Monday Night Irish Class, November 7, 2011

Irish Class, November 7, 2011

Rang Gaeilge, 7 lá Mí na Samhna 2011

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

<!–

–>

fuil blood
alt article p altanna
eolaíocht science
duais prize
litríocht literature
síochána peace
Duais ar son na síochána Nobel Nobel prize for peace
leigheas medicine
ceimic chemistry
fisic physics
Ní raibh ach cúpla altanna faoi eolaíocht. There were only a few articles about science.
Bhí díomá orm. I was disappointed.
D’fhéach mé ar Gaelport aréir. I looked at Gaelport last night
Bhí mé ag smaoineamh faoi seo. I was thinking about this.
mar gheall because
gealach moon f2
D’fhéach mé ar an ghealach. I looked at the moon.
cráitéar crater m1 gs,npl cráitéir. gpl cráitéar

Cleasa Shamhna “Halloween Tricks”

Béaloideas oral tradition, folklore m1

Beartla Ó Flatharta

  1. Bhíodh go leor nósanna ag dul leis an tSamhain sa seansaol. Is minic a chuala mé m’ athair, beannacht
    Dé lena anam, ag caint ar na clis a bhíodh siad a imirt Oíche Shamhna. Théadh daoine amach agus
    tharraingíodh siad an oiread tornapaí agus gabáiste – rud a bhí an-fhairsing ag an am agus rud a bheadh
    deacair a fháil inniu mar nach gcuirtear mórán torthaí anois. Théadh siad thart ag bualadh doirse ag an
    am. Bhíodh go leor deabhlaíochta ar siúl freisin. Bhíodh tithe thart anseo a mbíodh díon stáin orthu,
    agus nuair a bhuailtí le tornap é sin dhéanadh sé torann damanta, agus d’éiríodh muintir an tí amach
    agus ritheadh an dream a dhéanadh é, agus ní túisce a bhíodh an doras dúnta arís ná bhuailtí arís é agus
    is minic gur le cloch é mar go mbíodh corrbhligeard ann freisin.

    Bhíodh was, were past hab. of
    nós custom, manner m1 pl nósanna
    seansaol olden, former times
    leis with it/him le
    beannacht blessing, greeting
    beannacht Dé lena anam God rest his soul
    cleas trick gs, var npl clis
    théad used to go p hab of téigh
    tarraing pull, drag p hab tharraingíodh
    oiread amount, quantity, number
    tornapa turnip m4
    gabáiste = cabáiste cabbage m4
    fairsing wide, extensive, ample
    bheadh would be cond of
    deacair hard, difficult
    toradh fruit m1 pl torthaí
    mórán much, many
    thart round, about; by, past
    bualadh beating, striking, meeting[?]
    doras door m1 pl doirse
    deabhlaíochta
    ar siúl happening
    díon roof m1
    orthu on them ar
    stáin = stán stare v
    stáin = staon stop, abstain, desist
    torann noise m1
    damanta damned
    rith run past hab ritheadh
    dream body of people, group m3
    túisce sooner, rather, first
    cloch stone f2
    corr- odd
    bligeard blackguard

  2. Dhúntaí an simléar le féar agus líonadh an teach le deatach. Ba laistí a bhíodh ar na tithe an t-am sin
    agus cheanglaítí an laiste taobh amuigh le rópa, agus chuirtí i bhfostú é den chlaí taobh amuigh sa
    gcaoi nuair a shíleadh duine acu an doras a oscailt taobh istigh go mbeadh sé fíor-dheacair nó go
    mbriseadh an rópa, agus is iomaí uair a bhí daoine i gcruachás mar nach raibh aon leithreas taobh
    istigh in aon teach ag an am.

