Monday Night Irish class, December 5, 2011

Irish Class, December 5, 2011

Rang Gaeilge, 5ú lá Mí na Nollag 2011

Puipéid na saoirse

Tá beirt phuipéad i ndiaidh theacht ar an saol ó thuaidh agus
chuirfeadh siad sna duibheagáin thú bheith ag éisteacht leo.

saoirse freedom, liberty f4
i ndiaidh theacht ar an saol have just come to life
thuaidh in the north
chuirfeadh siad they would put cond of
cuir
duibheag´n abyss, deep chasm,
depth
m1
bheith being vn of
éisteacht hearing; silence
leo with them le

Clár úr teilifíse ar BBC 2, atá déanta ag an chorparáid féin, dar
teideal Belfast Fm atá i gceist (ná measc suas é le FM Belfast, banna
leictreonach as an Íoslainn!). Tá an seó leamh, neamhghreannmhar,
lag, bómanta agus gan smaointeoireacht ar bith taobh thiar de.

úr fresh, new
corparáid corporate body f2. ag an chorparáid Donn.
C.O/Conn./Mun. ag an gcorparáid
dar for which ???
teideal title
dar teideal to which the title
i gceist is what we are talking about “in question”
measc mix up, stir up
ná measc suas é le not to be mixed up with
banna band [of musicians]
an Íoslainn Iceland
seó show, spectacle m4
leamh insipid, tasteless, lifeless
lag weak
greannmhar funny, humorous; loving; queer
bómanta slow-witted
smaointeoireacht thinking
thiar west, back
taobh thiar de behind it

Buíochas le Dia nach bhfuil sé ar fáil ach amháin sna sé chontae mar
dá bhfeicfeadh an domhan mór sin, shílfeadh siad nárbh í seo ‘Tír na
Naomh agus na nOllamh’ ar dhóigh ar bith!

nach …. ach amhain except
ar fáil available
bhfeicfeadh would see cond. of feic
domhan earth, world m1
síl think, consider cond shílfeadh
ar dhóigh ar bith anyway
ar ndóigh of course

Tá an clár suite i mbloc árasáin i mBéal Feirste agus is iad na
puipéid ná DJ Steeky agus Pablo, beirt ógánach áitiúla atá i mbun staisiún
raidió mídhleathach.

bloc block
ógánach youth, young man m1
áitiúl local
bun base, bottom
i bun in charge of
mídhleathach illegal

Ní amháin gur droch-steiréitíopa iad d’ógánaigh lucht oibre Bhéal
Feirste, agus ní amháin go mbíonn siad ag spalpadh na mionnaí móra i
rith an ama, níl siad greannmhar!

gur that is
ógánach youth, young man m1
lucht oibre working people Lucht Oibre “Labor Party”
spalpadh burst, eruption, outpouring
mionn crown, diadem, oath m1
mionn mór swear word
i rith during
am time m3
greannmhar funny

Anois, ní miste liom an F mór, táthar ann a bhfuil gráin acu air,
is cuma liom i ndáiríre, a fhad is go bhfuil gá leis sa ghreann, ach ní
gach darna focal, agus ní hé an F mór an focal is measa a úsáideann siad
nach mbeadh ar focal.ie.

ní miste liom it does not matter to me
buama bomb m4
táthar there is, there are pres aut of
grán grain m1
gráin hatred, ugliness, terror f
acu at them, they have ag
dáiríre seriousness
i ndáiríre in earnest
need, requirement
greann humor
darna second =dara=tarna
measa worse comp of olc
bheadh would be cond of

Agus mé ag amharc air, ní thiocfadh liom gan bheith ag smaointiú siar
ar na laethanta siúd nach raibh stádas mar is ceart bainte amach ag Raidió
Fáilte agus muid ar bharrurlár na Cultúrlainne agus shíl mé liom féin,
nach bhfaighfeadh muidne ar shiúl le rudaí mar seo a rá ar an aer.

amharc sight, look, view
thiocfadh would come cond of tar
ní thiocfadh liom I could not Donn. tig liom “I can”
bheith being vn of
smaoinigh think, consider
siar to the back, to the west
siúd that, those, yon
stádas status
bain amach reach, get to, achieve
barr tip, top, point
Cultúrlann
ar bharrurlár na Cultúrlainne to the top floor of the Culturlann Note that this is a specific place
bhfaighfeadh would get dep cond of faigh
nach bhfaighfeadh muidne we would not have gotten
ar siúl happening
ar shiúl gone; away

Ansin, rith sé liom gurbh fhéidir go bhfuil na puipéid ábalta rudaí
a rá agus a dhéanamh nach bhfuil daoine daonna in inmhe a dhéanamh.

rith run
rith sé liom it occurred to me
ábalta
daonna human
inmhe position

Miníonn sé sin ar bhealach an dóigh a raibh Dustin an turcaí ábalta
cur isteach ar an Eurovision agus blas láidir Bhaile Átha Cliath air,
agus gan bheith in ann ceol — cé nach gcuireann sin isteach ar chuid de
na hiomaitheoirí daonna ach oiread.

minigh smooth, level, explain, interpret
dóigh way, manner; state, condition
blas taste, accent
láidir strong
iomaitheoir competitor
oiread amount, quantity, number
ach oiread either, no more than
cé nach… that does not…

