Monday Night Irish Class, March 28, 2011

Irish Class, March 28, 2011

Rang Gaeilge, 28ú lá Mí na Márta 2011

<!–

Fadas: áéíóúÁÉÍÓÚ

–>

Will passed around a copy of Cén Sórt é?:

A compendium of the varied and vast words in the Irish language to describe different kinds of people. The work was assembled using a wide range of authoritive sources and contains cross-references to these sources. It will be both a source of reference and pleasure for users of the language.

At a glance, most of the “words … to describe different kinds of people” seem to be negative. Looks like fun,
and well worth a few Euros.

mantach gap-toothed, toothless, gapped, indented (a); gap-toothed person (n)
trom heavy
éadrom light (weight) é is a negative prefix
éigin some = éicinté gcinnte
bain…amach reach …, arrive at …
dóigh hope, expectation, confidence
ar ndóigh of course
dóigh burn, sear, scorch v
ciontach guilty (a), culprit (n) m1 as noun
achrann quarrel, strife, tangle m1
dream body of people, group, set m3
whatever, whoever, whichever, whither
céad … eile next …

Mar a Fuair an Duine an Teanga

  1. I dtús an tsaoil, nuair a chruthaigh Dia an domhan chruthaigh sé neamh ‘s réaltaí agus chruthaigh
    sé an duine. Bhí an duine ag dul thart gan smid chainte aige. Ní raibh sé in ann labhairt ar chor ar bith
    mar ní raibh aon teanga aige.

    tús beginning, start, origin
    saol time, life, world m1
    cruthaigh create, form, prove
    neamh heaven, sky f2
    thart round, about, by
    smid breath, puff, word f2
    in ann able to
    labhairt speaking, speech, call

  2. Ach faoi cheann scaithimh thug Dia faoi deara é agus dúirt sé, an bhfuil a fhios agat, go mb’fhearr
    dóibh bheith in ann labhairt. Agus thug sé glaoch do dhuine as gach uile náisiún teacht nó go
    dtabharfadh sé teanga dóibh. Tráthúil go leor, an dtuigeann tú, is é an tÉireannach an chéad duine a
    tháinig i láthair mar bhí an-fhonn cainte air agus nuair a tháinig sé ann is éard a bhí réitithe ag Dia
    tornapa mór agus dúirt sé leis:

    faoi cheann míosa in a month’s time
    uaireanta, scaití sometimes
    scaitheamh while, spell gs scaithimh
    tabhair …. faoi deara notice
    fearr better comp of maith
    go mb’fhearr would be better
    dóibh to/for them do
    bheith being vn of
    glaoch call, calling
    nó go in order to /nu: go:/
    tabhair give cond tabharfadh
    tráthúil timely, opportune, apt
    tháinig came p of tar
    láthair place, spot, site
    fonn desire, inclination
    is éard what é rud
    réitigh level, smooth, prepare v
    tornapa turnip

  3. ‘Gearr anois píosa amach as sin, agus socraigh isteach i do bhéal é,’ a deir sé, ‘a dhéanfas múnla le
    haghaidh do theanga.’ Ní dhearna an tÉireannach ach dhá leath a dhéanamh de agus ghearr sé an píosa
    ab fhearr a bhí istigh ina cheartlár, ghearr sé amach é. Bhí sé á shocrú agus á shníomhachán ‘s ag baint
    písíní agus sliseoigíní de nó go raibh sé chomh snoite agus é ina mhúnla chomh deas. Shocraigh sé
    isteach é is ní raibh deifir ar bith air mar ní raibh aon duine eile ag tuineadh leis. Agus nuair a bhí sé
    sin déanta aige. bheannaigh Dia é agus dúirt sé leis: ‘Anois, tá do theanga agat,’ a deir sé, ‘agus labhair í
    agus coinnigh í an dá lá’s mhairfeas tú.’ Ghlac an tÉireannach buíochas le Dia agus d’imigh sé leis agus
    thosaigh sé á labhairt agus níor dhún sé a bhéal riamh ó shin.