    dún close cond aut dúntaí
    simléar chimney m1
    féar grass, hay m1
    líon fill vn/ p hablíonadh
    deatach smoke, vapor, steam m1
    laiste latch
    bhíodh was, were past hab. of
    ceangal tie, binding m1
    ceangaltán bundle
    ceangail tie up
    taobh side
    rópa rope m4
    cuir put cond aut chuirtí
    fostú entanglement; hire, employment
    claí wall, fence m4
    caoi way, manner, means, opportunity f4
    síl think, consider p hab shíleadh
    acu at them, they have ag
    go mbeadh sé it would ber
    deacair difficult
    fíor true, real, very
    iomaí couch, bed f4
    iomaí many
    cruachás predicament, distress
    leithreas privy, lavatory, toilet m1

  3. Is é an míniú a bhí acu le caitheamh leis na doirse, comhartha nach mbeadh aon ocras ar mhuintir an tí
    sin sa mbliain a bhí le theacht.

    míniú explanation, interpretation
    caitheamh wear, consumption, spending, throw, cast, shooting
    doras door m1 pl doirse
    comhartha sign, mark, symbol
    ocras hunger, poverty, meanness m1
    teacht coming
    sa mbliain a bhí le theacht was in the coming year

  4. Bhí clis eile acu cosúil le fáinne agus paidrín agus créafóg a chur ar thrí shoitheach agus púicín a chur
    ar dhuine agus dá leagfadh sé nó sí a lámh ar an bpaidrín bheadh sé/sí ina bean rialta nó ina shagart, a
    lámh ar an bhfáinne, bheadh sé/sí ag pósadh, agus a lámh ar an gcreafóg bheadh sé/sí i dtalamh taobh
    istigh de bhliain. Sílim go ndéanadh chuile dhuine iarracht an chréafóg a sheachaint.

    fainne ring, circle
    paidrín rosary m4
    créafóg clay, earth
    soitheach vessel, container, dish; ship
    púicín blindfold, mask
    leag knock down, lower; lay, set cond leagfadh
    pós marry past hab. pósadh [?]
    talamh earth, ground
    chuile dhuine everyone
    iarracht
    seachain avoid, shun

  5. Úlla a chur anuas as an tsíleáil agus ag déanamh iarracht breith air lena bhfiacla agus dá n-éireodh leat
    greim a bhaint as d’fhéadfá an t-úlla a choinneáil. Bhí cleas eile acu, ach ceann a d’fhéadfadh tinneas
    cinn a chur ar dhuine mar go raibh sé contúirteach – trí choiscéim a thomhas ón mballa agus do dhá
    lámh a cheangailt taobh thiar de do dhroim, úlla a leagan ar an urlár amach ón mballa agus chaithfeá é
    a phiocadh suas le do bhéal, ach go minic is éard a tharlódh nuair a shílfeá cromadh, bhuailfí do
    chloigeann isteach faoin mballa. Is lena aghaidh sin a bhí an cleas sin ann.

    síleáil ceiling
    breith birth, bringing, taking, seizing
    air on his, on its ar
    lena le
    leat with you [?] ← le
    féad be able to, ought to
    d’fhéadfá an t-úlla a choinneáil you could keep the apples
    tinneas illness
    contúirteach dangerous
    coiscéim footstep, pace
    tomhas measure, guess, gauge, riddle
    ón mballa from the wall
    ceangal tie, binding m1
    ceangaltán bundle
    ceangail tie up
    chaithfeá would wear, spend, consume, throw cond.
    piocadh picking
    éard what [pronoun]
    tarlaigh happen, occur cond tharlódh
    síl think 2nd pers sing cond shílfeá “You would think”
    crom bend, stoop p hab cromadh
    buail hit, strike bhuailfí
    cloigeann skull, head

  6. Bhí ceann eile acu, báisín a líonadh le huisce agus sé pingine a chur síos ann agus an chéad duine a
    thabharfadh aníos é ina bhéal, ba leis é. Is iomaí duine a chuaigh abhaile múchta báite de bharr an chlis
    sin agus gan airgead ar bith.

    báisín basin
    líon fill vn/ p hablíonadh
    pingin penny
    an chéad duine the first
    tabhair give, take cond thabharfadh
    ba leis é ?
    iomaí couch, bed f4
    iomaí many
    múch smother, suffocate, quence
    báigh drown, sink, immerse, submerge va báite
    barr tip, point, top; surface

  7. Bhíodh siad ag déanamh deabhlaíocht eile: dá mbeadh dhá chomharsa nach raibh ag caint lena chéile
    sheolfadh siad beithígh duine acu isteach i dtalamh an duine eile le haghaidh píosa spraoi a bheith acu
    lá arna mhárach ag éisteacht leo ag sciolladh ar a chéile.

