Monday Night Irish Class, March 3, 2014

Irish Class, March 3, 2014

Rang Gaeilge, 3ú lá Mí na Márta 2014

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Maidhc Dainín Ó Sé #5 — More from Chicago

Sears, cont’d
  • Níor braitheas an t-am ag imeacht go dtí go rabhamair isteach i mí na Samhna. Is ansin a thosnaigh an obair i gceart ag ullmhú don Nollaig.
    Mhéadaigh ar an dtrácht a bhí ag teacht isteach agus ar ndóigh ar an dtrácht a bhí ag dul amach. Is minic a bhímis ag folmhú leoraithe go meán oíche díreach roimis
    na Nollag. Nuair a bhíodh an lá oibre críochnaithe bhíodh orm féin mo shlí a dhéanamh abhaile ar an mbus. Is minic a bhíodh mo chroí i mo bhéal agam ag fanacht
    leis an mbus céanna mar, mar a dúrt cheana, is i gceantar ina gcónaíodh daoine dubha a bhí monarcha Sears Roebuck. Is minic a thugainn faoi ndeara iad agus
    mé ar mo shlí abhaile agus drochshúil á chaitheamh acu orm. Bhínn ag siúl na sráide istoíche agus mo dhá dhorn dúnta agam ar eagla go dtabharfaí fúm.
    Bhí dífhostaíocht, ólachán agus fíú drugaí go mór i réim sa cheantar sin. Dá mbeadh George féin ag dul i mo threosa.
    B’fhéidir ná cuirfí isteach orm dá mbeadh fear dubh i m’fhochair. Nuair a dúrt an méid sin le George lá amháin thosnaigh sé ag gáirí.
    Ba chuma dubh nó buí nó geal tú, a dúirt sé, dá mbeadh rud éigin ar bhun do phóca. Is amhlaidh a bhí an chine dhubh ag éirí ana-mhífhoighneach toisc
    gan cothrom na féinne bheith á fháil acu ón bhfear bán. Bhí oideachas á fháil ag cuid acu anois agus iad ag tuiscint cúrsaí níos fearr.
    Thuigeadar conas a deineadh sclábhaithe den gcine ghorm ar dtúis agus bhíodar ag lorg cearta sibhialta agus postanna anois.
    Ach bhí a gcuid achainí ag titim ar chluasa bodhra. Bhí na daoine óga ag imeacht timpeall ag déanamh mioscais. Is minic a chuala faoi ionsaithe a deineadh
    ar dhaoine go raibh aithne agam orthu.

