Duinnín agus na Bollain (tuilleadh)
- D’imigh an Duinníneach leis go Buailín Siar. D’fháiltigh a
chairde roimhe. D’éirigh leis bainis Bhridín a chur as a cheann
agus codladh maith mór a dhéanamh. Ar maidin, i ndiaidh
bricfeasta, thug sé bóthar Thrá Lí air féin. Thug sé cuairt ar Ard
Fhearta, ón uair go raibh sé ag dul thairis, agus shroich sé baile
Thrá Lí anonn go maith sa lá. Dhírigh sé láithreach ar
phroinnteach Sally Murphy, gar don stáisiún traenach.Dineen left for Bouleenshere. His friends welcomed him. He succeeded in getting Bridín’s wedding out of his head and got a good big sleep. In the morning, after breakfast, he took to the Tralee road himself. He visited Ardfert, since he was passing by, and reached the town of Tralee well into the day. He presently aimed for Sally Murphy’s cafeteria, near the train station.
anonn Over, to the other side. dírigh straighten; direct, aim láithreach Present, immediate proinnteach Dining-hall, refectory - Bhí seanaithne ag Sally air. Ghearr sí poll go healaíonta i
gcrústa uachtair phióg feola agus dhoirt sí anlann isteach ann.
Charn si prátai agus cairéidí agus cabáiste ar an bpláta agus
bhuail sí muigín bláthaí chuige.
‘Bain sú as sin, a Athair,’ ar sise, ‘agus éist leis seo. Tá bean
bhocht, ó Cheann Chiarrai, Peggy Shea, a bhfuil gaol sínte agam
léi ar thaobh na máthar, le tabhairt isteach anseo, go Trá Lí,
tráthnóna, faoi ghabháil, ar an ábhar gur mharaigh sí an fear a
bhí lena hiníon a phósadh inniu.’He knew Sally well. She artistically cut a hole in the top crust of a meat pie and she poured sauce into it. She piled potatoes and carrots and cabbage on the plate and she gave him a mug of buttermilk.
‘Take juice from that, Father,’ she said, ‘and listen to this. A poor woman, from Kerry Head, Peggy Shea, with whom I have an distant relationship to on the mother’s side, to be brought here, to Tralee, [this] evening, under arrest, on the grounds that she killed the man who was to marry his daughter today.’
gearr cut v poll hole ealaíonta Artistic, skilful; graceful, elegant crústa crust m uachtar top m doirt pour anlann tasty food; sauce m bláthach buttermilk f gs bláthaí sú juice m gaol/i> Relationship, kinship m sínte stretched tabhair isteach Take, bring, in; introduce; import. gabháil catch, seizure, capture f ábhar matter, material m - Niorbh aon anlann dá bhéile an t-eolas sin, ach ni dhéanfadh
staonadh aon mhaith do mhuintir Uí Shé. Luigh sé isteach ar an
bpióg agus d’iarr sé ar Sally suí síos taobh leis agus an scéal a
insint dó.That knowledge was no complement to the meal, but restraint would not do any good to the O’Shea family. He fell in on the pie and asked Sally to sit down next to him and tell him the story.
