Monday Night Irish Class, August 19, 2013

Irish Class, August 19, 2013

Rang Gaeilge, 19ú lá Mí na Lúnasa 2013

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Amhráin agus Bandaí — Songs and Bands

–>

<!–

–>

<!–

–>

<!–

–>

<!–

–>

<!–

–>

<!–

–>

Bogann cosúil le Jagger MOVES LIKE JAGGER Marún Cúig Maroon 5
Ní féidir fáil go leor JUST CAN’T GET ENOUGH Piseanna leis na súile dubha The Black Eyed Peas
PUMPED UP KICKS Foster The People
LIGHTERS Bad Meets Evil
STEREO HEARTS Gym Class Heroes
YOU MAKE ME FEEL… Cobra Starship
ROCKETEER Far*East Movement
MORE Usher
Don Chéad Uair FOR THE FIRST TIME An Script The Script
Físeanna Oíche NIGHT VISIONS Samhlaigh dragain Imagine Dragons
Cuimhní bealaigh díreach RANDOM ACCESS MEMORIES Punc craiceáilte Daft Punk
Vaimpírí nua-aimseartha na cathrach MODERN VAMPIRES OF THE CITY Deireadh seachtaine Vaimpírí Vampire Weekend
OVEREXPOSED Maroon 5
Is aimhmí mo cheann é MY HEAD IS AN ANIMAL Faoi Arrachtaí agus dhaoine Of Monsters And Men
Cosúil le Oibriú Cloig …LIKE CLOCKWORK Banríonacha na Chlochaoise queens of the stone age
AN EYE FOR AN EYE Like Moths To Flames
Gach cearn an Domhain ALL AROUND THE WORLD Iompar gan intinn Mindless Behavior
RESCUE & RESTORE August Burns Red
Mothaigh FEEL Ag Codladh le Banchealgairí Sleeping With Sirens
IN A TIDAL WAVE OF MYSTERY Capital Cities
Ina Dhúiseacht Gach Oíche UP ALL NIGHT Bealach Amháin One Direction
GOD’S NOT DEAD newsboys
REINCARNATED Snoop Lion
JUKE BOX HEROES Foreigner
GLOBAL WARMING Pitbull
Léarscáil na Gréine ildathach A COLOR MAP OF THE SUN Soilse Deasa Pretty Lights
VENOMOUS RAT REGENERATION VENDOR Rob Zombie
Amhráin ó Bhaile Taibhsí SONGS FROM A GHOST TOWN Phasáil le Turtair Trampled by Turtles
Gan Am NO TIME Coiníní Seacláide ó Ifreann Chocolate Bunnies From Hell

Cré na Cille — Review in Comhar (Continued from August 5)

Thagair mé romham dá fhánaí é réaladh firinneach sa litríocht ar mhuintir na tíre seo.
Fásann sé sin sa chéad áit as eagla agus leisce na scríneoirí an rud a chíonn siad ina dtimpeall a chur síos —
eagla roimh amharc súl na gcomharsan má tarraingíotar a bpictiúir go ró-bheacht; leisce roimh an rud atá istigh
sa chroí do thaisbeáint don saol. Nó an é an náire é — an náire bhanda úd a ordaíonn don mhnaoi a pearsa
do chlúdach ón cró-ghrinn? Pé cuis é is mar sin atá. Ach ní mór don scríneoir
scríobhadh. Agus deineann an scríneoir Éireannach ceachtar de dhá rud. Teicheann sé ón bhfírinne ar fad agus
téann i muinín na samhlaíochta. Rud a thug na sean-“Iomramha” dhúinn, an Fhiannaíocht, The Crock of Gold,
At Swim two Birds, The Unfortunate Fursey. Nó cuireann sé a lámh go garg leis an mhantal a chlúdaíonn an fhírinne,
stracann anuas é agus caitheann an fhírinne linn go binibeach ina dornánaibh. Pairlaimint Chloinne Tomáis, Ulysses.

tagair refer, allude
fána slope, hollow

m4 pl fánaí
fánach wandering, straying, aimless
réaladh manifestation
firinneach truthful
eagla fear
leisce laziness, reluctance
cíonn see var pres of feic
amharc view, scene
súl na gcomharsan eyes of their neighbors
tarraing pull, draw, drag, attract
beacht exact, accurate, precise
taispeáint show, exhibit f3
Nó an é an náire é Or is it the shame
banda band m4
banda womanly, feminine
an náire bhanda the shame of women [????]
úd yonder
pearsa person
clúdach cover, wrap, lid m1
silleadh look, glance
grinn perceptive, accurate
whoever, whatever
cúis cause, reason f2
deineann an scríneoir Éireannach ceachtar de dhá rud the Irish author is doing either of two things
teich = teith run away, flee
muinín trust, dependence f2
samhlaíocht imagination
iomramh rowing
garg acrid, rude, rough
clúdaigh cover, wrap
srac pull, tear
binibeach venomous
dornán fistful, handful, small quantity

