Category Archives: languages

Rang Gaeilge, 21ú lá Mí na Samhna 2024

Faoi Dheireadh Thiar (tuilleadh)
At Long Last (continued)

  • COILMIN: Ara, bionn a muintir isteach is amach le parcels mhóra ag cuid acu sin is gan ag an gcuid eile againn ach ag diúl a gcuid méarachaí.
    MAIRIN: Luigh ar an leaba anois is bí ag ligean do scith. Tá lá mór amáireach romhainn.
    COILMIN: Óra, mallacht Dé uirthi mar leaba. Nach inti sin a chaillfear muid.
    MAIRIN: Gabh i leith uait, a Taimín. Cuirfidh mise a chodladh thú.
    TAIMIN: ‘Bhfuil sé chomh fada sin sa lá?
    MAIRIN: Ní thiocfaidh Santy Claus mara dtiocfaidh tú a chodladh luath.
    TAIMIN: Níl. Níl. Níl mé ag dul ag corraí as seo nó go dtiocfaidh fear an phosta.
    COILMIN: M’anam muise go mbeidh do thóin leathnaithe go maith ag fanacht, nó go dtiocfaidh scolb ar uibheachaí glugair.
    MAIRIN: All right mar sin, a Taimin. Déanfaidh mé hot whiskey dhuit ós í an Nollaig í.
    COILMIN: Anois tá tú ag caint! Fuisce ar a aghaidh a ólfas mise.
    MAIRIN: Fainic an mbeadh aon chúthaileacht ort dhá iarraidh.
    Comin: Níl, ach go raibh leisce orm a rá leat an ghloine a lionadh go barr.
    MARIN: Bhuel, mhairfeá san áit a gcaillfí daoine eile.
    COILMIN: Up our that. Is í an Nollaig í, Nach í, a Taimin?
    TAIMIN: Is í faraor.
    MAIRIN:A, ná bí bronach, a Taimín. Bain sásamh as an Nollaig agus grá mo chroí thú. [d.l. 23]

    COILMIN: Alas, their people come in and out with their large parcels, while the rest of us just suck their fingers.
    MAIRIN: Now lie on the bed and take a rest. We have a big day before us tomorrow.
    COILMIN: Oh, God’s curse on her for a bed. Isn’t in there we will be lost.
    MAIRIN: Come hither, Taimin. I will put you to sleep.
    TAIMIN: Is it that late in the day?
    MAIRIN: Santa Claus will not come if you do not go to bed early.
    TAIMIN: No. No. I’m not going to move from here until the postman comes.
    COILMIN: My soul indeed your butt will expanded in waiting, until that addled eggs will hatch.
    MAIRIN: All right therefore, Taimin. I’ll make hot whiskey for you since it’s Christmas.
    COILMIN: Now you are talking! I will drink whiskey in his face
    MAIRIN: Beware of any shyness about asking for two.
    Coilmin: No, but I was too shy to tell you to fill the glass to the top.
    MAiRIN: Well, you would live in the place where others would be lost.
    COILMIN: Up our that. It’s Christmas. Isn’t it, Taimin?
    TAIMIN: It is, alas.
    MAIRIN: Oh, don’t be sad, Taimin. Enjoy your Christmas and love of my heart for you.

    diúl sucking, suck m, v
    scíth Tiredness, fatigue; rest f
    mara = mura if not, unless
    corraí Movement; stir, excitement m
    leathnaigh widen, extend
    scolb indentation, scallop; notch; splinter;
    Nick; crack, chip;
    Lean wiry person; strapping fellow.
    m
    ubh egg f pl uibheacha
    cúthaileacht Shyness; diffidence f
    leisce Laziness, sloth; Shyness, embarrassment f
    faraor alas
    sásamh Satisfaction; Gratification, pleasure m

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 22ú lá na Mí Dheireadh Fómhair 2024

Faoi Dheireadh Thiar (tuilleadh)
At Long Last (continued)

