Rang Gaeilge, 10ú lá Mí na Lúnasa 2021

Duinnín agus na Bollain

bullan, A round hollow in a stone, a bowl.

tuathal … cursing stones (clocha breaca) at Inishmurray, Sligo, are turned to
the left to effect a curse…

  • Bhí an oíche caite ag an Duinnineach i nDrom Gabhar le
    muintir Magee. Tar éis bricfeasta, rinne páistí an teaghlaigh é a
    chomóradh go Tír Sheanacháin go bhfaigheadh sé radharc ar an
    Sionnainn agus go bhfeicfeadh sé an áit as ar shnámh Daideo
    Magee Béal na Sionna. Bhi an lá bioranta fuar, an ghaoth ag
    saighdeadh as gach aird faoi seach agus nimh inti. Rith an bheirt
    bhuachaillí thart ar an Duinníneach go meidhreach gan aon
    aird acu ar an bhfuacht ach shiúil Hanna taobh leis go modhúil.

    Dineen spent the night in Drumgour with the Magee people. After breakfast the children of the family as an to Tiershanaghan so he would get a view of the Shannon and would see the place where Grandpa Magee swam the mouth of the Shannon. It was a piercingly cold day, the wind blowing from all directions with poisonous sting in it. The two boys ran around Dineen merrily with no regard for the cold but Hanna walked beside him politely.

    comóradh gathering, assembly; celebration m
    radharc sight m
    lá bioranta fuar piercingly cold day
    bioranta sharp
    saighdeadh inciting, provoking m
    aird direction; attention f
    faoi seach in turn; occasionally; respectively; in confusion
    nimh poison f
    meidhreach Mirthful, merry, gay; frisky, sportive
    fuacht cold
    modhúil Well-behaved, mannerly; mild, gentle, modest
  • ‘Cén aois atá agat, a Hanna?’ ‘Ceithre bliana déag, a Athair.’
    Bhris gealán gréine tríd na scamaill. Thaibhsigh Ceann
    Léime trin gceo. Chuaigh na leaids ag rince thart ar bharr aille
    ag iarraidh an Duinníneach a threorú go strapa, áit a bhféadfá
    dul síos chun an uisce agus an charraig, ar fhág Daideo a chuid
    éadaí uirthi fadó, a fheiscint.

    ‘How old are you, Hanna?’
    ‘Fourteen, Father’
    A spell of sunshine broke through the clouds. Loop Head loomed through the haze. The lads danced around the top of a cliff trying to guide Dineen to a cliff-path,
    a place where you could go down to the water and to see the rock on Which Grandpa left his clothes long ago.

    gealán Gleam, flash; bright spell
    gealán gréine spell of sunshine
    Taibhsigh loom, appear, seem
    ceo Fog; mist, haze m
    aill cliff, precipice f gs aille
    treorú Guidance, direction m
    strapa Steps in cliff, cliff-path, climb m
    carraig rock f
  • ‘Ni bheidh am ag an Athair Pádraig dul síos ansin inniu,’ arsa
    Hanna. ‘Beidh an solas ag ídiú faoina ceathair agus caithfidh sé
    Buailín Siar a bhaint amach roimhe sin.’


    Bheannaigh an tAthair Pádraig gaois Hanna agus dhein sé
    iontas de cé chomh ciallmhar is a bhí sí le hais na leaids, a raibh
    dhá bhliain déag agus trí bliana déag acu, faoi seach.

    ‘Father Patrick will not have time to go down there today,’ said Hanna. ‘The light will be gone by about four and he must reach Bouleenshere before then.’
    Father Patrick blessed Hanna’s wisdom and he was surprised at how sensible she was compared to the lads, who were twelve and thirteen years old, respectively.

    ídiú Consumption, wear; abuse, destruction m
    gaois Wisdom, sagacity; shrewdness, intelligence f
    iontas wonder, surprise m
    ciallmhar Sensible, reasonable
    ais bacl
    le ais beside, compared with
    faoi seach in turn; occasionally; respectively
  • ‘Is fíor do Hanna,’ ar seiscan. ‘Lena chois sin tá fúm timpeall
    beag a dhéanamh chun cuairt a thabhairt ar Chill Mhic an Deá.
    Dá mbeadh siopa beag in aon áit go bhfaighfí milseáin ann . . .’

    Bhí a leitheid tugtha faoi ndeara aige … D’aimsigh an
    Duinníneach dhá leathphingin agus dhá fheoirling agus d’imigh
    na leaids chun tomhaisín milseán a cheannach. D’fhan an
    tAthair Pádraig agus Hanna ar scáth carraige agus iad ag
    féachaint ar aghaidh dhorca oibrithe na Sionna agus tonnta
    bána briste na farraige.