    Níor braitheas an t-am ag imeacht go dtí go rabhamair isteach i mí na Samhna. I did not feel the time going until
    we were inside in November
    Is ansin a thosnaigh an obair i gceart ag ullmhú don Nollaig. This is when the work begins to properly prepare for Christmas.
    Mhéadaigh ar an dtrácht a bhí ag teacht isteach agus ar ndóigh ar an dtrácht a bhí ag dul amach. The traffic that was coming in increased and of course the traffic going out.
    Is minic a bhímis ag folmhú leoraithe go meán oíche díreach roimis na Nollag. Often we were unloading trucks at midnight just before Christmas.
    Nuair a bhíodh an lá oibre críochnaithe bhíodh orm féin mo shlí a dhéanamh abhaile ar an mbus. When the work day was finished I was making my own way home on the bus bhíodh p hab
    Is minic a bhíodh mo chroí i mo bhéal agam ag fanacht leis an mbus céanna mar, Often my heart was in my mouth while waiting for the same bus, bhíodh p hab
    mar a dúrt cheana, as I said already
    is i gceantar ina gcónaíodh daoine dubha a bhí monarcha Sears Roebuck The Sears Roebuck factory was in an area where black people lived
    Is minic a thugainn faoi ndeara iad agus mé ar mo shlí abhaile They used to notice me on my way home
    drochshúil á chaitheamh acu orm they had an evil eye cast at me
    Bhínn ag siúl na sráide istoíche agus mo dhá dhorn dúnta agam ar eagla go dtabharfaí fúm. I used to walk the streets at night with my two fists closed for fear of being jumped
    Bhí dífhostaíocht, ólachán agus fíú drugaí go mór i réim sa cheantar sin. There was plenty of unemployment, drinking, and even drugs running through that area
    Dá mbeadh George féin ag dul i mo threosa. George himself would go as my guide
    B’fhéidir ná cuirfí isteach orm dá mbeadh fear dubh i m’fhochair. Perhaps I wouldn’t be affected with a black man in my proximity
    Nuair a dúrt an méid sin le George lá amháin thosnaigh sé ag gáirí When I said as much to George one day he started laughing
    Ba chuma dubh nó buí nó geal tú, regardless of you being black, yellow, or white
    dá mbeadh rud éigin ar bhun do phóca. if there was something in the bottom of your pocket
    Is amhlaidh a bhí an chine dhubh ag éirí ana-mhífhoighneach In fact the black race was becoming very impatient
    toisc gan cothrom na féinne bheith á fháil acu ón bhfear bán. because they had not received the fairness of the Fianna from the white man
    Bhí oideachas á fháil ag cuid acu anois agus iad ag tuiscint cúrsaí níos fearr. Some of them had received an education and now were understanding issues better
    Thuigeadar conas a deineadh sclábhaithe den gcine ghorm ar dtúis agus bhíodar ag lorg cearta sibhialta agus postanna anois. They understood how the black race was enslaved in the beginning and were looking for civil rights and jobs now
    Ach bhí a gcuid achainí ag titim ar chluasa bodhra. But their petition was falling on deaf ears
    Bhí na daoine óga ag imeacht timpeall ag déanamh mioscais. The young people were going around making trouble
    Is minic a chuala faoi ionsaithe a deineadh ar dhaoine go raibh aithne agam orthu. I often heard about attacks on people that I knew
  • ‘Cogar,’ a deireadh George, ‘is ag tosnú atá rudaí. Mura dtiocfaidh athrú aigne ar na polaiteoirí agus ar na tionsclóirí doirtfear fuil fós.’

    Bhí orm géilleadh dona chuid cainte nuair a d’fhéachas timpeall orm. Ní raibh ach triúr den gcine ghorm ag obair sa chúinne ina rabhas féin agus
    bhí beirt acu sin ag scuabadh an urláir. Bhí os cionn trí fichid fear bán ann agus b’in i gceantar ina raibh daoine dubha ina gcónaí.
    De réir mar a chuala bhí an scéal céanna ag gach comhlacht.

    Cogar,’ a deireadh George, ‘is ag tosnú atá rudaí’ ‘Whisper’. saidd George, ‘Things are starting
    Mura dtiocfaidh athrú aigne ar na polaiteoirí Unless the politicians will come to change their mind
    ar na tionsclóirí doirtfear fuil fós. blood will be spilled on the industrialists
    Bhí orm géilleadh dona chuid cainte nuair a d’fhéachas timpeall orm. I had to concede to his speech when I looked around me
    Ní raibh ach triúr den gcine ghorm ag obair sa chúinne ina rabhas féin There were only three of the black race working in the corner where I myself was
    bhí beirt acu sin ag scuabadh an urláir. two of them were sweeping the floor
    Bhí os cionn trí fichid fear bán ann agus b’in i gceantar ina raibh daoine dubha ina gcónaí. There were over 60 white men and that was in an area where black people lived.
    De réir mar a chuala bhí an scéal céanna ag gach comhlacht. The same story was heard at every company
  • Ach bhí mo dhóthain de chúram orm féin gan fadhbanna daoine eile bheith ag déanamh tinnis rómhór dom. Mar sin féin ní rabhas róshásta mar gheall
    ar chúrsaí na bhfear ngorm. Is minic a chuir George síos dom ar cheol agus nósa a chine agus bhaininn ana-shásamh as a chuid eachtraithe.
    Is minic leis a chuimhníos ar an ngéarleanúint a bhí déanta orainn féin mar chine.