anlann Kitchen; tasty food (e.g. butter, meat, fish)
taken with bread or potatoes; Condiment, sauce; Corresponding measure, complementdá to/for/on whom/which; however ←do/de+a staonadh Abstention; Cessation, stop; Restraint, check m - ‘Seáinin Sheáin, ó Dhrom Asail, a bhí le pósadh. Nuair a
chuaigh a chairde chuig a theach ar maidin chun é a chomóradh
chun an tseipeil bhí dheirfiúr Annie agus é féin feistíthe faoi
choinne na hócáide agus iad faoi réir. Shíl a chairde i dtosach go
raibh Seáinín ólta ach mhóidigh a dheirfiúr nár ól sé ach tae ón
oiche roimhe sin agus nach caochta a bhí sé, ar dhul a luí dhó,
ach súgach ar éigean. Amach leo ar an mbóthar … Tá’s agat, a
Athair, go mbíonn na leaids ag saighdeadh faoina chéile ar
ócáidí mar seo agus go n-éirionn an comhrá ábhairín graosta ar
uairibh ar mhaithe leis an nglas-stócach bocht atá le pósadh a
mhisniú. Bhuel, d’fhág Seáinín Sheáin an chuid eile acu balbh
leis an rois chainte a tháinig uaidh: tarbh tána é, cad é nach
ndéanfadh sé lena bhrídeog, go gcuirfeadh sé ceathrar inti d’aon
rúid … a leithéid sin. Pé scéal é, chuaigh sé amú ina chuid
scaothaireachta tar éis tamaill. Ansin theip na cosa air agus thit
sé ina phleist i lár an bhóthair agus bhi sé chomh marbh le hart
nuair a thug siad an dochtúir chuige.’‘Johnny John, from Drum Asail was to be married. When his friends went to his house in the morning to process with him to the chapel, his sister Annie and he himself were dressed for the occasion and were ready. His friends at first thought Johnny was drunk, but his sister swore that he had only drunk tea from the night before and he was not blind drunk on lying down [in bed], but barely tipsy. Out with them on the road … You know, Father, that the lads incite each
other on occasions like this and that the conversation sometimes gets a little lewd for the sake of encouraging the poor green lad to be married. Well, Johnny John left the rest of them dumb from the volley of speech that came from him: He was the leader of the herd, what he would not do with his bride, that he would put four in her in one sprint … the like of that. Whatever the story, he went astray in his boasting after a while. Then the legs failed him and he fell in a flop in the middle of the road and he was stone dead when they brought a doctor to him.’comóradh Gathering, assembly; celebration m feistíthe arranged, adjusted va of feistigh coinne Tryst, appointment; expectation (of meeting) f faoi choinne suited/appointed/set aside for ócáide occasion f faoi réir free, available; ready móidigh vow caochta blind drunk súgach súgach ar éigean hardly, barely saighdeadh incitement, provoking m comhrá chat ábhairín somewhat; little matter graosta Lewd, obscene, filthy ar uairibh at times, occasionally stócach Young (unmarried) man; full-grown youth m misniú Encouragemen m ar mhaithe le for the sake of balbh dumb, mute rois volley f brídeog = brídeach bride rúid Spurt, sprint, short run f Pé whatever amú Wasted, in vain scaothaireacht Extravagant talk, bombast f teip fail pleist flop f art stone m - ‘Aháá!’ arsa an tAthair Pádraig, ‘gach seans nach raibh ann, a
Shail[??], ach gur bhuail taom é.’‘D’admhaigh Peggy Shea gur mharaigh sí é.’
‘Níor mharaigh, ná baol air. Chuir sí guí i gcoinne na bainise
agus i gcoinne Sheáinín agus fuair sí freagra ar a paidreacha.
Chuala mé féin í i mbun eascainí. Ní haon choir de réir an dli é
a bheith ag eascainí. Shíl na póilíni go raibh sí ag admháil gur
bhain si leas as an modh díreach, ní foláir. Scaoilfidh siad amach
ar ball í. Nil siad dúr amach is amach. Beidh sé soiléir ón scrúdú
iarbháis gur tháinig taom air.
‘Aha!’ said Father Patrick. ‘No chance a big strong person [like him] was struck by a seizure.’
‘Peggy Shea admitted she killed him.
‘She did not kill [him], no danger of that. She prayed against the wedding and against Johnny and she got an answer to her prayers. I heard her engaged in cursing. Cursing is not a crime by law. The police must think she got her
result by the direct method. They will release her soon. They are not outright stupid. It will be clear from the post-mortem that he had a seizure. ‘sail Sallow, willow(-tree); beam, heavy stick;
Big strong person; dirt, dross, impurityf taom Fit, paroxysm m admháil Acknowledgement, admission f guí prayer f eascainigh curse, swear vn eascainí i mbun attending to, engaged in coir Crime, offence; fault. transgression f leas Good, well-being, benefit, interest m ní foláir it is necessary Scaoil Loose(n), release, discharge dúr hard; Dense, stupid; blunt, insensitive soiléir Clear, distinct; plain, obvious iarbháis iarbháis - Chuir Sally toirtín úll roimhe, uachtar agus muigín tae.