    ‘Hanna is right,’ he said. ‘Beside that I want to make a little circuit to visit Kilmacea. If there was a small shop anywhere sweets could be gotten . . . ‘
    He had noticed such a thing … Dineen found two halfpence and two farthings and the lads went to buy a few sweets. Father Patrick and Hanna stayed in the shadow of a rock looking at the dark seething of the Shannon and the breaking white waves of the sea.

    timpeall Round, circuit; roundabout m
    leithéid Like, counterpart, equal; such
    aimsigh aim; find, locate; attempt
    leathphingin halfpenny f
    feoirling farthing [quarter of a penny] f
    tomhaisín Small measure, small amount m
    scáth shade, shadow m
    tonn wave f pl tonnta
  • ‘Dá mbeadh ormsa Seáinín Sheáin Salach a phósadh,
    shnámhfainn an tSionainn chun éalú uaidh,’ arsa Hanna.

    ‘ ‘Bhfuil snámh agat?’
    ‘De chineál.’

    ‘ ‘Bhfúil aon bhaol ann go gcuirfidh an Seáinín seo ceiliúr
    pósta ort?’

    ‘Tá sé chun mo chara, Brídín Ní Shé, a phósadh amárach
    agus ní dá deoin é.’

    ‘ ‘Bhfuil do chara, Brídín, mórán níos sine ná tú, a chuid?
    ‘Tá si sé bliana déag.’

    ‘Agus ní mian léi Seáinín Sheáin a phósadh?’

    ‘If I had to marry Dirty Johny John, I would swim the Shannon to escape from him,’ said Hanna.
    ‘Do you swim?’
    ‘Kind of.’
    ‘Is there any danger that this Johnny will ask to marry you?’
    ‘He is getting married to my friend Bridey O’Shea tomorrow
    and against her will.’
    ‘Is your friend, Bridey, much older than you, a chuid?’
    ‘She is sixteen.’
    ‘And she has no desire to marry Johnny John?’

    baol danger m
    deoin will, consent f
  • ‘Tá sé sean agus salach agus saihhir agus tréad bó aige. Fathach é.
    Deirtear nár bhain sé snáithe de ó rugadh é ach go ngoideann
    sé giobal éadaigh ó bhM
    ‘Cheannaigh sé culaith i dTrá Lí ach, dá mbeadh dhá
    chulaith air, ní bheadh toil ag Brídín leis.’

    ‘ ‘Bhfuil Brídín ceanúil ar bhuachaill éigin dá haois féin.’
    Sméid Hanna a ceann, deora ag sileadh léi.

    Líon maidhm de bhuairt an tsaoil isteach in anam an Duinnínigh

    ‘He is old and dirty and rich and has a herd of cows. He is a giant. It is said that he has not removed a thread since he was born but steals a piece of clothing from the scarecrows when he feels cold and puts it on over what is already on him.’
    ‘God save us, he would have to put himself in some shape for a wedding.’
    ‘He bought a suit in Tralee but, if he had two suits, Bridey would not like him.’
    ‘Does Bridey love a boy of her own age [?]’
    Hanna nodded her head, dripping tears.
    An eruption of the sorrows of life filled the soul of Dineen.

    tréad flock, herd m
    snáithe thread m
    goid take away, remove; steal
    giobal rag, clout m
    giobal éadaigh piece of cloth, clout
    badhbh war-goddess; vulture, carrion-crow; scold f
    préachán Crow, rook m
    airigh perceive, sense
    cheana already
    bail prosperity; proper condition; state; treatment f
    i gcomhair for, intended for; to get
    bainis wedding f gs bainise
    culaith Suit, dress, apparel f
    toil Will; inclination, desire, wish f
    ceanúil Loving, affectionate
    Sméid Wink, nod, beckon; sign
    sileadh dripping m
    Líon fill v
    maidhm Break, burst, eruption; Defeat, rout f
    buairt sorrow; vexation f
  • ‘Déarfaídh mé paidir ar a son,’ ar seisean. Tá feirm Sheáinín ag Drom Asail, gar do Chill Mhic an Deá,
    áit a mbeidh tú,’ arsa Hanna. ‘Tá an talamh go maith. Tá cónaí
    ar mhuintir Bhrídín sa phortach.’


    Mhúch an ghrian: mhúch Ceann Léime i gceobhrán báistí.
    D’fhill na buachaillí agus milseáin acu. Roinn an tAthair Pádraig
    na milseáin go cothrom. Choinnigh sé a scair féin sa
    tomhaisín agus chuir sé ina phóca é taobh leis an gceapaire a
    thug máthair na bpáistí dó mar lón bóthair.

    Í will say a prayer for her,’ he said.
    ‘Johnny’s farm it at Drom Asail [=Donkey’s back], close to Kilmacadea, [the] place where you will be,’ said Hanna. ‘The soil is good. Bridey’s family lives in the bog.
    The sun went away. Loop Head vanished in a mist of rain.
    The boys returned with sweets. Father Patrick shared the sweets equally. He
    kept a small amount as his own share and he put it in his pocket next to the sandwich that the
    children’s mother had given him as a road lunch.

    portach peat m
    ceobhrán Light drizzle; mist, haze

    scair share f
    tomhaisín Small measure, small amount m
  • Agus é ag siúl siar leis féin ar ball, lean scéilín Hanna ina
    cheann. Brídin óg on bportach á ceangal le Seáinín gránna a
    raibh feirm mhaith aige. Bheadh muintir Bhrídín ag déanamh a
    leasa, dar leo féin, ag eagrú le nach mbeadh ocras uirthi, ag íarraidh
    duine clainne amháin a chur i gcrích … ach, a Chríost, bhí
    an saol dían.