    Ach bhí mo dhóthain de chúram orm féin But I had enough cares of my own
    gan fadhbanna daoine eile bheith ag déanamh tinnis rómhór dom. without problems of other people making me too sick.
    Mar sin féin ní rabhas róshásta mar gheall ar chúrsaí na bhfear ngorm. However I was not happy about the affairs of the black men.
    Is minic a chuir George síos dom ar cheol agus nósa a chine George often described the music and customs of his race
    bhaininn ana-shásamh as a chuid eachtraithe. I greatly enjoyed his tales.
    Is minic leis a chuimhníos ar an ngéarleanúint a bhí déanta orainn féin mar chine. they often reminded me of the persecution of my own people.
  • Is mó saghas cine a bhí ag obair ag Sears. Bhíodar ann ón bPolainn, ón Iodáil agus bhí an Giúdach

    ann. Dream eile a bhí ann ná hillbillies, daoine ná raibh mórán oideachais orthu ó áiteanna ar nós
    Tennessee agus Alabama. Ar a shon is go raibh an meascán sin ann réitídís go maith le chéile.
    B’fhéidir go mbeadh fo-bhabhta áitimh ann ach ní fheaca éinne ag úsáid na ndoirne ann.

    Is mó saghas cine a bhí ag obair ag Sears. More kinds of races were working at Sears.
    Bhíodar ann ón bPolainn, ón Iodáil agus bhí an Giúdach ann. There were Poles, Italians, and a Jew.
    Dream eile a bhí ann ná hillbillies, Another group was the hillbillies.
    daoine ná raibh mórán oideachais orthu ó áiteanna ar nós Tennessee agus Alabama. people that did not have much education from places like Tennessee and Alabama.
    Ar a shon is go raibh an meascán sin ann réitídís go maith le chéile. However that mix got along well together.
    fo-bhabhta sub-round, sub-trun
    dorn fist
  • ———–Just a quick item, something cute when Maidhc is explaining to his readers a little more
    about the Sears company. ———-

    Bhí siopa leis ag an gcomhlacht ach is le horduithe tríd an bpost a bhí ár gcuidne den gcomhlacht
    ag déileáil. I ndóthair bhí seacht gcéad siopa ag Sears Roebuck timpeall Mheiriceá agus nuair a deirim
    siopa ní hé siopa Chéití Sarah sa Daingean atá i gceist agam.

    Bhí siopa leis ag an gcomhlacht There was a shop at the company
    is le horduithe tríd an bpost a bhí ár gcuidne den gcomhlacht ag déileáil dealing with the orders through the mail was our part of the company
    I ndóthair bhí seacht gcéad siopa ag Sears Roebuck timpeall Mheiriceá In all there were 700 Sears Roebuck stores around America
    nuair a deirim siopa ní hé siopa Chéití Sarah sa Daingean atá i gceist agam when I say shop is not the Céiti Sarah sop in Dingle in question
  • American Women

    ———–Maidhc is kept on at Sears and promoted. Meanwhile, he gets into the local music and
    dance scene, makes some connections, and starts to play. He falls in with a fellow by the name of Mike
    Scollard, because that Mike had a car and they could get out and frolic together. One night at a dance,
    Mike is off dancing while Maidhc Dainín chats with an old friend, when Mike returns with news. ——
    —-

    Tháinig Mike ar ais tar éis tamaill agus má tháinig bhí rud éigin ag déanamh tinnis dó. Cailín
    scéimhiúil a bhí tugtha faoi ndeara aige ach ní raibh sí ina haonar, a dúirt sé. Cheapamair gur fear a
    bhí i gceist aige ar dtúis ach ní hea. Cailín eile agus comharsa béal dorais di a bhí léi. Ambaiste, má bhí
    cabhair uaidh gheobhadh sé í. Thosnaigh foxtrot mall agus bheartaíomair gurb é seo an t-am ceart
    chun an bheirt chailíní a thabhairt ag rince. Thaispeáin Mike dom cá raibh an bheirt chailíní agus
    scaoileas romham é chun go bhfaigheadh sé féin an cailín a bhí uaidh. Thugas-sa an cailín eile amach
    ag rince liom. De mhuintir Choistealbha ab ea an cailín a bhí ag rince liomsa agus ba ó Chorcaigh ab
    ea a sin-seanathair. Dúirt sí liom go bhfeaca sí mé sa Keyman’s Club an chéad oíche a bhíos ann! Sin
    rud a rith liom ná an chomhairle a thug Dainín dom uair amháin, is é sin cloí le mo chine féin agus gan
    bean a rugadh i Meiriceá a phósadh. Dar leis siúd ní fada a bheadh bean Mheiriceánach ag cur aprúin
    ar an bhfear a phósfadh í agus ní hamháin sin ach gur air siúd a bheadh éirí i lár na hoíche dá
    dtosnódh éinne des na páistí ag cnáimhseán. Ní róshláintiúil na súile a bhí sí ag cur tríom.

