Monday Night Irish Class, November 3, 2014

Irish Class, November 3, 2014

Rang Gaeilge, 3 lá Mí na Samhna 2014

October 27 was an all-class session. I had to pretend I was a wise elder.

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

CRÚBA NA CINNIÚNA

le Áine Uí Fhoghlú
Caibidil 1: Eachtra san Oíche

  • Leag Siobhán an mála sceallóg síos taobh thiar de luamhán na ngiaranna. Chuir teas na sceallóg an
    fhuil ag rith arís i mbarraí a méar. Deich nóiméad ina seasamh sa bhfuacht ag fanacht ag an mboth bia
    tapa i lár an tsráidbhaile. Bior san aer anocht. D’imigh creathán fuachta tríthi. Agus sceallóg i ngreim
    idir a cuid fiacal aici ar eagla go ndófadh sé a teanga chas sí an eochair agus thosaigh an carr. Chogain sí
    go héadrom ag tarraingt a hanála agus ag aistriú na sceallóige ó thaobh go taobh. chuir ar siúl an treoire,
    d’fhéach sa scáthán cúl-radhairc agus tharraing amach arís ar an mbóthar go cúramach. Bhí gal
    na sceallóg agus gal a hanála ag cur ceo ar an bhfuinneog. Chas sí an teasdiail go dearg agus chas an
    teasaire dhá chlic ar dheis. Ghlanfadh sé sin é. Sracfhéachaint ar an gclog ar an daisphainéal. Leathuair
    tar éis a deich! Bheadh sé ina mheánoíche sula mbainfeadh sí an baile amach anocht. Agus ní raibh
    fágtha ach cúpla míle de bhóthar maith nó go mbuailfeadh sí na fo-bhóithre. D’fhéadfaidis a bheith
    siocaithe anocht. D’ardaigh fothrom an innill. An dara giar. Leag sí bas a láimhe ar dhornán an
    luamháin le nach bhfágfadh sí gréis na sceallóg ar fud an chairr. Ba leor go mbeadh an boladh ann ar
    maidin. B’fhuath léi an boladh sin – gréis na sceallóg agus fíongéar agus mar a cheangail sé é féin
    d’éadach na suíochán. Ba mheasa é ná boladh ó dheatach toitíní

    Caibidil Chapter
    Eachtra Incident
    luamhán na ngiaranna gear stick
    Leag an mála sceallóg síos taobh thiar de luamhán na ngiaranna Siobhán set the bag of chips down behind the gear shift
    Chuir teas na sceallóg an fhuil ag rith arís i mbarraí a méar. The heat of the chips made the blood run in the tips of her fingers.
    Deich nóiméad ina seasamh sa bhfuacht ag fanacht ag an mboth bia tapa i lár an tsráidbhaile. Ten minutes standing in the cold waiting at the fast food hut/booth in the center of the village.
    Bior san aer anocht. Bite in the air tonight Bior “point”
    D’imigh creathán fuachta tríthi. A cold tremor went through her
    Agus sceallóg i ngreim idir a cuid fiacal aici ar eagla go ndófadh sé a teanga chas sí an eochair agus thosaigh an carr. As a chip was stuck between her teeth for fear that she would burn her tongue she turned the key and started the car
    Chogain sí
    go héadrom ag tarraingt a hanála agus ag aistriú na sceallóige ó thaobh go taobh.
    She chewed lightly drawing her breath moving the chip from side to side.
    treoire indicator
    Chuir ar siúl an treoire, [She] started/turned on the indicator
    go cúramach carefully
    d’fhéach sa scáthán cúl-radhairc agus tharraing amach arís ar an mbóthar go cúramach. She looked in the rear-view mirror and carefully pulled back out on the road.
    Bhí gal na sceallóg agus gal a hanála ag cur ceo ar an bhfuinneog. Steam from the chips and steam from her breath was putting fog on the window;
    teasdiail heat dial
    Chas sí an teasdiail go dearg She turned the heat dial red ???
    chas an teasaire dhá chlic ar dheis. She turned the heater two clicks to the right
    Ghlanfadh sé sin é. That would clean it.
    Sracfhéachaint ar an gclog ar an daisphainéal. A glance at the clock on the dashboard.
    Leathuair tar éis a deich! Half an hour after 10!
    Bheadh sé ina mheánoíche sula mbainfeadh sí an baile amach anocht It would be midnight before she would reach home tonight.
    Agus ní raibh fágtha ach cúpla míle de bhóthar maith nó go mbuailfeadh sí na fo-bhóithre. An she only had a couple miles left of good roads and she would hit the side roads. is redundant
    D’fhéadfaidis a bheith siocaithe anocht. They could be frosty tonight. siocaithe[the side roads]
    D’ardaigh fothrom an innill. The engine noise increased.
    An dara giar. The second gear.
    bas = bos palm
    dornán fistful, handful, grip
    luamhán lever m1
    gréis = gréisc grease
    Leag sí bas a láimhe ar dhornán an luamháin le nach bhfágfadh sí gréis na sceallóg ar fud an chairr. She put the palm of her hand on the knob/grip of the lever in order that she would not leave the grease of the chips around the car le nach “in order that”
    Ba leor go mbeadh an boladh ann ar maidin. It was enough to be able to smell in the morning.
    B’fhuath léi an boladh sin She hated that smell
    gréis na sceallóg agus fíongéar agus mar a cheangail sé é féin d’éadach na suíochán. Grease of the chips and vinegar and stuck to itself with the cloth of the seats. ceangail tie, bind (v)
    Worse than the smell of cigarette smoke.
  • Bhrúigh sí cnaipe an raidió. AnochtFM. Cailín óg éigin le Gaeilge líofa Bhaile Átha Cliath ag fógairt
    amhrán le Bob Dylan i nguth séimh suaimhneach. Breá, breá. Bóthar deas leathan. Airgead na hEorpa
    caite go stuama sa taobh seo tíre. Ní raibh aon phioc tráchta ann anocht. Is beag duine dá leithéid féin a
    bheadh amuigh oíche Mháirt ag an am seo. Bhí saghas aiféala uirthi gur thosaigh sí ar an gcúrsa seo in
    aon chor. Ach bhí an t-airgead de dhíth uirthi don Nollaig agus bhí beirt is tríocha cláraithe don rang.
    Ní fhéadfadh sí iad a ligean síos anois agus gan ach dhá rang eile fágtha. Bhí sí ag baint taitnimh as
    seachas an taisteal agus bhí cairde nua déanta aici. Daoine suimiúla. Éagsúla.