    Bhí an raithneach ar thaobh an bhóthair léirithe ag an
    ngaoth ach nior thit aon ráig báistí agus bhain sé Cill Mhic an
    Deá amach sular imigh an lá ó sholas. Sular chas sé den bhóthar
    mór, áfach, bhí air seasamh i leataoibh chun tréad bó a
    scaoileadh thairis.

    While walking back by himself later, Hanna’s story remained in his head. Young Bridey from the bog connecting with ugly Johnny who had a good farm. Bridey’s family would benefit, according to themselves, arranging so that she would not go hungry, wanting one child settled…. but Christ, life was hard.

    The roadside ferns were beaten down by the wind but no outburst of rain fell and
    he reached Kilmacea before the daylight left. Before he turned off the big road, however,
    he had to stand to one side to let a herd of cows pass.

    ar ball after a while, late; a while ago
    lean follow; continue; remain
    gránna ugly
    leas Good, well-being, benefit, interest m gs leasa
    eagrú Arrangement, organization
    críoch Limit; boundary; End; completion, conclusion; fulfilment, settlement f ds crích
    dian Intense, vehement; hard, severe
    raithneach Fern, bracken f
    léirigh Make clear, explain, illustrate; Beat, beat down, subdue
    ráig Sudden rush; sudden outbreak; fit, bout, attack f
    scaoileadh Loosening, undoing; release, discharge m
  • Beannacht Dé ar mháithreacha an bhainne,’ ar seisean leis
    an mbean á[a] bhí á dtiomáint. Bhí sí mór téagartha agus súgán
    thart ar a cóta á choinneáil druidte.

    ‘And who might you be?’ ar sise agus ba léir dó ón
    leathmhaing a bhí uirthi agus ar bholadh a hanála go raibh
    braon istigh aici. ‘Saraí,’ ar sise nuair a thug sí faoi ndeara go
    raibh bóna sagairt air, ‘ní gach aon lá a phósann Seáinín.’

    ‘Seáinín Sheáin a phósfaidh Brídín Ní Shé, amáireach?’


    ‘Fíor dhuit, a Athair. Pósfaidh mo dheartháir an portach
    amáireach.’

    ‘God bless the mothers of milk,’ he said to the woman who was driving them. She was very stout with a rope around her coat keeping it closed.
    ‘And who might you be?’ she said and it was clear to him from her lopsidedness and the smell of her breath that she had had a drop. ‘Soirée,’ she said when she noticed the priest’s collar on him, ‘not every days Johnny marries.’
    ‘Johnny John will marry Bridey O’Shea, tomorrow?’
    ‘Truth to you, Father. My brother will marry the bog tomorrow. ‘

    téagartha Substantial, stout, bulky
    súgán straw-rope m
    leathmhaing = leathmhaig Lopsidedness, tilt f
    bholadh Smell, scent m
    anáil breath f gs anála /u>
    bóna collar m
  • ‘Le Seáinín Sheáin na loilíocha breátha sin?”Ní haon loilíocha iad seo, ambaist, ach gamhna agus
    athghabhna; forgacha. Bhí urchair fholmha á scaoileadh ag an
    tarbh tamall, cac is aoileach air! Ach cad eile a mbeifeá ag súil
    leis agus fear an tí singil agus a sheanstéig de dheirfiur ó chrích,
    nó geall leis.’

    Lig sí smuga le gaoith.

    ‘Dá staonfá den ól agus dá gcuirfeá slacht éigin ort féin,
    dhéanfá bean bhreá. Cad is ainm duit?’ arsa an tAthair Pddraig.

    These are Johnny John’s fine milk cows?
    ‘They have no milk cows, only calves and ex-calves; 2nd year strippers. The bull has been firing empty bullets for some time, Shit and dung on him! But what
    else would you expect when the man of the house is single and has an old slice of a sister without prospects, or nearly so.’

    ‘If you could refrain from drinking and tidy yourself up, you would be a fine woman. What is your name?’ said Fr. Patrick.

    loilíoch cow after calving, milch-cow f
    breá fine, excellent comp breátha
    ambaist = ambaiste really! indeed!
    gamhain calf m gs npl gamhna
    forgach 2nd year stripper [cow] f npl forgacha
    urchar cast, shot m gs npl urchair
    scaoileadh Loosening, undoing; release, discharge m
    folamh empty npl folmha
    aoileach Dung, farmyard manure m
    singil singe
    stéig slice [of meat]
    críoch Limit; boundary; End; completion, conclusion; fulfilment, settlement f ds crích
    geall
    nó geall leis or nearly so
    smug = smuga Mucus; snot f
    staon Stop, desist; abstain, forbear; draw back, flinch
    slacht Finish, polish; good appearance, neatness, tidiness m

  • ‘Bhíos insúl tráth. Annie m’ainm. Seo an uair dheireanach a
    ndéanfaidh mé ba Sheáinín a sheoladh. Nuair a phósfaidh sé,
    tabharfaidh sé spré dhom. Rachaidh mé suas go Trá Lí agus
    gléasfaidh me i gcéadscoth an fhaisin agus ar aghaidh liom ansin
    go Queenstown. Tá fear i Meiriceá . . .’