An uair amháin a mbíonn an puipéad bainte de lámh an phuipéadora, ní
ann dóibh a thuilleadh agus ní ann do bharúlacha s’acu ach oiread. Seans
gur sin an fáth go mbaineann daoine oiread sin sult astu.

dóibh to/from them do
a thuilleadh additional
barúlach opinionated
seans chance, luck m4 pl seansanna
sult satisfaction, pleasure, fun
astu from them as
oiread amount, quantity, number
ach oiread either, no more than
s’acu that they have = seo acu
s’ainne that we have = seo againne

In amanna deir siad na rudaí atá ar bhéal na ndaoine, gan teacht
aniar agus gan mórán fadhbanna. Míníonn sé sin an dáimh atá ag na
hÉireannaigh do na puipéid seo, smaoinigh orthu uilig a tháinig amach
thar na blianta.

am time m3 pl amanna
aniar from the back, from the west
minigh smooth, level, explain, interpret
dáimh natural affection
orthu from them ó
uilig all, every
tháinig came p of tar

Is cuimhin linn uilig bheith ag amharc ar Bosco agus muid óg, ag
iarraidh fáil amach cad é a bhí taobh thiar den doras draíochta sin,
Dustin an turcaí agus muid ag smaointiú ar an dóigh is fearr lena
thachtadh, Zig agus Zag, na Morbegs, Podge agus Rodge agus ná déanaimis
dearmad ar Muzzy Mór a theagasc an frasa “Is mise Muzzy, Muzzy mór” dóibh
siúd a bhí ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sna 6 chontae ar feadh na
mblianta, cé nár chuidigh sé leo morán agus iad sa Ghaeltacht.

Is cuimhin linn we remember
amharc sight, look, view
ag amharc watching Donn.
ar an dóigh of the way, how
tacht choke, strangle, suffocate cond thachtadh
déanaimis let us make/do 1st pers pl imp of déan
dearmad forgetfulness, negligence, omission, mistake m1
teagasc teaching, instruction, doctrine/teach, instruct m1/v
dóibh to/from them do
siúd that, those, yon
staidéar study, steadiness; station; habitat
feadh extent, distance, duration
ar feadh as far as
cuidigh help v
cé nár chuidigh sé leo morán agus iad sa Ghaeltacht although they did not help much and are in the Gaeltacht

Cruthaíonn na puipéid bealach amach agus urlabhra do mhuintir na tíre
seo, a bhfuil eagla orainn an rud atá ar ár n-intinn a rá amach, ach
má chuirtear giota éadaí ar ár lámha agus muid i bhfolach faoi thábla,
deirfeadh muid rud ar bith.

cruthaigh create, form, prove
bealach way
urlabhra speech, diction
eagla fear
orainn on us ar
intinn mind
cuirtear are put forces lenition in Donn., Conn.
giota bit, piece
éadach cloth, clothing, clothes éadaí
folach hiding, covering, concealment m1
i bhfolach hidden
tábla table

Samhlaigh dá mba rud go raibh puipéad ar láimh againn agus muid ag dul
chun na faoistinne (aon duine a théann a thuilleadh), tá mé ag déanamh go
mbeadh i bhfad níos mó paidreacha ráite ná mar a bhíonn ag an bhomaite,
nó ar chéad dáta, cá bhfios cad é a thiocfadh amach.

Samhlaigh imagine
mba was/would be relative form of copula ba
Samhlaigh dá mba rud imagine if
lámh hand f2 ds láimh
faoistin confession f11
théann were going p hab of téigh “go”
fad length, extent, duration m1
níos mó bigger, greater
paidir paternoster, prayer f2 pl paidreacha
bíonn used to be p hab of
bomaite minutes [???]
céad first, hundred
dáta date, period m4
thiocfadh would come cond of tar

Na puipéid abú a deirim féin, viva na puipéid, viva la revolución agus
amach leis an fhírinne, ach nach féidir linn é a dhéanamh ar dhóigh níos
greannmhara ná boic nua an BBC?

abú forever
fírinne truth
linn with us le
dóigh way; manner; state, condition

boc buck, boyo

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>


<!–

–>

Scéal
Mar a fhios agaibh, thit sneachta tráthnóna agus oíche Dé Sathairn.
Glan mé an sneachta le sluasaid ar maidin Dé Domhnaigh
Glan mé an sneachta go leir.
Fhan mo mhac istigh. Bhí sé ag léamh an nuachtáin.
Tá mé seasca bliain d’aois.
Tá sé ceathair bliain fiche d’aois, ach tá siondróm Asperger air.
Ní thuigeann sé roinnt rudaí
Ní raibh mé sásta fós.
Glanfaidh sé sneachta an chéad uair eile.

scaití sometimes Conn.
amhlaidh thus, go
gurb amhlaidh duit same to you
go mba hé = gurbh é that is
deifrigh hurry, hasten

Seanfhocail “Proverbs”
Is minic a gheibhean beal oscailt diog dunta! An open mouth often catches a closed fist!
Is minic a bhris beal duine a shron. Many a time a man’s mouth broke his nose.
Coimhéad fearg fhear na foighde. Beware of the anger of a patient man.

<!–

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.