  • TAIMÍN: (go hardghlórach): Fón, fón, fón. Haigh, fón!
    COILMÍN: Suigh síos, nach gcloisfidh siad fhéin é.
    TAIMÍN: Ar ndóigh ar fhaitios nach gcloisfeadh. Fón Nurse. Fón. Fón! (Tagann JACKIE isteach.) Fón fón, fón!
    JACKIE: Ceart go leor, a Taimin. Tá mé dhá fhreagairt anois. [dhá
    is Connemara dialect]
    COILMÍN: Ach cén sort dáir a bhuaileas chor ar bith thú nuair a thosaíos an fón sin?
    JACKIE: Áras na nAosach, hello. INo. Jackie… Bhuel tá an Matrun cruógach faoi lathair. An féidir liom teachtaireacht a thógail? … Cé atá ag caint? . . . Fan nóiméad amháin mar sin is gheobhaidh mé dhuit í. ‘Mhairin?
    MÁIRÍN: (ón taobh amuigh): Céard?
    JACKIE: Tá tú ag teastail ar an bhfon. Coinnigh an line nóiméad amháin le do thoil.
    (Cuireann MAIRIN a cloigeann isteach ar stáitse.)
    MÁIRÍN: Tóg teachtaireacht, a Jackie, is cuirfidh mé glaoch ar ais nuair atá siad curtha a chodladh.

    JACKIE: (ag clúdach an fhóin): Social worker atá ann. Dúirt sí go raibh sé práinneach.
    MÁIRÍN: Oh Lord, cuir thusa Bríd isteach sa leaba mar sin. Tá sí ina sui ar an gcommode.
    JACKIE: O.K.
    MÁIRÍN: Hello? Oh hello Nancy. Happy Christmas, a leana… Is fíor dhuit, ach an oiread le mo jab fhéin. Is deacair do social worker sásamh a bhaint as an Nollaig … Emergency? Dia linn. Céard atá ag cur as dhuit?
    [d.l. 16]

    TAIMÏN: (Loudly) Phone, phone, phone. Hi, phone.

    COILMÍN: Sit down, they won’t hear it themselves
    TAIMÍN: Of course for fear they would not hear. Phone Nurse. Phone. Phone! (JACKIE comes in) Phone phone, phone!
    JACKIE: All right, Taimín. I am answering now.
    COILMÍN: But what sort of frenzy hits you at all when that phone starts up?
    JACKIE: House of the Aged, hello. No. Jackie… Well, the matron is busy at present. Can I take a message? … Who is speaking? … So wait a minute and I’ll get her for you. Maureen?
    MÁIRÍN: (from outside): What?
    JACKIE: You are wanted on the phone. Please hold the line for a minute.
    (MAIRIN puts her head in on stage.)
    MÁIRÍN: Take a message, Jackie, and I’ll call back when they’ve been put to bed.

    JACKIE: (covering the phone) It is a social worker. She said it was urgent.
    MÁIRÍN: Oh Lord, you put Bríd to bed then. She is sitting on the commode.
    JACKIE: O.K.
    MÁIRÍN: Hello? Oh hello Nancy. Happy Christmas, child[???]… It is true for you, but as much for my own job. It is hard for a social worker to enjoy Christmas… Emergency? God with us. What is bothering you?

    freagairt Answering, answer f
    Áras Habitation, abode; House, building; vessel m
    cruógach Pressing, urgent; busy
    práinneach Urgent, exigent; pressing, pressed
    leanbh child m
    sásamh Satisfaction; Gratification, pleasure m
    cuir as Put out of; deprive; …; disconcert, bother

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 24ú lá na Mí Mheán Fómhair 2024

Faoi Dheireadh Thiar

At Long Last

  • Pearsana


    TAIMÍN CHUALÁIN: Fear ciúin, deabhóideach nach bhfuil amharc na súl aige.
    COILMÍN AN BHREATHNAIGH: Fear a d’ol gach a raibh ag gabháil leis.

    MEAIG LOIDEAIN: Bean théagartha atá taghdach agus ceanndána.
    DARACH LOIDEAIN: Mac Mheaig. Tamall caite i Sasana aige.
    MÁIRÍN: An matran. Dea-chroíoch agus cineálta.
    JACKIE: Banaltra óg ghealgháireach.
    SALLY: I Sasana i gcaitheamh a saoil, a meabhair caillte aici.