    ‘Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin,’ arsa an
    Duinnineach leis féin.

    ‘I was once attractive. Annie is my name. This is the last time I will give Johnny guidance, When he marries, he will give me a dowry. I’m going up to Tralee and I will dress in the first choice of fashion and then proceed to Queenstown. There is a man in America….’
    ‘The wind that does not blow for someone is evil,’ Dineen said to himself.

    insúl Eye-catching, attractive
    tráth Hour; time, occasion; day, period M
    seoladh sailng; course, direction; address
    spré Cattle; property, wealth; spark; spread f
    gléas Adjust, arrange; fit out, equip; dress, array; prepare, make ready
    scoth Flower, blossom; Flower, pick, choice
    faisean fashion m gs nplfaisin
    seid blow v
  • ‘Nach iontach mar sin féin gur bhuail spadhar pósta Seáinín,
    a Athair? Agus nach méanar dom? Ní mise a dhéanfaidh a chuid
    prátaí a bheiriú dó feasta.’

    Lig sí glam gáire agus bhagair sí slat sailí ar na ba. Dhein
    gearrmhadra beag bréagionsaí ar shála na bó ba ghiorra dóibh.
    Ar aghaidh leo ar fad ansin, dhá thaobh an bhóthair ag an
    mbean agus an madra ag siúl go pointeáilte ina lár.

    ‘Isn’t is amazing that a fit of marriage hit Johnny, Father? And aren’t I fortunate?
    I won’t boil his potatoes for him anymore.’
    She let out a roar of laughter and brandished a willow stick at the cows. A small dog made a mock attack on the heels of the nearest cow. In front of them all then, the woman on both sides of the road and the dog walking neatly in the middle.

    . gs gpl

    spadhar (Temperamental) fit m
    méanar Happy, fortunate
    beiriú
    feasta rom now on, henceforth; (with neg.) no more, not any more.
    glam Deep bark, bay; howl, shout, roar. f
    bagair brandish; beckon; threaten
    slat Slender stick; cane, switch f
    saileach willow sailí
    cow f npl ba
    gearr short
    bréag Lie, falsehood f
    bréag Cajole, coax v
    ionsaí Advance, approach, attack; attempt m
    sáil heel m npl sála
    giorra shortness f
    pointeáilte Well-kept, tidy, spruce, smart
  • Chas an Duinníneach isteach on mbóthar mór agus an lá ag
    druidim chun coimheascair. Bhí an ghaoth nimheanta anois
    agus tonntracha ag ionsaí na n-aillte thíos faoi. Chonaic sé
    iarsmaí Chill Mhic an Deá roimhe i gcoinne na spéire. Stop sé
    go hobann ag an bhfalla cloiche thart ar an gCill agus an
    ghruaig ag priocadh ar a mhuineál mar tháinig glór ón gCill,
    glór ard caointeach. Ortha a bhí á cloisint[var past aut?] aige. Chonaic sé bean
    ard chaol, a cuid gruaige léi, a súile dúnta agus a haghaidh casta
    chun na spéire.

    Dineen turned off the main road as the day approached dusk.
    The wind was now poisonous and waves were attacking the cliffs below.
    He saw the remains of Kilmacea before against the horizon.
    He stopped suddenly at the stone wall around the churchyard and
    the hair on his neck pricking as a voice came from the churchyard,
    a mournful high voice. He was hearing a spell.
    He saw a tall slender woman, her hair let down[?], her eyes closed and her face twisted to the sky.

    /td>

    coimheascar (Act of) struggling; struggle, melée m
    druidim Closing, closure; Drawing close, approach f
    coineascar Evening twilight, dusk m
    nimheanta Venomous, spiteful
    tonntracha waves [???]
    ionsaí Advance, approach, attack; attempt m
    aill cliff, precipice f pl <i
    Ortha Prayer; Incantation, spell, charm f
    caointeach Plaintive, mournful
    Ortha Prayer; Incantation, spell, charm f
    casta Twisted, wound; Complicated, intricate, involved
  • ‘Mo bheatha ar bheatha Sheáinín,’ a dúirt sí aris agus aris
    eile.

    ‘Mo bheatha ar bheatha Sheáinín is go dtaga Brídín slán.’

    Bhí lámha na mná as raon súl[gpl] an Duinnínigh gur bhog sé
    isteach thar falla. Ansin chonaic sé go raibh liathróid chloiche á
    casadh tuathal aici i log lice agus i ag salmaireacht. D’fhair sé.
    Bhraith sé go raibh a croí á mheilt ag an mbean.

