Irish Class, August 6, 2012
Rang Gaeilge, 6ú lá Mí na Lúnasa 2012
<!–
Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ
08/09/12
–>
Mithid & Oiread
Mithid refers to “time” in a particular way. It is used in expressions like “It’s about time that …” or “It was high time that …”. It refers to due time, convenient time, appropriate time.
-
Nuair nach dtagann duine nó rud go mbíonn sé thar am dó teacht, ‘is mithid dó teacht,’ a deirtear.
tagann comes pres. of tar dó for him/it ← do + é -
Tá mí anois ó scríobh mo chara chugam — is mithid dom é a fhreagairt.
mí month -
Tá an seanghluaisteán seo i riocht titim as a chéile, ba mhithid dom ceann nua a cheannach.
seanghluaisteán old car riocht shape, form tabhair faoi deara to note -
‘Ag dul a chodladh atá tú?’ ‘Is ea go deimhin; nach mithid d’aon duine a bheith ina chodladh ar a haon déag?’
-
Ba mhithid don chapall sin rás a bhuachan.
It is time for that horse to win a race
-
Nuair a bhíonn maith nó cabhair nó fuascailt éigin i bhfad gan teacht is é a deirtear nuair a thagann sé sa deireadh: ‘Más maith is mithid é!’
cabhair help, assistance fuascailt release, deliverance, solution éigin some más if -
Tuigeann sé anois go ndearna sé dearmad. Ba mhithid go dtuigfeadh sé é.
dearna did, made p dep of déan dearmad mistake, omission, forgetfullness, negligence m1 -
Ní mhúchann sé an solas gur mithid leis titim dá chodladh.
múch smother, extinguish -
Nuair ba mhithid leis dul abhaile, bhí an gluaisteán chomh fuar sin nach ngluaisfeadh sé dó.
gluais move, set in motion dó for him/it ← do + é nach ngluaisfeadh sé dó it would not start -
Nuair a thagann mí Bhealtaine is mithid le daoine triall ar an bportach chun móin na bliana a bhaint.
triall journey, expedition portach bog m1 móin peat -
Trí seachtaine roimh Nollaig, is mithid le siopadóirí a bheith ag gléasadh nó ag cóiriú na bhfuinneog.
gléas arrange, prepare cóiriú arrangement, dressing, preparing, mending -
Tháinig Seán agus is mithid dó sin.
Seán has come and it’s about high time he did. -
Ba mhithid dó pósadh.
It was time he was married.
Additional Usage Notes
-
Nuair a tháinig ar a mhithidí féin.
in his own good time. -
Ag brath ar a, ag feitheamh/fanacht lena, mhithidí.
awaiting his convenience. [negative connotation] -
Ní ar mo mhithidí atá.
it is not for me to choose the time. -
Is mithid liom …
It is time to … -
Is mithid dom …
It is time for me to … -
Ní mithid dom dul ann fós.
It is not yet time for me to go there.
Oiread means “amount,” at heart. But it is probably more often used in comparisons – that amount of, as much as, twice as much as, etc., and even to express “either” in the sense of “not either” at the end of a clause or sentence – rather than just to express “amount” or “quantity” in typical statements.
-
Níl a oiread agam leatsa.
-
Níl a oiread céille agat le cearc, i.e. is mó ciall a bhíonn ag cearc ná mar atá agatsa agus ní mor le rá é sin.
ciall sense gs céille. ds céill mor le rá big deal -
‘An itheann an fear sin feoil?’ ‘Ni itheann, ná iasc ach a oiread.’
ach a oiread either -
‘An bhfuair sé a dhóthain den chíste milis?’ ‘Fuair sé a oiread de is ba leor dó.’
dóthain enough, sufficiency leor much, many -
Is baol nach bhfuil a oiread fuinseoige sa tír is a choimeádfaidh camáin linn.
baol danger fuinseog ash f2 coimeád keep, observe, guard camán stick m1 hurling -
Níl a oiread is a chaochfadh do shúil de thobac sa siopa.
caoch blind súil eye, expectation caoch do shúil wink -
Tá a oiread is a shnámhfadh bád de thae ólta againn anois.
a shnámhfadh bád float a boat lit, “swim” -
Cheannaigh sé a oiread leabhar is nach mbeidh léite aige go brách.
léigh read va léite -
Tá a dhá oiread, a thrí oiread, a sheacht n-oiread airgid ag Sean le Séamas.
