Monday Night Irish Class, May 4, 1015

Irish Class, May 4, 2015

Rang Gaeilge, 4ú lá mí na Bealtaine 2015

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocal

Teilg ailp i mbéal an mhadra “Somebody is going on and on, talking too much!” “Throw a lump (of meat) in the mouth of the dog”. [So it will stop barking]
Is ionanna an cás, an t-éag ‘s an bás Six of one, half dozen of the other “It’s the same case, death and death.”

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú

Oiche mhishuaimhneach (tuilleadh) — “Restless night (continued)”

Go míshuaimhneach bhrúigh Siobhán an cnaipe leis an bhfón
a mhúchadh agus choimeád brúite é nó gur imigh an scáileán
beag dubh. Leag sí ar an mboirdín a bhí cois na leapan é agus
d’iompaigh sí uaidh. Níorbh fhada go raibh eachtra an chapaill
ina steillbheatha [41] arís os comhair a súl. Ach an uair seo níor
bhris an fhuinneog. D’fhan sí ina carr agus chuir síos na
claibíní [42] le glas a chur ar na doirse.

múchadh smother, quench, extinguish, turn off [electrical devices]
leis an bhfón a mhúchadh in order to turn off the phone leis because of definite article
choimeád brúite é nó gur imigh an scáileán beag dubh kept it pressed until the little screen went black go/gur “until”
Leag sí ar an mboirdín a bhí cois na leapan é she set it on the little table that was at the foot of/next to the bed
d’iompaigh sí uaidh. she turned [away] from it
ina steillbheatha large as life
Níorbh fhada go raibh eachtra an chapaill ina steillbheatha Not long was the horse incident as large as life
arís os comhair a súl. again before her eyes
Ach an uair seo níor bhris an fhuinneog. But this time the window was not broken
claibíní latches, door locks
faoi ghlas locked “under a lock”
D’fhan sí ina carr agus chuir síos na claibíní le glas a chur ar na doirse. She stayed in her car and put down the latches to lock the doors.

Tar éis cúpla nóiméad
tháinig an Garda ramhar ina treo agus thosaigh ag cnagadh ar
an bhfuinneog. A aghaidh mhór brúite leis an ngloine agus é
ag cnagadh go láidir. Phreab sí ina dúiseacht. Bhí an cnagadh
fós le cloisint aici. Allas léi, í greamaithe den spota agus eagla
uirthi fiú lúidín coise a chorraí. Stán sí ar an bhfuinneog tríd
an dorchadas agus díreach ar éigin a chonaic sí an scáth tríd
an gcuirtín éadrom agus é ag cromadh síos arís faoin
bhfuinneog. Ba dheacair di a thuiscint cé acu an taibhreamh
agus cé acu an fhírinne. Ach anois bhí sí lán dúisithe agus ní
raibh aon amhras uirthi. Chuala sí cnag. Chonaic sí scáth ag
cromadh. Shleamhnaigh sí amach as an leaba, a croí ag
plabadh chomh cruaidh sin go raibh sé á bodhradh. Ansin bhí
torann láidir mar a bheadh miotal ag titim ar an gcosán thíos.

Tar éis cúpla nóiméad tháinig an Garda ramhar ina treo After a couple minutes the fat G came in her direction
thosaigh ag cnagadh ar an bhfuinneog. started knocking on the window
A aghaidh mhór brúite leis an ngloine His big face pressed on the glass
é ag cnagadh go láidir tapping it strongly
Phreab sí ina dúiseacht. She woke with a start. “She jumped/started waking up.”
Bhí an cnagadh fós le cloisint aici. The knocking was still to be heard.
Allas léi. She sweated. “Sweat was with her.”
í greamaithe den spota agus eagla uirthi fiú lúidín coise a chorraí. She was fixed to the spot and fear even her toes were agitated/excited
Stán sí ar an bhfuinneog tríd an dorchadas She stared at the window through the darkness
díreach ar éigin a chonaic sí an scáth tríd an gcuirtín éadrom She barely saw the shadow of something through the light curtains
é ag cromadh síos arís faoin bhfuinneog. crouching down again under the window
Ba dheacair di a thuiscint cé acu an taibhreamh agus cé acu an fhírinne. It was hard for her to understand what was the dream and what was the truth
ní raibh aon amhras uirthi. she had no doubt
Chuala sí cnag She heard a knock
Chonaic sí scáth ag cromadh. She saw a shadow crouching
Shleamhnaigh sí amach as an leaba She slipped out of bed
a croí ag plabadh chomh cruaidh sin go raibh sé á bodhradh. her heart beating so loud it deafened her
Ansin bhí torann láidir mar a bheadh miotal ag titim ar an gcosán thíos. Then there was a strong noise like metal falling on the pavement below