Rinne sé éacht leis an toirtín úll ach, ag pointe amháin, chuaigh
clóbh as idir na fiacla air agus b’éigean dó é a thochailt amach
agus rith sé leis gur mó rud, nach bhfuil gá leis, a chuireann
mna i gcíste. Chuaigh sé go stáisiún na bpóilíní féachaint an
bhféadfadh sé caint Pheggy Shea a thabhairt chun cruinnis do
na póilíní. Cé nach raihh aithne aige ar éinne a bhi lonnaithe sa
stáisiún, bhí a cháil mar lorgaire roimhe agus beannaiodh dó go
faichilleach.Sally set an apple tart, cream, and a mug of tea before him. He made a conquest of the apple tart, at one point, a clove was caught between his teeth and he had to dig it out and he continued with that much more, women put too many things in a cake. He went to the police station to see if he could clarify Peggy Shea’s statement to the police. Although he did not know anyone based at the station, his reputation as a detective had preceded him and he was blessed cautiously.
toirtín scone, cake m éacht Killing, slaying; slaughter; Feat, exploit; achievement m pointe point, dot m clóbh clove m b’éigean dó it was necessary tochailt Digging, excavation; uprooting f cruinneas exactness, accuracy; accumulation, collection;
clearness, coherencem gs cruinnis lonnaigh stop, stay lorgaire Tracker, pursuer; detective; seeker, searcher; Follower, adherent. m faichilleach Careful, cautious cáil Reputation f - ‘Ar ndóigh, tá’s againn gur tú a réitigh Cás an Scadáin
Chaoich don dream i mBaile Atha Cliath,’ arsa an Sáirsint, ‘ach
is cás de chineál eile ar fad atá againn anseo. D’admhaigh an
bhean bhocht gur mharaigh si é.’
‘Bean bhocht scrupallach phiseogach í a chuir mallacht le
Seáinín agus tá sí á ciontú féin, dá bharr, as taom croí a tháinig
air.’‘Of course, we know you solved the Case of the Blind Herring for the people of Dublin,’ said the Sergeant, ‘but what we have here is another sort of case entirely. The poor woman admitted that she had killed him.’
‘She is a poor, scrupulous, superstitious woman who cursed Johnny and she is convicting herself, therefore, from a heart attack that came upon him.’
Scadán herring m caoch blind dream Body of people; group, tribe, set; some m scrupallach Scrupulous piseogach Superstitious. ciontú ciontú m taom Fit, paroxysm m - ‘Ní haon mhallacht a thug a bhás siúd,’ arsa an Sáirsint, go
grod,’ach oiread nimhe is a léireodh eilifint. Tá an doctúir ag
iarraidh a dheanamh amach, go fóill, céard é go díreach a
tugadh dó. Is cinnte go raibh cosa púca agus sián sléibhe ann.’Ba léir dó iontas a bheith ar an Duinníneach agus lean sé air
agus iarracht de chaithréim ina ghlór.‘No curse brought on his death,’ said the sergeant abruptly, ‘but an amount of poison that would subdue an elephant. The doctor is still trying to figure it out what exactly was given to him. There were certainly pooka feet and a fairy mound.’
It was obvious to him that Dineen was surprised and he continued with a note of triumph is his voice.
grod Short, sudden; prompt, abrupt nimh poison fnimhe léirigh Make clear, explain, illustrate; Beat, beat down, subdue sián Fairy mound m caithréim triumph f iarracht Attempt, effort; Amount done at one attempt;
quantity, portion; turn, timef cosa púca agus sián sléibhe pooka feet and a fairy mound mushrooms, possibly poisonous[?] - ‘Chaith Seáinín Sheáin béile tigh Shé aréir agus d’ól sé pórtar
ann. Ní raibh aige ó shin ach braon tae ar maidin, más fíor dá
dheirfiúr, agus ní call di siúd aon bhréag a insint. Bhí sí ag súil
go mór lena saoirse. Chuardaíomar teach Sheáinín pé scéal é. Ní
bhfuaireamar tada.’