-
Tá a oiread le déanamh ná feadair mé cá dtosóidh me.
tosaigh begin ná feadair mé I don’t know -
Níl a oiread aithne air léi.
-
Fuair me buille de chamán sa cheann agus d’éirigh oiread mo dhoirn de chnapán air.
camán stick m1 hurling doirn fist cnapán lump -
Ná tabhair a oiread de shásamh dóibh.
sásaigh | satisfy, please | |
a oiread de shásamh | that much satisfaction | |
Additional Usage Notes
Oiread is basically a noun without gender! It looks very much like a masculine noun,
but you never see or hear an t-oiread, and you don’t use the feminine article na in the genitive. It is followed by the masculine form of the adjective. That ach a oiread form (“either, neither”) is also seen as ach an oiread, but in either case, it is generally said (and sometimes written) “ach oiread“.
- Comparisons:
oiread le [for nouns]. oiread is [for verbs]
-
A oiread ba bheo iad.
as long as they were alive. -
Bhí a oiread deifre orainn leis an obair …
we were in such a hurry with the work … -
Dá mbeadh a oiread de mhisneach aige
If he had that much courageNíl a oiread de mhaith ionat.
you haven’t got the guts -
Déanfaidh mé a oiread duit.
I’ll do as much for you. -
Ach oiread leat féin
any more than youAch oiread leis sin
for that matter -
A oiread is a shásódh é
as much as that would satisfy/please himA oiread is is mian leat
as much as you wish. -
Ní raibh a oiread is focal as.
there wasn’t so much as a word out of him. -
Tá do thrí oiread ann
he is three times your sizeNíl oiread m’ordóige ann
he’s not as big as my thumbNíl m’oiread ann
he is not as big as me. -
Oiread dubh na h-iongan
as big as the black of the (finger)nail -
Dá oiread
for its size
An mbeidh an Sindo níos báúla don Ghaeilge?
báúil | sympathetic | |
-
NÍL aon dabht ach go bhfuil an
Irish Independent níos báúla
don Ghaeilge ná mar a bhí.
Tráth dá raibh ní raibh ach trí
scéal sa nuachtán faoin
nGaeilge; 1. Tá an Ghaeilge
marbh/ag fáil báis, 2. Caitear
an-iomarca airgid ar an
nGaeilge agus 3. Is bac í an
Ghaeilge ar dhul chun cinn an
chine daonna.tráth time bac hindrance, barrier cinn surpass, overcome dul chin cinn to the advancement cine race -
Tá an-athrú
tagtha ar chúrsaí le blianta
beaga anuas, go háirithe ó
chuireadh an nuachtán ar fáil
saor in aisce le Foinse ar an
gCéadaoin. Céard faoin Sunday Independent, áfach? Go
traidisiúnta bhí an nuachtán
thar a bheith naimhdeach don
Ghaeilge, go háirithe colú-
naithe ar nós Emer Kelly, Eilis
O’Hanlon agus Declan Lynch.tagtha coming va of tar áirithe certain, particular aisce charge áfach however -
Scríobh beirt Ghaeilgeoirí ailt
don Sindo le roinnt blianta
anuas áfach, Marc Coleman
agus Concubhar Ó Liatháin,
ach an bhfuil seans ann go
mbeidh an páipéar níos báúla
fós don teanga amach anseo?amach anseo from now on -
Bhuel, tá an ruaig curtha ag
Denis O’Brien ar Gavin O’Reilly ó Independent News and
Media agus smacht nach mór
faighte aige ar an gcomhlacht.
Dealraíonn sé go cuireann
O’Brien a pháistí chuig bunscoil lánGhaeilge, Scoil Bhríde
i Raghnallach, Baile Átha
Cliath, mar sin is cosúil gur
féidir linn glacadh leis nach
bhfuil sé in aghaidh na Gaeilge
ar aon chaoi!
ruaig chase, rout, attack smacht control nach mór almost samhlaigh imagine comhlacht company
<!–
Dá mbeach slaitín draíochta againn!
–>