Monday Night Irish Class, November 24, 2014

Irish Class, November 24, 2014

Rang Gaeilge, 24 lá Mí na Samhna 2014

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Seanfhocail
An capall a phreabas is é a éimhíos The horse that starts/throbs is the one that squeals preabann, éimhionn “The one who starts the ruckus makes the most noise.”
Paidir chapaill Prayers of a horse I.e. on its knees — “slacker”

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú
Caibidil 1: Eachtra san Oíche [tuilleadh]

Sula bhfuair éinne den mbeirt a bhí ina seasamh i lár an
bhóthair seans uimhir na nGardai áitiúla a lorg fiú, seo chucu
carr bán le stríoca frithchaite solais buí ag lonradh ar na
taobhacha agus an solas gorm leis na litreacha G-A-R-D-A ar
an díon. Mhoilligh an carr. D’isligh an fhuinneog. “Ó, maith

mar a tharla” a deir Siobhan, “is é Dia a sheol chugainn sibh!”
Faoiseamh mór le haithint uirthi anois. Chrom sí ar a scéal a
insint dóibh ar lán luas. B’ait léi nuair a bhí a cuid ráite aici nach
raibh mórán toradh á thabhairt ag an mbeirt gharda ar an
bpráinn a bhí ina glór. “Tá mo charr ina phraiseach” ar sise. “Bhí
an t-ádh liom gur scar mé le mo bheatha.” D’fhéach an bheirt
gharda ar a chéile. Duine acu óg, sna fichidí déanacha. An fear
eile níos sine, b’fhéidir daichead. Bolg mhór air faoin roth
stiúrtha. Ar chúis éigin níor thaitin sé le Siobhán. Rud éigin ait
mar gheall ar an bhfear óg ach ní fheadfadh sí méar a leagan air
agus ní raibh an t-am aici le bheith ag smaoineamh air anois.
“An gclúdóidh do chuid árachais tú’ a deir an ceann ramhar.
“Mo chuid árachais? Nach bhfuil sibh fiú chun éirí amach as an
gcarr? Caithfidh a bheith go bhfuil a fhios agaibhse cé ag a
bhfuil capaill sa cheantar seo?”

A nádúr teasaí anois ag briseadh
amach. A guth ag éirí mífhoighneach agus práinneach. “Ní mór
dom a fháil amach cé atá ciontach as seo…” agus chrom sí ar
dhrochíde a thabhairt orthu beirt. Sheas an tiománaí eile chun
cinn agus d’fhéach thar ghualainn Shiobhán isteach ar an
nGarda. “Déarfainn go mb’fhearr duit éirí amach agus féachaint
ar an damáiste ar a laghad. Roinnt sonraí a ghlacadh,
b’fheidir,” é ag iarraidh Siobhán a mhaolú agus an Garda a
spreagadh ag an am céanna. “Féach,” a deir sé, ag casadh ar
leataobh chuig Siobhán “tabhair dom d’uimhir ghutháin. Ta sé
ar intinn agamsa dul chuig stáisiún na nGardai amárach agus
gearán oifigiúil a dhéanamh leo ina thaobh seo. Tabharfaidh mé
d’uimhirse dóibh agus déarfaidh mé leo teagmháil a dhéanamh
leatsa freisin.” Scaoil an Garda ramhar a chrios sábhála agus
d’oscail doras an chairr phatról.

sula before used with verbs. roimh with nouns
Sula bhfuair éinne den mbeirt a bhí ina seasamh i lár an
bhóthair seans uimhir na nGardai áitiúla a lorg fiú
Before either of the two were standing in the middle of the road some number of the local
police searching ….
seo chucu carr bán le stríoca frithchaite solais buí ag lonradh ar na taobhacha agus
an solas gorm leis na litreacha G-A-R-D-A ar
an díon.
to them this white care with yellow reflecting strips on the sides and a blue
light with the letters G-A-R-D-A on the roof
Mhoilligh an carr. The car slowed,
D’isligh an fhuinneog. The window lowered
maith mar a tharla good has happened
is é Dia a sheol chugainn sibh! God sent you to us!
Faoiseamh mór le haithint uirthi anois. Great relief now recognizable on her
Chrom sí ar a scéal a insint dóibh ar lán luas. She started to tell her story to them at full speed.
B’ait léi nuair a bhí a cuid ráite aici nach raibh mórán toradh á thabhairt
ag an mbeirt gharda ar an bpráinn a bhí ina glór.
It seemed queer to her when she was done talking that the two guards did not give much response to the urgency in her voice.
Tá mo charr ina phraiseach My car is a mess
Bhí an t-ádh liom gur scar mé le mo bheatha. I was lucky that I got out with my life.
sna fichidí déanacha in the late 20’s
daichead 40 dhá + fiche
Bolg mhór air faoin roth stiúrtha. Big belly under the steering wheel.
Ar chúis éigin níor thaitin sé le Siobhán. For some reason S did not like him.
Rud éigin ait mar gheall ar an bhfear óg ach ní fheadfadh sí méar a leagan air Something strange about the young man but she could not lay a finger on it
ní raibh an t-am aici le bheith ag smaoineamh air anois. there was not time to be thinking about it now
An gclúdóidh do chuid árachais tú? Does your insurance will cover you?
Nach bhfuil sibh fiú chun éirí amach as an gcarr? You will not even get out of the car?
Caithfidh a bheith go bhfuil a fhios agaibhse cé ag a bhfuil capaill sa cheantar seo? Must be that you know who has horses in this area?
A nádúr teasaí anois ag briseadh amach. Her heated nature now breaking out
A guth ag éirí mífhoighneach agus práinneach. Her voice becoming impatient and urgent.
Ní mór dom a fháil amach cé atá ciontach as seo… I need to find out who is guilty of this
chrom sí ar dhrochíde a thabhairt orthu beirt. She bent to give abuse to both of them
Sheas an tiománaí eile chun cinn The other driver stepped forward
d’fhéach thar ghualainn Shiobhán isteach ar an nGarda looked across S’s shoulder in at the Guards
Déarfainn go mb’fhearr duit éirí amach agus féachaint ar an damáiste ar a laghad I would say you would best get out and at least look at the damage
Roinnt sonraí a ghlacadh, To get a few details
é ag iarraidh Siobhán a mhaolú agus an Garda a spreagadh ag an am céanna. wanting to calm S and encourage the guard at the same time.
ag casadh ar leataobh chuig Siobhán turning to one side to S
tabhair dom d’uimhir ghutháin. Give me you phone number
Ta sé ar intinn agamsa dul chuig stáisiún na nGardai amárach I intend to go to the Police Station tomorrow
gearán oifigiúil a dhéanamh leo ina thaobh seo. make an official complaint in this matter
Tabharfaidh mé d’uimhirse dóibh I will give your number to them
déarfaidh mé leo teagmháil a dhéanamh leatsa freisin. I will tell them to meet with you also.
Scaoil an Garda ramhar a chrios sábhála The fat guard released his seat belt

col ceathrair first cousin
col seasair second cousin
ráca rake

<!–


Resource: Dictionary and Language Library

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.