‘Chuardaigh sibh teach Shé freisin?’‘Johnny John ate at O’Shea’s last night and he drank porter there. Since then he had only had a drop of tea in the morning, if his sister is correct, and there is no need for her to tell a lie.
She was looking forward to her freedom. We searched Johnny’s house anyway. We found nothing.’‘Did you also search the O’Shea house?’
call Call, need m siúd that, yon cuardaigh Pé whatever - ‘Chuardaigh.’ ‘Ar aimsigh sibh nimh?’‘Níor aimsigh – ach ní haon iontas san. Tá poill mhóna an
bhaile i ngiorracht fiche slat den teach.’
‘Cé bhfaighidh talamh Sheáinín?’‘Searched’
‘Did you find poison?’
‘Did not find – but that is no surprise. The peat bogs of the town are within twenty yards of the house.’
‘Who will get Johnny’s land?’
aimsigh aim; find, locate poll hole m gs npl móin turf, peat f gs móna giorracht shortness, brevity f - ‘Tá tú ag cuimhneamh gur mharaigh an deirfiúr é ar mhaithe
le maoin? Ní hí a gheobhaidh é, agus a fhios san aici. Rachaidh
sé chuig Timín, deartháir Sheáinín, atá i Meiriceá: gach aon ní
do Timín. Tá an deirfiúr níos boichte inniu ná mar a bhí sí inné
agus spré geallta di’Ní ligfeadh sé don Athair Pádraig labhairt leis an bpríosúnach go fóill.
‘Fill orainn an tráth seo amárach,’ ar seisean. ‘Tá sí fós á
ceistiú againn.’‘Are you thinking that the sister killed him for property? She will not get it, and she knows it. It will go to Timmy, Johnny’s brother, who is in America: Everything for Timmy. The sister is poorer today than she was yesterday; she had a dowry promised to her.’
He would not allow Father Patrick to speak to the prisoner yet.
‘Return to us this time tomorrow,’ he said. ‘We are still questioning her. ‘
maoin gift, benefit; property, wealth f Ar mhaithe le for the good of, for the sake of spré Cattle; property, wealth f geallta pledged, promised tráth Hour; time, occasion; day, period m - Thug sé cead dó áfach corp an mhairbh a iniúchadh. Lean an
Duinníneach é chun na marbhlainne agus d’fhéach sé ar
aghaidh Sheáinín agus é ag iarraidh aithne a chur air, ach bhí an
duine éalaithe ón gcré. Ní raibh le léamh ar an aghaidh ach
gurbh fhear mór é le ceannaithe láidre, go raibh sé tuairim is
caoga bliain d’aois, neart gruaige aige, í dorcha. Bhí rian a choda
air agus meangadh na síoraíochta ar a bhéal. Chuir an
Duinníneach paidir leis.However, he allowed him to examine the body of the deceased. Dineen followed him to the morgue and he looked at Johnny’s face trying to get to know him, but the man had escaped from the earth. All that could be read on his face was that he was a big man with strong features, that he was about fifty years old, he had plenty of hair, which was dark. He had a mark of his livelyhood on him [he was well fed] and a smile for eternity on his mouth. Dineen said a prayer for him.
iniúchadh scrutiny marbhlann morgue f éalaithe escaped cré Clay; earth, dust f neart Strength; force, power; plenty rian Course, path; Mark, trace, track; Power of movement, vigor m cuid Part; share, portion f gs coda meangadh smile síoraíocht eternity f - An té a bheadh ag faire ar an Duinníneach ar ball beag,
shílfeadh sé go raibh rince á chleachtadh aige. Bhi sé faoi a
bheith ar an traein dheireanach go Baile Átha Cliath an lá sin.