    Bhrúigh sí cnaipe an raidió She pushed the radio button.
    Cailín óg éigin le Gaeilge líofa Bhaile Átha Cliath ag fógairt amhrán le Bob Dylan i nguth séimh suaimhneach. Some young girl with fluent Dublin Irish announcing a Bob Dylan song in a gentle soothing voice.
    Bóthar deas leathan. Nice broad road
    Airgead na hEorpa caite go stuama sa taobh seo tíre. European money sensibly spent in this country side.
    Ní raibh aon phioc tráchta ann anocht. There was no [bit of] traffic tonight.
    Is beag duine dá leithéid féin a bheadh amuigh oíche Mháirt ag an am seo. Few people like herself would be out on a Tuesday night at this time.
    Bhí saghas aiféala uirthi gur thosaigh sí ar an gcúrsa seo in aon chor. She had sort of a regret that she started the course anyway. in aon chor “anyway”, “in the first place”
    Ach bhí an t-airgead de dhíth uirthi don Nollaig But she needed the money for Christmas
    bhí beirt is tríocha cláraithe don rang. 32 people were registered for the class.
    Ní fhéadfadh sí iad a ligean síos anois agus gan ach dhá rang eile fágtha. She could not let them down now and there were only two classes left.
    Bhí sí ag baint taitnimh as seachas an taisteal agus bhí cairde nua déanta aici. She was enjoying [it] aside from the travel and she had made new friends.
    Éagsúla Various, Assorted, Different
    Daoine suimiúla. Éagsúla. Interesting people. Different,
  • Ní raibh an tríú giar i bhfearas aici nuair a tharla sé. Mar a splancfadh tintreach réab an toirt dubh do-
    aitheanta tríd an ngaothscáth. Bhris an ghloine ina smidiríní ar fud an chairr. Ar éigean go raibh an
    t-am aici aitheantas a thabhairt don iontas, sceon, eagla agus dochreidteacht agus iad go léir i mullach a
    chéile! Seo chuici isteach….ní fhéadfadh gur fíor…. seo dhá chrúb capaill ag lascadh ina treo!

    Ní raibh an tríú giar i bhfearas aici nuair a tharla sé. The third gear was not in place when it happened
    splanc flash
    tintreach lightning
    réab plowed
    toirt bulk, mass
    do-aitheanta unrecognized
    gaothscáth windscreen
    Bhris an ghloine ina smidiríní ar fud an chairr. The glass broke into smithereens all over the car.
    éigean force, violence
    ar éigean hardly
    Ar éigean go raibh an t-am aici aitheantas a thabhairt don iontas She hardly had the time to recognize her surprise
    sceon terror
    eagla agus dochreidteacht agus iad go léir i mullach a chéile! fear and disbelief and they were all on top of each other
    Seo chuici isteach Here to her
    ní fhéadfadh gur fíor It could not be true
    ag lascadh thrashing, lashing
    ina treo in her direction
    seo dhá chrúb capaill ag lascadh ina treo These two horse hooves thrashing in her direction.

turscar seaweed
Is mór orlach de shrón duine An inch is big for a person’s nose
géarchéim crisis, emergency f2
féasóg beard

Resource: Dictionary and Language Library

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.