    ‘My life for Johnny’s life,’ she said again and again.
    ‘My life for Johnny’s life, and may Bridey be safe.’
    The woman’s hands were out of the path of Dineen’s eyes as he moved in past a wall. Then he saw that she was turning a stone ball counterclockwise in a place with a flat stone and chanting. He watched. He felt the woman was grinding her heart.

    raon Way, path, route m
    liathróid ball f
    tuathal counterclockwise
    log place, site m
    leac Flat stone or rock; flagstone, slab f var gs lice
    salmaireacht Act of) psalm-singing; Act of) prating, prattling; talking in sing-song fashion. f
    fair watch v
    meilt Grinding, crushing; consuming f
  • On uair gur ghearán Hanna an pósadh ídir Brídin Ní Shé
    agus Seáinín Sheáin Salach leis, bhí míshuaimhneas air. Ach cad
    ab fhéidir leis a dhéanamn?

    Lean an bhean fhiáin, a raibh scamaill dhubha reatha na
    spéire mar chúlráid aici, ag casadh na cloiche agus ag cur an
    ortha. D’éirigh a glór ina éamh caointe. Chaith sí siar a ceann
    Agus d’ardaigh si a lamha chun na spéire. Ansin dheasaigh sí
    agus d’oscail sí a súile. Bhí an tAthair Pádraig roimpi.

    Since the time Hanna complained about the marriage between Bridey O’Shea and Dirty Johnny John he had been uneasy. But what could he do?
    The wild woman continued, having the running black clouds of the sky as a background, turning the stones and making the spell. Her voice became a screaming cry. Then she settled and opened her eyes. Father Patrick was before her.

    gearán complain
    míshuaimhneas Uneasiness, restlessness, perturbation m
    fiáin wild
    cúlráid secluded place;background f
    Ortha Prayer; Incantation, spell, charm f
    éamh Cry, scream, entreaty m
    deasaigh dress, prepare; settle in position
  • ‘Dia dhuit,’ ar seisean. ‘Ná bíodh imní ort. Ní foláír nó go
    gceapann tú go bhfuil fear na gcrúb tagtha dod fhreagairt, ach
    nil ionam ach fánaí bocht atá tagtha chun beannú d’Earc Naofa.
    Is dócha nach iad seo romhainn iarsmaí na cille ar mhúin Earc
    Breandán Naofa inti. Tógadh an Chill seo ar láthair na Cille úd,
    is dócha.’

    ‘Táthar chun m’iníon a phósadh ar Sheáinín amárach.’

    ‘Cad tá le rá aici féin ina thaobh sin?’ a d’fhiafraigh an
    Duinníneach go cneasta agus a fhios aige nach mórán cumhachta
    a bhíonn ag Brídíní an tsaoil, gur fada ón stiúir a bhíonn
    an lámh mhín.

    ‘Hello,’ he said. ‘Don’t worry. You must think that the Devil has come to answer you, but I am only a poor wanderer who has come for the blessing of St. Erc. These relics before us are probably not the church where Erc taught Brendan. This church was probably built on the site of that church.
    ‘My daughter is getting married to Johnny tomorrow.’
    ‘What does she have to say about that?’ Dineen asked politely but he knew that the Brideys of life have little power, that the gentle are far from the rudder.

    Ní foláir It is necessary
    crúb claw f
    fear na crúb the devil
    dod Sullenness, anger; Sullenness, anger m
    dod de/do do
    freagairt answering, answer f
    fánaí Wanderer, vagrant m
    beannú blessing
    múin teach, instruct
    láthair Place, spot; site, location f
    úd Yon, yonder; that (with implication of distance in space or time)
    cneasta Honest, sincere; Decent, seemly
    cumhacht power f gs cumhachta
    mín smooth f & a
  • ‘An bhfeiceann tú carn aoiligh an tí sin?’ ar sise agus méar á
    diriú aici ar chlós feirme tamall uathu. ‘Ní leithne, ni bréine, ní
    dúire an carn sin ná Seáinin. Is i bláth na gcraobh í Brídín
    s’agamsa. Le Seáinín Salach an bathalach tí agus an garraí beag
    atá againn agus tá fiacha cíosa orainn. Tá galar na scámhóg ar
    Róisín, an iníon is sine agam. Tá Neain, máthair mo chéile, ag
    saothrú an bháis. Níl idir muid agus taobh an bhóthair ach deathoil
    Sheáinin. Cailín maith í Brídín. Ní obfaidh sí don
    chleamhnas.’


    Níorbh fhéidir leis an Athair Pádraig aon ní a rá, ach rug sé
    greim ar a láimh agus threoraigh sé amach ón reilig í, ón uair go
    raibh sí mar a bheadh dall. Ní bhíonn ag na boícht ach bród
    agus is fuirist san a ghoineadh.