    TAIMÍN CHUALÁIN: A quiet, devout man who doesn’t see well.
    COILMÍN AN BHREATHNAIGH: A man who drank everything he could take.
    MEAIG LOIDEAIN: A stout woman, impulsive and stubborn.
    DARACH LOIDEAIN: Meg’s son. He has spent some time in England.
    MÁIRÍN: The matron. Good-hearted and kind.
    JACKIE: A cheerful young nurse.
    SALLY: Spending her life in England. Lost her mind.

    deabhóideach Devout, devotional
    amharc Sight; Faculty of sight, vision
    breathnaigh Observe, examine
    téagartha Substantial, stout, bulky
    taghdach Fitful, impulsive, quick-tempered; changeable, capricious
    ceanndána Headstrong; wilful, stubborn
    dea-chroíoch Good-hearted, kind-natured.
    cineálta kind
    gealgháireach Having pleasant smile; sunny, radiant; cheerful, joyous
    meabhair mind, memory f

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 21ú lá Mí na mí Lúnasa, 2024

Turas go Lár na Cathrach (tuilleadh)

A trip to the Center of the City (continued)

  • [Scéal aisteach. Is cosúil gur turas ar LSD é turas go Lár na Cathrach.]

    Sin mar a bhí i dtús ár ngrá — aisling gheal a bhí ann ceart go leor. Ach goilleann sé orm go fóill a bheith ag smaoineamh ar an scéal nó chuaigh ár ngrá in éag; is dócha gur de réir a chéile a thuig mé sin. Bhí a fhios agam ar feadh tamaill gurbh fhearr liom gan í a fheiceáil ag an stop, ach ní admhóinn dom féin go raibh a fhios sin agam. D’éirigh mé tuirseach den dóigh a raibh ár gcumann ag dul ar aghaidh agus bheartaigh mé deireadh a chur leis. Scríobhfainn litir chuici agus dá dtiocfadh sí isteach sa bhus arís, bhéarfainn di í. Ní raibh de pháipéar agam ach an dréacht de mo thráchtas a bhí agam nuair a tháinig mé ar bord. Bhí sé ar an urlár faoi mo chosa — ní raibh sé de dhánacht ionam amharc síos air le fada.[…]

    That’s how it was at the beginning of love — it was a bright dream all right. but it still pains me to think about the story or our love expiring; I probably realized that gradually. I’d known for a while that I’d prefer not seeing her at the stop, but I wouldn’t admit to myself that I knew that. I got tired of the way our relationship was going and decided to end it. I would write a letter to her and if she got on the bus again I would give it to her. All I had on paper was the draft of my thesis when I came on board. It was on the floor under my feet — I did not dare to look down on it for a long time.

    goill Grieve, pain; afflict, distress; vex, hurt v
    éag dead; expired
    admhaigh Acknowledge, Admit
    cumann Friendship, love; companionship m
    beartaigh cast; poise, brandish; Plan, contrive; consider
    dréacht draft…
    tráchtas Treatise, dissertation; Thesis m
    dánacht Boldness; daring, confidence; forwardness, audacity f

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 24ú lá Mí na Iúil, 2024

Turas go Lár na Cathrach

A trip to the Center of the City

Genitives (such as I could identify — I am sure I missed some) in bold.

  • I Ráth Maonais a fuair mé an bus seo, bus a cúig déag A, agus mé ar mo bhealach go lár na cathrach — bhí sé sin tuairim is tri bliana ó shin. Ní cuimhin liom cad é mar a bhí ar dtús. Is dócha: go raibh leabhar liom, mar ba ghnách liom leabhar a léamh i gcónaí ar an bhus.