    Bhíodh was, were past hab. of
    deabhlaíocht devilment var diabhlaíocht [???]
    comharsa neighbor
    seol sail, direct, send, conduct cond sheolfadh
    beithíoch beast, animal, horse gs, npl beithígh
    le haghaidh for
    acu at them, they have ag
    spraoi fun, sport
    beith being
    arna when, as
    mhárach morrow
    lá arna mhárach on the following day
    éisteacht hearing
    leo with them le
    sciolladh scolding, abuse

  8. Bhí clis go leor acu i dtaobh daoine a bhíodh ag iarraidh a fháil amach cé a phósfadh iad: bhí sé ráite
    dá mbreathnófá isteach i scáthán ar uair an mhéan oíche go bhfeicfeá an fear a phósfá agus, ar ndóigh,
    dhéanadh bean an tí cáca agus chuireadh sí fáinne isteach ann agus an té a gheobhadh an fáinne ba
    ghairid go bpósfadh sé.

    iarraidh request, demand, attemp
    a fháil amach to find out
    pós marry cond. phósfadh [?]
    ráite considering, in view of conj
    ráite aaid va of abair
    breathnaigh observe, examine, watch 2nd pers sing cond breathnófá “you would watch”
    scáthán mirror
    méan middle
    pós marry 2nd pers sing cond. phósfa “you would marry”
    go bhfeicfeá an fear that you could see the man
    ar ndóigh of coursxe
    an té a gheobhadh an fáinne the person who gets the ring
    gairid short, near

  9. Dá mbeadh beirt ag caint ar phósadh agus dá gcuirfí dhá chnó isteach sa tine agus ainm na beirte a chur
    orthu agus dá bpléascfadh siad, ní phósfadh siad; ach dá bpósfadh, bheadh siad ag troid go minic.

    cuirfí
    cnó nut
    orthu on them ar
    pléasc explode, burst, shatter
    troid fight, quarrel

  10. Teach ar bith a mbíodh geata crochta air bhíodh sé bainte de na hinsí agus leagtha le taobh dhoras na
    comharsan agus go minic ní beirt iad a bhíodh an-mhór lena chéile.

    geata gate
    croch hang, raise, carry
    air on him/it ar
    bain extract, dig out, reap
    inse hinge m4
    leag knock down, lower, lay, set
    comharsa neighbor gs, gpl comharsan; nplcomharsana

  11. Bhí sé ráite chomh maith go mbíonn na sióga ag athrú Oíche Shamhna agus sin é an fáth nach maith le
    daoine a bheith amuigh deireanach an oíche sin.

    ráite considering, in view of conj
    ráite aaid va of abair
    chomh as
    chomh maith as well [?]
    athraigh change, alter
    fáth cause, reason
    beith being
    deireanach last; late; latter

Stiofán Ó Cualáin

Bionn pisreoga ag baint le Lá Samhna freisin. Bhíodh go leor cainte ar thaibhsí i mí na Samhna mar ba
í seo mí na marbh. Chreididís fadó go n-athraíodh na daoine maithe ó cheantar amháin go ceantar eile.
Chreid siad go dtarlaíodh sé seo ar uair an mheán oíche.

pisreog = piseog charm, spell, superstition
Bhíodh was, were past hab. of
taibhse ghost
creid believe, suppose p hab Chreididís [?]
athraigh change, alter cond athraíodh
maithe goodness, good f4
ceantar district
tarlaigh happen, occur cond tarlaíodh