Thógadh sé cúpla céim i dtreo an stáisiúin. Ansin, chuimhniodh
sé ar an mbean bhocht a chas na clocha i gCill Mhic an Deá
agus d’fhilleadh sé i dtreo chrosaire Bhaile Uí Thaidhg agus an
bóthar a thabharfadh go Drom Asail é.
Drom Asail a bhuaigh. Chuirfeadh sé sreangscéala abhaile á
rá gur imigh an traein gan é.Whoever would be watching Dineen after a little while, he would think he was practising a dance. He intended to be on the last train to Dublin that day. He took a few steps towards the station. Then, he remembered the poor woman who turned the stones in Kilmacea and he returned towards Ballyheige crossroads and the road that would take him to Drom Asail.
Drom Asail won. He would send a telegram home saying the train left without him.
faire watching cleachtadh Habit, wont; practice m crosaire Crossing, cross-road(s) m buaigh win, gain v sreangscéal telegram - Cé go raibh corp Sheáinín fós faoi choimeád, bhí an tórramh
ar siúl, daoine as gach aird ag triall ar an teach. Chuaigh an
Duinníneach ann freisin. Ní raibh rian an tsaibhris ar an áit
amuigh agus do b’fhada ó scuabadh an clós. Dhein sé comhbhrón
le Annie, deirfiúr an mhairbh. Bhí si gléasta go deas sna
héadaí a fuair sí – ni foláir – faoi choinne na bainise. Ba
dheacair bean sheolta na mbó a aithint uirthi.Although Johnny’s body was still in custody, the funeral was taking place, people from all directions travelling to the house. Dineen also went there. There was no trace of wealth on the outside and it was a long time since the yard had been swept. He offered his condolences to Annie, the deceased’s sister. She was nicely dressed in the clothes she gotten – necessarily – for the occasion of the wedding. It was difficult to recognize her as the cattle-driving woman.
choimeád Observance; Guard, protection; custody tórramh wake; funeral aird direction f rian Course, path; Mark, trace, track; Power of movement, vigor m triall Journey, expedition m saibhreas Riches, wealth m gs saibhris scuabadh sweeping m comhbhrón Condolence, sympathy m gléasta dressed Ní foláir It is necessary coinne Tryst, appointment; expectation (of meeting) f seolta well-directed; Easy, graceful - ‘Cad a dhéanfaidh tú feasta, a thaisce?’ a d’fhiafraigh an
tAthair Pádraig di agus an bheirt acu i leataoibh beagán ón slua.
‘An gcloífidh tú leis an bplean a bhí agat, dul go Meiriceá.’‘Ar pheaca é, a Athair, luach an phasáiste a thógáil as an
mbosca?’‘Cén bosca é sin, a thaisce?’
‘Bosca Sheáinín, bosca lán sabhran.’
‘Níor aimsigh na póilíní é?”
‘Chuardaigh siad an teach, ach tá an bosca stáin faoin easair i
dteach an asail.’‘What will you do from now on, my dear?’ asked Father Patrick when the two of them were a little away from the crowd. ‘Will you stick to the plan you had, to go to America?’
‘Would it be a sin, Father, taking the price of the passage from the box?’
‘What box is that, my dear
‘Johnny’s box, a box full of sovereigns.’
‘Didn’t the police find it?’
‘They searched the house, but the tin box is under the litter in the outhouse.’
feasta From now on, henceforth leataobh One side (of two) m cloígh Cleave, adhere; Wear down, subdue peaca sin m luach value sabhran sovereign m stán tin m easair bedding; litter f - ‘Cé mhéid bliain atá caite agat ag déanamh cúraim den teach
seo agus ag sclámhaíocht amuigh?’‘Breis is fiche bliain.’
‘An bhfuair tú pá?’
‘Ar ndóigh, ní bhfuair, a Athair.’