    ‘Do you see the manure pile of that house?’ she said pointing a finger at a farmyard some distance away from them. ‘That pile is not wider, it is not dirtier, it is not thicker than Johnny. My Bridey is in the flower of the branches. Dirty Johnny owns the ramshackle house and the little garden we have and we owe rent arrears. Rosie, my older daughter, has lung disease. Neain, my husband’s mother, is in the throes of death. Between us and the side of the road is only the goodwill of Johnny. Bridey is a good girl. She will not refuse the marriage arrangement.’
    Father Patrick could not say anything, but gripped her hand and led her out of the cemetery, as if she was blind. The poor have nothing but pride and that is easy to hurt.

    carn heap, pile m
    aoileach Dung, farmyard manure m aoiligh
    leithne Broadness, breadth f
    bréine Rottenness, stench f
    dúire Hardness, rigidity;
    Dourness, hardness, stubbornness, obduracy;
    Dullness, density, stupidity;
    Gloominess, sullenness
    f
    bláth Blossom, flower m
    craobh Branch, bough f
    bathalach = bathlach Lout; clumsy person; Dilapidated structure; ramshackle building m
    garraí garden m
    fiach debt m nplfiacha
    cíos rent m gs cíosa
    galar Sickness, diseas
    scamhóg lung f
    saothrú cultivation; earnings, wages m
    Ag saothrú an bháis in the throes of death
    deathoil goodwill
    ob Refuse, decline; shun, shirk
    cleamhnas Marriage arrangement, match; Relationship by marriage m
    treoraigh Guide, lead, direct
    dall blind (person) a & m gs npl daill
    bocht poor (person) a & m gs npl boicht
    bród Pride; Arrogance; elation m
    fuirist = furasta easy
    goin wound v
  • ‘Cad a ghuífeá féin ar Bhrídín?’ ar seisean ar ball agus iad ar
    an mbóithrín aris.

    ‘D’fhéadfadh sí dul go Meiriceá. Tá deirfiúr liom thall ag
    sábháilt faoi choinne an phasáiste.’

    ‘Bheadh sí imithe uait ansin.’

    ‘Ní fheicfinn arís i, ach bheadh sí slán.’

    Nuair a shroich siad an bóthar mór, bhíog an bhean amhail is
    dá mbeadh sí ag dúiseacht. D’fág sí slán ag an Duinníneach
    faoi dheifir. Tharraíng sí a seál thart ar a ceann.

    ‘What would you pray for Bridey?’ he said later when they were on the country lane again.
    ‘She could go to America. My sister over there is saving for the passage.’
    ‘She would be gone from you then.’
    ‘I would never see her again, but she would be safe.’
    When they reached the big road, the woman started as if if she were waking up. She said goodbye to Dineen in a hurry. She pulled her shawl around her head.

    guígh pray
    ar ball after a while, late; a while ago
    thall Over, beyond
    sábháil save, saving
    faoi choinne intended for
    amhail/i> like, as
    bíog chirp; start, jump
    dúiseacht State of being awake, aroused f
    seál shawl m
  • ‘Beidh orm deabhadh a dhéanamh anois, a Athair. Thug
    Seáinín Sheáin leathghalún go dtí an teach s’againne agus tá sé
    féin agus mo chéile á ól. Beidh béile uathu. Chuireas Brídín
    amach ag bailiú brosna.’

    D’imigh sí uaidh, néal dubh i measc néalta na hoíche, agus
    lean an Duinníneach air i dtreo Bhuailín Siar agus bheith istigh
    na hoíche le cairde leis. Mhoilligh sé agus é ag teacht gar do
    Shéipéal Eirc Naofa. Tom Stritch a bhi i mbun an pharóiste, de
    réir a chuimhne. Ní raibh aon aithne aige féin air ach is cinnte
    go n-aimseoidís comhchairde dá dtosóidís ag seanchas. Ba
    mhaith leis dearcadh shagart na háite ar an mbainis a chloisint.
    B’fhéidir go maolódh san an mishuaimhneas a bhí air.

    <‘I must hurry now, Father. Johnny John brought half a gallon to our house and he
    himself and my husband are drinking. They will need a meal. I sent Bridey out for kindling.’

    She left him, a black cloud among the clouds of the night
    Dineen continued on towards Bualin Siar and in the direction inside for the night with a friend. He slowed down as he approached St. Erc’s Chapel. Tom Stritch was attending to the parish, according to his memory. He did not know him but was sure they would find mutual friends if they started talking. He would like to hear the local priest’s view of the wedding. Maybe that would reduce his uneasiness.

    deabhadh haste, hurry m
    leathghalún half gallon m
    bailiú Collection; accumulation m
    brosna Decayed twigs, kindling m
    néal cloud m pl néalta
    moilligh delay, slow v
    gar near(ness) m & a
    aimsigh aim, find, locate, attempt
    seanchas Lore, tradition; talking, chatting, seeking information; informative talk, discussion m
    dearcadh look, gaze; outlook, viewpoint; foresight, vision m
    maolaigh/i> Make, become, bare or bald; blunt; Lower, flatten; decrease, slacken, moderate
  • D’fháiltigh an tAthair Tom roimhe. Cuireadh tae ar fáil,
    slaimice mór bágúin a raibh an salann ag glioscarnaigh air,
    uibheacha beirithe agus cantaí móra tiubha d’arán sóide, scoth
    an ime agus mil thiubh fraoigh. Sciob Lena, an bhean tí cóta,
    hata, stocaí agus bróga uaidh chun caoi a chur orthu. agus íad
    suite os comhair na tine ar ball agus scailtín á ól acu.