Bríd Uí Thuathail

Lá Samhna, deiridís: “Beannacht Dé le hanam na marbh, tá siad á n-athrú!” – is é sin iad á dtabhairt
chuig na flaithis.

deiridís was said p hab of abair
na flaithis heaven

Siobhán Uí Chonghaile, Máire Uí Ghríofa agus Seosamh Ó Gríofa

Naoi n-oíche is oíche gan áireamh, Ó oíche chragtha na n-úllaí go dtí oíche chragtha na gcnámha: – is é
sin, ó Oíche Shamhna go dtí Oíche Fhéile Mártain.

áireamh counting, reckoning
crag = cnag knock, strike
úll a chnagach crunch an apple
cnámh bone pl cnámha

Faisnéiseoir gan ainm

  1. Théadh cailíní óga amach Oíche Shamhna agus b’éard a bhíodh i gceist acu, an chaoi a gceiliúradh siad
    nósanna Oíche Shamhna ó thaobh brionglóidí.

    Faisnéiseoir informant
    théad used to go p hab of téigh
    Théadh cailíní óra young girls used to go
    b’éard was it
    caoi way, manner, means
    ceiliúradh celebration, leave-taking
    nós custom, manner, style pl nósanna
    brionglóid dream
    ó thaobh brionglóidí in regard to dreams

  2. Shocraigh beirt chailíní go mbainfeadh siad triail as brionglóid Oíche Shamhna. An chéad rud a
    bheadh le déanamh acu, codladh i dteach nár chodail aon duine riamh cheana ann. Bheadh orthu arán
    min eorna a bheith acu agus trí ghreim de sin a ithe sul má thitfeadh an codladh orthu. Bhí sé sa
    seanchas go ndearna na cailíní mar a bhí dlite dóibh. Ar maidin dúirt duine acu go raibh sí ag
    brionglóideach ar mhairnéalach, fear farraige. Níor dhúirt an bhean eile tada. An bhean seo a bhí ag
    brionglóideach ar an bhfear farraige, bhí sí ar dhuine de na cailíní ba dhathúla a gheofá i do shiúl lae.
    Agus bhí sé sa seanchas gur pósadh í le mairnéalach, an fear ba lú slacht a chasfaí ar dhuine.

    Socraigh settle, calm, arrange
    bain extract, dig out, reap
    triail trial, test
    acu at them, they have ag
    codladh sleep m
    codail sleep v
    riamh ever, never
    cheana already
    arán bread
    min meal, sawdust
    eorna barley
    greim grip, hold, bite
    sul = sula before
    seanchas lore, tradition
    dligh be entitled to, have a right to vadlite “due”
    dóibh to/from them de
    brionglóideach dreaming
    mairnéalach seaman, sailor
    farraige f4 gs ?
    dathúil colorful, comely
    dathaigh color vn dathú
    faigh get 2nd pers sing cond gheofá
    siúil walk vn siúl
    smaller comp of beag
    slacht finish, good appearance, tidiness m3
    cas twist, turn, wind cond. aut.chasfaí ?

  3. Ach bhí sé sa tairngreacht go raibh dhá i ndán ann: i ndán sagairt agus i ndán pósadh. Is iomaí máthair
    a d’fhéach le sagart a bheith sa gclann aici ach níor éirigh le ceachtar acu mar ní raibh sé i ndán dóibh.

    tairngreacht prophecy f3
    i ndán in store
    iomaí couch, bed f4
    iomaí many
    féach look, examine, consider
    bheith being
    aici at her, she has ag
    ceachtar either
    acu at them, they have ag


A
Zombaithe Go Léir, (Ná) Folaígí Bhur nAghaidheanna!
(All You Zombies…[hide your faces]!)
aghaidh face /ai/ pl aghaidheanna
reiligire gravedigger, sexton
creatlach skeleton
culaith costume, suit pl cultacha
folaigh hide, conceal cover pl imp folaígí
daoránach convict
pianseirbhí convict

<!–

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.