    gearr cut, shorten (v); short, near (a) v here
    amach out
    socraigh settle, calm arrange
    dhéanfas will make dep fut of déan
    múnla mould, cast, form m4
    leath aide, part, half
    ab fhearr that was best p/cond of is fearr
    ceatlár exact center m1
    ghearr sé amach é he cut it out
    socrú settlement, arrangement m4
    sníomhachán pinning
    písíní little pieces
    sliseog chip, shaving
    chomh as so
    snoite shaped, sculpted
    deifir hurry
    tuineadh (act of) pressing, persuading
    beannaigh bless, greet
    coinnigh keep, maintain
    mair live, last, survice dep fut mhairfeas
    glac take, accept
    buíochas thanks
    riamh ever, never
    riamh ó shin ever since

  4. Ach bhí an tÉireannach, an dtuigeann tú, bhí an tús aige. Bhí an teanga ba dheise agus ba
    cheolmhaire agus ba bhlasta agus ba bhinne agus ba bheannaithe dá raibh ar dhroim an domhain aige.

    bhí an tús aige he was first “He had the start”
    deis right
    ba dheise most pleasant
    ceolmhar musical
    blasta tasty
    binn sweet, melodious
    beannaithe blessed, holy
    droim back, ridge
    ar dhroim an domhain aige he was on top of the world “He had the back of the world”
  5. Agus ansin tháinig daoine as tíortha eile. Tháinig an Síneach agus ghearr sé píosa amach é féin
    agus shocraigh sé isteach ina bhéal é. Nuair a bhí sé réitithe aige thug Dia a bheannacht dó agus dúirt
    sé leis: ‘Labhair do theanga anois agus coinnigh í agus bíodh meas agat uirthi,’ a deir sé, agus d’imigh
    an Síneach, ghlac sé buíochas leis agus tá sé féin ag labhairt a theanga riamh ó shin. Agus gach uile
    náisiún eile mar an gcéanna.

    tíortha countries, lands pl of tír
    to/for him do
    bíodh Let it be 3rd p imp of
    meas respect, judge
    céanna same

  6. Ach ba é an Sasanach ansin an duine deireanach a tháinig mar bhí sórt drochamhras éigin aige go
    raibh rud éigin ar bun ag Dia nach raibh ceart agus is é a tháinig sa deireadh, agus nuair a tháinig sé ní
    raibh aon bhlas den tornapa fágtha, ach na sliseoigíní beaga agus na písíní a bhí bainte de na teangacha
    eile uile agus ní raibh aige ach lán a ghlaice den mhangarae a chur siar ina bhéal de na písíní beaga seo.

    sórt sort, kind, variety
    drochamhras misgiving, distrust
    éigin some
    rud éigin something
    bun base, bottom
    go raibh rud éigin ar bun ag Dia nach raibh ceart that something was not right with God
    ní … aon bhlas nothing
    fágtha left
    bainte taken
    lán full
    glac hand, handful
    mangarae huckster’s wares, assorted collection, junk
    siar to the west, back
    de na písíní beaga seo from these little pieces

  7. Bheannaigh Dia é agus dúirt sé leis imeacht agus a theanga a labhairt agus d’imigh. Ghlac sé
    buíochas le Dia agus tá sé á labhairt ó shin. Ach sin é an fáth a bhfuil an teanga Ghaeilge chomh blasta
    agus chomh binn agus nach bhfuil sa teanga Bhéarla ach cinéal mangarae, mar níl inti ach píosa de
    gach uile chineál teanga dá bhfuil sa domhan.

    cinéal kind, species, sort m1

Taispeáin agus Inis — “Show and Tell”

go dtí an ollscoil to college go hollscoil
ba mhó were the most
cruicéad cricket (the game)
criogar cricket (the insect)
Baintear an cloigeann díobh! Off with their heads! “Extract the head from them”

malairt change, alternative, exchange
leisceoir lazy person
saothar work, labor m1
sos rest, break (from work)
is é a mhalairt fíor the opposite is true
cúis cause, reason
easpa lack
Le heaspa a mhalairt lack of an alternative
trócaireach merciful, lenient, compassionate
síth peac
cogadh war
díol payment
need, requirement
fearthainn rain, rainfall f2
dealramh appearance, resemblance, sheen, radiance m1
scamall cloud m1
scuabadh sweeping
milleán blame m1
báire match, contest, goal
mí-ádh bad luck
áirithe certain, particular (a); certainty, certain quantity, allotment (n) f4 as n
urchar cast, shot m1
leisce laziness
cigire inspector m4

<!–

–>

Leave a Reply

Please log in using one of these methods to post your comment:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.