‘Fan tusa anseo, Annie. Cuir tús leis an gCoróin Mhuire, Inis
dom cá bhfuil an bosca.’D’inis si dhó. Thóg sé bileog den Journal amach leis go teach
an asail, mar a dhéanfadh duine agus giobal éadaigh a d’úsáidtí
chun na gréithre a thriomú.‘How many years have you spent taking care of the house
this and slaving outside?’‘Over twenty years’
‘Did you get paid? ‘
‘Of course not, Father.’
‘Stay here, Annie. Begin the Crown of Mary. Tell me where the box is.’
She told him. He took a sheet of the Journal out with him to the outhouse, as a person would have used a cloth rag to dry pottery.
cúram Care, responsibility m sclábhaíocht Slavery; Labor, toil; drudgery Breis increase, addition giobal rag, clout m éadach cloth m gs éadaigh gréithe crockery triomú drying - Bhí sé deas glan mar theach asail, aol ar na fallaí agus an poll
fairsing glan. Sular chuardaigh sé an bosca in aon chor, dheín sé
tomhaisín maith láidir den pháipéar. Thug sé faoi ndeara, gan a
thabhairt faoi ndeara, seilf bheag chloiche le stumpa coinnle
greamaithe de. Bhí buidéilín taobh leis an gcoinneal agus
crochta faoin seilf, rud a chuaigh go croí air, binse labhandair.
Bail ó Dhia ar na mná!It was pretty clean for an outhouse, lime on the walls and the hole was wide and clean. Before he searched the box at all, he made a good strong measure of the paper. He noticed, without noticing, a small stone shelf with a candle stump stuck to it. There was a bottle next to the candle and hanging under the shelf, a ledge of lavender.God bless the women!
aol lime m falla = balla wall fallaí fairsing Wide, extensive; ample, spacious in aon chor at all tomhaisín Small measure, small amount; Cone-shaped paper bag; wallet, purse m seilf shelf f greamaigh Attach, fix, fasten; make fast, secure crochta hanging binse bench labhandar lavender - Thíos faoin raithneach ar an urlár, d’aimsigh sé an leac a bhí
luaite ag Annie leis. D’ardaigh sé amach é agus thóg sé bosca,
mar a bheadh bosca tae, aníos. I gcaitheamh an ama, choinnigh
sé éadach na ngréithre thart ar a mhéara. Bhi sé ráite go raibh
slí nua ag na póilíní chun duine a aithint ar rian a mhéar.
Moladh go deo le Dia a dhein cúram chomh hindibhidiúil sin
den duine nach raihh an craiceann céanna ar aon bheirt. Bhí
meáchan mhór sa bhosca agus dóthain solais thar dhoras isteach
chun na boinn óir a lasadh.Below under the bracken on the floor, he found the slab that Annie had mentioned to him. He raised it out of the way and lifted up a box, like a tea box. In the course of time, he kept the cloth of the crockery around his fingers. It was said that the police had a new way of identifying a person by the mark of his finger. Praise be to God who took such individual care of the person that no two had the same skin. The box weighed The box weighed heavily and there was enough light from an entrance door to illuminate the gold coins.
<tdf
</tdfraithneach Fern, bracken f aimsigh aim; find, locate; attempt leac Flat stone or rock; flagstone, slab luaigh Mention, cite rian Course, path; Mark, trace, track; Power of movement, vigor m meáchan weight m dóthain Enough, sufficiency f bonn sole; coin m - ‘Mo mhallacht ort mar ór!’ ar seisean, ‘agus crosaim san,’ ar
seisean san anáil chéanna. ‘Nil iontat ach mar a bheadh uisce nó
cré, tabhartanas Dé.’
‘Pasáiste agus spré Annie,’ ar seisean agus é ag doirteadh
bonn isteach sa tomhaisín.‘My curse on you gold!’ he said, ‘and I cross that,’ he said in the same breath. ‘Nothing in you but like water or clay,
a gift of God.‘Annie’s passage and wealth,’
tabhartas gift, donation m spré Cattle; property, wealth f iontat = ionat in you tomhaisín Small measure, small amount; Cone-shaped paper bag; wallet, purse m