Tharraing sí uirthi a cóta oíche agus anonn léi chun na
fuinneoige. D’ardaigh sí an cuirtín agus d’fhéach amach.
Dada le feiceáil ach cat na gcomharsan ag rith trasna an
chúlghairdín. Dada ach…. an dréimire! An dréimire a bhíodh
sa seid acu agus é caite ar an talamh! B’shin é a chuala sí ag
titim. Agus bhí duine éigin tar éis a bheith amuigh ann.
Níorbh í a samhlaíocht a bhí ag imirt cleasanna uirthi. Bhí
imní níos mó ná riamh ag teacht uirthi anois. Cad a bhí ag
tarlú di in ainm Dé? Cad ba chúis leis seo go léir? Bhí sí an-
mhíshuaimhneach ar fad agus í ag smaoineamh go doimhin
ar an scéal nuair a chaith sí a cóta oíche di arís ag bun na
leapa. D’fhéach sí ar lámha beaga glasa an chloig. Fiche cúig
chun a trí. Dhreap sí isteach faoin chuilt arís.

Tharraing sí uirthi a cóta oíche She pulled on her bathrobe
anonn léi chun na fuinneoige over to the window
dréimire ladder
An dréimire a bhíodh sa seid acu The ladder that used to be in their shed
Níorbh í a samhlaíocht a bhí ag imirt cleasanna uirthi. Her imagination was not playing tricks on her
Bhí imní níos mó ná riamh ag teacht uirthi anois. More anxiety than ever was coming on her now.
Cad ba chúis leis seo go léir? What was the cause of all this?
Bhí sí an-mhíshuaimhneach ar fad She was thoroughly restless
í ag smaoineamh go doimhin ar an scéal thinking deeply on the story
nuair a chaith sí a cóta oíche di arís ag bun na leapa. when she threw her night coast again at the foot of the bed
D’fhéach sí ar lámha beaga glasa an chloig. She looked at the little green hands of the clock glas/uaine [?]
Fiche cúig chun a trí./i> 25 to three.
Dhreap sí isteach faoin chuilt arís. She climbed in under the quilt again.

Faoin am a bhuail an t-aláram agus an seomra geal arís ar
maidin bhraith Siobhán nach raibh néal codlata faighte aici.

Faoin am a bhuail an t-aláram By the time the alarm struck
bhraith Siobhán nach raibh néal codlata faighte aici. S felt that she had not gotten any sleep.

Verbal noun with pronoun

ag ithe í á hithe
ag bualadh mé do mo bhualadh
ag oscailt iad á n-oscailt
ag péinteáil é painting á phéinteáil
ag déanamh í á déanamh
ag moladh tú recommending do do mholadh
ag cloisteáil muid hearing dár gcloisteáil
ag gortú sibh injuring, hurting do bhur ngortú
ag cabhrú iad helping á gcabhrú
ag blaiseadh é tasting á bhlaiseadh
ag goid í stealing á goid
ag troid mé fighting do mo throid
ag mallachtú iad cursing á mallachtú
ag críochnú é finishing á chríochnú
ag beannú tú greeting, blessing do do bheannú
ag scrúdú í examining á scrúdú
ag síniú é signing á shíniú
ag tógáil iad building á dtógáil
ag lasadh é lighting á lasadh
ag glanadh iad cleaning á nglanadh
ag ní í washing á ní
ag ullmhú é preparing á ullmhú
ag marú muid killing dár marú
ag brú é pressing á bhrú
ag bailiú iad gathering á mbailiú
ag baint iad á mbaint
ag clúdach í covering á clúdach
ag foghlaim é learning á fhoghlaim
ag tuiscint muid understanding dár dtuiscint
ag ceartú iad correcting á gceartú
ag cóipeáil é copying á chóipeáil
ag míniú é explaining á mhíniú
ag lorg mé seeking do mo lorg
ag díol é selling á dhíol
ag seoladh í sailing, addressing á seoladh
ag gearradh iad cutting á ngearradh

<!–


–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.