    In Rathmines I found this bus, bus fifteen A, on my way to the city center – that was about three years ago. I don’t remember how it was at first. Likely I had a book with me, because I used to always read a book on the bus.

    tuairim opinion; about f

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 3ú lá Mí na Iúil 2024

Athair (tuilleadh)

Father (continued)
  • D’iompaigh sé thart, ionas go raibh a chúl iomlán leis an range. Chrágáil a bhealach i dtreo bhord na cistine. Chroch mias an bhainne lena dhá lámh gur dhoirt braon amach as síos sa jug nó go raibh ar tí cur thar maoil. Bhí a rostaí ar crith, ag an gcritheán a thagadh ina lámha nuair a bhíodh faoi straidhn ar chlaonadh áirithe. Bhí mé buioch nar shlabáil sé aon bhraon den bhainne ar an mbord: mé réidh le glantóir fliuch a fháil le glanadh suas ina dhiaidh dá mba ghá. Bhí sórt náire orm, i mo shuí síos ag breathnú air ag déanamh na hoibre seo—obair ba ghnách liom féin a dhéanamh… […]

    He turned around, so that his back was completely to the range. He walked awkwardly in the direction of the kitchen table. He held the milk dish with both hands until a drop poured out of it down into the jug or was about to overflow. His wrists were trembling, with the trembling that came in his hands when he was under the strain of a certain inclination. I was thankful that he didn’t spill a drop of milk on the table: I was ready to get a wet cleaner to clean up afterwards if necessary. I was kind of ashamed, sitting down and watching him do this work—work that was customary for me to do myself…

    crágáil Claw, paw; handle roughly or unskilfully; Walk awkwardly; toil along
    mias Board, slab; table; dish; … f
    doirt pour; spill; shed v
    maoil rounded summit; hillock, knoll; Bare, bald, top; tip, crown
    cur thar maoil brimming over, full to overflowing
    Marked line, track f
    ar tí on the track of, in pursuit of; on the point of, about to
    rosta wrist m pl rostaí
    crith Tremble, shiver; tremor, shudder; vibration, quiver m, v
    straidhn strain f
    claonadh Inclination; tendency, trend m
    slabáil (Act of) puddling; sloppy work f
    gnach Customary, usual; common, ordinary

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 28ú lá Mí na Bealtaine 2024

Athair

Father
  • Cén chaoi a mbeadh a fhios agamsa céard a dhéanfainn—th’éis dom é a inseacht dó—mar nach bhfaca mé m’athair ag caoineadh cheana ariamh. Ariamh! Fiú nuair a maraíodh mo mháthair sa timpiste naoi mí roimhe sin, deoir níor chaoin sé, go bhfios domsa. Táim cinnte nár chaoin mar ba mise a tharraing an drochscéal chuige. Is ba mé freisin a bhí ina fhochair i rith an ama ar fad: lnethanta bacacha úd na sochraide. Níor leagadh aon chúram eile ormsa ach amháin fanacht leis. Ba iad a chuid deartháireacha agus deartháireacha mo mháthar—mo chuid uncaileachaí—a d’iompair an chónra agus a rinne na socruithe sochraide. Ba iad comharsana an bhaile, le treoir ó mo chuid deirfiúracha, a choinnigh stiúir éicint ar chúrsaí timpeall an tí, Sórt tuiscint a bhí ann—cé nár dúradh amach díreach é, gur mise ab fhearr fanacht taobh le m’athair, óir ba mé ab óige: an t-aon duine a bhíodh sa mbaile ó cheann ceann na bliana.

    How would I know what to do — after I had told him—as I had never seen my father cry before. Never! Even when my mother was killed in the accident nine months before, he didn’t cry a tear, as far as I know. I’m sure he didn’t cry because I was the one who brought him the bad news. I was also near him during the whole time: those halting days of the funeral. No other responsibilty was laid upon me except to wait for him. His brothers and my mother’s brothers—my uncles—carried the coffin and made the funeral arrangements. It was the neighbors of the town, with guidance from my sisters, who kept some direction on matters around the house, It was sort of an understanding – although it was not said out loud directly, that I was the best to stay with my father, for I was the youngest: the only person who had been at home from the beginning of the year.

    inseacht = insint Relation, narration, utterance; version f
    fochair Nearness, proximity
    bacach Lame; Halting, imperfect

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 3ú lá Mí na Bealtaine 2024

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)
  • Thit tost uirthi agus chuardaigh a súile corp Burr. Bhí sé clúdaithe anois ag ceann de sheolta canbháis stainnín Ghobnait.