    háinig Mike ar ais tar éis tamaill agus má tháinig bhí rud éigin ag déanamh tinnis dó. Mike came back after a while and came like something was bugging him making him sick lit. “making him sick”
    Cailín scéimhiúil a bhí tugtha faoi ndeara aige ach ní raibh sí ina haonar, He noticed a beautiful girl but she was not alone
    Cheapamair gur fear a
    bhí i gceist aige ar dtúis ach ní hea
    We thought at first a man was [the person] in question, but no.
    Cailín eile agus comharsa béal dorais di a bhí léi. Was another girl and her next door neighbor
    Ambaiste, má bhí cabhair uaidh gheobhadh sé í. Indeed, if he wanted help he would get it
    Thosnaigh foxtrot mall agus bheartaíomair gurb é seo an t-am ceart chun an bheirt chailíní a thabhairt ag rince. A slow foxtrot began and we determined this was the right time to ask the two girls to dance
    Thaispeáin Mike dom cá raibh an bheirt chailíní Mike showed me where the two girls were
    scaoil loosen, release, unfasten
    scaoileas romham é chun go bhfaigheadh sé féin an cailín a bhí uaidh. I let him get the girl he wanted
    Thugas-sa an cailín eile amach ag rince liom. I took the other girl out to dance with me
    De mhuintir Choistealbha ab ea an cailín a bhí ag rince liomsa The girl dancing with me was from the people of Costeal
    ba ó Chorcaigh ab ea a sin-seanathair her great-grandfather was from Cork
    Dúirt sí liom go bhfeaca sí mé sa Keyman’s Club an chéad oíche a bhíos ann! She said to me that she saw me in Keyman’s Club the first night I was there
    an chomhairle a thug Dainín dom uair amháin, The advice Dainin gave me once
    is é sin cloí le mo chine féin agus gan bean a rugadh i Meiriceá a phósadh. that is to adhere to my own race and not marry a woman born in America
    Dar leis siúd ní fada a bheadh bean Mheiriceánach ag cur aprúin ar an bhfear a phósfadh í According to them it would not be long before an American woman put an apron on the man who married her
    ní hamháin sin ach gur air siúd a bheadh éirí i lár na hoíche dá dtosnódh éinne des na páistí ag cnáimhseán. Not only that but he would have to get up in the middle of the night when any of the children began to cry [grumble]
    Ní róshláintiúil na súile a bhí sí ag cur tríom. Not too healthy were the eyes she was putting through me.
  • Nuair a bhí an rince críochnaithe chuamair ar ais go dtí an mbeár agus bhí Mike ansiúd romhainn
    agus an bhean eile ar adhastar aige. D’ólamair deoch agus bhí dhá highball ag na cailíní. Thugas faoi
    ndeara go raibh a chailín féin ag luí isteach ar fad le Mike agus ní raibh an cailín a bhí agamsa rófhada
    siar le cúrsaí ach an oiread.

    Nuair a bhí an rince críochnaithe chuamair ar ais go dtí an mbeár When we were finished dancing we came back to the bar
    bhí Mike ansiúd romhainn agus an bhean eile ar adhastar aige. Mike was there before us and the other woman he he was hooked by
    D’ólamair deoch agus bhí dhá highball ag na cailíní. We drank drinks and the girls had two highballs
    . Thugas faoi ndeara go raibh a chailín féin ag luí isteach ar fad le Mike I noticed his own girl was [lying down the whole way] completely compatible with Mike
    ní raibh an cailín a bhí agamsa rófhada siar le cúrsaí ach an oiread. The girl I had was not very far behind with matters either
  • ———–Friend Mike suggests giving the women, who are neighbors, a ride in his car back to their
    houses. When they get there, neither woman is terribly bashful, but I’ve only excerpted the stuff
    deailng with Maidhc Dainín. ———-

    Nuair a shroiseamair an áit ina raibh cónaí ar na cailíní ghlaoigh Jeannie isteach orainn ina tig féin

    chun go n-ólfaimis tae i bhfochair a chéile

    ‘Tae!’ arsa Mike, ‘tabhair leat isteach Micheál Ó Sé, a chailín, agus dein tae dó. Déanfaidh Theresa tae domsa.’