    ‘Beidh bainis ar an mbaile amárach . . .’ arsa an Duinníneach
    agus é ag taighde.

    Father Tom welcomed him. Tea was provided, a large chunk of bacon with salt ground on it, boiled eggs and large thick hunks of soda bread, excellent butter and thick heather honey. Lena, the housekeeper, snatched his coat, hat, socks and shoes from him to tidy them up and they were sitting in front of the fire later drinking hot whiskey. ‘There will be a wedding on the town tomorrow …’ sand Dineen probing.

    tr>

    fáiltigh welcome v
    slaimice chunk
    bagún bacon m
    salann salt m
    glíoscarnach = díoscarnach ground, grated
    canta chunk m
    tiubh thick
    scoth Flower, blossom; Flower, pick, choice
    Sciob snatch
    scailtín Hot whiskey m
    ar ball after a while, late; a while ago
    taighd poke, probe, research vn taighde
  • ‘Beidh – Seáinin Sheáin Salach – agus é in am aige. Cailín
    beag deas atá le pósadh aige, iníon le Mossie Shea. Nil cianóg
    aici ach is feirmeoir teann é Seáinín agus is acmhainn dó bean
    gan spré a phósadh. A dheirfiúr a bhí i mbun an tí aige go dtí
    seo agus tá sé in am aici siúd pósadh freisin. Tá geallúint aici ó
    Dhuine des na Leaheys i Missouri.’

    ‘Ar labhair tú le Brídín?’

    ‘Iníon Mhossie? Ar ndóigh, nach mise a bhaist í?’

    ‘Ar bhraith tú, d’aon tseans, nach mian léi Seán a phósadh?’

    ‘There will be Dirty Johnny John – and he in his time. A nice little girl he is marrying, a daughter of Mossie O’Shea. She has no money, but Johnny is a substantial farmer. He can afford to marry a woman with no property. His sister was in charge of his house until this and it’s time for her to get married too. She has a promise from One of the Leaheys in Missouri.
    ‘Have you talked to Bridey?’
    ‘Of course, didn’t I baptize her?’
    ‘Do you feel, by any chance, that she doesn’t want to marry Sean?

    cianóg Small coin, mite
    feirmeoir teann substantial farmer
    acmhainn Capacity, endurance; Means, resources f
    spré Cattle; property, wealth; spark; spread f
    baist baptize
  • ‘Ar ndóigh, tá Brídín cúthailcach cúlánta sna cúrsaí seo mar
    a bheadh bean óg ar bith. Nil fios a leasa aici. D’airíos[??] cur i
    gcoinne beag éigin, ní foláir dom a admháil … modhúlacht
    maighdine, is dócha. Nuair a bheidh leanbh ina hucht aici,
    beidh sí sásta aris. Agus cuimhnigh ar an leas a dhéanfaidh sé dá
    muintir, Brídín a bheith go maith as. Mhuireastrua bocht de
    niúdaí neádaí ab ea Mossie ón gcéad lá riamh! Chun leasa
    Bhrídín an cleamhnas seo. Creid uaimse é, a Phádraig, ni
    bheadh bainis ar bith sna bólaí seo dá dtógfaí ceann de figairies
    na mban.’

    Of course, Bridey is shy and ignorant in these matters as any young woman would be. Doesn’t know her own best interests. I felt some small opposition, I have to admit … maidenly modesty, probably. When she has a baby in her bosom she will be happy again. And remember the benefit it will bring to both families, Bridey being well off. Mossie was a poor hesitant bog person [???] was from the beginning. This arrangement is in Bridey’s interests. Believe you me, Patrick, there would be no wedding at all in these parts if these figaries [whims] of women were taken

    cúthail bashful, shy
    cúlánta ackward; retiring, shy
    leas Good, well-being, benefit, interest m gs leasa
    oiris
    Ní foláir It is necessary
    admháil Acknowledgement, admission f
    modhúlacht Good behaviour, mannerliness; mildness, gentleness, Modesty
    maighdean Maiden, virgin f
    ucht Chest; breast, bosom m
    muireasc/i> Low-lying, marshy, seashore.
    niúdar neádar rifling, indecisive, insipid, talk; Hesitant person
    cleamhnas Marriage arrangement, match; Relationship by marriage m
    sna bólaí seo in these parts
  • D’imigh an Duinníneach leis go Buailín Siar. D’fháiltigh a
    chairde roimhe. D’éirigh leis bainis Bhridín a chur as a cheann
    agus codladh maith mór a dhéanamh. Ar maidin, i ndiaidh
    bricfeasta, thug sé bóthar Thrá Lí air féin. Thug sé cuairt ar Ard
    Fhearta, ón uair go raibh sé ag dul thairis, agus shroich sé baile
    Thrá Lí anonn go maith sa lá. Dhírigh sé láithreach ar
    phroinnteach Sally Murphy, gar don stáisiún traenach.