Déarfainn go raibh Máirtín Ó Cadhain cortha bréan den saol is den mhuintir ar díobh é
nuair scríobh sé an scéal seo. Gur theastaigh uaidh an Ghaeltacht do chaitheamh san aghaidh ar lucht na Gaeilge féin —
ar na daoine go mba mhaith leo an Ghaeltacht do choinneáil mar shaghas Máigh Mheal mar a bhféadfaidís saoire míosa
do chaitheamh gách bliain i measc daoine simplí cneasta ‘seanshaolach’ a raibh gach deaghthréith agus fiorbharr
feabhais an Ghaelchine acu. Molaim a dháiríre, a mhisneach, a ghrá don fhírinne. Ach tá a bhuille ro-gharbh,
agus a phictiúir mar sin leathtaobhach.

coir tire, exhaust va cortha
bréan foul, rotten, messy
cortha bréan den saol sick and tired
díobh extinguish, eliminate, become extinct
díobh from/off/of them de
teastaigh be wanted/needed
uaidh from he/it ó
in aghaidh against
i measc among
coinneáil retantion
simplí simple, simple-minded
cneasta honest, sincere, decent, mild-mannered
saolach long-lived
tréith trait, quality
deaghthréith nice trait/quality deagh = deas
fior- true, real
barr topp
feabhas excellence, improvement
cine race, kind
dáiríre seriously
misneach courage, hopefulness
garbh rough, harsh

<!–

An bhfuil déine chomh mór san ina aigne ag an Éireannach nach dtig leis bheith ina ealadhnaí mhaith?
Samhlaíocht agus cóimhréir dhá bhun na healadhan. Tá an tsamhlaíocht ag an Éireannach ach ní thagann an chómhréir leis.
Abrann sé an iomad, in áit leigint don mhéid ná deirtear cuid mhór den scéal a inseacht —
mar a dheineann an Francach. Nó cleachtann sé an áiltheoireacht litearga úd a chítear chomh sonruitheach sin
i ngnáthdhrámaí Bhéarla Amharclann na Mainistreach, an fhuirseoireacht pháistiúil úd a loiteann gach ealadha.
Fé mar bheadh duine i lár scéil throm meáite tábhachtach agus go gcaithfeadh sé go hobann trí léim
as a chorp nó go seasóchadh sé ar a cheann.

aigne mind
tar come var pres tig
ealadhna = ealáin art
cómhréir accord, congruity
leigint permit
méid amount, quantity
deirtear is said
inseacht telling
cleacht become accustomed to
áilteoireacht tricking, joking
liteatha literrary
chítear it appears
sonrú specification
gnáth usual,
mainistir monastery gs mainistreach
fuirseoireacht fussing, scrambling
páistiúil cfhildign
loit hurt, wound, injure, damage
meáigh weigh va meáite
trom heavy

Níl ealadha Mháirtín Uí Chadhain sa scéal seo saor ó cháineadh. Athabrann sé an scéal go ró-mhinic,
cluin tú a phríomheachtraí dá n-inseacht ag Caitríona Pháidín agus ag na caractaerí eile ar gach dara leathanach.
Tá an iomad eagla air go gcaillfimíd brí agus snáithe an scéil. Tuiteann sé idir dhá stól beagán agus é
ag leagadh amach suíomh an scéil. Níl ins an reilig ach cleas le na caractaerí a bhailiú, a chur ag caint,
níl ann ach meán inste. Deineann sé dearmad de sin nuair thugann sé iarracht ar shaol ‘cille’ do chruthú:
nuair a leigeann sé do mheon Nóra Sheáinin athrú agus fás agus forbairt sa chill; nuair a chuireann sé a
g léamh novellettes í; nuair a thugann sé an Francach a thuit ón spéir isteach ann. Níl de ghnó ag lucht
na cille ach caint a dhéanamh — a meon féin fé mar bhí siad agus iad ar an saol, a nochtadh,
a bpáirt sa phríomheachtra a ríomh. Níl seasamh ná saol acu leasmuigh de sin.

cáin criticize, condemn

Is dearmad leis iad do chur ag caint ar neithe leasmuigh dá n-eolas — ar symposium, ar Rotary,
ar chúrsaí léann Ceilteach agus ar an Iolscoil. Leigeann an t-údar do na neithe atá dá bhuaireamh féin
sleamhnú isteach ins an áit nár chóir dóibh.

Ach bíodh ag duine éigin eile na mion-mháchailí sin do chíoradh. Is beag iad i gcompráid le comhacht,
le fuinneamh le bri bhorb an scéil ina iomláine. Níor scríodh aon rud mar é ar Éirinn i mBéarla, ná ní scríofar.

Maithim gach locht don údar nuair bhraithim an teanga ann: ag gluaiseacht ina tonnta,
ag scáirdeadh ina srothaibh, ag coipeadh ina guairneáin, ag lígheadh na gcarraigreach mar thaoille tuile.
An bhuirbe shaibhir, rábach, gharbh, thorthach a dhein clú do Phantagruel, do Sancho Panza, do Gil Blas, do Falstaff.

An té léifeadh an leabhar seo dcarfadh sé láithreach gur teanga í seo nach baol dí an bás,
ach gur dual dí borradh ó bhuipne i mbláth agus ó bhláth i dtoradh. Is teanga na mbeo a labhartar i “gCré na Cille.”
Agus cuirfidh an “Chré” chéanna fás faoin phlanda seirgthe leicthe úd a dtugaimíd “Aibheochaint na Gaeilge” air.

–>


guth voice
barúil opinion
oidhre heir m4
bandiúc duchess
teaghlach household, family m1

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.