    Nuair a chuamair isteach chuir Jeannie buidéal beorach faoi mo cheann agus dúirt liom gloine a fháil dom féin sa churpard.
    Thosnaigh sí féin ag cleatráil le citil agus sáspain. Déarfainn gur d’aon ghnó a bhí sí á dhéanamh mar is gearr gur chuala an trupall trapall chugam anuas an staighre.
    Bhí duine éigin eile sa tig agus é dúisithe!

    ‘Is that you, Jeannie baby? arsa an guth.

    ‘ Yes, Daddy dear, come in and meet my boyfnend.’

    `

    Nuair a shroiseamair an áit ina raibh cónaí ar na cailíní When we reached the place where the girls lived
    ghlaoigh Jeannie isteach orainn ina tig féin chun go n-ólfaimis tae i bhfochair a chéile Jeannie called us into her own house so we would drink tea with each other
    tabhair leat isteach Micheál Bring in for Michael
    Nuair a chuamair isteach chuir Jeannie buidéal beorach faoi mo cheann When we went inside Jeannie put a bottle of beer before me
    dúirt liom gloine a fháil dom féin sa churpard told me to get a glass for myself from the cupboard
    Thosnaigh sí féin ag cleatráil le citil agus sáspain. She herself began clattering kettles and saucepans
    Déarfainn gur d’aon ghnó a bhí sí á dhéanamh I would say she deliberately did it
    mar is gearr gur chuala an trupall trapall chugam anuas an staighre. as ws shortly heard a tramping to us dowm the stairs
    Bhí duine éigin eile sa tig agus é dúisithe! There was another person in the house and he was wakened!
    guth voice
  • Do smaoiníos láithreach ar chomhairle Dainín. Sea, boyfríend is gan an chéad chor déanta fós agam! Tháinig seanduine lom agus cuma chráite air isteach agus
    shuigh sé trasna an bhoird uaim. Thosnaigh sé am cheistiú ar dalladh mar gheall ar mo mhuintir agus gach aon ní a bhain leo. Deirimse leat go rabhas-sa maith mo dhóthain
    dó agus nach mór den bhfírinne a chuala sé uaimse. Dá bhfaighinn greim anois ar Mhike Scollard,
    bhainfinn croitheadh maith as mar ba é faoi ndeara an cúram seo ar fad.
    Tháinig sí féin amach faoi cheann tamaill agus cupán tae agus pláta lán de bhia aici. Chuir sí císte milis i lár an bhoird.
    Chun na fírinne a insint ní raibh fonn tae ná ithe ná aon fhonn eile fanta orm faoin dtráth sin.
    Thosnaíos ag ól braon tae agus ag blaisínteacht ar an mbia.