    ‘Bhi a fhios agam riamh nach raibh grá buan daingean aige dom. Níor bhain sin lena nádúr. Thuigeas go mbeadh airgead de dhíth air, airgead mór nárbh fhéidir a thuilleamh le scileanna dochtúra, fiú dá mbeidís aige. Thit othar saibhir dá chuid i ngrá leis. Bhí sí cheana féin ar bhruinnibh [dative] an bháis. Mholas do Hildebrandt í a phósadh.’

    ‘Nach mbeifeá féin ag fáil bháis den éad,’ a d’fhiafraigh Gobnait.

    She fell silent and her eyes searched Burr’s body. It was now covered by one of Gobnait’s tin/waxed canvas sails.

    ‘I have always known that he did not have a strong enduring love for me. That was not his nature. You understand he would be in want of money, a lot of money that could not be earned with the skills of a doctor, even if he had them. A wealthy patient of his fell in love with him. She was already on the brink of death. Hildebrandt proposed to marry her.’

    ‘Wouldn’t you yourself be dying from jealousy,’ asked Gobnait.

    buan Enduring, permanent
    daingean Fortified, solid; strong, secure

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 26ú lá na Márta 2024

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)
  • Faoin am seo, bhí an Duinníneach imithe i dtaithí ar thaoide na n-imeachtaí ar an mbaile. Bheadh daoine ag bogadh síos go Teach an Chaidéil Uisce anois, féachaint an mbeadh aithne acu ar éinne den dream úr a bheadh tagtha isteach ar na cóisti. Chruinnigh Burr agus Laetetia chun imeachta. Ní raibh Gobnait fillte ó sheomra na mban. Lig an Duinníneach chun siúil iad agus nuair a bhí an áit socair arís agus an pianódóir ag iarraidh daoine a spreagadh chun válsa a dhéanamh, shuigh sé taobh le hEllie agus an buachaill rua agus lig sé osna.

    By this time, Dineen had become accustomed to the tide of events in the town. People would be moving down to the House of the Water Pump now, to see if they knew any of the new people to came in on the coaches. Burr and Laetetia assembled for departure. Gobnait had not returned from the women’s room. Dineen let them go and when the place was calm again and the pianist was trying to encourage people to waltz, he sat beside to Ellie and the red-headced boy and let out a sigh.

    taithí Frequentation, resort; Habit; practice, experience
    taoide tide; time, spell f
    imeacht Going, departure; … Course, passage m
    caidéal pump m gs npl caidéil
    dream Body of people; group, tribe, set; some m
    cóiste Coach; carriage m
    cruinnigh Gather; Assemble; collect; Draw together
    spreagadh Urging, incitement; incentive, encouragement; excitation, stimulus m

  • Léigh tuilleadh

Rang Gaeilge, 30ú lá mí Eanáir 2024

Duinnín i Lios Dúin Bhearna (tuilleadh)

Dineen in Lisdoonvarna (continued)
  • Tháinig deireadh leis an seisiún pianó. D’éirigh an bhean bheag dhubh, chuaigh sí caol direach chuig Burr agus sheas sí taobh leis, go sealbhach.

    ‘Nach í an óinseach í, a croí a bheith amuigh ar dhearna mar sin aici?’ arsa Gobnait. ‘Fan ansin, a Dhuinnínigh, agus tabhair aire do mo chuid balcaisí.’

    D’fhág Gobnait a cuid cniotála ar ghlúin an Duinnínigh agus chas sí i dtreo na ndaoine a bhí seasta thart ar an bpianó.

    The piano session ended. The little black haired woman got up, went straight to Burr and stood next to him, possessively.

    ‘Isn’t she the fool, her heart being out on her palm like that?’ said Gobnait. ‘Stay there, Dineen, and take care of my garments.’

    Gobnait left her knitting on Dineen’s knee and turned towards the people standing around the piano.

    caol díreach straight [motion]
    sealbhach possessive
    balcais Clout, rag; garment f

  • Léigh tuilleadh