannais uilig sa dá chraobh.
    6. Tá an tseirbhís Ghaeilge le fáil ar chóras Virgin den chéad uair i mbliana chomh maith.

    1. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil do 13 cluiche i gcraobhacha peile agus iomána na hÉireann i mbliana, trí chluiche sa bhreis ar sholáthar na bliana seo caite.
    2. Tá an tseirbhís Ghaeilge le fáil ar chóras Virgin den chéad uair i mbliana chomh maith.
    3. Deir RTÉ gur thug leagan amach nua na craoibhe peile deis dóibh tráchtaireacht Ghaeilge a chur ar fáil do níos mó cluichí. Beidh an tseirbhís ar fáil do na cluichí leathcheannais agus ceannais uilig sa dá chraobh.
    4. Beidh rogha na tráchtaireachta Gaeilge ar fáil do na cheithre chluiche a chraolfar ar RTÉ an deireadh seachtaine seo.
    5. Beidh an rogha ar fáil Dé Sathairn don chluiche ceathrú ceannais iomána idir contae an Chláir agus Loch Garman agus don chluiche peile idir Áth Cliath agus Dún na nGall.
    6. Beidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil don dá chluiche ar an Domhnach chomh maith, an cluiche ceathrú ceannais iomána eile, idir Cill Chainnigh agus Luimneach, agus an cluiche mór peile idir Ciarraí agus Gaillimh.


    An Siopa Gaeilge

    Donegal leabhar book pl leabharthaí
    C.O. leabhar book pl leabhair

    The Donegal pronunciation of leabhar sounds like the singular of the plural we heard in the video.


    An Bhliain Acadúil Seo


    Notaí Faoi Scéal

    Thiomáin muid go Chicago arís níos luaithe an mhí seo
    Coinbhinsiún ficsean eolaíochta eile a bhí ann
    Bhí an coinbhinsiún i lár Chicago, ag óstán in aice leis an abhainn.
    Bhí beirt dár gcairde i seomra agus radharc acu ar an taobh thiar
    Nuair a d’fhéach siad amach an fhuinneog, chonaic siad Trump Tower túr.
    Ní raibh siad chomh sásta leis an tuairim agus a bhí muid.
    Tráthnóna Dé hAoine shiúil mé ó dheas trasna na habhann agus timpeall na bhfoirgneamh
    oifige ina raibh mé ag obair blianta fada ó shin.
    D’ól mé pionta beorach ag an Berghoff, sean bhialann agus beár breá i Chicago
    Mar is gnáth, chonaiceamar go leor seanchairde ag am gcoinbinsiún
    Bhí go leor plé maith
    D’fhoghlaim mé go leor.
    Duine amháin ar labhair mé leis ná an Deartháir Guy Consolmagno,
    Íosánach atá ina stiúrthóir ar Réadlann na Vatacáine
    Tá aithne aige ar an bPápa Proinsias.
    Bhí aithne aige freisin ar an dá Pápa roimhe sin
    Is fear iontach é Deartháir Guy, eolaí maith agus cainteoir maith

    Leave a Reply

    Please log in using one of these methods to post your comment:

    WordPress.com Logo

    You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

    Facebook photo

    You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

    Connecting to %s

    This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.