    Do smaoiníos láithreach ar chomhairle Dainín. I thought immediately of Dainin’s advice
    an chéad chor the first turn
    Tháinig seanduine lom … isteach a bald old man came in
    cuma chráite air isteach with a tormented appearance on him
    shuigh sé trasna an bhoird uaim sat across the table from me
    Thosnaigh sé am cheistiú ar dalladh mar gheall ar mo mhuintir He began intensely [lit. blindingly] questioning about my family
    gach aon ní a bhain leo everything relating to it
    Deirimse leat go rabhas-sa maith mo dhóthain dó I tell you it was well sufficient for me
    nach mór den bhfírinne a chuala sé uaimse he heard little truth from me
    Dá bhfaighinn greim anois ar Mhike Scollard, If I could get a grip now on Mike Scollard
    bhainfinn croitheadh maith as I would shake him well
    ba é faoi ndeara an cúram seo ar fad. as he was responsible for the whole affair
    Tháinig sí féin amach faoi cheann tamaill agus cupán tae agus pláta lán de bhia aici. She came out after a while with a cup of tea and she had a plate full of food
    Chuir sí císte milis i lár an bhoird. She put a sweet cake in the middle of the table
    Chun na fírinne a insint ní raibh fonn tae To tell the truth I had no desire for tea
    fanta remaining
    tráth occasion
    Thosnaíos ag ól braon tae I started drinking a drop of tea
    ag blaisínteacht ar an mbia. toying with the food
  • D’imigh uair an chloig ach ní raibh aon chuimhneamh ag mo sheanduine bogadh i dtreo an staighre. O Mhuire, dá mbeinn pósta léi siúd agus
    go mbeadh orm cur suas le mo sheanduine agus é ansiúd os mo chomhair lena phyjamas agus a shlipéirí oíche. Sea d’imeodh sé siúd nó mise mar ní bheadh
    an tsráid fairsing go leor do bheirt againn. D’fhéachas ar m’uaireadóir.

    D’imigh uair an chloig ach ní raibh aon chuimhneamh ag mo sheanduine bogadh i dtreo an staighre. An hour of the clock went by but the old man did not remember to move in the direction of ths stairs
    dá mbeinn pósta léi siúd if I were married to her
    go mbeadh orm cur suas le mo sheanduine I would have to put up with that old man
    é ansiúd os mo chomhair lena phyjamas agus a shlipéirí oíche is there in front of me in pajamas and slippers
    Sea d’imeodh sé siúd nó mise mar ní bheadh an tsráid fairsing go leor do bheirt againn. He or I would leave as the street would not be wide enough for the two of us
  • ‘O my, féach an t-am.’

    Labhair Jeannie. ‘Dhera, tóg bog é. Dad, téir a chodladh anois.’

    Ní raibh sé féin róshásta. ‘An mbeidh tú allright Jeannie, a linbh?’

    Ba dhóigh leat air gur mé Jack the Ripper. Thugas m’aghaidh ar an ndoras tosaigh ach má dheineas do lean sí siúd mé.
    Theanntaigh sí in aice an dorais mé.

    ‘Tóg bog é, beidh sé siúd imithe a chodladh faoi cheann nóimint.’

    Dhera really
    linbh
    Ba dhóigh leat air gur mé Jack the Ripper You would think to him I was Jack the Ripper
    tosaigh front
    lean follow, continue
    Teanntaigh hem in, corner
    beidh sé siúd imithe a chodladh faoi cheann nóimint. He will be gone to sleep in one moment
  • Ach bhí gach leithscéal faoin spéir agamsa. Dá bhfaighinn mo dhá chois amuigh ar an sráid ba dheacair mé a mhealladh isteach sa tig sin arís.
    Theastaigh uaithi go gcuirfinn glaoch teileafóin i rith na seachtaine uirthi agus scrígh sí síos an uimhir dom.
    Bheadh sé chomh maith aici a bheith díomhaoin
    mar is fada a bheadh sí ag feitheamh le glaoch.

    Dá bhfaighinn mo dhá chois amuigh ar an sráid If I got my two feet outside on the street
    ba dheacair mé a mhealladh isteach sa tig sin arís It would be difficult to entice me in the house again
    Theastaigh uaithi go gcuirfinn glaoch teileafóin i rith na seachtaine uirthi She wanted me to phone her during the week
    scrígh sí síos an uimhir dom She wrote down her number for me
    díomhaoin idle, worthless, unused
    ag feitheamh le glaoch waiting for a call
    Bheadh sé chomh maith aici a bheith díomhaoin
    mar is fada a bheadh sí ag feitheamh le glaoch.
    She would be waiting a long time for that call
    Chomh díomhaoin le bacach an mháls As idle as a beggar’s bag
    Chomh díomhaoin le lúidín an phíobaire As idle as a piper’s little finger
    Chomh díomhaoin le damh san eadra As idle as an ox at milking-time
  • <!–

  • –>


</table

<!–

cothrom even, level, balanced, fair

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.