    Dineen left for Bouleenshere. His friends welcomed him. He succeeded in getting Bridey’s wedding out of his head and got a good big sleep. In the morning, after breakfast, he took to the Tralee road himself. He visited Ardfert, since he was passing by, and reached the town of Tralee well into the day. He presently aimed for Sally Murphy’s restaurant, near the train station.

    anonn Over, to the other side.
    dírigh straighten; direct, aim
    láithreach Present, immediate
    proinnteach Dining-hall, refectory

Nursery Rhymes

Trí lucha dall

Uair amháin bhí trí lucha dall ann. Rith siad sa thóir ar bhean chéile an fheirmeora. Ghearr sí a n-eireabaill amach le scian gearrtha. An raibh radharc ann riamh mar thrí lucha dall?

Coinín Beag Fú Fú

Bhí Coinín Beag Fú Fú ag léim tríd na coillte. Thóg sé suas na lucha páirce agus bhuail sé iad ar a gcinn. Tháinig an sióg mhaith anuas. Chonaic sí Coinín Beag Fú Fú ag bualadh na lucha. Bhí sí míshásta. Dúirt sí leis go gcaithfidh sé stopadh. Dúirt sí leis go raibh trí sheans aige. Mura stopfadh sé dhéanfadh sí GOON dó.

Bhí Coinín Beag Fú Fú ag léim tríd na coillte arís. Thóg sé suas na lucha páirce arís agus bhuail sé iad ar a gcinn. Tháinig an sióg mhaith anuas arís. Chonaic sí Coinín Beag Fú Fú arís. Bhí sí míshásta arís. Dúirt sí leis arís go gcaithfidh sé stopadh. Dúirt sí leis go raibh dhá sheans aige.

Bhí Coinín Beag Fú Fú ag léim tríd na coillte arís. Thóg sé suas na lucha páirce arís agus bhuail sé iad ar a gcinn. Tháinig an sióg mhaith anuas arís. Chonaic sí Coinín Beag Fú Fú arís. Bhí sí míshásta arís. Dúirt sí leis arís go gcaithfidh sé stopadh. Dúirt sí leis go raibh seans amháin aige.

Bhí Coinín Beag Fú Fú ag léim tríd na coillte arís. Thóg sé suas na lucha páirce arís agus bhuail sé iad ar a gcinn. Tháinig an sióg mhaith anuas arís. Chonaic sí Coinín Beag Fú Fú arís. Bhí sí míshásta arís. Rinne sí Coinín Beag Fú Fú isteach i GOON

Jack Horner Beag

Shuigh Jack Horner Beag i gcúinne. Bhí sé ag ithe a phíog Nollag.
Chuir sé a ordóg isteach sa phíog. Thóg sé pluma amach. Dúirt sé gur buachaill an-mhaith é.

dall blind
tóir pursuit
radharc sight

Listening Exercise

Siúcra le Roxanna Nic Liam.

sambo sandwich (Hiberno-English)
cúlú Backing, reversal, waning m
gualainn shoulder
whoever
freagracht Responsibility f
DEIS Delivering Equality of Opportunity in Schools
D4 = Dublin 4 postal district of Dublin; pejorative adjective to describe Dublin’s upper-middle class
Ní fíon faoi lár é followed by “all is not lost”
tuiseal ginideach
Gearmáinis
Rúisis
D’fhoghlaim mé roinnt Gearmáinise agus Rúisis
Tá an tuiseal ginideach ag an dá theanga
scoth Flower, blossom; Flower, pick, choice f
diamhair Dark, obscure; occult, mysterious; secluded, solitary; eerie, weird, lonely; fearsome a and f
dúrúnda Deeply secretive, mysterious
fáthrúnda Mystic(al), mysterious
folachasach Hidden; secret, mysterious
glanrúnda (Divinely) mysterious
mua Clouded apparition, mysterious figure m
neach Incorporeal, mysterious, being; spirit m
drúcht dew m
cruinne universe; dew drop f
cúl back m
áilleanach attractive but useless man
faoileánach Frequented by seagulls
saibhreas Riches, wealth m

Notaí faoi scéal
Bhí Mia faoi scian an mhí seo caite
Tá apnea codlata uirthi
Tá ionchlannán aici. implant
Tá an t-ionchlannán i bhfad níos fearr ná meaisín CPAP
Tar éis deich mbliana, áfach, bhí ceallra [battery] nua ag teastáil uaidh
D’éirigh go maith le gach rud
Táimid go léir vacsaínithe
malairt delta delta variant
Fanann muid sa bhaile go leor

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.